An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. CAIN IONCUIM.) Ar Aghaidh (CUID III. CAIN PHROIFIT CHORPARAIDE.)

28 1925

ACHT AIRGID, 1925

CUID II.

CUSTUIM AGUS MAL.

Diúité ar bhaill éadaigh phearsanta agus ar chóir ghléasta.

16. —(1) Lasmuich den chás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le cúig déag per cent. de luach na hearra ar gach ball éadaigh phearsanta agus cóir ghléasta, pe'ca déanta i bpáirt no go hiomlán do, agus ar gach fíor-chuid de bhall éadaigh phearsanta, no de chóir ghléasta, agus ar gach cabhair do bhaill éadaigh phearsanta, no do chóir ghléasta a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra—

(a) ar bhróga ná ar bhróga ísle (ar a n-áirítear slipéidí, golaisí, asa, agus paitíní), ná ar aon fhíor-choda dhíobh ná cabhartha dhóibh, ná

(b) ar aon chabhair do bhaill éadaigh phearsanta no do chóir ghléasta a hiomportálfar ar leithligh lasmuich de sna baill éadaigh no den chóir ghléasta agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhair neamhfhighteacha, ná

(c) ar aon fhíor-choda d'fhoscadáin, ná

(d) ar aon carra, de chineál mháinliaghachta no liaghachta, atá ceaptha chun é chaitheamh mar gheall ar aon bhreoiteacht no easba chorpardha no mar chosaint uirthi no mar leigheas uirthi, ná

(e) ar mhúnlaí nea-bhlocuithe ná ar húdaí nea-bhlocuithe i gcóir hataí, pé abhar atá ionta, ná

(f) ar chleití órnáideacha ná ar bhláthanna airtifisialta a hiomportálfar chun iad d'úsáid i ndéanamh no i dtrimeáil bhaill éadaigh phearsanta no chóir ghléasta agus gur ar leithligh lasmuich de sna baill éadaigh no den chóir ghléasta a hiomportálfar iad amhlaidh.

(3) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun é úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no taibhdhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon bhall áirithe d'éadach phearsanta no de chóir ghléasta á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun tuille déantóireachta do dhéanamh air agus chun é easportáil ina dhiaidh sin atá aon bhall áirithe d'éadach phearsanta no de chóir ghléasta leath-dhéanta á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(5) Chun crícheanna an ailt seo folóidh an focal “cóir ghléasta” ciarsúirí póca agus foscadáin.

Diúité ar phlainceudaí agus ar abhar plainceudaí.

17. —Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúite custum is cóionann le cúig déag per cent. de luach na hearra ar gach plainceud agus abhar plainceudaí, pe'ca bán no daithte é, is cuma cad chuige é, agus ar gach súsa (nách súsa chun úrlár do chlúdach) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

Diúité ar chreata leapan agus ar throscán.

18. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le tríocha a trí is trian per cent. de luach na hearra ar gach creat leapan, pé abhar atá ann, agus ar gach fíor-chuid de chreata leapan agus ar gach troscán (nách creata leapan) déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán, pe'ca lán-déanta no leath-dhéanta dhóibh, agus ar gach fíor-chuid de throscán (nách creata leapan) agus í déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra—

(a) ar aon phictiúir atá péinteálta no greamuithe ar adhmad ná ar aon fhráma pictiúra atá déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán ná ar aon phictiúir atá frámálta in aon fhráma den tsórt san ná ar aon fhíor-chuid d'aon fhráma den tsórt san, ná

(b) ar aon ghléas atá déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán agus atá oiriúnuithe chun é d'úsáid chun glantóireacht thighis do dhéanamh leis tré shúghrac, ná ar aon fhíor-chuid d'aon ghléas den tsórt san.

(3) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun é úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no i dtaibhdhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon bhall áirithe troscáin á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh aon troscáin atá á iomportáil—

(a) go bhfuil an té atá á iomportáil ina bhuan-chomhnaí no go bhfuil sé ar aigne bheith ina bhuan-chomhnaí i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an troscán in úsáid cheana féin ag an iomportálaí no ag á mhuirghin no ag á theaghlach, agus

(c) go bhfuil an troscán á iomportáil chun bheith in úsáid i Saorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á mhuirghin no ag á theaghlach,

féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an troscán san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(5) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun tuille déantóireachta do dhéanamh air agus chun é easportáil ina dhiaidh sin atá aon bhall áirithe troscáin leath-dhéanta á iomportáil, féadfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

Diúité ar bhuidéil ghloine fholmha agus ar chrúiscíní gloine folmha.

19. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le tríocha a trí is trian per cent. de luach na hearra ar gach buideul gloine folamh agus ar gach crúiscín gloine folamh a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra—

(a) ar thaomairí gloine, ná

(b) ar bhuidéil ghloine is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim a bheith oiriúnuithe chun iad d'úsáid chun bia do thabhairt do naoidheanáin, agus chuige sin amháin, ná

(c) fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, ar bhuidéil ghloine ná ar chrúiscíní gloine gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ná fuilid á n-iomportáil ach chun iad d'úsáid chun bainne atá le díol do chimeád ionta.

(3) Aon earra a dlightar a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a easportála amach as, beidh sé saor ón diúité sin má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í, no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, a céadiomportáladh an earra, no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no dá éis sin, agus roimh an 24adh lá d'Abrán, 1925, a céadiomportáladh an earra, agus nár dligheadh é chur fén diúité a forchuirtar le halt 20 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ) no gur dligheadh an diúité sin do chur air agus gur híocadh an diúité sin air, no

(d) gur ar an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin, a céadiomportáladh an earra, agus gur híocadh go cuibhe air an diúité a forchuirtar leis an alt so.

(4) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a hiomportála isteach i Saorstát Éireann agus a heasportála amach as roimhe sin nuair ná raibh sí ach ar turus fé bhanna ní tuigfar í bheith á hath-iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir brí an ailt seo.

(5) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí a dlightar a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so.

Diúité ar bhuidéil ghloine agus ar chrúiscíní gloine ina bhfuil earraí indiúité.

20. —Ar gach buideul gloine no crúiscín gloine a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 9adh lá de Bhealtaine, 1925, no dá éis sin, agus ina mbeidh aon earra indiúité le linn a iomportála, muirearófar, gearrfar agus íocfar an diúité custum so a leanas, sé sin le ra:—

(a) mara dtéigheann níos mó ná cúig únsa fliucháin sa bhuideul no sa chrúiscín, diúité do réir ráta trí pingne ar gach dosaen no cuid de dhosaen buideul no crúiscín den tsórt san;

(b) má théigheann níos mó ná cúig únsa fliucháin sa bhuideul no sa chrúiscín, diúité do réir ráta sé pingne ar gach dosaen no cuid de dhosaen buideul no crúiscín den tsórt san.

Diúité ar earraí atá déanta de shiúicre no ina bhfuil siúicre, etc.

21. —Ar gach earra nách milseog shiúicre, meascán cócó, beoir, uisce búird, luibh-bheoir, lionn ubhall, lionn pioraí, fíon, tobac, biotáille, ná aon earra ar a bhforchuirtar diúité le halt 26 den Acht so, agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá de Mheitheamh, 1925, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe, no ina mbeidh siúicre no an t-abhar san, muirearófar, gearrfar, agus íocfar an diúité custum so a leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir meáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta pingne an punt;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta deich bpingne an galún.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so, beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra ach beidh sé in ionad aon diúité a bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(3) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so.

Diúité breise ar chneasghallúnaigh.

22. —I dteanta an diúité chustum a forchuirtar le halt 21 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le deich per cent. de luach na hearra ar gach cneas-ghallúnaigh (le n-a n-áirítear gallúnach bhearrtha), púdar gallúnaí agus malartán gallúnaí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá d'Abrán, 1925, no dá éis sin.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

23. —(1) Na diúitéthe nua iomportála (lasmuich den diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil) a forchuireadh ar dtúis le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an ladh lá de Bhealtaine, 1925, le halt 13 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1925, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1926.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chabhair chun oideachais aon scannán cinematografach a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a forchuirtar leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

24. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, a forchuireadh ar dtúis le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an ladh lá de Lúnasa, 1925, le halt 14 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1925, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1926.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Leasú ar alt 15 den Acht Airgid, 1924 .

25. —(1) Ar an 24adh lá d'Abrán, 1925, agus as san amach déanfar alt 15 (alt le n-a bhforchuirtar diúité custum ar mhilseoga siúicre) den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí—

(a) na focail “no sacairín” do chur i bhfo-alt (1) de díreach i ndiaidh na bhfocal “ar scór aon bhiotáille” atá sa bhfo-alt san, agus

(b) na focail “ná sacairín” agus na focail “seachas sacairín” atá fé seach i bhfo-alt (3) dhe anois do leigint ar lár ann in aon áit ina bhfuilid fé seach sa bhfo-alt san.

Diúitéthe custum luíoduithe ar shiúicre.

26. —(1) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí agus an liúntais chustum a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair, muirearófar, gearrfar, agus íocfar, ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, na diúitéthe a luaidhtear sa dara colún de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal san, ach chó fada is théigheann na diúitéthe agus fós na hais-tarraicí agus an liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá leagtha amach i gCuid III. den Sceideal san sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis an gcás.

(2) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a forchuirtar leis an alt so, agus ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach beidh éifeacht ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san fé is dá leigtí ar lár ann na focail “sugar,” “glucose,” “molasses” agus “saccharin.”

Diúitéthe máil luíoduithe ar shiúicre.

27. —(1) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais mháil a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair, muirearófar, gearrfar, agus íocfar, ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, na diúitéthe a luaidhtear sa tríú colún de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal san, ach chó fada is théigheann na diúitéthe agus fós na hais-tarraicí agus an liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá leagtha amach i gCuid III. den Sceideal san sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis an gcás.

(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra ar scór siúicre ná moláis a dineadh o bhiatas a saothruíodh i Saorstát Éireann, agus bainfidh forálacha alt 6 (lasmuich d'fho-alt (1) de) den Finance Act, 1922, mar a hoiriúnuíodh é fén Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , bainfid leis an gcás agus beidh éifeacht acu fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an focal “non-dutiable” saortha leis an bhfo-alt so ón diúité a forchuirtar leis an alt so, agus

(b) cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain or Ireland.”

Diúité máil luíoduithe ar lionn ubhall agus ar lionn pioraí.

28. —(1) In ionad na ndiúitéthe máil a bhaineann le lionn ubhall agus le lionn pioraí fé láthair muirearófar, gearrfar, agus íocfar, ar an 1adh lá d'Iúl, 1925, agus as san amach, diúité máil do réir ráta dhá phingin an galún ar an lionn ubhall agus ar an lionn pioraí go léir a díolfar no a cimeádfar le díol i Saorstát Éireann.

(2) Bainfidh alt 6 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus aon rialacháin a dineadh fé, leis na diúitéthe a forchuirtar leis an alt so fé mar a bhaineann sé leis an diúité dá ngairmtear cider duty ann.

Saoirse do chluichí, etc., áirithe ón diúité ar shiamsaí.

29. —Ní déanfar an diúité ar shiamsaí, do réir brí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, do mhuirearú ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ach léiriú ar gach ceann no aon cheann de sna cluichí no de sna spóirt seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) cluichí liathróide láimhe,

(b) cluichí badminton,

(c) taisbeántaisí aicillíochta nách gá capaill, gadhair, ná ainmhithe eile d'úsáid ionta ná a leithéidí do bheith páirteach ionta, ná feithiclí inneall-ghluaiste d'úsáid ionta,

(d) comórtaisí dornála ná dintar acu ná maidir leo aon airgead do mhola d'éinne de sna hiomathóirí, ná d'íoc leis, mar dhuaiseanna, mar luach saothair, ná in aon tslí eile,

(e) aon chluichí no spóirt gur gnáth beirt no breis, no dhá ghasra no breis, á n-imirt no ag iomaidh ionta lasmuich, agus nách gá capaill, gadhair, ná ainmhithe eile d'úsáid ionta ná a leithéidí do bheith páirteach ionta, ná feithiclí inneall-ghluaiste d'úsáid ionta.

Saoirse do thaisbeántaisí, áirithe pictiúirí etc., ón diúité ar shiamsaí.

30. —Ní déanfar an diúité ar shiamsaí, do réir brí an Finance (New Duties) Act, 1916, do mhuirearú ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ach taisbeántas, atá ar bun ag éinne, d'oibreacha graf-ealadhan no dealbhóireachta, no d'oibreacha den dá shaghas san, oibreacha a dhin sé féin, agus san pe'ca is fíor no nách fíor gur chun na hoibreacha ar taisbeáint do dhíol atá an taisbeántas san ar bun no chun sochair phearsanta ar aon tslí eile don té go bhfuil an taisbeántas ar bun aige.

Deire le diúitéthe custum ar thé.

31. —Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar thé fé alt 12 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar thé a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

Deire le diúitéthe custum ar chaifé.

32. —Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar chaifé fé fho-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1922, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chaifé a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

Deire le diúitéthe custum ar chócó.

33. —Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar chócó, ar fhaidhneoga cócó, ar shliogáin chócó, agus ar im chócó fé alt 2 den Finance Act, 1922, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chócó, ar fhaidhneoga cócó, ar shliogáin chócó, ná ar im chócó a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis, ach amháin sa mhéid go bhfuil an céanna ionchurtha fé mhuirear diúité fé alt 16 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ).

Deire le diúitéthe custum agus máil ar chiocóire.

34. —(1) Na diúitéthe custum is ionmhuirearuithe ar chiocóire fé fho-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1922, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité custum ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chiocóire a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

(2) An diúité máil is ionmhuirearuithe ar chiocóire fé fho-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1922, scuirfe sé de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúitá máil ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar chiocóire ar an dáta san no dá éis.

Ais-tarrac ar mheascáin chócó.

35. —(1) On 6adh lá de Bhealtaine, 1925, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe, no nuair a cuirfar ar bord luinge go cuibhe, le húsáid mar stóranna luinge, aon earraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon mheascán iomportálta a dineadh o chócó no ina bhfuil cócó, pé fuirm ina raibh an cócó san, agus atá ionchurtha fé mhuirear diúité mar mheascán den tsórt san fé alt 16 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité a híocadh fén alt san 16 ar scór an méid den mheascán san is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(2) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, le haontú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhairt urrúis agus le scrúdú earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

Deire le diúité máil ar mhalartáin chaifé agus chiocóire.

36. —An diúité máil is ionmhuirearuithe anois fé fho-alt (3) d'alt 3 den Finance Act, 1922, ar aon earra no substaint a hullamhuíodh no a dineadh chun gurbh aithris ar chaifé no ar chiocóire í no chun go mbeadh deabhramh aici leis in aon tslí no chun go bhfónfadh sí ina ionad, agus ar aon mheascán d'aon earra no substaint den tsórt san agus de chaifé no de chiocóire, scuirfe sé de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 6adh lá de Bhealtaine, 1925, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité máil ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar aon earra, substaint, ná meascán den tsórt san ar an dáta san no dá éis.

Diúité máil ar ghadhair.

37. —(1) Ar an ladh lá d'Eanair, 1926, agus dá éis sin, beidh diúité máil (dá ngairmtear gadhar-dhiúité san Acht so) de chúig scillinge iníoctha ar gach gadhar atá mí no níos mó d'aois in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain a cimeádfar an gadhar san i Saorstát Éireann.

(2) Má dhineann éinne, roimh rith an Achta so no dá éis sin, ach roimh an 1adh lá d'Eanair, 1926, fé sna hachtacháin atá i bhfeidhm chuige sin le linn rithte an Achta so, diúité d'íoc mar gheall ar ghadhar in aghaidh na tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1926, agus an gadhar-dhiúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc, roimh an dáta deiridh sin a luadhadh, mar gheall ar an ngadhar céanna in aghaidh na bliana 1926, beidh teideal ag an duine sin, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, chun liúntas d'fháil i bhfuirm lascaine sa diúité deiridh sin a luadhadh, oiread agus is có-ionann leis an gceathrú cuid den chéad diúité sin a luadhadh.

(3) Beidh an gadhar-dhiúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim ach íocfar agus baileofar é tré Oifig an Phuist, tré cheadúnaisí a tógfar amach go bliantúil chuige sin ag na daoine ar a ndlightear an diúité d'íoc.

(4) An gadhar-dhiúité is iníoctha mar gheall ar aon ghadhar isé an té a chimeádann an gadhar a íocfidh é agus gach éinne a chimeádann gadhar atá mí no níos mó d'aois agus nár híocadh gadhar-dhiúité air in aghaidh na bliana a bheidh ann an uair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil chúig bpunt do chur air.

(5) Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh chun an gadhar-dhiúité do bhailiú agus chun ceadúnaisí do thabhairt amach ar íoc an diúité sin ach ní dhéanfa sé aon rialachán den tsórt san i dtaobh dualgaisí oifigeach d'Oifig an Phuist gan dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa.

(6) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gadhar a chimeádann duine atá dall, no 'na bhfuil radharc a shúl chó holc san nách féidir do a shlí do dhéanamh amach gan treorú, do bheith á chimeád agus á úsáid ag an duine sin chun é stiúra no é threorú, féadfidh na Coimisinéirí, fé réir cólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an gadhar san do shaora o sna forálacha den Acht so a bhaineann le gadhar-dhiúité.

Ceadúnaisí gadhair do thaisbeáint.

38. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne a chimeádann gadhar atá mí no níos mó d'aois ceadúnas a tugadh amach fén Acht so i dtaobh íoc gadhar-dhiúité ar an ngadhar san in aghaidh na bliana a bheidh ann an uair sin do thaisbeáint ar a éileamh san air d'aon bhall den Ghárda Síochána no d'aon oifigeach custum agus máil chun é iniúcha: Ach nuair a déanfar an t-éileamh san in aon áit seachas in áit chomhnaithe an duine sin agus ná beidh an ceadúnas ina sheilbh ag an duine sin nuair a déanfar an t-éileamh san tuigfar an duine sin do dhéanamh mar a héilíodh air má thógann sé air féin agus (ar a éileamh amhlaidh), má dhineann sé, an ceadúnas do thaisbeáint ina áit chomhnaithe chun go n-iniúchfadh ball den Ghárda Síochána no oifigeach custum agus máil é laistigh de dhá uair déag a' chluig ina dhiaidh sin.

(2) Einne den tsórt san roimhráite a bheidh, contrárdha don alt so, gan an ceadúnas san do thaisbeáint chun go n-iniúchfar amhlaidh é nuair a déanfar an t-éileamh san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil dhá phunt do chur air.

Fíneála agus ciontaí maidir le gadhar-dhiúité.

39. —(1) Na fíneála a forchuirtar leis an Acht so maidir le gadhar-dhiúité is ina bhfíneála máil a bheid agus na forálacha d'aon Acht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le fíneála máil do bhaint amach, bainfid dá réir sin leis na fíneála san do bhaint amach.

(2) In aon chúiseamh mar gheall ar chionta maidir le gadhardhiúité is ar an té a bheidh á chúiseamh a bheidh aois an ghadhair le n-a mbaineann an cúiseamh do chruthú.

(3) Chun crícheanna an Achta so tuigfar gadhar do bheith á chimeád ag an té gur leis é ach chun crícheanna cúisimh mar gheall ar chionta a bhaineann le gadhar-dhiúité féadfar a thuisgint go bhfuil gadhar á chimeád, leis, ag sealbhaire aon tighe, seomraí, saghmaire, no áitribh eile ina gcimeádtar an gadhar no ina leigtar do comhnaí no fanúint mara gcuiridh an sealbhaire sin ina luighe ar an gcúirt nách leis an gadhar agus ná fuil an gadhar san i gcimeád aige agus gur gan a thoil do bheith leis a cimeádadh an gadhar san, no a leigeadh do comhnaí no fanúint, san áitreabh san.

Diúité ar scór deimhniú airm teine.

40. —(1) Gach éinne dá ndeonfar deimhniú airm teine aon uair tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1925, fé aon Acht a ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na tráthanna a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, diúité máil do réir an ráta a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar scór gach deimhniú airm teine a deonadh amhlaidh do.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ar scór aon deimhniú airm teine, is nuair a deonfar an deimhniú san a muirearófar, a gearrfar, agus a híocfar é.

Diúité ar dheighleálaithe cláruithe arm teine.

41. —(1) Gach éinne a bheidh cláruithe an 1adh lá de Lúnasa, 1925, agus as san amach, no a clárófar an lá san no aon uair ina dhiaidh sin, in aon chlár de dheighleálaithe arm teine a bheidh ar bun agus á chimeád do réir aon Achta do ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé diúité máil de phunt ar na hócáidí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(2) Nuair a déanfar clárú in aon chlár den tsórt san roimhráite agus fós gach uair a hathnuafar aon chlárú den tsórt san isea a muirearófar, a gearrfar, agus a híocfar an diúité máil a forchuirtar leis an alt so.

Diúité ceadúnais deighleálaithe bradán.

42. —(1) Gach éinne a thógfidh amach no a athnuafidh, fé aon Acht do ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, ceadúnas chun bradáin agus bric do dhíol, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, diúité máil de phunt in aghaidh gach ceadúnais a tógfar amach no a hathnuafar amhlaidh.

(2) An diúité a forchuirtear leis an alt so ar scór aon cheadúnais den tsórt san roimhráite is nuair a tógfar amach an ceadúnas san, agus fós gach uair a hathnuafar an ceadúnas san, a muirearófar, a gearrfar agus a híocfar an diúité sin.

Bailiú diúitéthe ar dheimhnithe airm teine agus ar cheadúnaisí deighleálaithe bradán.

43. —(1) Isé slí ina n-íocfar agus ina mbaileofar na diúitéthe máil a forchuirtar leis an Acht so maidir le deimhnithe airm teine agus le ceadúnaisí chun bradáin agus bric do dhíol, fé seach, ná le stampaí ar a dtaisbeánfar méid an diúité sin agus a bheidh buailte ar na deimhnithe agus ar na ceadúnaisí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis na diúitéthe agus leis na stampaí sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach deimhniú airm teine do dheona, ná ceadúnas díolta bradán agus breac do thabhairt amach, 'na bhfuil diúité máil iníoctha ina thaobh fén Acht so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar an deimhniú no an ceadúnas san do stampáil go cuibhe fén alt so ar scór an diúité sin, agus gach éinne a dheonfidh deimhniú airm teine no a thabharfidh amach ceadúnas díolta bradán agus breac contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig púint do chur air.

(3) Déanfar alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san do léiriú, agus beidh éifeacht acu, fé is dá ndintí an diúité máil a forchuirtar leis an Acht so ar scór deimhnithe airm teine do chur leis na diúitéthe a luaidhtear sa Tríú Sceideal san a ghabhann leis an Acht san agus é d'áireamh ortha.

Conus a socrófar luach earraí indiúité.

44. —Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna na Coda so den Acht so ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.