12 1926


Uimhir 12 de 1926.


ACHT STAITISTÍOCHTA, 1926.


ACHT CHUN A ÚDARÚ AGUS A SHOCRÚ GO nDÉANFIDH AN STÁT STAITISTÍOCHT DO BHAILIÚ, DO CHUR LE CHÉILE, DO THÓGAINT AMACH AGUS D'FHOILLSIÚ. [18adh Márta, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “stát-sheirbhís” stát-sheirbhís Shaorstáit Éireann agus foluíonn sé an Gárda Síochána;

foluíonn an focal “staitistíocht” eolas nách féidir a shloinne in uimhreacha ach atá riachtanach chun uimhreacha do bhailiú, do chur le chéile, no do mhíniú a bhaineann le héinní gur féidir staitistíocht ina thaobh do bhailiú fén Acht so;

cialluíonn agus foluíonn an focal “oifigeach staitistíochta” gach oifigeach sa stát-sheirbhís agus gach éinne eile atá ar fostú de thurus na huaire ag bailiú, ag tógaint amach, ag cur le chéile no ag foillsiú staitistíochta fén Acht so no timpal na hoibre sin;

nuair a húsáidtear an focal “go dleathach” i dtaobh oifigigh staitistíochta, cialluíonn sé fén Acht so agus dá réir agus do réir an chúrsa chóir agus chun críche a dhualgaisí agus do réir a údaráis mar oifigeach staitistíochta.

Féadfar staitistíocht do bhailiú, etc.

2. —Féadfidh an tAire staitistíocht do bhailiú, do chur le chéile, do thógaint amach agus (fé réir forálacha an Achta so) d'fhoillsiú i dtaobh éinní a bhaineann le gníomhachtaí agus cor an tsaoil go generálta i gcúrsaí economíochta agus eile i Saorstát Éireann agus go háirithe i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) líonmhaireacht na ndaoine;

(b) cúrsaí buaine beatha, cúrsaí saoil na ndaoine, agus cúrsaí oideachais;

(c) rialtas áitiúil;

(d) fostaíocht agus díomhaointeas;

(e) imirce amach agus imirce isteach;

(f) talmhaíocht;

(g) iascach mara agus intíre;

(h) ceárdas;

(i) tráchtáil;

(j) bancaereacht, árachas agus airgeadas;

(k) bóithre iarainn, trambhealaí, loingseoireacht agus saghsanna eile iompair;

(l) séadchomharthaí ársa.

Airí áirithe do dhéanamh bailiú. etc., ar staitistíocht áirithe.

3. —(1) I dteanta na comhachta agus gan dochar don chomhacht a bronntar ar an Ard-Chomhairle le fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), chun seirbhísí agus oifigigh phuiblí d'athroinnt ar na hAirí agus ar na Ranna Stáit uile agus fé seach, féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú, na comhachta agus na dualgaisí a bronntar leis an Acht so ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála, i dtaobh aon tsaghas no saghsanna áirithe staitistíochta, d'aistriú chun aon Aire eile agus, in aon chás in ar dineadh aon ordú den tsórt san, féadfid na comhachta agus na dualgaisí sin d'aistriú aon uair chun Aire eile arís no iad d'ath-áistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(2) Má dintar, de bhua ordú a déanfar fén alt so, na comhachta agus na dualgaisí a bronntar ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so, maidir le haon tsaghas staitistíochta, do dhílsiú in aon Aire eile, agus faid a bheid dílsithe amhlaidh, beidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála freagarthach i gcó-ordú feidhmiú an Achta so ina Roinn féin agus i Ranna uile agus fé seach na nAirí ina mbeidh aon cheann de sna comhachta agus de sna dualgaisí sin dílsithe de thurus na huaire, agus chun an có-ordú san do dhéanamh ní thionnscnóidh aon Aire den tsórt san aon staitistíocht do bhailiú fén Acht so gan dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála roimh ré.

(3) Aon aistriú a déanfar ón Aire Tionnscail agus Tráchtála chun aon Aire eile fén alt so ar aon chomhachta agus dualgaisí, ní dhéanfa sé dochar ná difir don chomhacht a bheidh ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála chun foillseachán do chur le chéile agus do thabhairt amach fén Acht so o am go ham agus staitistíocht bhailithe Shaorstáit Éireann ann agus chun staitistíocht do bhailigh aon Aire eile no a bailíodh fé aon achtachán eile do chur sa bhfoillseachán san chó maith le staitistíocht do bhailigh sé féin fén Acht so.

(4) Má dintar, de bhua ordú a déanfar fén alt so, na comhachta agus na dualgaisí a bronntar agus a cuirtar ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so, maidir le haon tsaghas staitistíochta, do dhílsiú in aon Aire eile, agus faid a bheid dílsithe amhlaidh, beidh ag an Aire eile sin agus féadfa sé feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna comhachta, agus cólíonfa sé na dualgaisí, a bronntar no a cuirtar ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so, agus san sa mhéid go mbaineann na comhachta agus na dualgaisí sin leis an saghas san staitistíochta.

Bunú Comhairle Staitistíochta.

4. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú, comhairle do bhunú dá ngairmfar an Chomhairle Staitistíochta chun comhairle agus congnamh do thabhairt, maidir le feidhmiú an Achta so agus le héinní eile a bhaineann le staitistíocht, don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus d'aon Aire eile go mbeidh dílsithe ann de thurus na huaire na comhachta agus na dualgaisí a bronntar leis an Acht so ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála maidir le haon tsaghas áirithe staitistíochta.

(2) Má bunuítear agus nuair a bunófar an Chomhairle Staitistíochta beidh sé có-dhéanta de pé méid daoine, eadhon, naonúr ar a mhéid agus ceathrar ar a luíod, is dó leis an Ard-Chomhairle o am go ham a bheith ceart.

(3) San ordú agus leis an ordú le n-a mbunófar an Chomhairle Staitistíochta ceapfidh an Ard-Chomhairle céad-bhaill na Comhairle agus isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh gach ball den Chomhairle ina dhiaidh sin agus beidh gach ball den Chomhairle Staitistíochta, mara gcailltear é no mara n-eirighe sé as roimhe sin, ina bhall den tsórt san go ceann dhá bhliain o dháta a cheaptha agus ní níos sia ná san ach beidh sé i gcomhnaí ionathcheaptha.

(4) Tiocfidh an Chomhairle Staitistíochta le chéile aon uair a ghairmfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála chuige sin iad ar a chomhairle féin no ar iarratas aon Aire go mbeidh aon chomhachta no dualgaisí fén Acht so dílsithe ann de thurus na huaire agus ar pé ócáidí eile ar a socróidh an Chomhairle o am go ham.

Féadfidh an tAire socrú do dhéanamh chun go mbaileodh aon stát-sheirbhísigh staitistíocht.

5. —(1) Féadfidh an tAire socrú do dhéanamh le haon Aire eile no le haon bhord, cólucht no oifigeach a bheidh i gcúram aon bhrainse den stát-sheirbhís chun go ndéanfadh oifigigh an Aire sin no na daoine a bheidh ag seirbhís sa bhrainse sin den stát-sheirbhís aon staitistíocht no eolas staitistíochta do bhailiú, do chur le chéile, do thógaint amach no d'fhoillsiú fén Acht so no chun go gcólíonfadh na hoifigigh no na daoine sin aon dualgaisí no seirbhísí a bhaineann leis na dualgaisí agus leis na comhachta a cuirtar agus a bronntar ar an Aire leis an Acht so.

(2) Gach oifigeach no duine eile sa stát-sheirbhís a bheidh ag cólíona aon dualgaisí no seirbhísí fén alt so, beidh sé ina oifigeach staitistíochta do réir bhrí an Achta so faid a bheidh sé ag cólíona na ndualgaisí no na seirbhísí sin.

Airí i gcomhairle le n-a chéile.

6. —Aon uair a bheidh an tAire chun aon staitistíocht do bhailiú fén Acht so i dtaobh éinní atá mar chuid de sheirbhísí puiblí aon Roinne Stáit seachas an Roinn ar ar ceann é raghaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire atá i gcúram na Roinne Stáit sin i dtaobh bailiú na staitistíochta san sara dtosnóidh sé ar an staitistíocht do bhailiú agus, má bhailíonn sé an staitistíocht san, ragha sé i gcomhairle leis an Aire sin o am go ham fé mar is gá le linn an staitistíocht san do bheith á bailiú, á tógaint amach, á cur le chéile agus á foillsiú.

Oblagáid ar dhaoine cuntaisí do dhéanamh agus eolas do thabhairt uatha.

7. —(1) Gach duine ar a n-éileofar go cuibhe fén Acht so agus dá réir aon sceideal, fuirm no scríbhinn eile do líona no do chríochnú ar aon tslí eile déanfa sé, chó fada le n-a eolas, le n-a chumas no le n-a thuairim (pe'ca aca é), an scríbhinn sin do líona no do chríochnú ar an slí eile sin go cuibhe agus go cóir do réir na dtreoracha atá sa scríbhinn no a cuireadh in úil do ar aon tslí eile fén Acht so agus ansan tabharfa sé an scríbhinn sin thar n-ais no deighleálfa sé léi ar shlí eile do réir na dtreoracha san, agus má dhineann sé faillí no diúltú maidir leis an scríbhinn sin do líona no do chríochnú ar an slí eile sin amhlaidh no do thabhairt thar n-ais no deighleáil léi ar an slí eile sin amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Gach duine ar a n-éileoidh oifigeach staitistíochta go dleathach aon eolas do thabhairt no do fhreastal do i scríbhinn no tré bhréithre béil no aon cheist a chuirfidh an t-oifigeach san chuige do fhreagairt, déanfa sé, chó fada le n-a eolas, le n-a chumas no le n-a thuairim (pe'ca aca é), an t-eolas san do thabhairt no do fhreastal no an cheist sin do fhreagairt, agus mara ndine sé amhlaidh no má dhiúltuíonn sé d'é dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach duine a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i gcionta fén alt so, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más toil leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Is leor mar éileamh ar dhuine fén Acht so na scríbhinní d'fhágaint ina chóir.

8. —(1) Má fhágann oifigeach staitistíochta in aon tigh no foirgint eile no in aon oifig, úrlár comhnaithe no cuid áirithe eile de thigh no d'fhoirgint eile no má chuireann aon oifigeach den tsórt san tríd an bpost roimh-íoctha go dtí aon tigh, foirgint, no cuid áirithe de thigh no d'fhoirgint, den tsórt san, aon sceideal, fuirm, treoir no scríbhinn eile den tsórt san, do hullamhuíodh agus do tugadh amach fén Acht so agus ina bhfuil fógra le n-a n-éilítear ar shealbhaire (gan a ainm do thabhairt air) an tighe no na foirginte sin no na coda áirithe sin den chéanna an scríbhinn do líona no do chríochnú ar shlí eile laistigh d'aimsir áirithe is leor san, i gcoinnibh an té is sealbhaire amhlaidh, mar éileamh fén Acht so ar an duine sin an scríbhinn sin do líona no do chríochnú ar shlí eile agus do thabhairt thar n-ais no deighleáil léi ar shlí eile do réir na dtreoracha atá inti in ainneoin gan a ainm do bheith tugtha ar an sealbhaire sin sa scríbhinn sin no nár seirbheáladh air go pearsanta í mara gcuiridh an sealbhaire sin ina luighe ar an gcúirt ná fuair sé an scríbhinn.

(2) Má fhágann oifigeach staitistíochta i gcóir aon duine ag á áit chomhnaithe no ag á áit ghnótha, no má chuireann aon oifigeach den tsórt san, tríd an bpost roimh-íoctha, chun duine ag á áit chomhnaithe no ag á áit ghnótha, aon sceideal, fuirm, treoir no scríbhinn eile den tsórt san, do hullamhuíodh agus do tugadh amach fén Acht so agus ina bhfuil, no go bhfuil ag gabháil leis, fógra atá dírithe chun an duine sin, á éileamh air an scríbhinn do líona no do chríochnú ar shlí eile laistigh d'aimsir áirithe is leor san, i gcoinnibh an duine sin, mar éileamh fén Acht so ar an duine sin an scríbhinn sin do líona no do chríochnú ar shlí eile agus do thabhairt thar n-ais no deighleáil léi ar shlí eile do réir na dtreoracha atá inti no a fágadh ina teanta no a cuireadh chun siúil léi.

(3) Chun crícheanna an ailt seo foluíonn áit ghnótha duine aon áit ina mbíonn gnó ar siúl aige agus, i gcás cóluchta ionchorparuithe, foluíonn sé a oifig chláruithe.

Féadfidh oifigigh staitistíochta breacacháin phuiblí, etc., do scrúdú.

9. —Gach oifigeach staitistíochta go dteastóidh uaidh go dleathach aon bhreacachán no scríbhinn eile atá i gcimeád no fé chúram aon oifigigh den stát-sheirbhís do scrúdú, beidh teideal aige, in ainneoin aon fhorála reachtúla eile, dul do bheith aige ar an mbreacachán no ar an scríbhinn sin, é do scrúdú agus cóipeanna do dhéanamh de gan aon táille d'íoc agus fós, má theastuíonn cóip den bhreacachán no den scríbhinn sin no d'aon chuid de uaidh go dleathach, ar a iarraidh do beidh teideal aige chun cóip den bhreacachán no den scríbhinn sin no d'aon chuid áirithe dhe d'fháil in aisce ón oifigeach go bhfuil an céanna ina chimeád no fé n-a chúram.

Féadfidh oifigeach staitistíochta breacacháin eile, etc., do scrúdú.

10. —Gach éinne go bhfuil aon bhreacachán no scríbhinn ina chimeád no fé n-a chúram (seachas breacachán no scríbhinn eile atá i gcimeád no fé chúram oifigigh den stát-sheirbhís) leigfe sé d'aon oifigeach staitistíochta go dteastóidh san uaidh go dleathach dul do bheith aige ar an mbreacachán no ar an scríbhinn sin, é do scrúdú, agus cóipeanna do dhéanamh de gan íoc as agus fós, má éilíonn an t-oifigeach san air é go dleathach, tabharfa sé don oifigeach san cóip den bhreacachán no den scríbhinn sin no d'aon chuid de adéarfidh an t-oifigeach san no, más rogha leis an duine sin é, tabharfa sé an breacachán no an scríbhinn sin ar iasacht don oifigeach san.

(2) Gach duine a dhéanfidh faillí no diúltú maidir le haon ghníomh no ní do dhéanamh a héilítear air leis an alt so do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Beidh údarás i scríbhinn ag oifigigh staitistíochta agus beidh ortha é do thaisbeáint.

11. —(1) Do gach oifigeach staitistíochta go ndéanfidh a dhualgas no a údarás mar oifigeach staitistíochta a chur air no a údarú dho gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh fén Acht so no chun críche an Achta so, sé sin le rá:—

(a) aon eolas d'iarraidh ar éinne, no

(b) a iarraidh ar éinne aon sceideal, fuirm, no scríbhinn eile do líona, do chríochnú no do thabhairt thar n-ais, no deighleáil no rud do dhéanamh leis ar shlí eile do réir an Achta so, no

(c) aon bhreacachán no scríbhinn eile do scrúdú, do chóipeáil, sleachta do bhaint as no cóipeanna dhe d'fháil, no

(d) aon sceideal, fuirm no scríbhinn eile do bhailiú no do ghlaca o éinne,

tabharfar, fé réir na n-eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, ceapachán do réir an ailt seo á cheapa chun bheith ina oifigeach staitistíochta do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.

(2) Is i scríbhinn, i pé fuirm a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so, a bheidh gach ceapachán oifigigh staitistíochta den tsórt san agus, i gcás oifigigh don Aire no duine nách oifigeach sa stát-sheirbhís, isé an tAire no rúnaí no rúnaí conganta a Roinne sin a shighneoidh é, no an príomh-oifigeach ina Roinn le n-a mbaineann feidhmiú an Achta so, agus, i gcás aon oifigigh sa stát-sheirbhís nách oifigeach don Aire, isé duine a shighneoidh é ná éinne de sna daoine roimhráite no príomh-oifigeach no príomh-oifigeach conganta na brainse den stát-sheirbhís darb oifigeach é.

(3) Ag déanamh éinní dá luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so dho, tabharfidh gach oifigeach staitistíochta i láthair agus taisbeánfa sé a cheapachán fén alt so nuair a héileofar san air.

(4) Aon scríbhinn a thabharfidh oifigeach staitistíochta i láthair do réir an ailt seo agus go gcuirfe sé in úil gurb í a cheapachán fén alt so í agus go dtuigfí le féachaint uirthi gurb í an ceapachán san í agus go bhfuil sí sighnithe go cuibhe do réir an ailt seo, tuigfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb í an ceapachán san í agus go bhfuil sí dleathach agus regleálta.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le hoifigeach staitistíochta ná dineann ach sceidil, fuirmeacha no scríbhinní eile fén Acht so d'fhágaint no do sheachada ag daoine no in áiteanna.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le ball den Ghárda Síochána in éide, agus aon bhall den tsórt san a thabharfidh i láthair le linn é bheith in éide mar bhall den tsórt san deimhniú i scríbhinn, fé láimh cheannphuirt den Ghárda Síochána, go bhfuil sé ag gníomhú mar oifigeach staitistíochta, tuigfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil údaruithe dho go cuibhe chun gníomhú mar oifigeach staitistíochta.

(7) I ngach ceapachán agus i ngach deimhniú a shighneoidh ceannphort den Ghárda Síochána fén alt so beidh tagairt don chosc ar nochta eolais a forchuirtar le halt 14 den Acht so.

Déanfar talamh slán de go bhfuil scríbhinní áirithe údarásach.

12. —Gach scríbhinn scríbhte go mbeidh a dheabhramh uirthi gur sceideal, fuirm, treoir, no scríbhinn eile í a hullamhuíodh agus a tugadh amach fén Acht so, má dhineann agus nuair a dhéanfidh oifigeach staitistíochta í do thíolaca d'éinne no í d'fhágaint in aon áit, déanfar talamh slán de, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur hullamhuíodh agus gur tugadh amach go cuibhe fén Acht so í agus gur soláthruíodh don oifigeach san go dleathach í.

Ní nochtfar eolas ná cuntaisí.

13. —(1) Aon sceideal, fuirm no scríbhinn eile, fé leith, do líon éinne no do chríochnuigh sé ar aon tslí eile do réir aon éilimh a dineadh fén Acht so no aon chuid d'aon scríbhinn den tsórt san no aon eolas no freagra de bhréithre béil a tugadh i dtaobh aon duine, gnótha no cúraim, fé leith, ní foillseofar é gan cead an duine sin ná ní déanfar, gan cead an duine sin, é do thaisbeáint ná do chur in úil, ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so, d'éinne nách oifigeach staitistíochta go mbeidh baint aige leis agus é ag cólíona a dhualgais mar oifigeach den tsórt san.

(2) Sa mhéid gur féidir é do réir réasúin, ní bheidh in aon tuarasgabháil, suimiú, ná achmaireacht ná in aon fhoillseachán eile a déanfar fén Acht so mion-innste aon eolais a thug éinne ar aon tslí in aon chor do réir an Achta so d'aon oifigeach staitistíochta agus iad socruithe i slí is go bhféadfadh éinne iad d'aithint mar mhion-innste a bhaineann le haon duine, gnó no cúram, fé leith, mara mbeidh cead fachta chuige sin i scríbhinn ón duine sin no ón té gur leis an gnó no an cúram san.

(3) Aon bhreacachán no scríbhinn eile no aon chuid d'aon bhreacachán no scríbhinn eile a bheidh ina chimeád no fé n-a chúram ag oifigeach den stát-sheirbhís no ag éinne eile agus nách ceaduithe don phuiblíocht scrúdú do dhéanamh air agus gur dhin oifigeach staitistíochta scrúdú air no go bhfuair no gur dhin sé cóip de fé chomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht so, ní dhéanfidh oifigeach staitistíochta é d'fhoillsiú ná do thaisbeáint ná do chur in úil d'éinne ach d'oifigeach eile staitistíochta go mbeidh baint aige leis agus é ag cólíona a dhualgais mar oifigeach staitistíochta ná (sa mhéid gur féidir é do réir réasúin) ní bheidh in aon tuarasgabháil, suimiú, ná achmaireacht ná in aon fhoillseachán eile a déanfar fén Acht so mion-innste aon eolais a fuarthas as aon bhreacachán no scríbhinn den tsórt san agus iad socruithe i slí is go bhféadfadh éinne iad d'aithint mar mhioninnste a bhaineann le haon duine, gnó no cúram, fé leith, mara mbeidh cead fachta chuige sin i scríbhinn ón duine sin no ón té gur leis an gnó no an cúram san.

Ní nochtfidh oifigigh eolas.

14. —(1) Ach amháin chun críche cúisimh mar gheall ar chionta fén Acht so, ní fhoillseoidh ná ní nochtfidh aon oifigeach staitistíochta d'éinne, ach d'oifigeach eile staitistíochta go mbeidh baint aige leis an scéal agus é ag cólíona a dhualgaisí mar oifigeach staitistíochta, a bhfuil ná aon chuid dá bhfuil in aon sceideal, fuirm, no scríbhinn eile, fé leith, do líon éinne no do chríochnuigh sé ar aon tslí eile do réir éilimh a dineadh fén Acht so, ná a bhfuil ná aon chuid dá bhfuil in aon bhreacachán no scríbhinn (nách breacachán ná scríbhinn gur ceaduithe don phuiblíocht í scrúdú) gur dhin oifigeach staitistíochta é scrúdú no go bhfuair no gur dhin sé cóip de i bhfeidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air chuige sin leis an Acht so, ná aon eolas ná freagra tré bhréithre béil a tugadh i dtaobh aon duine, gnótha no cúraim, fé leith.

(2) Gach oifigeach staitistíochta a fhoillseoidh no a nochtfidh, i gcoinnibh an ailt seo, a bhfuil no aon chuid dá bhfuil in aon sceideal, fuirm, no scríbhinn eile, fé leith, den tsórt san roimhráite no in aon bhreacachán no scríbhinn den tsórt san roimhráite no aon eolas no freagra tré bhréithre béil a tugadh i dtaobh aon duine, gnótha no cúraim, fé leith, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air, no, más toil leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Mí-úsáid á dhéanamh dá oifig ag oifigeach staitistíochta.

15. —Gach oifigeach staitistíochta a gheobhaidh ar aon tslí o aon duine ar aon ócáid aon eolas ná fuil teideal aige go dleathach chun é d'fháil ar an slí sin ón duine sin ar an ócáid sin, no a thabharfidh fé, agus gur ar scáth bheith ag cólíona a dhualgaisí mar oifigeach staitistíochta a dhéanfa sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más toil leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Féadfidh an tAire nithe áirithe d'ordú agus rialacháin do dhéanamh.

16. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a ordú cad is abhar, nádúr, carachtar agus tréimhsiúlacht don staitistíocht atá le bailiú fén Acht so agus caithin a déanfar no cadé an ócáid ar a ndéanfar í do bhailiú;

(b) a ordú, fé réir forálacha an ailt seo, cadiad na daoine no na haicmí daoine a thabharfidh cuntaisí no eolas uatha chun críche aon staitistíochta a baileofar fén Acht so;

(c) rialacháin do dhéanamh chun staitistíocht i gcoitinne no aon tsaghas no saghsanna áirithe staitistíochta do bhailiú, do chur le chéile, do thógaint amach no d'fhoillsiú fén Acht so;

(d) a ordú cadiad na sceidil, na fuirmeacha, na treoracha agus na scríbhinní eile a húsáidfar chun staitistíochta i gcoitinne no aon tsaghas no saghsanna áirithe staitistíochta do bhailiú, do chur le chéile, do thógaint amach no d'fhoillsiú fén Acht so;

(e) éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a horduíodh no a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so.

(2) Nuair a bheidh an tAire á ordú cadiad na daoine no na haicmí daoine a thabharfidh cuntaisí no eolas uatha fén Acht so, féadfa sé na daoine no na haicmí daoine sin do luadh no do dheighilt amach tré thagairt d'éinní no d'aon rud a bhaineann no atá i gcó-cheangal díreach leis an staitistíocht go dteastuíonn na cuntaisí no an t-eolas ina cóir ach ní har aon tslí eile, ach amháin, más dó leis an Aire go bhfuil sé nea-phraiticiúil no nea-riachtanach, mar gheall ar an ró-chostas no ar aon chúis eile, cuntaisí d'fháil ón uile dhuine no o gach ball d'aicme daoine, no o iomlán Shaorstáit Éireann no o iomlán aon choda áirithe de Shaorstát Éireann, go bhféadfidh an tAire a éileamh go ndéanfadh daoine áirithe no aicmí áirithe daoine na cuntaisí do thabhairt uatha no an t-eolas do sholáthar no go ndéanfí é i dtaobh líomatáiste no líomatáistí áirithe fé mar a thoghfidh an tAire amach iad toisc gur leor iad chun na críche atá ina aigne aige.

Leagfar orduithe ar an mBord i dhá dTigh an Oireachtais.

17. —Aon ordú a déanfar fé fho-alt (1) d'alt 16 den Acht so leagfar é ar an mBord i dhá dTigh an Oireachtais chó luath agus is féidir é.

Forálacha i dtaobh seanachomhachtanna a bhaineann le staitistíocht.

18. —(1) Beidh forálacha an Achta so i dteanta agus ní hin ionad aon chomhachta atá dílsithe anois do réir dlí (ar shlí eile seachas de bhua Achta a hathghairmtear leis an Acht so) in aon Aire, no in aon bhord, cólucht, no oifigeach atá i gcúram aon bhrainse den tseirbhís phuiblí, chun staitistíocht do bhailiú, do chur le chéile, do thógaint amach, no d'fhoillsiú, ach féadfidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach comhacht no aon chomhacht acu san d'aistriú chun an Aire agus má dintar aon ordú den tsórt san déanfidh an tAire as san amach na comhachta a haistreofar leis an ordú san d'fheidhmiú fén Acht so agus dá réir.

(2) Go dtí go n-aistreofar chun an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo gach comhacht dá luaidhtear sa bhfo-alt san beidh an tAire freagarthach i gcó-ordú na hoibre a bhaineann le staitistíocht do bhailiú, do chur le chéile, do thógaint amach agus d'fhoillsiú fé sna comhachta san agus fén Acht so fé seach, agus chuige sin ní dhéanfidh éinne ina mbeidh aon chomhacht den tsórt san dílsithe de thurus na huaire bailiú aon staitistíochta fén gcomhacht san do thionnscain gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré.

Sriantachtaí maidir le heolas is féidir a fháil.

19. —Ní léireofar éinní san Acht so mar ní atá á éileamh ar éinne eolas do thabhairt ar ní ar a bhfuair sé a chuid eolais ar shlí a thabharfadh teideal do chun diúltú don eolas san do thabhairt uaidh in imeacht shíbhialta i gCúirt Dlí ar scór príbhléide no á éileamh ar aon bhanc no corparáid go mbíonn gnó bancaereachta ar siúl acu, no ar aon oifigeach dóibh, aon mhion-innste do thabhairt uatha a chuirfadh ar chumas éinne na mion-innste sin d'aithint mar mhion-innste a bhaineann le haon duine, gnó no cúram, fé leith, mara mbeidh cead fachta chuige sin i scríbhinn ón duine sin no ón té gur leis an gnó no an cúram san.

Costaisí.

20. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.

Athghairmeanna.

21. —Athghairmtear leis seo na Census of Production Acts, 1906 and 1917.

Gearr-theideal.

22. —Féadfar an tAcht Staitistíochta, 1926 , do ghairm den Acht so.