Ar Aghaidh (CUID I. Feidhmeanna agus Comhachta an Fho-Shirriaim.)

18 1926


Uimhir 18 de 1926.


ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEANN LE BREITHIÚNTAIS AGUS ORDUITHE CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS DO CHUR IN ÉIFEACHT AGUS D'FHEIDHMIÚ GO GENERÁLTA.

[29adh Bealtaine, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn agus foluíonn an focal “ordú feidhmiúcháin” aon rit, aithne, barántas, no scríbhinn eile pé ainm a tugtar uirthi, a thabharfidh cúirt amach i gcúis shíbhialta á ordú no á údarú ordú ón gcúirt d'fheidhmiú tré mhaoin duine do ghabháil agus do dhíol no tré dhuine do chur i seilbh tailte no áitribh no tré mhaoin áirithe do sheachada dho.