An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Feidhmeanna agus Comhachta an Fho-Shirriaim.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach.)

18 1926

ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926

CUID II.

Scrudu Feichiun.

Chun féicheamh do thabhairt i láthair chun é scrúdú i dtaobh acfuinne.

15. —(1) Má chuireann agus nuair a chuirfidh aon duine (dá ngairmtear fiach-éilitheoir sa Chuid seo den Acht so) os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche fianaise prima facie

(a) ar aon fhiacha bheith dlite don bhfiach-éilítheoir fé bhreithiúntas cúirte inniúla, agus

(b) ar an té (dá ngairmtear an féicheamh sa Chuid seo den Acht so) 'na bhfuil na fiacha san iníoctha aige do bheith ina ghnáth-chomhnaí sa dúthaigh chúirte dá bhfuil an Breitheamh ina shuidhe an uair sin, agus

(c) ar an bhféicheamh do bheith gan aon earraí dob fhéidir a thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas de chuid na cúirte a thug an breithiúntas san,

féadfidh an Breitheamh ordú (dá ngairmtear ordú scrúdúcháin sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh go dtiocfidh an féicheamh os a chóir ar dháta luaidhte chun go scrúdófaí é i dtaobh a acfuinne, agus fós go bhfágfa sé ag Cléireach na Cúirte Dúithche, seachtain ar a laighead roimh an dáta luaidhte sin, cuntas scríbhte (dá ngairmtear cuntas acfuinne sa Chuid seo den Acht so) ar a shócmhainní agus ar a fhiachaisí, ar a ioncum, tuillte agus nea-thuillte, agus ar an slí ina dtuilltear é no ar cad as go bhfachtar é, agus ar na daoine go bhfuil ceangal dlí no morálais air iad do chothú.

(2) Beidh teideal ag an bhfiach-éilitheoir chun an cuntas acfuinne d'iniúcha agus cóipeanna dhe do dhéanamh no d'fháil aon uair tar éis é bheith lóisteálta do réir an fho-ailt sin roimhe seo.

(3) San alt so foluíonn an focal “breithiúntas” aon ordú no aithne, agus sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “fiacha” aon iarsma d'fhiacha a fhanfidh dlite tar éis cuid díobh bheith íoctha no bainte amach.

An nósimeachta a leanfar i scrúdú an fhéichiún.

16. —(1) Nuair a bheidh an féicheamh á scrúdú i dtaobh a acfuinne do réir ordú scrúdúcháin, glacfar i bhfianaise an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh agus féadfidh an fiach-éilitheoir agus an féicheamh, gach duine fé leith acu, tuille fianaise do thabhairt i láthair ar acfuinn an fhéichiún, agus féadfidh an féicheamh féin, leis, fianaise do thabhairt fé mhionn agus pe'ca thabharfidh an féicheamh fianaise no ná tabharfidh, féadfidh an fiach-éilitheoir, no féadfar thar a cheann, an féicheamh do chros-cheistiú i dtaobh an chuntais acfuinne agus i dtaobh a fhianaise (más ann di).

(2) Más deimhin leis an mBreitheamh ón bhfianaise a tabharfar sa scrúdú i dtaobh acfuinne an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh do bheith bréagach in aon phuínte táchtach go bhfios don bhféichiúin, féadfidh an Breitheamh a ordú láithreach go ngabhfar an féicheamh agus é dhaora chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí agus cuirfar an féicheamh i bpríosún dá réir sin.

Ordú chun na fiacha d'íoc ina dtráth-choda.

17. —Más rud é ná lóisteálfidh an féicheamh cuntas acfuinne no ná tiocfa sé i láthair chun go scrúdófaí é do réir ordú scrúdúcháin no go ndiúltóidh sé do dhul fé chros-cheistiú ón bhfiachéilitheoir no o éinne eile thar a cheann, no ná cuirfe sé ina luighe ar an mBreitheamh sa scrúdú agus sa chros-cheistiú san (má bhíonn ann) go bhfuil sé gan bheith in án na fiacha d'íoc in aon tsuim amháin no ina dtráth-choda, ordóidh an Breitheamh don bhféichiúin, má iarrann an fiach-éilitheoir air é, na fiacha agus costaisí na n-imeacht sa Chúirt Dúithche d'íoc in aon tsuim amháin no i pé tráth-choda agus ar pé uaire is dó leis an mBreitheamh a bheith réasúnta tar éis gach taobh den scéal do bhreithniú.

Príosúntacht don bhféichiúin mara n-íoca sé na tráth-choda.

18. —(1) Más rud é ná híocfidh an féicheamh na fiacha agus na costaisí, no aon tráth-chuid no tráth-choda áirithe dhíobh, san uair no sna huaire ar a mbeidh an céanna iníoctha do réir ordú fén gCuid seo den Acht so, féadfidh an Breitheamh, ar iarratas ón bhfiach-éilitheoir, a ordú go ngabhfar an féicheamh agus go gcuirfar i bpríosún é ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí, agus leis sin gabhfar an féicheamh agus cuirfar i bpríosún é dá réir sin.

(2) Aon uair a déanfar féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún fén alt so beidh sé i dteideal é scaoile láithreach nuair a íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann le Cléireach na Cúirte Dúithche no le Gobharnóir an Phríosúin thar ceann Cléirigh na Cúirte Dúithche an tsuim airgid (a luadhfar san ordú gabhála agus príosúntachta) a bheidh có-dhéanta den méid de sna fiacha agus de sna costaisí a bhí gan bheith íoctha ar dháta an orduithe (maraon leis na tráth-choda ná raibh dlite le n'íoc ar an dáta san) agus pé suim thairis sin (má bhíonn ann), ar scór costaisí an orduithe agus costaisí gabhála agus aistrithe an fhéiciún, is dó leis an mBreitheamh bheith réasúnta.

(3) Gach airgead a íocfidh an féicheamh no a híocfar thar a cheann, fén alt so, le Cléireach na Cúirte Dúithche, íocfidh Cléireach na Cúirte Dúithche leis an bhfiach-éilitheoir é nuair a éileoidh sé é.

Leanúint d'imeachta nár críochnuíodh.

19. —(1) Aon imeachta fé Chuid III. den Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924) a bhí gan críochnú sa Chúirt Dúithche díreach roimh dhul in éag don Acht san, féadfar leanúint díobh fén gCuid seo den Acht so, agus gach céim a tógadh go dleathach agus gach ní a dineadh go dleathach sna himeachta san roimh rith an Achta so tuigfar gur dineadh iad fén gCuid seo den Acht so fé is dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair a tógadh na céimeanna san no a dineadh na nithe sin.

(2) Ní oibreoidh éinní san alt so chun é dhéanamh dlite go gcuirfí aon phionós no fíneáil ar éinne mar gheall ar aon ghníomh a dhin sé no d'fhág sé gan déanamh sa tréimhse idir dul in éag don Acht san um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924. agus rith an Achta so, sé sin, gníomh a bheadh dleathach mara mbeadh gur hachtuíodh an t-alt so.

Eisceacht i gcóir leighseanna eile.

20. —Má cuirtar féicheamh i bpríosún fén gCuid seo den Acht so, ní oibreoidh san mar shásamh ná mar ghlana amach ar na fiacha ná ar aon chuid díobh ná ní bhainfe sé den bhfiachéilitheoir aon cheartanna ná leighseanna eile chun iad do bhaint amach.