|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Scrudu Feichiun.) |
ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Moill ar fheidhmiú i gcásanna áirithe. |
21. —(1) Aon uair a dhéanfidh aon chúirt breithiúntas do thabhairt go n-íocfidh éinne (dá ngairmtear an féicheamh san alt so) aon tsuim airgid mar fhiacha no mar dhamáiste agus, le linn di an breithiúntas san do thabhairt gur deimhin leis an gcúirt— |
[EN] | (a) go bhfuil an féicheamh gan bheith in án an tsuim airgid sin agus gach costas is iníoctha aige fén mbreithiúntas san d'íoc láithreach agus go hiomlán; agus | |
[EN] | (b) nách é iompar, gníomh ná failli an fhéichiún féin fé ndeár an neamh-ábaltacht san; agus | |
[EN] | (c) go bhfuil cúis réasúnta chun tuille aimsire do dheona don bhféichiúin chun an tsuim airgid agus na costaisí sin d'íoc, | |
[EN] | féadfidh an chúirt moill do chur ar fheidhmiú an bhreithiúntais go ceann pé aimsir agus ar pé coiníollacha a chífar don chúirt a bheith réasúnta. | |
[EN] | (2) Sna coiníollacha ar a bhféadfar moill ar fheidhmiú do dheona fén bhfo-alt san roimhe seo féadfar coiníoll do chur go n-íocfidh an féicheamh an tsuim airgid agus na costaisí sin i pé tráth-choda agus ar pé uaire a cheapfidh an chúirt, agus go mbeidh deire leis an moill nuair a fhágfidh an féicheamh tráthchuid gan íoc. | |
[EN] | (3) San alt so folóidh an focal “breithiúntas” aithne agus ordú. | |
[EN] |
Eadarphléideáil i láthair na Cúirte Dúithche i gcásanna áirithe. |
22. —(1) Féadfidh fo-shirriam imeachta eadarphléideála do bhunú i láthair na Cúirte Dúithche in aon chás in ar thóg an fo-shirriam i bhfeidhmiúchán no i bhfeidhmiúchán beartuithe aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile fé aon ordú feidhmiúcháin, agus gur duine éigin eile seachas an féicheamh a éilíonn na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis sin agus nách mó ná cúig púint fhichead luach na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin. |
[EN] | (2) Ag éisteacht aon imeachta eadarphléideála fén alt so don Chúirt Dúithche beidh údarás ag an mBreitheamh chun gach ní a bheidh i gceist idir na páirtithe, ar a n-áireofar méid na gcostaisí agus cé íocfidh iad, d'éisteacht agus do shocrú, agus pé ordú a bheidh cóir do dhéanamh ina dtaobh. | |
[EN] |
An Gárda Síochána do dhéanamh gach gabháil ar dhaoine. |
23. —Is baill den Ghárda Síochána a fheidhmeoidh gach ordú o aon chúirt chun éinne do ghabháil, do thógaint, no do chur i bpríosún agus ní fheidhmeoidh fo-shirriam aon ordú den tsórt san feasta agus ní dhéanfidh éinne ach ball den Ghárda Síochána éinne do ghabháil ná do thógaint i gcimeád fé aon ordú den tsórt san. |
[EN] |
Ciontaí agus pionóisí. |
24. —(1) Gach éinne a chuirfidh i gcoinnibh aon fho-shirriaim, teachtaire chúirte, no duine eile no a bhacfidh no a choiscfidh é agus é ag feidhmiú ordú feidhmiúcháin go dleathach, no a chuirfidh i gcoinnibh aon bhaill den Ghárda Síochána no a bhacfidh no a choiscfidh é agus feidhmiú dleathach aige á dhéanamh ar ordú feidhmiúcháin atá le feidhmiú fén Acht so ag ball den Ghárda Síochána, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile. |
[EN] | (2) Gach duine a fhuasclóidh, a aistreoidh, no a cheilfidh aon earraí, ainmhithe, no áirnéis a tógadh i bhfeidhmiúchán fé ordú feidhmiúcháin (agus ordú feidhmiúcháin atá le feidhmiú fén Acht so ag ball den Ghárda Síochána d'áireamh), beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá mhí dhéag no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile. | |
[EN] | (3) Má cúisítear duine i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche in aon mhí-iompar dá luaidhtear san alt so agus más dó leis an mBreitheamh an méid a cruthuíodh i gcoinnibh an duine a cúisíodh amhlaidh do bheith ina mhion-chionta is intrialta ar an slí achmair agus mara gcuiridh an duine sin (ar a fhiafruighe sin de don Bhreitheamh) i gcoinnibh a thrialta amhlaidh, féadfidh an Breitheamh an cás d'éisteacht agus breith do thabhairt air ar an slí achmair ach ní chuirfe sé ar an duine sin príosúntacht (pe'ca i dteanta no d'éamais daor-oibre é no i dteanta no d'éamais fíneála) ar feadh téarma is sia ná sé mhí ná fíneáil (pe'ca i dteanta príosúntachta é no dá héamais) is mó ná caoga punt. | |
[EN] |
Ath-shealbhú áitribh tar éis feidhmiúcháin. |
25. —Má théigheann fo-shirriam isteach agus go dtógfa sé seilbh ar aon tailte no in aon áitreabh fé ordú feidhmiúcháin le n-a n-orduítear do éinne (dá ngairmtear “an t-únaer” san alt so) do chur i seilbh ar an gcéanna agus má thugann sé seilbh na dtailte agus an áitribh sin suas don únaer do réir an orduithe fheidhmiúcháin sin, beidh gach duine ciontach i gcionta fén alt so a raghaidh isteach ar na tailte agus san áitreabh san agus a thógfidh seilbh sa chéanna no in aon chuid de go síochánta agus gan fóiréigean, ach gan cead an únaera, laistigh de mhí tar éis seilbh do bheith tabhartha suas amhlaidh agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no an phríosúntacht san agus an fhíneáil sin le chéile. |
[EN] |
Rialacha Cúirte. |
26. —Gach riail do dhin agus gach fuirm d'orduigh an tAire fé alt 28 den Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 ( Uimh. 20 de 1924 ) agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dhul in éag don Acht san ath-achtuítear leis seo iad agus leanfid i bhfeidhm agus bainfid le himeachta fén Acht so sa Chúirt Dúithche go dtí go dtiocfidh rialacha cúirte i bhfeidhm a bheidh déanta fé alt 91 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ) agus a bhainfidh leis na himeachta san. |
[EN] |
Athghairm. |
27. —Athghairmtear leis seo an tAcht do rith Páirlimint na hÉireann sa bhliain 1710 agus dar teideal “An Act for the better securing of rents and to prevent frauds committed by tenants” (9 Anne, Chap. VIII.). |