33 1926


Uimhir 33 de 1926.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1926.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA A FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1925 , LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FÉN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924 , AGUS CHUN ATHARÚ DO DHÉANAMH MAIDIR LE MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA CAIPITIÚLA GUR FÉIDIR URRAÍOCHTAÍ DO THABHAIRT INA dTAOBH FÉN ACHT DEIRIDH SIN A LUAIDHTEAR AGUS LE MÉID IOMLÁN SUIMEANNA CAIPITIÚLA NA nIASACHTAÍ IS FÉIDIR A THABHAIRT AMACH FÉN ACHT SAN.

[17adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924) .

Leathnú ama d'urraíochtaí fén bPríomh-Acht.

2. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925 ( Uimh. 19 de 1925 ) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fé alt 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1927.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925 , adubhradh, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fé alt 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1927.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht maidir leis na suimeanna iomlána i gcás urraíochtaí agus iasachtaí.

3. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí—

(a) fo-alt (2) d'alt 1 de do leasú mar leanas, sé sin le rá, trid na focail “seacht gcéad agus caoga” do scriosa amach agus na focail “naoi gcéad” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) fo-alt (2) d'alt 2 dhe do leasú mar leanas, sé sin le rá, tríd na focail “dhá chéad agus caoga” do scriosa amach agus an focal “céad” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1926, do ghairm den Phríomh-Acht, den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925 , agus den Acht so le chéile.