|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1926) | Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGID, 1926
[EN] | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID I. Cain Ioncuim. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Cáin ioncuim agus barra-cháin i gcóir 1926-27. |
1. —(1) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1926. éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge fén bpunt. | ||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, éileofar barra-cháin do réir na rátaí seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1926. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Daingniú ar Chó-aontú. |
2. —(1) Daingnítear leis seo an Có-aontú atá curtha síos i gCuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh éifeacht aige maidir le saoirse no faoisimh a deonfar o cháin ioncuim agus o bharra-cháin Shaorstáit Éireann i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, agus i gcóir gach bliana ina dhiaidh sin ina mbeidh éifeacht ag an gCó-aontú san, de bhua Achta den Pháirlimint Bhriotáineach, maidir le saoirse no le faoiseamh a deonfar o cháin ioncuim agus a bharra-cháin Bhriotáineach i gcóir na bliana san. | ||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Chun éifeacht do thabhairt don Chó-aontú san agus fé réir na n-atharuithe atá curtha síos i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh, i gcóir aon bhliana go mbeidh an Có-aontú san i bhfeidhm ina cóir, éifeacht ag na hAchtanna Cánach Ioncuim i dtaobh daoine a chomhnuíonn i Saorstát Éireann pe'ca chomhnuíd no ná comhnuíd sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, leis, agus i dtaobh éilithe o dhaoine a chomhnuíonn sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Cáin d' éileamh i gcásanna áirithe easba ioncuim. |
3. —(1) Más rud é, in aon bhliain cháinmheasa, go mbeadh duine i dteideal ioncuim as taobh áirithe agus ná tagann ioncum as i gcóir na bliana san ná laistigh di agus, dá dtagadh ioncum as, gur tré fhéachaint chun an ioncuim a tháinig as an taobh céanna aon bhliain no blianta roimhe sin a háireofí an cháin do bheadh air, beidh cáin inéilithe ar an duine sin, sa bhliain cháinmheasa roimhráite, sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina mbeadh sí inéilithe dá dtagadh ioncum as an taobh san an bhliain sin. | ||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tuigfar go raibh éifeacht riamh ag an alt so i dtaobh cánach ioncuim a bhí inéilithe ar scór aon ioncuim nárbh ioncum a tháinig laistigh de Chás III. no de Chás V. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasuithe ar oiriúnuithe ar achtacháin a bhaineann le cáin ioncuim Thiarnais. |
4. —Léireofar alt 12 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ) agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndintí an fo-alt so a leanas do chur ann in ionad an fho-ailt (1) (fo-alt le n-a n-oiriúnuítear achtacháin áirithe a bhaineann le cáin ioncuim Thiarnais) atá anois ann, sé sin le rá:— | ||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Léireofar alt 27 den Finance Act, 1920, agus alt 28 den Finance Act, 1921 (ailt a bhaineann le faoiseamh sa Ríocht Aontuithe o cháin ioncuim Thiarnais) agus beidh éifeacht acu fé is dá ndintí— | |||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an focal ‘Saorstát Éireann’ do chur isteach sna hailt sin fé seach in ionad an fhocail ‘United Kingdom’ i ngach áit ina bhfuil an focal san sna hailt sin, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an focal ‘British’ do chur isteach sna hailt sin fé seach in ionad an fhocail ‘Dominion’ i ngach áit ina bhfuil an focal san sna hailt sin mar aidiacht, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (c) an focal ‘Great Britain and Northern Ireland’ do chur isteach sna hailt sin fé seach in ionad na bhfocal uile agus fé seach ‘any Dominion,’ ‘the Dominion,’ agus ‘that Dominion’ i ngach áit ina bhfuil aon cheann de sna focail sin sna hailt sin fé seach ach amháin sna cásanna a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo agus sa chéad mhír eile dhe seo, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (d) an focal ‘British Government’ do chur isteach i bhfo-alt (6) den alt san 27 in ionad an fhocail ‘Government of the Dominion’ san áit ina bhfuil an focal san sa bhfo-alt san agus i mír (a) d'fho-alt (7) den alt san 27 in ionad an fhocail ‘Government of any Dominion ' san áit ina bhfuil an focal san sa mhír sin, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (e) mír (a) d'fho-alt (8) den alt san 27 do leigint ar lár san alt san. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Míniú ar alt 10 den Acht Airgid, 1924 . |
5. —Chun deire do chur le hamhraistí faisnéistear agus achtuítear leis seo, maidir leis an tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), do bhreith a tabharfí do réir alt 196 den Income Tax Act, 1918, go bhfoluíonn agus gur fholuigh sí riamh breith a tabharfí amhlaidh i dtaobh cánach do héileofí i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923. no i gcóir aon bhliana roimhe sin chó maith le breith a tabharfí amhlaidh i dtaobh cánach do héileofí i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, no i gcóir aon bhliana ina dhiaidh sin. |