An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.)

35 1926

ACHT AIRGID, 1926

CUID III.

Diuitethe Bais.

Méadú ar rátaí diúité estáit.

28. —(1) I gcás daoine a éagfidh ar dháta no tar éis dáta rithte an Achta so déanfar, fé réir forálacha an ailt seo, an scála atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , mar an scála de rátaí diúité estáit.

(2) Má dineadh bona fide, roimh an 21adh lá d'Abrán, 1926, leas-le-teacht do réir bhrí Chuid I. den Finance Act, 1894, in aon mhaoin do dhíol no do chur fé mhorgáiste ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid, ansan ní bheidh iníoctha ar an maoin sin ag an gceannathóir no ag an morgáistí ar theacht i seilbh an leasa dho aon diúité eile ach an diúité do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an tAcht so, agus i gcás morgáiste áireofar mar mhuirear is déanaí ná muirear an mhorgáistí aon diúité is aoirde ná san agus is iníoctha ag an morgáisteoir.

An dáta ar a dtiocfidh comharbas chun crícheanna diúité chomharbais.

29. —Chun crícheanna alt 18 den Finance Act, 1894, agus chun crícheanna alt 58 den Finance (1909-10) Act, 1910, tuigfar comharbas do theacht ar n-a thárla don bhás tré n-a dtáinig an comharba, no éinne ina cheart san no thar a cheann, i dteideal seilbh an chomharbais no i dteideal ioncum no proifit an chomharbais d'fháil.