Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

40 1926


Uimhir 40 de 1926.


ACHT UM CHOIMISIÚN NA nDLEACHT, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COIMISIÚN DO BHUNÚ CHUN TUAIRISC DO THABHAIRT DON AIRE AIRGID MAIDIR LE TAIRSIGINTÍ CHUN DIÚITÉTHE CUSTUM D'FHORCHUR AR EARRAÍ A hIOMPORTÁLTAR ISTEACH I SAORSTÁT ÉIREANN NO CHUN IAD D'ATHARÚ NO DEIRE DO CHUR LEO NO IAD D'ATHNUACHAINT AGUS CHUN IMEACHTA AN CHOIMISIÚIN SIN DO REGLEÁIL AGUS I gCÓIR RUDAÍ EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN.

[31adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Bunú Choimisiún na nDleacht.

1. —(1) Chó luath agus bheidh sé caothúil tar éis rithte an Achta so bunóidh an tAire Airgid Coimisiún (dá ngairmtear “an Coimisiún” san Acht so) ar a dtabharfar Coimisiún na nDleacht agus a bheidh có-dhéanta de thriúr ball dá n-ainmneofar duine, a bheidh ina chathaoirleach, ag an Aire Airgid, duine ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála, agus duine ag an Aire Tailte agus Talmhaíochta.

(2) Ainmneofar baill chun Coimisiún na nDleacht o am go ham fé mar is gá agus, mara bhfagha sé bás no mara n-eirighe sé as roimhe sin, coinneoidh gach ball a bhallraíocht go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe ach féadfar é d'ath-ainmniú.

Feidhmeanna Choimisiún na nDleacht.

2. —(1) Má iarrtar ar an Aire Airgid, ag aon daoine atá sáthach ionadathach do sna daoine atá ar gabháil no ar aigne bheith ag gabháil d'earraí d'aon aicme no saghas áirithe do dhéanamh i Saorstát Éireann, diúité custum d'fhorchur ar earraí den aicme no den tsaghas san a hiomportáltar no é d'atharú no deire do chur leis no é d'athnuachaint, féadfidh an tAire sin an t-iarratas san do chur fé bhráid an Choimisiúin más oiriúnach leis é.

(2) Breithneoidh an Coimisiún gach iarratas a chuirfidh an tAire Airgid fé n-a mbráid fén alt so agus tuairisceoid don Aire sin ar na puíntí uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis an iarratas san no ar pé puíntí acu a bhaineann leis an iarratas.

(3) Nuair a bheidh an Coimisiún ag breithniú aon iarratais a cuirfar fé n-a mbráid mar adubhradh éistfid gach éinne gur mian leis go n-éistfí é amhlaidh agus a dheabhróidh don Choimisiún a bheith sáthach ionadathach do dhaoine, do thrádálanna, no do dhreamanna go ndéanfadh sé no nár mhiste a mheas go ndéanfadh sé difir dóibh na nithe a hiarrtar san iarratas san do dheona no do dhiúlta i bpáirt no go hiomlán agus glacfid agus breithneoid aon fhianaise a thairgfidh éinne den tsórt san.

Rialacháin d'imeachta i láthair Choimisiún na nDleacht.

3. —Déanfidh an Coimisiún rialacháin chun a n-imeachta do rialú agus leis na rialacháin sin féadfid socrú i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) amanta agus áiteanna suidheanna an Choimisiúin,

(b) na daoine dá dtabharfar agus na hamanta agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Choimisiúin,

(c) an fhuirm agus an tslí ina leagfar nithe fé bhráid an Choimisiúin agus ina dtabharfar fianaise dhóibh agus go sonnrách ce'ca viva voce no i scríbhinn a bheidh na nithe agus an fhianaise sin.

(d) daoine a chuir nithe fé bhráid an Choimisiúin no a thug fianaise dhóibh i scríbhinn do theacht i láthair chun a gceistnithe no a gcros-cheistnithe viva voce,

(e) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Choimisiúin no do dhúna amach uatha,

(f) pé nithe is dó leis an gCoimisiún is gá no is oiriúnach chun a ngnó do dhéanamh sa cheart.

Táillí is iníoctha le Coimisiún na nDleacht.

4. —(1) Má dhineann an tAire iarratas a dineadh chuige do chur fé bhráid an Choimisiúin fén Acht so, déanfidh lucht déanta an iarratais sin, mar choiníoll nách foláir a chólíona roimh bhreithniú an iarratais don Choimisiún, táille d'íoc leis an gCoimisiún do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid, pé táille, nách lú ná deich bpúint ná nách mó ná céad punt, a shocróidh an Coimisiún, le cead an Aire sin, ag féachaint dóibh ar fhaid na haimsire a thógfidh breithniú an iarratais agus ar an gcostas a bhainfidh leis dar leis an gCoimisiún.

(2) Iocfidh an Coimisiún isteach sa Stát-Chiste no socróid chun tairbhe dho, ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid, gach táille a híocfar leis an gCoimisiún fén alt so.

Comhachta Choimisiún na nDleacht.

5. —(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an gCoimisiún gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm a bheidh sighnithe ag baill an Choimisiúin ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta a thabharfidh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

(2) Má dhineann éinne—

(a) faillí ar theacht i láthair an Choimisiúin agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair do mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a éileoidh an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair a éileoidh an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt 'na bhféadfadh an Coimisiún freagra uirthi d'éileamh go dlíthiúil, no

(c) éinní eile dob ionann is droch-mheas do chaitheamh ar an gcúirt dá mba chúirt bhreithiúnais an Coimisiún agus comhacht aici chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar dhroch-mheas do chaitheamh uirthi,

féadfidh an Coimisiún cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no céimeanna do thógaint chun go bpionósfar é díreach fé is dá mbeadh sé ciontach i ndroch-mheas do chaitheamh ar an gCúirt sin.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Choimisiúin chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb' fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

Luach saothair agus fuireann na gCoimisinéirí.

6. —(1) Má orduíonn an tAire Airgid é, féadfar pé luach saothair a shocróidh an tAire sin d'íoc le haon bhall den Choimisiún.

(2) Féadfidh an tAire Airgid pé daoine agus pé méid is dó leis is gá do cheapa chun bheith ina n-oifigigh don Choimisiún, agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé slí a ordóidh an tAire sin.

Tíolaca tuarasgabhála an Choimisiúin.

7. —Leagfar ar Bhúird dhá Thigh an Oireachtais gach tuarasgabháil a dhéanfidh an Coimisiún.

Costaisí.

8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas costaisí an Choimisiúin (ar a n-áirítear luach saothair ball agus oifigeach an Choimisiúin) agus gach costas eile a bhainfidh leis an Acht so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht um Choimisiún na nDleacht, 1926 , do ghairm den Acht so.