44 1926


Uimhir 44 de 1926.


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN CISTE LIAIGH-DHEIMHNIÚCHÁIN DO CHIMEÁD AR BUN AGUS, CHUIGE SIN, CHUN A ÚDARÚ GO nÍOCFAR SUIMEANNA ÁIRITHE ISTEACH SA CHISTE SIN AGUS AMACH AS, FÉ SEACH, AGUS FÓS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN ACHTACHÁN ÁIRITHE DO CHIMEÁD AR BUN A BHAINEAS LE CAD DÉANFAR LE SUIMEANNA NEAMH-ÉILITHE I gCUNTAS DÍOLACHÁIN NA STAMPAÍ. [24adh Mí na Nodlag, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airgead do sholáthar don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

1. —(1) Cuirfar—

(a) i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, suim chúig pingne in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chumann cheaduithe sin; agus

(b) i gcoinnibh Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) suim chúig pingne in aghaidh gach baill (nách saighdiúir ar seirbhís) den chiste sin; agus

(c) i gcoinnibh Ciste na Síntiúsairí Taisce suim chúig pingne in aghaidh gach baill den chiste sin; agus

(d) i gcoinnibh Ciste na nDaoine Saora, suim dhá phingin go leith in aghaidh gach baill den chiste sin.

(2) Na suimeanna iomdha a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo a chur i gcoinnibh ciste sochair gach cumainn cheaduithe, Ciste na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), Ciste na Síntiúsairí Taisce agus Ciste na nDaoine Saora fé seach, cuirfear iad chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

(3) Chun an tsuim iomlán a bheidh le cur i gcoinnibh aon chiste fén alt so d'áireamh, déanfar lán-uimhir na mball (nách saighdiúirí ar seirbhís) de chumann no de chiste d'áireamh i pé slí a ordóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann.

Aistreofar suimeanna áirithe o Chuntas Díolacháin na Stampaí go dtí an Ciste Liaigh-Dheimhniúcháin.

2. —(1) Pé cuid a ordóidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann de sna suimeanna a haistreofaí chun Prímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta do réir alt 29 den National Health Insurance Act, 1918 (le n-a socruítear conus a deighleálfar le suimeanna a bheidh i gCuntas Díolacháin na Stampaí agus ná héileofar), cuirfar í chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin, fé réir na dteorann a horduítear ina dhiaidh seo anso, in ionad í aistriú amhlaidh.

(2) An méid iomlán a cuirfar chun creidiúna don Chiste Liaigh-Dheimhniúcháin fén alt so, ní ragha sé thar pé méid is leor, i dteanta na suimeanna a cuirfar chun creidiúna don Chiste sin fé sna forálacha roimhe seo den Acht so, chun na suimeanna san d'íoc a horduítear leis an Acht so a íoc amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

Suimeanna a híocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin.

3. —Íocfar amach as an gCiste Liaigh-Dheimhniúcháin—

(a) pé suimeanna i gcóir na bliana 1926 a shocróidh Coimisinéirí Arachais na hÉireann, le cead ón Aire Airgid, a bheith iníoctha le dochtúirí leighis i gcóir liaigh-dheimhniúcháin, agus

(b) pé suim is gá chun íoc do dhéanamh i gcostas ath-bharúla leighighe d'fháil an 1adh lá d'Eanair, 1926, agus as san go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, tré dhochtúirí réitigh fén scéim a bhunuigh Coimisinéirí Arachais na hÉireann chuige sin le cead ón Aire Airgid.

Alt 27 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 , do shíne.

4. —Leanfidh alt 27 (alt a bhaineas le cad déanfar le suimeanna neamh-éilithe i gCuntas Díolacháin na Stampaí) den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 (Uimh. 20 de 1923) , i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1926.

Tosach feidhme, gearr-theideal agus léiriú.

5. —(1) Tuigfar an tAcht so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanair, 1926, agus beidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

(2) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1926 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1925.

(3) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1925, agus an tAcht so do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1926.