2 1927


Uimhir 2 de 1927.


ACHT DOCHTÚIREACHTA, 1927.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN AN tACHT DOCHTÚIREACHTA, 1925 , MÁ BHÍONN SÉ I bhFEIDHM AN 21adh LÁ D'FHEABHRA, 1927, DO CHOINNEÁIL I bhFEIDHM AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA TAR ÉIS AN DÁTA SAN. [11adh Feabhra, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Dochtúireachta, 1925 (Uimh. 2 de 1925) .

Buanú arís ar an bPríomh-Acht ag an Ard-Chomhairle.

2. —(1) Má dhineann an Ard-Chomhairle, fé sna comhachta a bronntar ortha chuige sin le halt 3 den Acht Dochtúireachta, 1926 ( Uimh. 4 de 1926 ) an Príomh-Acht do choinneáil i bhfeidhm go dtí an 21adh lá d'Fheabhra, 1927, ansan, fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, le hordú a dhéanfid roimh an 21adh lá d'Fheabhra, 1927, an Príomh-Acht do choinneáil i bhfeidhm go ceann mí ón 21adh lá san d'Fheabhra, 1927, agus féadfid o am go ham ina dhiaidh sin, le hordú a dhéanfid roimh dhul in éag don Phríomh-Acht fén ordú deiridh roimhe sin a dineadh fén alt so, an Príomh-Acht do choinneáil i bhfeidhm go ceann mí tar éis an dáta ar a raghadh an Príomh-Acht in éag fén ordú deiridh sin roimhe sin.

(2) Má dhineann an Ard-Chomhairle ordú fén alt so, leanfidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go ceann an mhí dá mbuanófar leis an ordú san é no, má dintar níos mó ná aon ordú amháin den tsórt san, leis an ordú deiridh acu san agus ragha sé in éag ansan.

(3) Ní coinneofar an Príomh-Acht i bhfeidm tar éis an 21adh lá de Mheitheamh, 1927, le horduithe a dineadh fén alt so agus dá réir sin ní fhéadfidh an Ard-Chomhairle níos mó ná ceithre horduithe do dhéanamh fén alt so.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Dochtúireachta, 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Dochtúireachta, 1925 agus 1926, agus féadfar na hAchtanna Dochtúireachta, 1925 go 1927, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.