14 1927


Uimhir 14 de 1927.


ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (ÚDARÁIS SCURTHA), 1927.


ACHT CHUN AN TRÉIMHSE D'FHAIDIÚ ATÁ CEAPTHA LE hALT 72 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925 , CHUN TOGHACHÁIN NUA DO CHOMÓRA CHUN BAILL DO THOGHA CHUN ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA DO SCUIREADH FÉ ALT 12 DEN ACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 , NO FÉ ALT 72 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925 . [14adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1927 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla 1925 ( Uimh. 5 de 1925 );

cialluíonn an focal “údarás áitiúil” an ní céanna a chialluíonn sé sa Phriomh-Acht; agus

cialluíonn an focal “toghachán reachtúil” toghachán is gá do réir dlí a chomóra chun áiteanna comhairleoirí, coimisinéirí, no balla d'údarás áitiúil a théidheann as oifig ar bheith caithte dá dtéarma oifige do líona.

Faidiú aimsire do thoghacháin nua.

3. —(1) I gcás an tréimhse go n-éilítear le fo-alt (5) d'alt 72 den Phríomh-Acht toghachán nua do chomóra laistigh di chun baill do thogha chun údaráis áitiúla do scuireadh fé alt 12 den. Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , no fé alt 72 den Phríomh-Acht, do bheith caithte laistigh de bhliain roimh an dáta ar ar ghá toghachán reachtúil do chomóra chun baill do thogha chun an údaráis áitiúla san dá mba ná scuirfí an t-údarás áitiúil sin amhlaidh, is leor é mar chólíona ar fhorálacha an fho-ailt sin an toghachán nua san chun baill do thogha chun an údaráis áitiúla san do chomóra ar an dáta ar ar ghá an toghachán reachtúil sin do chomóra amhlaidh.

(2) Ní dhéanfidh éinní san alt so forálacha an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 ( Uimh. 22 de 1926 ), d'athghairm ná ní dhéanfa sé aon deifir eile dhóibh.