An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhra.) Ar Aghaidh (CUID III. Cul-scribhinn do chur ar Cheadunaisi.)

15 1927

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927

CUID II.

Trathanna Coiscthe.

Tráthanna coiscthe go generálta.

2. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'éinne in aon chontae-bhuirg aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadún uithe—

(a) aon ghnáth-dhálach, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná

(b) aon tSatharn, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar eis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná

(c) aon Domhnach, roimh a dó a chlog tráthnóna ná tar éis a cúig a chlog tráthnóna, ná

(d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.

Isiad eisceachtaí dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den fho alt so ná:—

(i) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna aon dálach, go bhféadfidh sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg orduithe (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlaca san áitreabh san tríd an bpost, tré thelegraf, no tré thelefon ach ní har aon tslí eile, ar dhigh mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachada ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh amhlaidh í no ag stáisiún bóthair iarainn ach ní hag aon áit eile agus go bhféadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachada amhlaidh ach, an té ordóidh an deoch mheisciúil sin amhlaidh, nách foláir gan é bheith, chun crícheanna aon ailt eile den Acht so, ina dhuine 'na bhféadfar go dleathach deoch mheisciúil do dhíol leis no do thabhairt do san áitreabh san idir na huaire sin ar na laetheanta san, agus

(ii) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar eis a trí a chlog tráthnóna aon dálach, go bhféadfidh sealbhóir ar cheadúnas theoranta a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontaebhuirg orduithe o bhéal no ar aon tslí eile (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlaca san áitreabh san ar dhigh mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachada ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh í no ag stáisiún bóthair iarainn ach ní hag aon áit eile agus go bhéadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachada amhlaidh agus go bhféadfa sé an t-áitreabh san d'oscailt agus do chimeád ar oscailt chun orduithe den tsórt san do ghlaca agus go bhféadfa sé deocha meisciúla do thaisbeáint san áitreabh san chun a ndíolta ar orduithe den tsórt san.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'éinne in aon bhailecheanntar contae, ná baile, gur mó ná cúig mhíle líon a lucht áitreibh do réir an mhóráirimh is móráireamh deiridh de thurus na huaire, aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadúnuithe—

(a) aon ghnáth-dhálach, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar eis a deich a chlog istoíche, na

(b) aon tSatharn, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istóiche, ná

(c) aon uair aon Domhnach ná Lá Nodlag, Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'éinne in aon áit nách contae-bhuirg ná nách bailecheanntar contae ná baile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadúnuithe—

(a) aon ghnáth-dhálach—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná

(ii) i rith aon aimsire nách tréimhse ama shamraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná

(b) aon tSatharn—

(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná

(ii) i rith aon aimsire nách tréimhse ama shamhraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná

(c) aon uair aon Domhnach ná Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, ná Lá Fhéile Pádraig.

(4) Gach éinne a dhéanfidh aon deoch mheisciúil do dhíol no do thaisbeáint chun a díolta no aon áitreabh d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol no a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadúnuithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air má sé an chéad chionta aige é no fíneáil ná raghaidh thar dachad punt má sé an dara cionta é no aon chionta ina dhiaidh sin

(5) Gach tagairt atá san Acht so do sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'fhorálacha an ailt seo, agus gach tagairt atá san Acht so do thráthanna coiscthe no d'amannta no do thráthanna ina gcoiscthear leis an Acht so deoch mheisciúil do dhíol léireofar í mar thagairt do sna tráthanna go gcoiscthear leis an alt so deoch mheisciúil do dhíol le n-a linn.

Trádáil mheaschta.

3. —(1) I gcás aon ghnó nách díol deocha meisciúla (dá ngairmtear gnó nea-cheadúnuithe san alt so) do bheith ar siúl in aon áitreabh le n-a ngabhann ceadúnas iomlán agus gan an chuid den áitreabh san ina bhfuil an gnó nea-cheadúnuithe sin ar siúl do bheith deighlte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh san, tuigfar, chun crícheanna an Achta so, gurb ionann an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun an gnó nea-cheadúnuithe sin do bheith ar siúl agus an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, ach amháin idir a naoi a chlog agus a deich a chlog ar maidin dálach.

(2) I gcás aon ghnó nea-cheadúnuithe do bheith ar siúl in aon áitreabh le n-a ngabhann ceadúnas teoranta agus gan an chuid den áitreabh san ina mbeidh an gnó nea-cheadúnuithe sin ar siúl do bheith deighlte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh san, tuigfar, chun crícheanna an Achta so, gurb ionann an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun an gnó neacheadúnuithe sin do bheith ar siúl agus an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol ach amháin i gcontae-bhuirg ar dhálacha idir a naoi a chlog agus a deich a chlog ar maidin agus idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tigh ósta, tigh bidh, amharclainn, ná seomra úrúcháin bóthair iarainn ná le haon áitreabh a bheidh ceaptha ina dhéanamh chun léiriú drámaí, cuirmeacha ceoil, leictiúirí, rincí, taisbeántaisí cinematograife, no siamsaí puiblí eile do bheith ar siúl ann agus a bheidh á úsáid bona fide chun gach siamsa no aon tsiamsa den tsórt san do bheith ar siúl ann agus ní chun aon chríche eile ach amháin mar thigh bhidh.

Orduithe saoirse generálta.

4. —(1) Féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche, ar a chur ina luighe air gur gá no gur mhaith an rud é dhéanamh mar áis d'aon roinnt mhór daoine a bhíonn ar aon mharga no aonach puiblí no a leanann aon cheárd no slí bheatha dhleathach agus tar éis do an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, féadfa sé ordú (dá ngairmtear ordú saoirse generálta san Acht so) do dheona (más oiriúnach leis é) d'aon tsealbhóir ar cheadúnas iomlán i dtaobh áitreibh atá suidhte i gcomhursanacht an mhargaidh no an aonaigh sin no na háite ina leanann na daoine sin an cheárd no an tslí bheatha dhleathach san, ag saora an tsealbhóra san o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe maidir leis an áitreabh san ar pé laetheanta agus ar feadh pé amannta (ach amháin idir a haon agus a dó a chlog ar maidin) agus ar pé téarmaí a luadhfar san ordú san.

(2) Beidh i ngach ordú saoirse generálta, mar cheann dá théarmaí, cioníoll go ndéanfidh a shealbhóir i rith gach tréimhse saoirse bia agus deocha nea-meisciúla ar phraghsanna réasúnta do thabhairt, san aitreabh le n-a mbaineann an t-ordú, d'éinne iarrfidh iad.

(3) Má dhineann agus faid a dhéanfaidh sealbhóir ordú saoirse generálta téarmaí an orduithe sin do chólíona beidh sé saor ar feadh gach tréimhse saoirse a aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh, maidir leis an áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú, ar na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht so ná fé aon Acht eile.

(4) Ar feadh gach tréimhse saoirse déanfidh sealbhóir ordú saoirse generálta fógra, i pé fuirm le n-a n-aontóidh Breitheamh na Cúirte Dúithche agus ag luadh na dtréimhsí saoirse uile agus fé seach a luaidhtear san ordú san, do chimeád greamuithe in áit sho-fheicse ar an taobh amuich den áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú san, agus gach sealbhóir ordú saoirse generálta ná cólíonfidh forálacha an fho-ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(5) Gach éinne a ghreamóidh no a chimeádfidh greamuithe ar a áitreabh aon fhógra á chur in úil go bréagach gur sealbhóir ordú saoirse generálta é no ag tabhairt cuntais bhréagaigh ar na tréimhsí saoirse fé ordú saoirse generálta ar ar sealbhóir é, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fineáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(6) Féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche aon uair (más oiriúnach leis é) aon ordú saoirse generálta do tharrac siar no é d'atharú tré n-a leathnú no ar aon tslí eile fé mar is dó leis is gá no is oiriúnach, ach ní har shlí go ndlighfar aon fhineáil do chur ar éinne mar gheall ar éinní a dineadh fén ordú san sarar cuireadh an tarrac-siar no an t-atharú san in úil do shealbhóir an orduithe sin.

(7) Ní deonfar aon ordú saoirse generálta d'aon am aon Domhnach ná Lá Fhéile Pádraig, Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta.

(8) Ní deonfar ordú saoirse generálta mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra do sheirbheáil, seachtain ar a laighead roimh dhéanamh an iarratais, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin á rá go bhfuil sé chun an t-ordú d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheola agus na háite, na hócáide agus an ama dá mbeidh sé ag lorg an orduithe.

(9) San alt so nuair a húsáidtear an focal “sealbhóir” i dtaobh ordú saoirse generálta cialluíonn sé an té dar deonadh an t-ordú san fén alt so, agus cialluíonn an focal “tréimhse shaoirse” am ina mbeidh sealbhóir ordú saoirse generálta saor do réir an orduithe sin o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe.

Orduithe saoirse speisialta.

5. —(1) Má dhineann sealbhóir ar cheadúnas iomlán d'áitreabh is tigh ósta no is tigh bidh agus atá suidhte i gcontae-bhuirg ordú (dá ngairmtear ordú saoirse speisialta san Acht so), á shaora ar aon ócáid speisialta o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe maidir leis an áitreabh san, d'iarraidh ar Bhreitheamh na Cúirte Dúithche féadfidh an Breitheamh san, más oiriúnach leis é tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, ordú do dheona don iarratasóir, ar pé cioníollacha is dó leis is ceart, á shaora amhlaidh ar feadh na dtráth agus ar an ócáid speisialta a luadhfar san ordú san.

(2) Má dhineann agus faid a dhéanfidh éinne dar deonadh ordú saoirse speisialta na coiníollacha ar an deonadh é do chólíona, beidh sé saor ar feadh an ama le n-a mbaineann an t-ordú san o aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh, maidir leis an áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú, ar na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht so ná fé aon Acht eile.

(3) Ní deonfar aon ordú saoirse speisialta d'aon am ar an Domhnach.

(4) Ní deonfar ordú saoirse speisialta mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dhéanamh an iarratais, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin á rá go bhfuil sé chun an t-ordú d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheola agus na háite, na hócáide agus an ama dá mbeidh sé ag lorg an orduithe.

Ceadúnaisí ocáideacha.

6. —(1) San alt so cialluíonn an focal “ceadúnas ócáideach” ceadúnas ócáideach a deonadh fé alt 13 den Revenue Act, 1862, agus fé sna hachtacháin uile agus fé seach le n-a leasuítear an t-achtachán san, agus cialluíonn an focal “líomatáiste ceadúcháin” an líomatáiste ceadúcháin ina bhfuil an áit sin suidhte darb áil an ceadúnas ócáideach d'fháil.

(2) Ní bheidh gá leis an toiliú a héilítear leis na hachtacháin sin chun ceadúnas ócáideach do dheona ach, ina ionad san, ní deonfar aon cheadúnas ócáideach gan toiliú roimh ré o Bhreitheamh na Cúirte Dúithche agus ní thabharfidh an Breitheamh san an toiliú san ach i gcúirt oscailte agus san tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht.

(3) Ní tabharfar an toiliú san Bhreitheamh na Cúirte Dúithche a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra i scríbhinn do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dhéanamh an iarratais, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin á rá go bhfuil sé chun an toiliú san d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheola agus na háite, na hócáide, agus an ama darb áil leis an ceadúnas ócáideach is abhar don toiliú san d'fháil.

(4) Oibreoidh ceadúnas ócáideach chun an té dá ndeonfar é do shaora (má dhineann agus faid a dhéanfa sé na coiníollacha ar a ndeonfar é do chólíona) san áit agus ar feadh an ama dá ndeonfar an ceadúnas, o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe.

(5) Na forálacha den Acht so no d'aon Acht eile, le n-a n-éilítear cionta do chur ina chúl-scríbhinn ar cheadúnas, ní bhainfid le cionta a dineadh maidir le ceadúnas ócáideach.

Orduithe saoirse, etc., do thaisbeáint.

7. —(1) Bainfidh alt 64 den Licensing Act, 1872, (alt i dtaobh ceadúnaisí do thaisbeáint agus i dtaobh pionóisí mar gheall ar gan iad do thaisbeáint) le gach ordú saoirse generálta, ordú saoirse speisialta, agus ceadúnas ócáideach.

(2) Bainfidh alt 33 den Licensing Act (Ireland), 1874, (alt i dtaobh ceadúnaisí do thaisbeáint agus i dtaobh pionóisí mar gheall ar gan iad do thaisbeáint) le gach ordú saoirse generálta, ordú saoirse speisialta, agus ceadúnas ócáideach.

Ceadúnaisí sé lá.

8. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “coiníoll i dtaobh dúna ar an Domhnach” coiníoll den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so agus cialluíonn an focal “ceadúnas sé lá” ceadúnas iomlán ina bhfuil cioníoll i dtaobh dúna ar an Domhnach pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh an ceadúnas san agus pe'ca fén Acht so no fé achtachán a hathghairmtear leis an Acht so a cuireadh an coiníoll san isteach sa cheadúnas san.

(2) Más rud é, ar ócáid iarratais ar dheimhniú ar cheadúnas iomlán nua no ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais iomláin, go ndéanfidh an t-iarratasóir, le linn a iarratais, a iarraidh ar an gCúirt coiníoll do chur isteach ina dheimhniú go ndéanfa sé an t-áitreabh dar deonadh an ceadúnas san no dá mbeidh sé le deona do chimeád dúnta ar feadh an Domhnaigh go léir, cuirfidh an Chúirt fé ndeár an coiníoll san do chur isteach sa deimhniú san agus pé uair a cuirfar an coiníoll san isteach i ndeimhniú den tsórt san amhlaidh cuirfar an coiníoll san isteach, leis, sa cheadúnas a deonfar, a haistreofar, no a hathnuafar do réir an deimhnithe sin.

(3) Cuirfar isteach i ngach deimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais sé lá agus i ngach ceadúnas a deonfar do réir an deimhnithe sin coiníoll, i dtaobh dúna ar an Domhnach, den tsort a bheidh sa cheadúnas a haistreofar no a hathnuafar amhlaidh.

(4) Déanfidh sealbhóir ceadúnais sé lá an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san do chimeád dúnta ar feadh an Domhnaigh go léir, agus más i gcontae-bhuirg a bheidh an t-áitreabh san suidhte, ansan, na forálacha den Acht so i dtaobh tráthanna coiscthe, bainfid, sa mhéid go mbainid leis an Domhnach, leis an áitreabh san fé is nárbh i gcontae-bhuirg a bheadh sé suidhte.

(5) I gcás ceadúnais sé lá, beidh sa bhfógra is gá do dhuine cheadúnuithe a chimeád péinteálta no greamuithe ar a áitreabh do réir alt 11 den Licensing Act, 1872, pé focail a ordóidh an Chúirt chun fógra do thabhairt don phuiblíocht gur deonadh ceadúnas sé lá maidir leis an áitreabh.

Ceadúnaisí luath-dhúna.

9. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “cioníoll luath-dhúna” coiníoll den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so agus cialluíonn an focal “ceadúnas luath-dhúna” ceadúnas iomlán ina bhfuil coiníoll luath-dhúna, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh an ceadúnas san agus pe'ca fén Acht so no fé achtachán a hathghairmtear leis an Acht so a cuireadh an coiníoll san isteach sa cheadúnas san.

(2) Más rud é, ar ócáid aon iarratais ar dheimhniú ar cheadúnas iomlán nua no ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais iomláin, go n-iarrfidh an t-iarratasóir ar an gCúirt coiníoll do chur isteach ina dheimhniú go ndéanfa sé an t-áitreabh dar deonadh an ceadúnas san no dá mbeidh sé le deona do dhúna uair a' chluig níos luatha istoíche ná an uair a caithfí an t-áitreabh san do dhúna mara mbeadh san, cuirfidh an Chúirt fé ndeár an coiníoll san do chur isteach sa deimhniú san agus, pé uair a cuirfar an coiníoll san isteach i ndeimhniú den tsórt san amhlaidh, cuirfar an coiníoll san isteach, leis, sa cheadúnas a deonfar, a haistreofar, no a hathnuafar do réir an deimhnithe sin.

(3) Cuirfar isteach i ngach deimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais luath-dhúna agus i ngach ceadúnas a deonfar do réir an deimhnithe sin coiníoll luath-dhúna den tsórt a bheidh sa cheadúnas a haistreofar no a hathnuafar amhlaidh.

(4) Déanfidh sealbhóir ceadúnais luath-dhúna an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san do dhúna uair a' chluig níos luatha istoíche ná an ghnáth-uair a dúnfí an t-áitreabh san fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe agus bainfidh na forálacha san leis an áitreabh san fé is dá mba uair a' chluig níos luatha fé seach ná an uair a luaidhtear sna forálacha san a bheadh na tráthanna uile agus fé seach is déanaí go gcoiscthear leis na forálacha san deocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun a ndíolta ina ndiaidh.

(5) I gcás ceadúnais luath-dhúna, beidh sa bhfógra is gá do dhuine cheadúnuithe a chimeád péinteálta no greamuithe ar a áitreabh do réir alt 11 den Licensing Act, 1872, pé focail a ordóidh an Chúirt chun fógra do thabhairt don phuiblíocht gur deonadh ceadúnas luath-dhúna maidir leis an áitreabh.

Diúité do mhaitheamh i gcásanna áirithe.

10. —Duine thógfidh amach ceadúnas ina bhfuil coiníoll a dhineann ceadúnas sé lá den cheadúnas san no coiníoll a dhineann ceadúnas luath-dhúna den cheadúnas san beidh sé i dteideal maithimh i seachtú den diúité do bheadh iníoctha aige ar cheadúnas den tsórt chéanna ná beadh a leithéid sin de choiníoll ann, agus duine thógfidh amach ceadúnas ina bhfuil coiníollacha a dhineann ceadúnas sé lá agus fós ceadúnas luathdhúna den cheadúnas san beidh sé i dteideal maithimh i dhá seachtú den diúité do bheadh iníoctha aige ar cheadúnas den tsórt chéanna ná beadh a leithéidí sin de choiníollacha ann.

Ceadúnas seacht lá d'aistriú chun áitreibh cheadúnais sé lá.

11. —(1) Duine is sealbhóir ar cheadúnas sé lá agus is sealbhóir san am gcéanna ar cheadúnas iomlán nách ceadúnas sé lá (agus dá ngairmtear ceadúnas seacht lá san alt so) más san aon líomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an ceadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil, chun an áitreibh le n-a ngabhann an ceadúnas sé lá, ach san ar an gcoiníoll ná hathnuafar an ceadúnas sé lá ar bheith déanta don aistriú san agus go dtuigfar, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, nár ceadúnuíodh riamh an t-áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas seacht lá roimh an aistriú san.

(2) Duine is sealbhóir ar cheadúnas luath-dhúna agus is sealbhóir san am gcéanna ar cheadúnas iomlán nách ceadúnas sé lá ná ceadúnas luath-dhúna (agus dá ngairmtear gnáth-cheadúnas seacht lá sa bhfo-alt so), más san aon líomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an gnáth-cheadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil, chun an áitreibh le n-a ngabhann an ceadúnas luath-dhúna, ach san ar an gcoiníoll ná hathnuafar an ceadúnas luath-dhúna ar bheith déanta don aistriú san agus go dtuigfar, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, nár ceadúnuíodh riamh an t-áitreabh le n-ar ghaibh an gnáth-cheadúnas seacht lá roimh an aistriú san.

Deimhniú tighe bhidh.

12. —(1) Más rud é, ar ócáid aon iarratais ar dheimhniú ar cheadúnas iomlán nua no ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais iomláin, go n-iarrfidh an t-iarratasóir ar an gCúirt a dheimhniú gur tigh bidh, chun crícheanna an Achta so, an t-áitreabh dá mbeidh an deimhniú á iarraidh, deonfidh an Chúirt don iarratasóir sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú tighe bhidh san alt so) á dheimhniú gur tigh bidh an t-áitreabh san chun crícheanna an Achta so, más deimhin leis an gcúirt, tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, go bhfuil an t-áitreabh san ceaptha ina dhéanamh chun é d'úsáid agus go n-úsáidtear bona fide é agus nách mór ar fad mar thigh bhidh, mar thigh úrúcháin no mar áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht.

(2) Ní thabharfidh an Chúirt aon áird ar iarratas ar dheimhniú thighe bhidh maran deimhin léi ná go dtí gur deimhin léi gur tugadh don oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin, deich lá ar a laighead roimh an lá a bheidh beartuithe chun an t-iarratas do dhéanamh, fógra i scríbhinn go rabhthas chun an t-iarratas do dhéanamh.

(3) Fanfidh gach deimhniú tighe bhidh i bhfeidhm go dtí an chéad chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil eile don líomatáiste cheadúcháin mara gceiliúrtar roimhe sin fén alt so é.

(4) Féadfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche deimhniú tighe bhidh do cheiliúra aon uair ar iarratas an oifigh i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin más deimhin leis, tar éis an t-oifigeach san agus sealbhóir an deimhnithe sin d'éisteacht, go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an deimhniú san tar éis scur de bheith oiriúnach ina dhéanamh chun é d'úsáid no de bheith á úsáid bona fide no nách mór ar fad mar thigh bhidh, mar thigh úrúcháin no mar áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht.

(5) Déanfidh gach éinne is sealbhóir ar dheimhniú thighe bhidh a chur fé ndeár an deimhniú san do chur ar taisbeáint go so-fheicse san áitreabh le n-a mbaineann an deimhniú san.

Saoirsí áirithe do thithe ósta agus do thithe bidh.

13. —(1) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a thoirmeasc ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh is tigh ósta no is tigh bidh de thurus na huaire deoch mheisciúil do thabhairt d'éinne san áitreabh san aon Lá Fhéile Pádraig ná (maran ceadúnas sé lá a cheadúnas) aon Domhnach idir a haon a chlog agus a trí a chlog tráthnóna no idir a sé a chlog agus a naoi a chlog istoíche, más rud é maidir leis an digh mheisciúil sin—

(a) gur le linn don duine sin béile substainteach d'ordú a ordóidh an duine sin í, agus

(b) gur le linn agus i dteanta an bhéile sin a hólfar í, agus

(c) gur sa chuid den áitreabh san a cimeádtar ar leithligh do ghnáth chun béilí do thabhairt a tabharfar agus a hólfar í, agus

(d) gur le linn íoc as an mbéile sin a híocfar aiste.

(2) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a thoirmeasc ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh a bheidh suidhte i gcontae-bhuirg agus is tigh ósta no is tigh bidh de thurus na huaire a cheadú go n-ólfar deoch mheisciúil san áitreabh san aon dálach idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna más rud é maidir leis an digh mheisciúil sin—

(a) gur roimh leathuair tar éis a dó a chlog tráthnóna a tabharfar don duine sin í, agus

(b) gur le linn agus i dteanta béile shubstaintigh ar a dtosnófar roimh an leathuair sin tar éis a dó a chlog a hólfar í, agus

(c) gur sa chuid den áitreabh san a cimeádtar ar leithligh do ghnáth chun béilí do thabhairt a tabharfar agus a hólfar í.

Saorisí eile o thráthanna coiscthe.

14. —Ní tuigfar go ndintar toirmeasc ná sriana le héinní san Acht so—

(a) ar dheocha meisciúla do dhíol aon uair ag stáisiún bóthair iarainn, ar theacht no ar imeacht do thraenacha, le paisnéirí do dhin no ag a mbeidh ticéadaí a thugann teideal dóibh faid nách lú ná deich míle do thaisteal chun an staisiúin sin no ón stáisiún san ar na traenacha san, ná

(b) ar dheocha meisciúla do thabhairt aon uair in áitreabh ceadúnuithe d'aon cháirde príobháideacha do shealbhóir an cheadúnais dá mbeidh sé ag tabhairt aoidheachta bona fide ar a chostas féin in aon chuid den áitreabh cheadúnuithe sin seachas an chuid de ina ndíoltar deocha meisciúla do ghnáth, ná

(c) ar dheocha meisciúla do dhíol ar bord árthaí paisneura do réir na nAcht a bhaineann leis sin, ná

(d) ar dheocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta ar charr bhidh thraenach do réir na nAcht a bhaineann leis sin, ná

(e) ar dhíol dighe meisciúla ag sealbhóir ceadúnais iomláin aon uair, in áitreabh ceadúnuithe, le duine a bheidh ar lóistín san áitreabh san an uair sin, ach ní féadfar, Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, ná Lá Fhéile Pádraig, aon deoch mheisciúl do dhíol amhlaidh le héinne den tsórt san ach amháin le linn agus chun a hólta i dteanta béile a chaithfidh an duine sin san áitreabh san.

Taistealaithe bona fide.

15. —(1) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a thoirmeasc—

(a) ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg deocha meisciúla, le n'ól san áitreabh ceadúnuithe sin, do dhíol le taistealaithe bona fide aon uair aon dálach, ná

(b) ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh ná fuil suidhte i gcontae-bhuirg deocha meisciúla, le n'ól san áitreabh ceadúnuithe sin, do dhíol le taistealaithe bona fide

(i) aon uair aon dálach, no

(ii) más rud é nách ceadúnas sé lá a cheadúnas, aon Domhnach i rith tréimhse ama shamhraidh idir a haon a chlog agus a hocht a chlog tráthnona no aon Domhnach eile idir a haon a chlog agus a seacht a chlog tráthnóna.

(2) Ar iarratas ón té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin agus tar éis an príomh-oifigeach don Ghárda Síochána sa líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche, más rogha leis é, a dó a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna do chur in ionad a haon a chlog agus a hocht a chlog a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo maidir le Domhntaí i rith tréimhse ama shamhraidh, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo, ar feadh a mbeidh gan caitheamh den tréimhse ama shamhraidh a bheidh ann ar dháta an orduithe no, marab i rith tréimhse ama shamhraidh a déanfar an t-ordú san, i rith na céad thréimhse ama shamhraidh a thosnóidh tar éis dáta an orduithe, fé is dá mba a dó a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna na tráthanna do bheadh luaidhte ann maidir le Domhntaí i rith tréimhse ama shamhraidh.

(3) Gach éinne a dhéanfidh, tré n-a chur in úil go bréagach gur taistealaí bona fide é aon deoch mheisciúil do cheannach no d'fháil in aon áitreabh ceadúnuithe i rith tréimhse ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san, no a thabharfidh fén méid sin do dhéanamh amhlaidh tré n-a leithéid sin de chur-in-úil bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Beidh sé ina chosaint mhaith ar aon chúiseamh i ndeoch mheisciúil do dhíol contrárdha do sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe an duine a cúiseofar amhlaidh do chruthú chun sástachta na Cúirte gur chun a hólta san áitreabh in ar díoladh í do díoladh an deoch mheisciúil sin agus gur in áitreabh agus in am i ná fuil sé nea-dhleathach fén Acht so deocha meisciúla do dhíol amhlaidh le taistealaithe bona fide do díoladh amhlaidh í agus, an té le n-ar díoladh an deoch mheisciúil sin amhlaidh, gur chuir sé in úil le linn an díola san gur thaistealaí bona fide é agus, an té bheidh á chúiseamh amhlaidh, ná raibh aon chúis réasúnta aige chun gan an ní sin do cuireadh in úil do chreidiúint.

(5) Chun crícheanna an ailt seo ní bheidh duine ina thaistealaí bona fide mara mbeidh an áit ina raibh sé ag fuireach aréir roimhe sin suidhte i gcontae-bhuirg agus cúig mhíle ar a laighead (má tomhaistear do réir na slí puiblí is giorra) ón áit ina n-iarrfa sé deoch mheisciúil do thabhairt do, no mara mbeidh an áit ina raibh sé ag fuireach aréir roimhe sin suidhte in áit eile seachas i gcontae-bhuirg agus trí mhíle ar a laighead (má tomhaistear sa tslí chéanna) ón áit ina n-iarrfa sé deoch mheisciúil do thabhairt do.

Orduithe saoirse líomatáiste.

16. —(1) Ar a chur fé bhráid Bhreitheamh na Cúirte Dúithche don oifigeach i gceannas Gárda Síochána líomatáiste cheadúcháin (nách contae-bhuirg ná cuid de chontae-bhuirg) go mbeidh deacracht mhí-réasúnta ann do shealbhóirí ceadúnaisí iomlána a ghabhann le háitreabhacha sa líomatáiste cheadúcháin sin no in aon chuid áirithe dhe na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe d'fhorchimeád aon Domhnach áirithe agus don Ghárda Síochána na forálacha san do chur i bhfeidhm an lá san mar gheall ar choinne do bheith le líon mhór daoine do theacht isteach sa líomatáiste cheadúcháin sin an lá san i gcóir ócáide speisialta, féadfidh an Breitheamh san, más oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú saoirse líomatáiste san Acht so) do dheona, maidir leis an líomatáiste ceadúcháin sin no le haon chuid áirithe dhe (dá ngairmtear an líomatáiste saortha san alt so), chun na daoine uile is sealbhóirí ar cheadúnaisí iomlána a ghabhann le háitreabhacha sa líomatáiste shaortha do shaora, ar an Domhnach san, o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, maidir leis na háitreabhacha san, ar feadh pé tréimhse no tréimhsí nách sia ar fad ná trí huaire a' chluig a luadhfar san ordú san.

(2) Pé uair a deonfar ordú saoirse líomatáiste déanfidh an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste shaortha le n-a mbaineann an t-ordú san déanfa sé, má bhaineann sé buntáiste as an ordú san, i rith na tréimhse no na dtréimhsí ar an Domhnach a bheidh luaidhte san ordú san bia agus deoch nea-mheisciúil do thabhairt ina áitreabh, ar phraghsanna réasúnta d'éinne iarrfidh iad.

(3) Pé uair a deonfar ordú saoirse líomatáiste, ansan, má dhineann agus faid a dhéanfidh an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste shaortha le n-a mbaineann an t-ordú san forálacha an fho-ailt seo roimhe seo do chólíona beidh sé saor, ar feadh na tréimhse agus ar an Domhnach a bheidh luaidhte san ordú san, o aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh, maidir leis an áitreabh san, ar na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht so ná fé aon Acht eile.

Daoine in áitreabh ceadúnuithe i dtráthanna coiscthe.

17. —(1) Fé réir na heisceachta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, gach éinne a gheobhfar in aon áitreabh ceadúnuithe i rith aon ama ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san, maran rud é—

(a) gurb é sealbhóir an cheadúnais no únaer an áitreibh é, no

(b) go mbeidh comhnaí buan no diombuan air san áitreabh, no

(c) gur duine é gur féidir go dleathach deocha meisciúla do dhíol leis no do thabhairt do san áitreabh an t-am san, no

(d) go mbeidh sé ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais no ag únaer an áitreibh agus gur i ngnáth-chúrsa na fostaíochta san a bheidh sé san áitreabh, no

(e) gurb oifigeach custum agus máil é agus é i mbun a dhualgais mar oifigeach den tsórt san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(2) I gcás aon ghnó nách díol deocha meisciúla (dá ngairmtear gnó nea-cheadúnuithe sa bhfo-alt so) do bheith ar siúl in aon áitreabh ceadúnuithe agus gan an chuid den áitreabh san ina bhfuil an gnó nea-cheadúnuithe sin ar siúl do bheith deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh san, ní bhainfidh an t-alt so leis an áitreabh san i rith aon ama ina mbeidh an t-áitreabh san ar oscailt go dleathach chun an gnó nea-cheadúnuithe sin do bheith ar siúl ann.

Duine á leigint air gur lóistéir é.

18. —Gach éinne a dhéanfidh, tré n-a chur in úil go bréagach go bhfuil sé ar lóistín in aon áitreabh ceadúnuithe, aon deoch mheisciúil do cheannach no d'fháil san áitreabh ceadúnuithe sin i rith tréimhse ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san, no a thabharfidh fén méid sin do dhéanamh amhlaidh tré n-a leithéid sin de chur-in-úil bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Dúna le hordú Breithimh.

19. —(1) Pé uair is deimhin le Breitheamh na Cúirte Dúithche, ar iarratas i scríbhinn d'fháil do o Cheannphort no o Chigire don Ghárda Síochána, go bhfuil sé oiriúnach, ar mhaithe le síocháin agus ordú puiblí, go scuirfí láithreach de dheocha meisciúla do dhíol in aon bhaile no sráid-bhaile áirithe sa líomatáiste cheadúcháin, féadfidh an Breitheamh san a ordú go ndúnfar láithreach ar feadh na coda eile den lá san, no ar feadh pé tréimhse is giorra ná san agus is leor dar leis, gach áitreabh a bheidh ceadúnuithe sa bhaile no sa tsráid-bhaile sin chun deocha meisciúla do dhíol ann.

(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so déanfidh gach sealbhóir ceadúnais sa bhaile no sa tsráid-bhaile le n-a mbaineann an t-ordú san, nuair a chuirfidh ball den Ghárda Síochána in úil do é de bhréithre béil, a áitreabh ceadúnuithe do dhúna láithreach agus é do chimeád dúnta ar feadh an ama a bheidh luaidhte san ordú san, agus éinne ná déanfidh no a eiteoidh téarmaí aon ordú den tsórt san do chólíona, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Pé uair a déanfar ordú fén alt so agus ná déanfidh no go n-eiteoidh sealbhóir ceadúnais an t-ordú san do chólíona féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána pé neart is gá do chur i bhfeidhm chun a chur in áirithe go gcólíonfar an t-ordú san.

Daoine do leigint isteach in amharclanna.

20. —(1) Ní leigfar éinne isteach in aon amharclainn tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche maran rud é—

(a) gur dhin sé roimh ré suíochán san amharclainn sin do chur in áirithe no íoc as i gcóir léiriú no siamsa a bheidh ar siúl no ar trí tosnú an uair sin, no

(b) go mbeidh sé ar fostú san amharclainn sin no go mbeidh gnó aige le duine bheidh ar fostú amhlaidh.

(2) Má leigtar éinne isteach in aon amharclainn contrárdha don alt so, beidh sealbhóir an cheadúnais amharclainne a bhaineann leis an amharclainn sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Deocha meisciúla do dhíol in amharclanna.

21. —(1) Na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe ní bhainfid le hamharclainn.

(2) San alt so cialluíonn an focal “am ceaduithe” tréimhse a thosnóidh leathuair a' chluig roimh thosach léirithe san amhar clainn go n-úsáidtear an focal ina taobh agus a chríochnóidh leathuair a' chluig tar éis deire an léirithe sin.

(3) Ní bheidh sé dleathach aon deocha meisciúla do mhiondíol ná do thaisbeáint chun a miondíolta in aon amharclainn—

(a) aon uair ach i rith ama cheaduithe, ná

(b) le héinne seachas daoine

(i) a bheidh ar fostú san amharclainn an uair sin, no

(ii) do chur suíocháin san amharclainn in áirithe no d'íoc asta i gcóir an léirithe a bheidh no a bhí ar siúl i rith an ama cheaduithe no i rith ceachtar de sna hamanta ceaduithe a bheidh ann an uair sin, ná

(c) in aon pháirt den amharclainn go mbeidh cead dul isteach ann an uair sin ag daoine eile seachas na daoine sin le n-a bhféadfar deocha meisciúla do dhíol san amharclainn sin an uair sin.

(4) Gach éinne a dhéanfidh aon deoch mheisciúil do mhiondíol no do thaisbeáint chun a miondíolta in amharclainn contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí más rogha leis an gCúirt é agus fós, i gcás an dara cionta san no an chionta san ina dhiaidh sin, geallbhruidhe an cheadúnais amharclainne más rogha leis an gCúirt é.

Comhachta an Ghárda Síochána.

22. —(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána ainm agus seola aon duine a gheobhfar in aon áitreabh ceadúnuithe i rith aon ama ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san d'éileamh ar an duine sin agus má bhíonn cúis aige chun a mheas go bhfuil ainm no seola a thug an duine sin uaidh mar fhreagra ar an éileamh san bréagach no míthreorach féadfa sé fianaise neartathach ar an ainm no ar an seola san d'éileamh ar an duine sin, agus mara ndinidh no má eitíonn aon duine den tsort san a ainm agus a sheola no ceachtar acu no an fhianaise neartathach san do thabhairt uaidh ar a éileamh san air amhlaidh no má thugann sé uaidh ainm no seola no fianaise neartatach a bheidh bréagach no mí-threorach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(2) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána, gan barántas, éinne do ghabháil ná déanfidh no a eiteoidh a ainm agus a sheola no ceachtar acu no fianaise neartathach den tsórt san roimhráite do thabhairt uaidh ar éileamh na hainme agus an tseola san no na fianaise sin air go dleathach fén alt so.

(3) Sa Licensing Act, 1872, agus sa Licensing Act (Ireland), 1874, folóidh an focal “constable” aon bhall den Ghárda Síochána agus léireofar na hAchtanna san agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(4) In alt 23 den Licensing Act (Ireland), 1874, folóidh an focal “provisions of the principal Act or this Act” forálacha an Achta láithrigh seo, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Rudaí ná bainfidh an Chuid seo den Acht so leo.

23. —Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so—

(a) le haon chlub a bheidh cláruithe de thurus na huaire fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ná

(b) le haon cheantín a bheidh ar bun fé údáras an Aire Cosanta, ná

(c) le mórdhíol deocha meisciúla in aon áitreabh nách áitreabh ceadúnuithe, ná

(d) le díol biotaille cóguisithe no metilithe no biotáille déanta suas i gcóguisí agus á díol ag dochtúirí leighis cláruithe no ag daoine is ceimiceoirí agus drugairí, no ag ceimiceoirí cóguisíochta no ag drugairí cláruithe.