|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diúitéthe Báis.) |
ACHT AIRGID, 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ilghnéitheach agus Generálta. | |
[EN] |
Leasú ar alt 37 den Acht Airgid, 1925 . |
18. —Athghairmtear leis seo an chuid sin d'fho-alt (4) d'alt 37 (alt i dtaobh diúité mháil ar ghadhair) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) le n-a n-achtuítear go ndlighfar, ar a gciontú ar an slí achmair, fíneáil chúig bpunt do chur ar dhaoine a bheidh ciontach i gcionta fén alt san agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndlighfar daoine a bheidh ciontach i gcionta fén alt san do chur fé fhíneáil phúint ar a gciontú ann ar an slí achmair. |
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Dogs Act, 1906. |
19. —(1) Athghairmtear leis seo mír (c) d'alt 9 den Dogs Act, 1906 agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar na costaisí fé n-a raghaidh an Gárda Síochána fé alt 3 den Acht san d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an árd-oifigeach póilíneachta do réir bhrí an Achta san, mar a leasuítear agus a hoiriúinítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, agus go n-íocfar isteach sa Stát-Chiste, ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid, aon airgead a gheobhaidh an Gárda Síochána fén alt san 3. |
[EN] | (2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige ar an 1adh lá d'Eanair, 1926, agus ón lá san amach. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe. |
20. —Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme. |
21. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1927 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin. | |
[EN] | (3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barracháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1927, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach. |