Ar Aghaidh (AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.)

20 1927


Uimhir 20 de 1927.


ACHT LEITHREASA, 1927.


ACHT CHUN NA SOLÁTHAIR A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[21adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

1. —Na suimeanna uile a deontar leis an Acht Prímh-Chiste. 1927 ( Uimh. 11 de 1927 ) as an bPrímh-Chiste chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndineann a n-iomlán, mar is léir ó Sceideal (A) a ghabhann leis seo, suim ocht milleon, seacht gcéad agus naoi míle seascad, dhá chéad agus seacht bpúint, cuirtar iad agus tuigfar iad do bheith curtha i leithreas ó dháta rithte an Achta san chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a gabhann leis seo.

I dteanta na suimeanna a deontar as an bPrímh-Chiste leis an Acht Prímh-Chiste, 1927 , adubhradh, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí chun seirbhísí agus críoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Faisnéis is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfar suimeanna a cuireadh i leithreas.

2. —Ní bhfuighidh éinne aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfa sé pé faisnéis a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san:

Ach má dintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon fhaisnéis amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

Einne a dhéanfidh faisnéis chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phone táchtach di, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1927 , do ghairm den Acht so.