An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimh-Ra.) Ar Aghaidh (CUID III. Morgaisti Airneise.)

24 1927

ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927

CUID II.

Corparaid an Chairde Thalmhaiochta.

Bunú agus clárú na Corparáide.

3. —Díreach tar éis rithte an Achta so déanfidh an tAire gach ní is dó leis is gá no is maith chun a chur fé ndeár cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chorparáid san Acht so) a bheidh do réir na gcoiníoll atá leagtha síos san Acht so do bhunú agus do chlárú fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1927, chun na feidhmeanna a luaidhtear san Acht so do dhéanamh.

Ainm agus caipital na Corparáide.

4. —(1) Isé ainm a bheidh ar an gCorparáid ná “Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.”

(2) Isé caipital a bheidh ag an gCorparáid ná £500,000 (cúig céad míle punt) a bheidh roinnte ina chúig céad míle scair de phunt an ceann agus beidh cúig scillinge dhe sin iníoctha ar iarraidh na scaire agus beidh cúig scillinge eile dhe iníoctha ar dháta nách luatha ná fiche lá ná nách déanaí ná dachad lá tar éis an leith-roinneacháin, agus beidh an chuid eile dhe iníoctha fé mar a ghlaodhfidh agus nuair a ghlaodhfidh na Stiúrthóirí air ar fhógra nách lú ná deich lá fichead.

(3) Féadfidh iontaobhaí, mara dtoirmeascthear é go soiléir leis an instruimid (más ann di) le n-ar bunuíodh an t-iontaobhas, aon chistí iontaobhais a bheidh ar láimh aige do shúncáil, pe'ca ar staid shúncála dhóibh le linn na huaire no nách ea, in aon scaireanna de chuid na Corparáide a bheidh, le linn na súncála, lán-íoctha maidir le caipital.

Caipital na Corparáide do cheannach.

5. —(1) Tairgfar dhá chéad míle scair de chuid na Corparáide in éineacht chun a gceannuithe ag bainc a dhineann gnó, i bpáirt no go hiomlán, i Saorstát Éireann agus ag na bainc sin amháin agus chó luath agus is féidir é tar éis deire na haimsire a ceapfar le haontú an Aire i gcóir an cheannuithe sin déanfar an trí chéad míle scair eile de chuid na Corparáide agus pé méid, má bhíonn aon cheann, den dá chéad míle scair sin ná beidh ceannuithe ag na bainc sin do thairisgint in éineacht chun a gceannuithe ag daoine den phuiblíocht i gcoitinne.

(2) Na scaireanna de chuid na Corparáide a tairgfar chun a gceannuithe ag an bpuiblíocht i gcoitinne agus ná ceannófar amhlaidh déanfidh an tAire, tar éis deire na haimsire a ceapfar le haontú an Aire i gcóir an cheannuithe sin, iad do cheannach.

Fiachas an Stáit i gcaipital na Corparáide.

6. —(1) Má théigheann an Chorparáid fé ghlana-suas gnótha (pe'ca dá deoin no dá hainneoin é) agus go gcríochnófar a gnó agus, ar an gcríochnú gnótha san, go bhfuighfar nách leor a sócmhainní chun suim iomlán a caipitail íoctha d'íoc le baill na Corparáide, soláthróidh an tAire agus íocfa sé leis an socrathóir sa chríochnú ghnótha san pé suim is leor, i dteanta na sócmhainní de chuid na Corparáide a bheidh ar fáil chuige sin, chun suim iomlán chaipitail íoctha na Corparáide d'íoc.

(2) Gach airgead a íocfidh an tAire fén alt so leis an socrathóir déanfidh an socrathóir sin (pe'ca is leor sócmhainní na Corparáide chun a fiach-éilitheoirí d'íoc in iomlán no nách leor) é do chur chun no mar chabhair chun suim iomlán chaipital íoctha na Corparáide d'íoc le baill na Corparáide.

Fiachas an Stáit i ndividenda ar chaipital na Corparáide.

7. —(1) Iocfidh an Chorparáid le n-a baill dividenda do réir an ráta shocruithe de 5 per cent. per annum ar an méid dá caipital a bheidh íoctha de thurus na huaire agus is go leath-bhliantúil, ar pé dátaí a cheapfidh na Stiúrthóirí chuige sin le haontú an Aire, a íocfidh an Chorparáid na dividenda san.

(2) Más rud é, aon lá dá gceapfar fén alt so chun íoctha dividenda leath-bhliantúla, ná beidh aon airgead no ná beidh a dóthin airgid ar fáil ag an gCorparáid chun an dividendum is iníoctha amhlaidh an lá san d'íoc, deimhneoidh an Chorparáid láithreach don Aire cadé an tsuim is gá, i dteanta an airgid (más ann do) a bheidh ar fáil amhlaidh, chun an dividendum san d'íoc, agus, ar fháil an deimhnithe sin do, roimh-íocfidh an tAire leis an gCorparáid an tsuim do dheimhnigh an Chorparáid amhlaidh agus déanfidh na Stiúrthóirí láithreach an t-airgead a roimh-íocfar amhlaidh do chur chun no mar chabhair chun an dividendum san d'íoc.

(3) Gach airgead a roimh-íocfidh an tAire leis an gCorparáid fén alt so beidh sé ionaisíoctha ag an gCorparáid leis an Aire, ar a iarraidh sin do, maraon le hús o dháta an roimh-íoctha do réir pé ráta a shocróidh an tAire agus (lasmuich de chríochnú gnótha na Corparáide) ní bheidh sé ionaisíoctha amhlaidh ach as airgead a bheidh ina phroifit mar a déanfar amach í do réir treoracha ón Aire agus i gcríochnú gnótha na Corparáide is tar éis fiach-éilitheoirí na Corparáide do bheith íoctha in iomlán a bheidh sé ionaisíoctha amhlaidh.

Memorandum Comhlachais na Corparáide.

8. —(1) Is i pé fuirm a bheidh do réir forálacha an Achta so agus le n-a n-aontóidh an tAire agus an tAire Tailte agus Talmhaíochta a bheidh Memorandum Comhlachais na Corparáide.

(2) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, aon atharú i Memorandum Comhlachais na Corparáide a déanfar gan aontú d'fháil roimh ré ón Aire agus ón Aire Tailte agus Talmhaíochta no a bheidh buiniscionn le haon cheann d'fhorálacha an Achta so, ní bheidh sé dleathach ná éifeachtúil.

Cuspóirí na Corparáide.

9. —(1) Luadhfar cuspóirí na Corparáide ina Memorandum Comhlachais i slí is gurb iad a bheidh ina bprímh-fheidhmeanna don Chorparáid ná airgead do thabhairt ar iasacht no do roimh-íoc (fé réir na sriantachtaí a forchuirtar leis an Acht so) ar pé urrús is dó leis na Stiúrthóirí, fé réir forálacha an Achta so, a bheith ceart, billí malairte, nótaí geallúna agus instruimidí ionmhalairtithe eile do lascainiú agus do cheannach (fé réir na sriantachtaí a forchuirtar leis an Acht so), taiscí airgid do ghlaca (fé réir forálacha an Achta so), taiscí urrús do ghlaca chun iad do chimeád sábhálta agus do bhainistí agus, sa mhéid go mbeidh sé dleathach, iontaobhaisí maidir le hurrúis den tsórt san d'fheidhmiú.

(2) Ní dhéanfidh éinní san alt so cosc ná srian do chur le gach cuspóir agus comhacht a bheidh riachtanach do réir réasúin no ceart chun na prímh-fheidhmeanna roimhráite d'fheidhmiú go cuibhe, no a bhainfidh no a chabhróidh leis an bhfeidhmiú san, agus ná beidh buiniscionn leis an Acht so do chur imeasc cuspóirí na Corparáide mar a bheid luaidhte ina Memorandum Comhlachais.

Airtiogail Chomhlachais na Corparáide.

10. —(1) Is i pé fuirm a bheidh do réir forálacha an Achta so agus le n-a n-aontóidh an tAire agus an tAire Tailte agus Talmhaíochta a bheidh Airtiogail Chomhlachais na Corparáide.

(2) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, aon atharú in Airtiogail Chomhlachais na Corparáide no aon chur leo a déanfar gan aontú d'fháil roimh ré ón Aire agus ón Aire Tailte agus Talmhaíochta no a bheidh buiniscionn le haon fhoráil den Acht so, ní bheidh sé dleathach ná éifeachtúil.

Stiúrthóirí na Corparáide.

11. —Forálfar le hAirtiogail Chomhlachais na Corparáide—

(i) gurb é líon na stiúrthóirí (agus an Cathaoirleach d'áireamh) ná seachtar, agus gurb iad na scaireánaigh a thoghfidh ceathrar acu san fé réir na ngnáthfhorálacha i dtaobh daoine do chó-thogha chun fothfholúntaisí agus gurb é an tAire a ainmneoidh triúr acu o am go ham fé mar is gá é;

(ii) gurb é an tAire a ainmneoidh Cathaoirleach na stiúrthóirí o am go ham, as an triúr stiúrthóirí a bheidh ainmnithe aige, faid a bheidh an tAire i seilbh níos mó ná dhá chéad míle scair de chuid na Corparáide,

Teoranta leis an gCorparáid do thabhairt airgid ar iasacht.

12. —(1) Déanfar memorandum agus airtiogail chomhlachais na Corparáide do dhreachtú agus d'fhocalú i slí go mbeidh teideal agus údarás ag an gCorparáid iasacht no roimh-íoc airgid do thabhairt do sna daoine agus chun na gcrícheanna a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, agus dóibh sin agus chúcha san amháin, sé sin le rá:—

(a) d'aon fheirmeoir chun foirgintí do thógáil ar a fheirm, no chun buan-fheabhsuithe do dhéanamh ar a fheirm do raghadh chun torthúlacht a fheirme do mhéadú no chun a méadú san do chur in usacht no chun cabhruithe leis, no chun eallach stuic, meaisínteacht no úirlisí talmhaíochta, leasuithe, abhair bheathúcháin, síolta, no riachtanaisí eile i saothrú no i margáil tora thalmhaíochta do cheannach;

(b) d'aon chomhar-chumann (fé réir na dteoranta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) chun a ghnó do bhunú, do chimeád ar siúl, no do leathnú;

(c) d'éinne atá ag gabháil no ar aigne bheith ag gabháil do ghnó gur chun seirbhíse d'fheirmeoirí no do lucht feirmeoireachta is mó atá sé ceaptha chun an gnó san do bhunú, do chimeád ar siúl, no do leathnú;

(d) d'éinne (seachas comhar-chumann) chun talamh do cheannach chun crícheanna talmhaíochta, talamh a bhí, díreach sarar ceannuíodh é, ina chuid d'urrús do bhí ag an gCorparáid o dhíoltóir an tailimh sin;

(e) d'éinne (seachas comhar-chumann) chun iasacht d'íoc do céad-tugadh do (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ar fad no nách mór ar fad chun críche chun a bhféadfadh an Chorparáid iasacht do thabhairt do fén alt so;

(f) d'éinne (seachas comhar-chumann) chun iasacht d'íoc do céad-tugadh do roimh rith an Achta so ar fad no nách mór ar fad chun talamh do cheannach chun crícheanna talmhaíochta;

(g) d'aon chomhar-chumann (eadhon, comhar-chumann dá bhféadfadh an Chorparáid iasacht do thabhairt fén alt so) chun iasacht d'íoc do tugadh don chumann san (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ar fad no nách mór ar fad chun críche chun a bhféadfadh an Chorparáid iasacht do thabhairt don chumann san fén alt so.

(2) Déanfar fós memorandum agus airtiogail chomhlachais na Corparáide do dhreachtú agus d'fhocalú i slí go bhféadfidh an tAire agus an tAire Tailte agus Talmhaíochta o am go ham, más rogha leo araon é, tré orduithe a dhéanfid araon le chéile atharú do dhéanamh (pe'ca tré leathnú, tré shriana, no ar aon tslí eile é), maidir leis na daoine gur dóibh agus leis na crícheanna gur chúcha a bheidh teideal agus údarás ag an gCorparáid iasacht no roimh-íoc airgid do thabhairt mar a bheidh luaidhte sa mhemorandum agus sna hairtiogail sin do réir an ailt seo, ach san i slí ná déanfar, le haon ordú den tsórt san, leathnú maidir leis na daoine agus leis na crícheanna san i dtreo go mbeidh ar a measc—

(a) éinne ná fuil ag gabháil no ar tí bheith ag gabháil do thalmhaíocht no do ghnó a bhaineann le talmhaíocht no gur do dhaoine bheadh ag gabháil do thalmhaíocht is mó a raghadh sé chun tairbhe, díreach no neadhíreach, no

(b) éinne go dtoirmiscthear go soiléir leis an alt so ar an gCorparáid iasacht no roimh-íoc do thabhairt do, no

(c) aon chríoch ná baineann, díreach no nea-dhíreach, le talmhaíocht.

Gach ordú a dhéanfidh an tAire agus an tAire Tailte agus Talmhaíochta fen bhfo-alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus mara ndinidh aon Tigh den Oireachtas, laistigh de lá is fiche tar éis an chéad lá a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an orduithe sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí tiocfidh an t-ordú san i ngníomh i gceann lá is fiche o pé lá acu so a leanas is déanaí, sé sin le rá, an chéad lá a shuidhfidh Dáil Éireann tar éis leaga an orduithe sin fé n-a bráid no an chéad lá a shuidhfidh Seanad Éireann tar éis leaga an orduithe sin fé n-a bhráid.

(3) Ní thabharfidh an Chorparáid aon iasacht ná aon roimh-íoc airgid—

(a) d'aon chomhar-chumann ná beidh ar a chuspóirí ceann amháin ar a laighead de sna cuspóirí seo a leanas, sé sin le rá, cáirde talmhaíochta do thabhairt uaidh, no tora talmhaíochta do shaothrú no do mhargáil, no meaisínteacht no úirlisí talmhaíochta no leasuithe, abhair bheathúcháin, síolta, no riachtanaisí eile i saothrú no i margáil tora thalmhaíochta do dhíol, no comhacht agus solus do dhéanamh agus do thabhairt, no a dtabhairt amháin, agus san nách mór ar fad d'fheirmeoirí, ná

(b) d'aon chomhar-chumann go mbeidh ar siúl aige mar ghnó, nuair a bheidh an iasacht no an roimh-íoc á thabhairt do, aon earraí do mhiondíol ná saothruíonn an cumann san ná a bhaill ná nách riachtanaisí i saothrú ná i margáil tora thalmhaíochta, ná

(c) do chathaoirleach na Corparáide ná d'aon stiúrthóir uirthi.

(4) Faid a bheidh aon chuid d'iasacht no de roimh-íoc a thug an Chorparáid do chomhar-chumann amuich ag an gCorparáid, ní dhéanfidh an cumann san congnamh airgid do thabhairt ná leanúint d'é do thabhairt d'aon chomhar-chumann no cuideachta 'na mbeidh ar siúl aige no a bheidh i mbun aon earraí do mhiondíol ná saothruíonn an comhar-chumann san ná a bhaill ná an chuideachta san ná nách riachtanaisí i saothrú ná i margáil tora thalmhaíochta agus ní bheidh ar siúl aige féin ná ní ragha sé i mbun aon ghnótha den tsórt san, agus má sháruíonn aon chumann den tsórt san forálacha an fho-ailt seo tiocfidh láithreach chun bheith dlite uaidh don Chorparáid agus iníoctha aige léi (d'ainneoin aon chó-aontú contrárdha dho san) iomlán na hiasachta no an roimh-íoca do thug an Chorporáid do amhlaidh.

(5) Más rud é, maidir leis na hearraí a dhíolann comharchumann, gur earraí do shaothruigh an cumann san no a bhaill a bhfurmhór, féadfar, chun crícheanna an ailt seo, aon earraí den tsórt chéanna ná díolann an cumann san ach foth-uair d'áireamh mar earraí a saothruítear amhlaidh bíodh is gur saothruíodh iad ag, agus gur cheannuigh an cumann iad o, daoine eile.

(6) Ní lascaineoidh ná ní cheannóidh an Chorparáid aon nóta geallúna, bille malairte, ná instruimid ionmhalairtithe eile do dhin duine go dtoirmiscthear ar an gCorparáid go soiléir leis an alt so iasacht no roimh-íoc airgid do thabhairt do, no do dineadh chun aon chríche eile seachas airgead d'fháil don té do dhin é no d'éinne eile le cur chun críche chun a bhféadfadh an Chorparáid go dleathach iasacht no roimh-íoc do thabhairt don té sin no don éinne eile sin ach ní bhainfidh an fo-alt so ná ní chuirfe sé cosc le hairgead do shúncáil i gceannach billí, nótaí no instruimidí ionmhalairtithe eile do dhin an tAire Airgid no an Cisteán Briotáineach.

(7) Ní léireofar tagairtí san alt so d'iasacht no do roimh-íoc airgid do thabhairt mar nithe a fholuíonn airgead do shúncáil i gceannach stocanna, scaireanna, bannaí no debentiúirí a luadhfar ar an mBúrsa i mBaile Atha Cliath no ar an mBúrsa i Lundain no stocanna, scaireanna, bannaí, no debentiúirí do cheannach a beifear ar aigne a luadh amhlaidh.

Teoranta leis an gCorparáid do ghlaca taiscí.

13. —Déanfar Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Corparáide do dhreachtú agus d'fhocalú i slí—

(a) ná beidh an Chorparáid i dteideal taiscí airgid ná taiscí urrús do ghlaca le n-a gcimeád sábhálta agus le n-a mbainisti o aon daoine seachas comhar-chumainn, agus

(b) ná beidh an Chorparáid i dteideal taiscí airgid do ghlaca is ionaisíoctha ar fhógra is lú ná deich lá fichead no ar a n-éileamh no in aghaidh seiceanna.

Féadfidh an Chorparáid debentiúirí do thabhairt amach.

14. —Déanfar Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Corparáide do dhreachtú i slí go n-údaróid don Chorparáid iasacht airgid d'fháil ar urrús debentiúirí no stuic dhebentiúra a thabharfa sí amach do réir ghnáth-chleachta chuideachtana teoranta ach fé réir ná teorann ná raghaidh an méid a bheidh gan bheith aisíoctha ag an gCorparáid aon uair ar urrús na ndebentiúirí no an stuic dhebentiúra san thar an méid a bheidh i gcaipital lán-íoctha na Corparáide an uair sin.

Féadfidh an Chorparáid Deimhnithe Muirir do thabhairt amach.

15. —(1) Déanfar Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Corparáide do dhreachtú i slí go n-údaróid don Chorparáid iasacht airgid d'fháil ar urrús deimhnithe muirir a thabharfa sí amach agus beidh ionta, maidir le deimhnithe den tsórt san do thabhairt amach, na forálacha atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no forálacha sa chéill chéanna agus féadfidh a bheith ionta, leis, pé forálacha eile (ná beidh buiniscionn leis na forálacha san atá curtha síos sa Sceideal san) maidir le deimhnithe den tsórt san do thabhairt amach a measfar a bheith riachtanach no ceart.

(2) Pé uair a chuirfidh an Chorparáid roimpi sraith de dheimhnithe muirir do thabhairt amach agus a bheidh an tAire sásta, de bharr pé fiosrú, iniúcha cuntais, agus scrúdú is dó leis is ceart do dhéanamh, gur cólíonadh go cuibhe gach coiníoll bá ghá a chólíona roimh thabhairt amach na sraithe sin de dheimhnithe, féadfidh an tAire, fé réir na dteoranta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, urraíocht do thabhairt, i pé fuirm agus slí is dó leis is ceart, go n-íocfidh an Chorparáid go cuibhe do réir téarmaí na ndeimhnithe sin colann an airgid agus an t-ús uirthi a bheidh urruithe leis na deimhnithe sin.

(3) Ní mó ná milliún punt a bheidh an méid iomlán a gheobhaidh an Chorparáid ar iasacht aon bhliain áirithe ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt so agus ní mó ná seacht milliúin agus cúig céad míle punt a bheidh an méid iomlán a bheidh gan bheith aisíoctha aon uair áirithe ag an gCorparáid ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt so.

(4) Bainfidh alt 93 den Companies (Consolidation) Act, 1908, le deimhnithe muirir a thabharfidh an Chorparáid amach fé is dá mba dhebentiúirí na deimhnithe sin agus chun críche na bainte sin, ach ní chun aon chríche eile, tuigfar gur sraith de dhebentiúirí sraith de dheimhnithe muirir.

(5) Féadfidh iontaobhaí, mara dtoirmiscthear é go soiléir leis an instruimid (más ann di) le n-ar bunuíodh an t-iontaobhas, aon chistí iontaobhais a bheidh ar láimh aige do shúncáil, pe'ca ar staid shúncála dhóibh le linn na huaire no nách ea, in aon deimhniú muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt so.

Cuntaisí breise do Chlárathóir na gCuideachtan.

16. —(1) I dteanta aon chuntais a ceangaltar, leis na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ar chuideachtain a chur chun clárathóra na gcuideachtan, tabharfidh an Chorparáid do chlárathóir na gcuideachtan pé cuntaisí eile i pé tráthanna agus i pé fuirm a ordóidh an tAire le hordú.

(2) Bainfidh forálacha fo-alt (5) d'alt 26 den Companies (Consolidation) Act, 1908, leis an gCorparáid do thabhairt faillí i ndéanamh do réir aon orduithe a dhéanfidh an tAire fén alt so fé mar a bhaineann an fo-alt san le cuideachta do thabhairt faillí i ndéanamh do réir an ailt sin 26.

Cuntaisí na Corparáide.

17. —Cimeádfidh an Chorparáid gach cuntas agus breacachán eile, agus san i pé fuirm, a hordófar le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén alt so.

Saoirse o dhiúité stampa.

18. —Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon aistriú ar scaireanna de chuid na Corparáide ná ar aon aistriú ar dhebentiúirí, ar stoc dhebentiúra, no ar dheimhnithe muirir a thabharfidh an Chorparáid amach.

Có-orduithe ón Aire Airgid agus ón Aire Tailte agus Talmhaíochta do chlárú.

19. —(1) Gach có-ordú a dhéanfidh an tAire agus an tAire Tailte agus Talmhaíochta fén Acht so maidir leis na daoine gur dóibh agus leis na crícheanna gur chúcha a bheidh teideal agus údarás ag an gCorparáid iasacht no roimh-íoc airgid do thabhairt no maidir leis an saghas no na saghsanna urrús go bhféadfidh an Chorparáid deimhnithe muirir do thabhairt amach ina n-aghaidh, déanfar cóip de do chlóbhuala agus do chur chun clárathóra na gcuideachtan laistigh de chúig lá déag o dháta an orduithe sin do theacht i bhfeidhm agus cuirfidh seisean an chóip sin ar breaca.

(2) Déanfar cóip de gach ordú le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire d'ionchorparú i ngach cóip no do cheangal de gach cóip de mhemorandum agus d'airtiogail chomhlachais na Corparáide a tabharfar amach tar éis dáta an orduithe sin do theacht i bhfeidhm.

Comhachta an Aire maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige.

20. —(1) Féadfidh an tAire na scaireanna de chuid na Corparáide a cheannóidh sé fén Acht so do chimeád chó fada agus is oiriúnach leis é agus féadfa sé, fé mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, gach scair no aon scair acu san do dhíol, ach ní dhíolfa sé aon scair den tsórt san amhlaidh ar phraghas is lú ná an méid a bheidh íoctha uirthi de thurus na huaire.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste tora glan gach díola a dhéanfidh an tAire ar scaireanna de chuid na Corparáide a bheidh ar seilbh aige.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach dividendum agus airgead eile a gheobhaidh an tAire ar scór scaireanna de chuid na Corparáide a cheannóidh sé agus a bheidh ar seilbh aige.

(4) Féadfidh an tAire, faid a bheidh scaireanna de chuid na Corparáide ar seilbh aige, gach ceann no aon cheann de sna cirt agus de sna comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir scaireanna den tsórt san d'fheidhmiú agus i gcás ina mbeidh na cirt no na comhachta san infheidhmithe tré atúrnae féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é, na cirt no na comhachta san d'fheidhmiú tré a atúrnae.

Airgead do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste.

21. —(1) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc gach airgid is gá chun íoc do dhéanamh—

(a) in íocaíochta nách foláir don Aire d'íoc leis an gCorparáid ar scór scaireanna de chuid na Corparáide a cheannóidh sé fén Acht so, no

(b) i suimeanna gur gá don Aire, do réir an Achta so, iad do sholáthar agus d'íoc leis an socrathóir i gcríochnú gnótha na Corparáide, no

(c) i suimeanna gur gá don Aire, do réir an Achta so, iad do roimh-íoc leis an gCorparáid chun no mar chabhair chun dividenda d'íoc le baill den Chorparáid, no

(d) i suimeanna a thiocfidh chun bheith iníoctha fé aon urraíocht a thug an tAire uaidh fén Acht so maidir leis an airgead a hurruíodh le sraith de dheimhnithe muirir a thug an Chorparáid amach.

(2) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna d'íoc a muirearófar ar an bPrímh-Chiste fén alt so, no chun na suimeanna uile a roimh-íocfar amhlaidh no aon chuid acu d'aisíoc leis an gCiste sin, no chun aon urrúis a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná socruítear ar aon tslí eile i gcóir an íoctha sin, féadfidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis is dó leis is ceart do thabhairt amach, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear cholann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so.

(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a gheobhaidh an tAire ón gCorparáid in aisíoc airgid no mar ús ar airgead a roimhíoc sé leis an gCorparáid chun no mar chabhair chun dividenda d'íoc le baill na Corparáide no in aisíoc airgid no mar ús ar airgead a íoc an tAire fé aon urraíocht a thug sé uaidh fén Acht so maidir leis an airgead a hurruíodh le sraith de dheimhnithe muirir a thug an Chorparáid amach.

Ciontaí maidir le hiasachtaí ón gCorparáid.

22. —(1) Einne adéarfidh go toiliúil, pe'ca de bhréithre béil no i scríbhinn é, éinní is eol do a bheith bréagach no mí-threorach, chun iasacht no roimh-íoc airgid d'fháil ón gCorparáid do féin no d'éinne eile no d'aon dream daoine, corparuithe no neachorparuithe, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air no, i gcás duine aonair agus más rogha leis an gcúirt é, piantseirbhís ar feadh trí mblian no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

(2) Tar éis iasacht no roimh-íoc airgid d'fháil ón gCorparáid do ar na téarmaí go gcuirfe sé an t-airgead san chun críche áirithe, gach éinne go dteipfidh air an t-airgead san do chur chun na críche sin beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air no, i gcás duine aonair agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.