An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Corparaid an Chairde Thalmhaiochta.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Deimhnithe Muirir.)

24 1927

ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927

CUID III.

Morgaisti Airneise.

Mínithe maidir le morgáistí áirnéise.

23. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “morgáiste áirnéise” instruimid fé shéala a dintar idir feirmeoir ar aon taobh amháin agus an Chorparáid no banc admhuithe ar an taodh eile agus tré n-a ndineann an feirmeoir, mar gheall ar airgead a roimh-íocann an morgáistí leis, a chumhnantú leis an morgáistí go n-aisíocfa sé an t-airgead san maraon le hús, agus tré n-a ndineann sé fós aisíoc an airgid agus an úis sin do chur mar mhuirear, i bhfabhar don mhorgáistí, ar stoc áirithe feirmeoireachta no (mar mhuirear sho-ghluaiste) ar an stoc feirmeoireachta a bheidh ar a fheirm o am go ham no ar stoc áirithe feirmeoireachta agus ar an stoc feirmeoireachta a bheidh ar a fheirm o am go ham le chéile;

cialluíonn an focal “morgáiste áirnéise áirithe” morgáiste áirnéise le n-a gcruthnuítear muirear ar stoc áirithe feirmeoireachta;

an focal “morgáiste áirnéise so-ghluaiste” morgáiste áirnéise le n-a gcruthnuítear muirear so-ghluaiste ar an stoc feirmeoireachta a bheidh ar fheirm o am go ham;

morgáiste áirnéise le n-a gcruthnuítear muirear ar stoc áirithe feirmeoireachta agus muirear so-ghluaiste ar an stoc a bheidh ar fheirm o am go ham tá sé foluithe sa bhfocal “morgáiste áirnéise áirithe” sa mhéid go gcruthnuítear muirear ar stoc áirithe feirmeoireachta leis agus tá sé foluithe sa bhfocal “morgáiste áirnéise so-ghluaiste” sa mhéid go gcruthnuítear an muirear so-ghluaiste sin leis;

cialluíonn agus foluíonn an focal “stoc feirmeoireachta” ainmhithe agus éanlaithe de gach saghas a beathuítear no a cimeádtar chun proifite, gach a bhfachtar o sna hainmhithe agus o sna héanlaithe sin, ainmhithe tarraic de gach saghas, meaisínteacht agus úirlisí talmhaíochta, agus barraí talmhaíochta pe'ca ag fás ar an talamh dóibh no bainte den talamh;

nuair a húsáidtear an focal “morgáisteoir” agus “morgáistí” maidir le morgáiste áirnéise cialluíd fé seach an feirmeoir a dhineann agus an Chorparáid no an banc admhuithe chun a ndintar an morgáiste áirnéise sin;

cialluíonn an focal “banc admhuithe” banc a bheidh de thurus na huaire ceaptha ag an Aire chun bheith ina bhanc admhuithe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Ní bheidh instruimid gearrtha amach o bheith ina morgáiste áirnéise de bhrí gur mar urra no mar urruithe amháin atá duine no daoine (i dteanta an mhorgáisteora agus an mhorgáistí) ina pháirtí no ina bpáirtithe chuige.

(3) Déanfar tagairtí san Acht so do stoc fheirmeoireachta maidir le morgáiste áirnéise do léiriú mar thagairtí do stoc fheirmeoireachta agus don stoc san amháin a bheidh dá chuid féin amuich is amach ag an bhfeirmeoir a dhéanfidh an morgáiste áirnéise sin.

Bainc admhuithe.

24. —Ar iarratas aon bhainc féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, an banc san do cheapa chun bheith ina bhanc admhuithe chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus pé uair a dhéanfidh an tAire banc do cheapa amhlaidh chun bheith ina bhanc admhuithe tabharfa sé don Aire Dlí agus Cirt láithreach fógra i dtaobh an cheaptha san.

Cláir de mhorgáistí áirnéise.

25. —(1) Chó luath agus a bheidh sé caothúil tar éis bunú agus clárú na Corparáide cuirfar clár de mhorgáistí áirnéise ar bun i ngach Oifig Chúirte Cuarda agus cimeádfar agus coinneofar ar siúl ansan as san amach é do réir an ailt seo agus do réir na rialachán a déanfar fén alt so.

(2) Fé réir na gcoiníollacha do chólíona a horduítear leis an alt so no a hordófar fé chun morgáiste áirnéise do chlárú féadfar gach morgáiste áirnéise do chlárú, laistigh de sheacht lá agus ní níos sia ná san tar éis a dháta, sa chlár de mhorgáistí áirnéise a bheidh á choinneáil ar siúl fén alt so san Oifig Chúirte Cuarda don líomatáiste ina bhfuil feirm an mhorgáisteora suidhte no, i gcás an fheirm sin do bheith suidhte i dhá líomatáiste no níos mó go mbeidh Oifigí Cúirte Cuarda fé leith ann dóibh, i ngach ceann de sna cláir de mhorgáistí áirnéise a bheidh á gcoinneáil ar siúl fén alt so sna hOifigí Cúirte Cuarda san fé seach.

(3) Féadfidh éinne is páirtí chun morgáiste áirnéise (pe'ca mar mhorgáisteoir, mar mhorgáistí, no mar urra é) no ionadaí dlíthiúil éinne den tsórt san, an morgáiste áirnéise sin do chlárú, laistigh de sheacht lá agus ní níos sia ná san tar éis a dháta, in aon chlár de mhorgáistí áirnéise in ar féidir an morgáiste áirnéise sin do chlárú fén alt so agus féadfidh an morgáistí sin no, le haontú an mhorgáistí i scríbhinn, féadfidh an morgáisteoir no an t-urra san no a ionadaí dlíthiúil an morgáiste áirnéise sin do thógaint as aon chlár den tsórt san aon uair.

(4) Pé uair a bheidh aisíoc iomlán déanta san airgead colna agus san ús a bhí urruithe le morgáiste áirnéise déanfidh an morgáistí láithreach an morgáiste áirnéise sin do thógaint as gach clár de mhorgáistí áirnéise ina mbeidh sé cláruithe fén alt so.

(5) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon mhorgáiste áirnéise mara ná go dtí go ndéanfar go cuibhe, do réir an ailt seo agus do réir na rialachán a déanfar fén alt so, é do chlárú sa chlár no i ngach clár (pe'ca aca é) de mhorgáistí áirnéise in ar féidir é chlárú fén alt so agus scuirfidh morgáiste áirnéise a bheidh cláruithe amhlaidh d'aon fheidhm ná éifeacht do bheith aige má scuireann agus nuair a scuirfe sé de bheith cláruithe go cuibhe sa chlár san no i ngach clár den tsórt san (pe'ca aca é).

(6) Ní déanfar a mbeidh in aon chlár de mhorgáistí áirnéise a bheidh á choinneáil ar siúl fén alt so d'fhoillsiú ná do nochta ná ní tabharfar amach aon chóipeanna dhe ná d'aon chuid de d'éinne ach amháin—

(a) go bhféadfidh éinne ar fostú ag an gCorparáid agus údarás cuibhe aige chuige ón gCorparáid i scríbhinn aon chlár den tsórt san no aon chuid de d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh de aon uair; agus

(b) go bhféadfidh éinne ar fostú ag banc admhuithe agus údarás cuibhe aige chuige ón mbanc san i scríbhinn aon chlár den tsórt san no aon chuid de d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh de aon uair; agus

(c) go bhféadfidh fo-shirriam aon uair iniúcha dhéanamh ar an gclár de mhorgáistí áirnéise a bheidh á choinneáil ar siúl in Oifig Chúirte Cuarda don líomatáiste no d'aon chuid den líomatáiste dar fo-shirriam é; agus

(d) go bhféadfidh éinne i seirbhís an Stáit agus údarás cuibhe aige chuige ón Aire no ón Aire Tailte agus Talmhaíochta i scríbhinn aon chlár den tsórt san no aon chuid de d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh de aon uair; agus

(e) go bhféadfidh oifigeach ar fostú in Oifig Chúirte Cuarda agus ag cólíona dualgaisí do chólíonadh an fo-shirriam tráth iniúcha do dhéanamh aon uair ar an gclár de mhorgáistí áirnéise a bheidh á choinneáil ar siúl san Oifig Chúirte Cuarda san; agus

(f) pé uair a ordóidh an Chúirt Uachtarach no aon Bhreitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda cóip den chuid d'aon chlár den tsórt san a bhaineann le haon mhorgáiste áirnéise fé leith no le rud adeirtar a bheith ina mhorgáiste áirnéise do sholáthar dóibh no dho, go soláthrófar an chóip sin amhlaidh dá réir sin agus go bhféadfidh an Chúirt no an Breitheamh san an chóip sin no a mbeidh ann do nochta no d'fhoillsiú sa mhéid agus sa tslí sin agus fé sna coiníollacha san is dó leo-san no leis-sean is gá chun ceart do shásamh.

(7) Féadfidh an Ard-Chúirt no an Chúirt Chuarda, no an Chúirt Uachtarach ar athchomharc ón Ard-Chúirt, a chur fé ndeár, aon uair, aon chlár de mhorgáistí áirnéise a bheidh á choinneáil ar siúl fén alt so do cheartú (pe'ca tré atharú, tré chur leis, no tré fhágaint ar lár é) i pé slí is gá chun ceart do shásamh.

(8) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm na gcláracha agus a mbeidh sna cláracha uile agus fé seach de mhorgáistí áirnéise a bheidh á gcoinneáil ar siúl fén alt so;

(b) na cláracha san do chimeád agus do choinneáil ar siúl go generálta;

(c) modh cláruithe morgáiste áirnéise sna cláracha san agus an fhianaise a bheidh le tabhairt i láthair chun críche an chláruithe sin ar fheidhmiú agus stampáil chuibhe an mhorgáiste áirnéise sin;

(d) le haontú an Aire Airgid, na táillí a héileofar agus a glacfar ar scór morgáistí áirnéise do chlárú sna cláracha san, ar scór morgáistí áirnéise do thógaint as na cláracha san, ar scór iniúcha na gcláracha san agus ar scór éinní eile bhaineann leis na cláracha san;

(e) sicréideacht na gcláracha san do chimeád go generálta agus go háirithe an fhianaise údaráis a thaisbeánfidh daoine bheidh á éileamh na cláracha san d'iniúcha no cóipeanna do dhéanamh díobh.

(9) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí a bhainfidh leis an alt so do chur in éifeacht.

Oibriú agus éifeacht morgáiste áirnéise áirithe.

26. —Faid a bheidh morgáiste áirnéise áirithe cláruithe go cuibhe fén Acht so agus a fhanfidh aon airgid gan aisíoc ar scór colna no úis ar a urrús oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige—

(a) chun a bhronna mar cheart ar an morgáistí, pé uair a bheidh an t-airgead colna a bheidh urruithe leis an morgáiste áirnéise, no aon chuid den airgead san, no aon íoc úis air, gan íoc ar feadh seacht lá tar éis an lá a ceapadh leis an morgáiste áirnéise chun a íoctha, an stoc feirmeoireachta go léir a bheidh áirithe sa mhorgáiste áirnéise no aon chuid de do ghabháil agus do thógaint as cimeád éinne (seachas duine do cheannaigh é bona fide ar a luach in airgead no i gcó-ionannas airgid gan fógra d'fháil i dtaobh an mhorgáiste áirnéise) agus o aon áit (seachas talamh no áitreabh is leis an gceannathóir sin); agus

(b) chun a chur d'oblagáid ar an morgáistí an stoc feirmeoireachta go léir do ghaibh agus do thóg sé fén morgáiste áirnéise do dhíol chó tapaidh agus a bheidh san caothúil do agus tora an díola san do chur chun no mar chabhair chun an t-airgead colna agus an t-ús atá urruithe leis an morgáiste áirnéise d'íoc agus barrachas (más ann do) an tora san d'íoc leis an morgáisteoir no le n-a ionadaí no le n-a shannaí dlíthiúil; agus

(c) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir aon stoc feirmeoireachta a bheidh áirithe sa mhorgáiste áirnéise do dhíol gan fógra trí lá ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn don mhorgáistí go bhfuil sé chun é dhíol agus chun a thoirmeasc air aon chuid den stoc fheirmeoireachta san do dhíol ar níos lú ná praghas cothrom réasúnta; agus

(d) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir pé uair a dhíolfa sé aon chuid den stoc fheirmeoireachta a bheidh áirithe sa mhorgáiste áirnéise, fógra i scríbhinn do thabhairt láithreach don mhorgáistí i dtaobh an díola san maraon le pé mion-innste ar an díol san a éileoidh an morgáistí agus tora an díola san no pé méid de is gá chun íoctha an airgid cholna agus an úis atá gan aisíoc ar urrús an mhorgáiste áirnéise d'íoc leis an morgáistí no neachtar acu an tora san d'úsáid ar pé slí eile d'údaruigh an morgáistí roimh ré; agus

(e) chun a chur i dtuisgint gur dineadh cumhnant ar thaobh an mhorgáisteora, a oighrí, a sheiceadúirí agus a riarthóirí, leis an morgáistí an t-airgead colna agus an t-ús a hurruítear leis an morgáiste d'íoc leis an morgáistí ar na huaire agus sa tslí a ceaptar leis an morgáiste áirnéise; agus

(f) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir an stoc feirmeoireachta a bheidh áirithe sa mhorgáiste áirnéise do chimeád sábhálta agus (lasmuich de chás dá n-údaruíonn an morgáiste áirnéise no an morgáistí a mhalairt no in ar gá é i gcóir aon díola dhleathaigh a beifear ar aigne a dhéanamh) gan an stoc feirmeoireachta san d'aistriú óna fheirm.

(2) Má dhineann agus pé uair a dhéanfidh an morgáisteoir sárú (tré ghníomh no tré fhaillí) ar aon fhoráil a bheidh i dtuisgint i morgáiste áirnéise áirithe de bhua an ailt seo (seachas an cumhnant go n-íocfar an t-airgead colna agus an t-ús a hurruítear leis an morgáiste áirnéise sin) tiocfidh iomlán an airgid cholna a hurruítear leis an morgáiste áirnéise sin chun bheith agus beidh sé láithreach iníoctha d'ainneoin éinní ina choinnibh sin sa mhorgáiste áirnéise sin.

Oibriú agus éifeacht morgáistí áirnéise so-ghluaiste.

27. —(1) Faid a bheidh morgáiste áirnéise so-ghluaiste cláruithe go cuibhe fén Acht so agus a fhanfidh aon airgead gan aisíoc ar scór colna no úis ar a urrús, agus ná beidh sé tagtha chun bheith do-ghluaiste mar a foráltar anso ina dhiaidh seo, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige—

(a) chun muirear siúlach aistritheach den airgead cholna agus den ús a hurruítear leis do chruthnú ar an stoc feirmeoireachta go léir a bheidh o am go ham ar an bhfeirm le n-a mbaineann an morgáiste áirnéise (agus dá ngairmtear an fheirm anso ina dhiadh seo); agus

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir aon chuid den stoc fheirmeoireachta a bheidh ar an bhfeirm aon uair do dhíol ar aon tslí eile seachas i ngnáth-chúrsa feirmeoireachta; agus

(c) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir an stoc feirmeoireachta a bheidh ar an bhfeirm o am go ham do chimeád ar leibheul luacha is có-ionann (chó gairid do agus is féidir é ag cuimhneamh ar an ngnáth-chúrsa feirmeoireachta) le luach an stuic fheirmeoireachta a bhí ar an bhfeirm ar dháta an mhorgáiste áirnéise; agus

(d) pé uair a dhíolfidh an morgáisteoir aon chuid den stoc fheirmeoireachta a bheidh ar an bhfeirm de thurus na huaire, chun a chur d'oblagáid air pé cuid (más ann di) de thora an díola san a éileoidh an morgáistí d'íoc leis an morgáistí chun an t-airgead colna a hurruítear leis an morgáiste áirnéise agus aon ús a bheidh dlite air do laigheadú no do ghlana, agus chun a bhronna mar cheart ar an morgáisteoir tora iomlán an díola san no aon chuid de d'íoc leis an morgáistí chun an t-airgead colna agus an t-ús san do laigheadú no do ghlana.

(2) Pé uair a bheidh an t-airgead colna a hurruítear le morgáiste áirnéise so-ghluaiste no aon chuid den airgead san gan íoc ar feadh mí tar éis an dáta a ceapadh leis an morgáiste áirnéise chun a íoctha, no a bheidh ús éigin a hurruítear le morgáiste áirnéise so-ghluaiste i riaráiste agus gan íoc ar feadh dhá mhí tar éis do teacht dlite, no a bheidh an morgáisteoir tar éis sárú (tré ghníomh no tré fhaillí) do dhéanamh ar fhoráil éigin atá i morgáiste áirnéise so-ghluaiste no atá i dtuisgint ann de bhua an ailt seo (lasmuich de chumhnant go n-íocfar an t-airgead colna no an t-ús a hurruítear leis), féadfidh an morgáistí fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an morgáisteoir á fhaisnéis go bhfuil an morgáiste áirnéise so-ghluaiste sin tar éis teacht chun bheith do-ghluaiste agus leis sin tiocfidh an morgáiste áirnéise so-ghluaiste sin chun bheith agus beidh sé do-ghluaiste do réir bhrí an ailt seo.

(3) Nuair a thiocfidh morgáiste áirnéise so-ghluaiste chun bheith do-ghluaiste oibreoidh an morgáiste áirnéise sin agus beidh éifeacht aige as san amach mar mhorgáiste áirnéise áirithe ar an stoc feirmeoireachta go léir atá ar an bhfeirm le linn seirbheála an fhógra á fhaisnéis go bhfuil an morgáiste áirnéise sin tar éis teacht chun bheith do-ghluaiste agus na forálacha den Acht so a bhaineann le hoibriú agus le héifeacht mhorgáiste áirnéise áirithe bainfid leis an gcás dá réir sin.

(4) Faid a bheidh morgáiste áirnéise so-ghluaiste cláruithe go cuibhe fén Acht so oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige chun a chur i dtuisgint gur dineadh cumhnant ar thaobh an mhorgáisteora, a oighrí, a sheiceadiúirí, agus a riarthóirí, leis an morgáistí an t-airgead colna agus an t-ús a hurruítear leis an morgáiste áirnéise d'íoc leis an morgáistí ar na huaire agus sa tslí a ceaptar leis an morgáiste áirnéise.

Conus a bheidh tosach ag morgáistí áirnéise.

28. —(1) Beidh tosach ag morgáistí áirnéise do réir na dtráthanna ina gclárófar no ina gcéad-chlárófar (pe'ca aca é) iad fé seach fén Acht so.

(2) Beidh morgáiste áirnéise áirithe, ar aon stoc feirmeoireachta a bheidh ar dháta an mhorgáiste áirnéise sin ar fheirm le n-a mbaineann roimh-mhorgáiste áirnéise so-ghluaiste an uair sin, gan bhrí gan éifeacht faid a bheidh, ach ní níos sia ná an fhaid a bheidh, aon airgead colna no ús gan aisíoc ar urrús an mhorgáiste áirnéise so-ghluaiste sin.

(3) Má leanann agus faid a leanfidh bille díola a dineadh roimh rith an Achta so de bheith dleathach agus infheidhmithe fé sna Bills of Sale Acts, 1879 and 1883, beidh tosach aige ar mhorgáiste áirnéise.

(4) Ní tuigfar stoc feirmeoireachta atá áirithe i morgáiste áirnéise áirithe no i morgáiste áirnéise so-ghluaiste a bheidh tagtha chun bheith do-ghluaiste do bheith i seilbh ná fé ordú ná i gcomhachta an mhorgáisteora do réir bhrí an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, ná do réir bhrí aon Achta le n-a ndintar an tAcht san d'atharú no do leasú.

Morgáiste áirnéise do nochta d'fhiachéilitheóir.

29. —(1) Gach duine (dá ngairmtear an féicheamh anso ina dhiaidh seo) a bheidh á iarraidh ar dhuine eile (dá ngairmtear an fiach-éilitheoir anso ina dhiaidh seo) cáirde do thabhairt do no leanúint de cháirde do thabhairt do, beidh sé d'oblagáid air a nochta don fhiach-éilitheoir i scríbhinn (má éilíonn an fiachéilitheoir i scríbhinn air é dhéanamh) ce'ca tá morgáiste áirnéise ann no ná fuil maidir le haon chuid de stoc fheirmeoireachta an fhéichimh, agus fós mion-innste gach morgáiste áirnéise den tsórt san (más ann d'aon cheann).

(2) Ní nochtfidh aon fhiach-éilitheoir aon eolas a thabharfidh an féicheamh do do réir an ailt seo ach amháin sa mhéid gur gá no cur ceart an nochta san chun crícheanna cúisimh fén alt so no chun imeachta dlí do bhunú no do stiúrú chun airgead a bheidh ag an bhfiach-éilitheoir ar an bhféicheamh do bhaint amach.

(3) Gach éinne dhéanfidh ráiteas i scríbhinn do réir an ailt seo agus a fhios aige é bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach agus gach éinne a nochtfidh, contrárdha don alt so, aon eolas do tugadh do do réir an ailt seo, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gcointú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur ortha.

Ráiteas ón abhar mhorgáisteora ar na fiacha atá air.

30. —(1) Pé uair a aontóidh feirmeoir (dá ngairmtear an t-abhar morgáisteora anso ina dhiaidh seo) morgáiste áirnéise (dá ngairmtear an morgáiste áirnéise beartuithe anso ina dhiaidh seo) do dhéanamh agus a aontóidh an Chorparáid no banc admhuithe (dá ngairmtear an t-abhar morgáistí anso ina dhiaidh seo) an morgáiste sin do ghlaca, tabharfidh an t-abhar morgáisteora don abhar mhorgáistí ráiteas i scríbhinn á rá ce'ca tá no ná fuil sé i bhfiacha an uair sin ag an gCorparáid no ag aon bhanc admhuithe (dá ngairmtear an sean-fhiach-éilitheoir anso ina dhiaidh seo) agus, má tá sé i bhfiacha amhlaidh, cad is ainm don tsean-fhiachéilitheoir.

(2) Má abrann an t-abhar morgáisteora sa ráiteas san go bhfuil sé i bhfiacha amhlaidh cuirfidh an t-abhar morgáistí tríd an bpost chun an tsean-fhiach-éilitheora fógra i scríbhinn á rá go bhfuil an t-abhar morgáistí ar aigne morgáiste áirnéise do ghlaca ón abhar morgáisteora, agus má theipeann ar an abhar morgáistí an fógra san do chur chun siúil amhlaidh no má dintar an morgáiste áirnéise beartuithe laistigh de sheacht lá tar éis an lá a cuirfar an fógra san chun siúil amhlaidh, tuigfar an morgáiste áirnéise beartuithe do bheith calaoiseach agus gan bhrí i gcoinnibh éilithe an tsean-fhiach-éilitheora.

(3) Má dintar morgáiste áirnéise gan an ráiteas san do bheith tugtha ag an abhar morgáisteora don abhar mhorgáistí agus go raibh an morgáisteoir, ar dháta an mhorgáiste áirnéise sin, i bhfiacha ag an gCorparáid no ag banc admhuithe, tuigfar, má bhí an t-abhar morgáisteora i bhfiacha ag an gCorparáid amhlaidh agus nách í an Chorparáid an morgáistí, tuigfar an morgáiste áirnéise sin do bheith calaoiseach agus gan bhrí i gcoinnibh éilithe na Corparáide agus, má bhí an t-abhar morgáisteora i bhfiacha ag aon bhanc admhuithe amhlaidh, tuigfar an morgáiste áirnéise sin do bheith calaoiseach agus gan bhrí i gcoinnibh éilithe gach bainc admhuithe (seachas an morgáistí) ag á raibh an t-abhar morgáisteora i bhfiacha amhlaidh.

(4) Gach éinne dhéanfidh ráiteas i scríbhinn do réir an ailt seo agus a fhios aige é bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, pian-tseirbhís ar feadh trí mblian no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

An éifeacht a bheidh ag morgáistí áirnéise maidir le horduithe feidhmiúcháin.

31. —(1) Ní dhéanfidh morgáiste áirnéise tiarna talmhan a bheidh ag gabháil earraí in éiric cíosa, ná oifigeach a bheidh údaruithe go cuibhe agus a bheidh ag gabháil no ag tógaint earraí fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, ná ráta-bhailitheoir a bheidh ag gabháil earraí in éiric rátaí, do chosc ná do shriana o aon stoc feirmeoireachta a bheidh áirithe sa mhorgáiste sin no dá ndéanfa sé deifir do ghabháil go dleathach, ná cosc ná srian do chur le haon stoc feirmeoireachta den tsórt san do ghabháil agus do dhíol go dleathach fé ordú fheidhmiúcháin a tugadh amach chun feidhmiú do dhéanamh ar bhreithiúntas no ar ordú go n-íocfí airgead a bheidh dlite don Phrímh-Chiste, no iníoctha leis, no chun tairbhe dho, no go n-aisíocfí roimh-íocanna do híocadh amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas no an t-ús ar roimhíocanna den tsórt san no airgead a bheidh dlite do Choimisiún Talmhan na hÉireann, no iníoctha leis, fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no dlite do ráta-bhailitheoir, no iníoctha leis, ar scór rátaí do gearradh ag comhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair, no ag coimisinéirí baile, no airgead a bheidh dlite do thiarna talmhan, no iníoctha leis, ar scór cíosa.

(2) Ach amháin mar a foráltar sa bhfo-alt san roimhe seo, ní gabhfar ná ní díolfar fé ordú fheidhmiúcháin aon stoc feirmeoireachta a bheidh áirithe i morgáiste áirnéise no dá ndéanfa sé deifir mara n-íocfidh an fiach-éilitheoir, roimh an ngabháil sin, leis an bhfo-shirriam no leis an gclárathóir contae a bheidh ag feidhmiú an orduithe fheidhmiúcháin sin suim iomlán an airgid cholna agus an úis a bheidh amuich agus gan íoc an uair sin ar urrús an mhorgáiste áirnéise sin.

(3) Pé uair a íocfidh fiach-éilitheoir fén bhfo-alt san roimhe seo le fo-shirriam no le clárathóir contae an tsuim iomlán a bheidh amuich ar urrús mhorgáiste áirnéise beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) íocfidh an fo-shirriam no an clárathóir contae an tsuim sin leis an morgáistí agus glacfidh an morgáistí an tsuim sin mar ghlana ar an airgead a hurruítear leis an morgáiste áirnéise sin d'ainneoin éinní ina choinnibh sin sa mhorgáiste áirnéise sin agus go sonnrách d'ainneoin gan an t-airgead san do bheith dlite ná iníoctha an uair sin, agus

(b) cuirfar an tsuim sin leis na fiacha go bhfuil an feidhmiú indéanta fén ordú feidhmiúcháin mar gheall ortha, agus beidh éifeacht ag an ordú feidhmiúcháin sin dá réir sin.

(4) Chun a chur ar chumas an fhiach-éilitheora tairbhe do bhaint as forálacha fo-altanna (2) agus (3) den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) pé uair a éileoidh fiach-éilitheoir ordú feidhmiúcháin d'fheidhmiú ar aon stoc feirmeoireachta iniúchfidh an fo-shirriam no an clárathóir contae an clár de mhorgáistí áirnéise a bhaineann leis an gcás agus má gheibhtar, ar a dhéanamh san, go bhfuil an stoc feirmeoireachta san áirithe i morgáiste áirnéise no go mbaineann morgáiste áirnéise leis cuirfidh an foshirriam no an clárathóir contae sin in úil don fhiachéilitheoir go bhfuil an morgáiste áirnéise sin ann agus cad is dáta dho agus cad is ainm agus seola don mhorgáistí, agus

(b) ar a éileamh san air don fhiach-éilitheoir tabharfidh an morgáistí don fhiach-éilitheoir cuntas ar an méid iomlán den airgead cholna agus den ús a bheidh amuich agus gan íoc an uair sin ar urrús an mhorgáiste áirnéise.

(5) San alt so cialluíonn an focal “ordú feidhmiúcháin” an ní céanna a chialluíonn sé san Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926) , agus cialluíonn an focal “fiachéilitheoir” an té gur ar iarratas uaidh a tugtar amach ordú feidhmiúcháin.

Seachaint bhillí díola ar stoc feirmeoireachta.

32. —Gach bille díola stuic fheirmeoreachta (pe'ca bheidh aon áirnéise eile áirithe ann no ná beidh) a déanfar tar éis rithte an Achta so, beidh sé, d'ainneoin éinní atá sna Bills of Sale Acts, 1879 and 1883, gan bhrí gan éifeacht agus gan bheith ionchláruithe fé sna hAchtanna san.