Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

34 1927


Uimhir 34 de 1927.


ACHT ATHCHOMHARCANNA CÚIRTE CONTAE, 1927.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN ÉIFEACHT DO THABHAIRT DO SNA BREITHEANNA DO THUG EAMONN SUAN, K.C., NÁ MAIREANN, AR ATHCHOMHARCANNA ÁIRITHE DO hÉISTEADH AGUS DO BREITHIÚNUÍODH AIGE MAR CHOIMISINÉIR CHUN CRÍCHEANNA AN ACHTA ATHCHOMHARCANNA CÚIRTE CONTAE, 1924 , ACH NÁR FHÉAD SÉ, TOISC É D'FHÁIL BHÁIS, AN tORDÚ AG TABHAIRT ÉIFEACHTA DÁ BHREITH ORTHA DO SHIGHNIÚ. [2adh Mí na Nodlag, 1927.]

DE BHRÍ gur dineadh Eamonn Suan, K.C., ná maireann, do cheapa go cuibhe chun bheith ina Choimisinéir chun crícheanna an Achta Athchomharcanna Cúirte Contae, 1924 ( Uimh. 57 de 1924 ) agus, gach athchomharc do thuit chuige mar Choimisinéir den tsórt san le héisteacht agus le breithiúnú, gur dhin sé go cuibhe é éisteacht agus é bhreithiúnú agus a bhreith do thabhairt air:

AGUS DE BHRÍ go bhfuair Eamonn Suan, K.C., sin bás an 5adh lá d'Iúl, 1925, gan na horduithe ag tabhairt éifeachta do sna breitheanna do thug sé ar chuid áirithe de sna hathchomhairc sin do shighniú:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach socrú do dhéanamh chun go sighneofaí agus go gcríochnófaí cinn áirithe de sna horduithe sin d'fhan amhlaidh gan sighniú ag Eamonn Suan, K.C., sin:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An clárathóir contae do shighniú orduithe.

1. —(1) I gcás gach athchomhairc dá luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis seo beidh sé dleathach don té a bheidh de thurus na huaire i seilbh oifig an chlárathóra chontae a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis seo os coinne an athchomhairc sin pé ordú d'ullamhú agus do tharrac suas is dó leis is gá agus is ceart chun éifeacht do thabhairt don bhreith do thug Eamonn Suan, K.C., ná maireann, ar an athchomharc san mar Choimisinéir chun crícheanna an Achta Athchomharcanna Cúirte Contae, 1924 (Uimh. 57 de 1924) agus an t-ordú san do shighniú in ainm agus thar ceann Eamuinn Suan, K.C., sin.

(2) Gach ordú a hullamhófar, a tarraiceofar suas, agus a sighneofar ag clárathóir contae fén alt so agus dá réir beidh aige, chun gach críche, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aige dá mb'é Eamonn Suan, K.C., sin i bpearsain do shighneodh é.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Athchomharcanna Cúirte Contae, 1927 , do ghairm den Acht so.