|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 35 de 1927. | ||
[EN] |
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1927. | |
ACHT CHUN FAIDIÚ GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR AN AIMSIR ATÁ CEADÚNAISÍ ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 , LE FANÚINT I bhFEIDHM AGUS CHUN AN tALT SAN 42 DEN ACHT SAN DO LEASÚ CHUIGE SIN. [2adh Mí na Nodlag, 1927.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Faidiú ceadúnaisí fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 . |
1. —Gach ceadúnas a deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), agus a bhí i bhfeidhm ar an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1927, fanfa sé, má bhí an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta ar an 2adh lá san de Mhí na Samhna, 1927, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an 17adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, ach go dtí an dáta san leanfa sé de bheith fé réir a cheiliúrtha agus incheiliúrtha ag an Aire fé mar is dó leis agus pé uair is dó leis is ceart. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus luadh. |
2. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1927, do ghairm den Acht so agus léireofar é m1ar éinní amháin leis an Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) , agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 agus 1927, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile. |