An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM SCRÚDÓIREACHT FHOILLSEACHÁN, 1929) Ar Aghaidh (CUID II. SCRUDOIREACHT FHOILLSEACHAN.)

21 1929

ACHT UM SCRÚDÓIREACHT FHOILLSEACHÁN, 1929

CUID I.

ROIMHRAITEACH.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Dlí agus Cirt;

foluíonn an abairt “foillseachán tréimhsiúil” aon pháipeur nuachta, meaigisín, irisleabhar, no foillseachán clóbhuailte eile a foillsítear go tréimhsiúil no i gcoda no in uimhreacha;

foluíonn an focal “leabhar” gach foillseachán clóbhuailte nách foillseachán tréimhsiúil agus, lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn sé gach eagrán den leabhar san;

ní fholóidh an abairt “foillseachán tréimhsiúil” ná an focal “leabhar” irisleabhar, leabhar, ná foillseachán eile a bheidh deimhnithe ag an mBord a bheith foillsithe bona fide chun eolais no chun teagaisc do dhochtúirí leighis no do dhligheadóirí;

léireofar an focal “nea-náireach” mar fhocal a fholuíonn rud a mheabhródh mí-mhóráltacht inscine no dubháilceas mí-nádúrtha do dhuine no a ghríosfadh chuige é no is dócha a dhéanfadh in aon tslí eile den tsórt san duine do thruailliú no do chorba.