|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. SCRUDOIREACHT FHOILLSEACHAN.) | Ar Aghaidh (CUID IV. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.) |
ACHT UM SCRÚDÓIREACHT FHOILLSEACHÁN, 1929
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. TUARASGABHALA AR IMEACHTA CUIRTE. | |
[EN] |
Sriantachtaí le tuarasgabhála ar imeachta cúirte d'fhoillsiú. |
14. —(1) Ní bheidh sé dleathach— |
[EN] | (a) aon abhar nea-náireach gur dócha go ndéanfadh a fhoillsiú díobháil don mhorálas phuiblí, ná | |
[EN] | (b) aon mhion-innste nea-náireacha leighis, máinliaghachta, no fisiológachta gur dócha go ndéanfadh a bhfoillsiú díobháil don mhorálas phuiblí, | |
[EN] | do chlóbhuala ná d'fhoillsiú ná a chur fé ndeár ná a thabhairt chun críche go gclóbhuailfar no go bhfoillseofar iad maidir le haon imeachta cúirte. | |
[EN] | (2) Ní bheidh sé dleathach aon tuarasgabháil, ráiteas, tuairim ná abhar eile, ar ná maidir le haon imeachta cúirte in ar hiarradh eadarscara pósta, pósa do chur ar nea-mbrí, deighilt chúirte, no aiseag cearta an phósta do chlóbhuala ná d'fhoillsiú ná a chur fé ndeár ná a thabhairt chun críche go gclóbhuailfar no go bhfoillseofar a leithéid, ach amháin gach ceann no aon cheann de sna mion-innste seo a leanas ar na himeachta san, sa mhéid gur féidir iad do chlóbhuala agus d'fhoillsiú gan aon fho-alt eile den alt so do shárú, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ainmneacha, seolta, agus slite beatha na bpáirtithe agus na bhfínnithe, | |
[EN] | (b) an chúirt in ar trialadh agus an Breitheamh gur os a chóir a trialadh na himeachta agus ainmneacha na n-atúrnaethe agus na n-abhcóidí do bhí mar dhligheadóirí sna himeachta, | |
[EN] | (c) cuntas comair ar na cúisithe, ar na cosanta, agus ar na frith-chúisithe gur tugadh fianaise chun neartuithe leo, | |
[EN] | (d) mion-innste ar aon phuínte dlí do tarraigeadh anuas agus do pléidheadh sna himeachta agus breith na cúirte air, | |
[EN] | (e) léirmheas an Bhreithimh agus breith-thortha an ghiúiré no breith na cúirte agus an méid adubhairt an Breitheamh agus é ag tabhairt a bhreithe. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh éinní san alt so— | |
[EN] | (a) le haon phléideáil, aithscríbhinn fhianaise, no scríbhinn eile do chlóbhuala chun a húsáidthe i dtaobh aon imeachta cúirte ná le hí do chur in úil do dhaoine go mbeidh baint acu leis na himeachta, ná | |
[EN] | (b) le haon ordú, fógra, no tuarasgabháil do chlóbhuala agus d'fhoillsiú do réir orduithe na cúirte, ná | |
(c) le haon abhar do chlóbhuala no d'fhoillsiú in aon imleabhar no cuid ar leithligh d'aon tsreath bona fide de thuarasgabhála dlí nách cuid d'aon fhoillseachán eile agus ná beidh ann ach amháin tuarasgabhála ar imeachta i gcúirteanna dlí, no in aon fhoillseachán de shaghas teicniciúil a bheidh ceaptha bona fide chun a chúrsuithe imeasc dligheadóirí no dochtúirí leighis. | ||
[EN] |
Ciontaí i dtaobh tuarasgabhála ar imeachta cúirte d'fhoillsiú. |
15. —(1) Má dhineann aon duine is dílseánach, eagarthóir no foillsitheoir d'aon leabhar no foillseachán tréimhsiúil no is árdchlódóir ag clóbhuala an leabhair no an fhoillseacháin sin no má chuireann sé fé ndeár no má thugann sé chun críche no má cheaduíonn sé aon abhar, mion-aithriste, no mion-innste, i dtaobh aon imeachta cúirte, do chlóbhuala no d'fhoillsiú sa leabhar no sa bhfoillseachán san contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha na Coda so den Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile. |
[EN] | (2) Is ar agra agus in ainm an Phríomh-Atúrnae a bunófar gach cúiseamh i gcionta fén alt so. |