An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. TUARASGABHALA AR IMEACHTA CUIRTE.)

21 1929

ACHT UM SCRÚDÓIREACHT FHOILLSEACHÁN, 1929

CUID IV.

ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.

Toirmeasc ar fhoillseacháin ina moltar nithe frithgheiniúnacha.

16. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, ach fé chead agus do réir cheada i scríbhinn a bheidh deonta dho fén alt so, aon leabhar ná foillseachán tréimhsiúil (pe'ca sa chlár d'fhoillseacháin toirmeasctha dho no nách ea) a mholann no go bhféadfí do réir réasúin a cheapa go molann sé geiniúint do chosc go mí-nádúrtha, no a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint no aon mhodh, cóir no fearas d'úsáid chun críche an choisc no na tárlachtainte sin—

(a) do chlóbhuala ná d'fhoillsiú ná a chur fé ndeár ná a thabhairt chun críche go gclóbhuailfar no go bhfoillseofar a leithéid, ná

(b) é do dhíol ná é do chur ar taisbeáint, do thairisgint, ná do chimeád chun a dhíolta, ná

(c) é do scaipe ná é do thairisgint ná do chimeád chun a scaipthe.

(2) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Ní tuigfar, maidir le leabhar no foillseachán tréimhsiúil ina mbeidh fógra i dtaobh leabhair no foillseacháin tréimhsiúla a mholann no go bhféadfí do réir réasúin a cheapa go molann sé, do réir bhrí fo-alt (1) den alt so, ní no nithe dá luaidhtear sa bhfo-alt san, ní tuigfar, mar gheall ar an bhfógra san do bheith ann agus mar gheall air sin amháin, go molann sé féin éinní acu san más ar luach saothair do cuireadh isteach an fógra san agus nách ionann an fógra san féin agus éinní acu san do mhola agus ná féadfí do réir réasúin a cheapa gurb ionann.

(4) Má cúisítear i gcionta fén alt so duine go mbíonn díol no scaipe leabhar no tréimhseachán no foillseachán eile ar siúl aige mar ghnó is leor de chosaint ar an gcúiseamh san a chruthú gur i ngnáth-chúrsa an ghnótha san aige do dhin sé an gníomh adeirtar is abhar don chionta san, agus ná féadfadh sé, tré aireachas réasúnta do thabhairt, a fhios do bheith aige ná a fháil amach cad do bhí sa leabhar no sa bhfoillseachán eile gur ina thaobh a dineadh an gníomh san.

(5) Féadfidh an tAire más oiriúnach leis é, ar réasúin is dó leis is leor, cead i scríbhinn do dheona d'éinne chun gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá, aon leabhar no foillseachán tréimhsiúil 'na mbeadh a chlóbhuala, a fhoillsiú, a iomportáil, a dhíol, no a scaipe gan an cead san ina shárú ar an alt so, do chlóbhuala, d'fhoillsiú, d'iomportáil, do dhíol, do chimeád chun a dhíolta, do scaipe no do chimeád chun a scaipthe agus féadfidh an tAire aon chead den tsórt san do dheona fé réir pé coiníollacha agus teoranta (más ann dóibh) is oiriúnach leis d'fhorchur agus a luadhfa sé sa chead san.

(6) Féadfidh an tAire Puist agus Telegrafa, le hordú fén alt so, rialacháin do dhéanamh chun cosc do chur le haon leabhar no foillseachán tréimhsiúil 'na dtoirmeascthar a scaipe leis an alt so do chur ná do sheachada tríd an bpost (ar aon tslí seachas fé chead agus do réir cheada i scríbhinn do deonadh fén Acht so).

Leasú ar an Indecent Advertisements Act, 1889.

17. —(1) An tagairt atá in alt 3 den Indecent Advertisements Act, 1889, d'abhar chlóbhuailte de shaghas nea-náireach no draosta tuigfar go bhfoluíonn sí fógraí a bhaineann no a thagrann, no go bhféadfí do réir réasúin a cheapa go mbainid no go dtagraid, le héinní no d'éinní acu so a leanas, eadhon, aon ghalar a thagann ar bhaill gheiniúna fir no mná, no aon tinneas no laige a eiríonn as lánamhnas no a bhaineann leis, no cosc no deire do chur le nea-rialtachtaí i ngalar míosach, no druganna, cógaisí, fearaistí, cóir no modhanna chun a chur fé ndeár breith mhí-ionbhaidh no mí-bhreith do thárlachtaint no chun geiniúint do chosc.

(2) Einne a ciontófar ar an slí achmair i gcionta fé alt 3 den Indecent Advertisements Act, 1889, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe do chur air in ionad na bpionós a luaidhtear san alt san do chur air.

(3) Einne a ciontófar ar an slí achmair i gcionta fé alt 4 den Indecent Advertisements Act, 1889, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí do chur air in ionad na bpionós a luaidhtear san alt san do chur air.

Toirmeasc ar phictiúirí nea-náireacha do dhíol.

18. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon phictiúir neanáireach do dhíol, ná do thairisgint, do chur ar taisbeáint, ná do chimeád chun a dhíolta, ná d'iomportáil chun a dhíolta, agus gach éinne a dhíolfidh aon phictiúir nea-náireach no a thairgfidh, a chuirfidh ar taisbeáint no a chimeádfidh chun a dhíolta é no a iomportálfidh chun a dhíolta é, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí agus, in aon chás acu, dlighfar gach pictiúir nea-náireach do dhíol sé amhlaidh no do thairg sé, do chuir sé ar taisbeáint, no do chimeád sé amhlaidh chun a dhíolta do gheallbhruide.

(2) I ngach áit ina bhfuil an focal “indecent” in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, beidh an míniú agus an léiriú céanna air atá ar an bhfocal “nea-náireach” san Acht so agus léireofar an t-alt san 42 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Barántas cuardaigh i dtaobh pictiúirí nea-náireacha.

19. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche o scéala fé mhionn o oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná árd-cheannphort go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus go gcimeádtar aon phictiúirí nea-náireacha in aon fhoirgint, talamh, áitreabh no áit eile áirithe chun a ndíolta, féadfidh an Breitheamh san barántas cuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san.

(2) Déarfidh agus déanfidh barántas cuardaigh a thabharfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so a údarú d'oifigeach ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, agus pé baill eile den Ghárda Síochána is dó leis an oifigeach san is ceart ina theanta, dul isteach agus cuardach do phictiúirí nea-náireacha do dhéanamh, le héigean más gá é, sa bhfoirgint, sa talamh, san áitreabh no san áit eile áirithe roimhráite (áit a luadhfar freisin sa bharántas) aon uair laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis tabhartha amach an bharántais chuardaigh agus gach pictiúir den tsórt san a gheobhfar sa chuardach san do ghabháil agus do bhreith leis.

(3) Athghairmtear leis seo an Obscene Publications Act, 1857.

Rialacháin.

20. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú gach ceann no aon cheann de sna nithe agus de sna rudaí seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh agus an fhuirm ina ndéanfar gearáin leis an Aire fén Acht so,

(b) nós-imeachta an Bhúird um Scrúdóireacht Fhoillseachán agus na fuirmeacha a úsáidfid chun crícheanna an Achta so,

(c) éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ag an Aire tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

21. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.