25 1929


Uimhir 25 de 1929.


ACHT CÓIPCHIRT (BUANÚ), 1929.


ACHT CHUN GACH CÓIPCHEART DO BHÍ AR MARTHAIN AR AN 5adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1921, I RÍOCHT AONTUITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS NA hÉIREANN DO BHÍ ANN LE DÉANAÍ DO BHUANÚ I SAORSTÁT ÉIREANN. [24adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Cóipchirt roimh an gConnra do bhuanú.

1. —Gach cóipcheart a bhí ar marthain, ar an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí, fén Copyright Act, 1911, no dá bhua, no fé aon Ordú no de bhua aon Ordú a dineadh fén Acht san, beidh sé (in ainneoin éinní atá san Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) , ach fé réir forálacha an Achta so) ar marthain agus tuigfar go raibh sé riamh ar marthain i Saorstát Éireann chó hiomlán ar gach slí, pe'ca maidir le faid, le feidhm, le héifeacht, le teorainn, le holbliogáid no le héinní eile in aon chor, agus bheadh sé ar marthain amhlaidh dá mbeadh riamh agus anois agus dá leanfadh ina dhiaidh seo lán-fheidhm agus lán éifeacht i Saorstát Éireann ag an Copyright Act, 1911, agus ag gach Ordú a dineadh fé agus a bhí i bhfeidhm an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.

Cóipchirt roimh an gConnra d'aistriú agus do thuitim chun duine eile.

2. —Gach cóipcheart adeir an tAcht so atá ar marthain no go dtuigfar do réir an Achta so go raibh sé ar marthain i Saorstát Éireann is féidir agus tuigfar gurbh fhéidir riamh, o bunuíodh Saorstát Éireann, é d'aistriú no deighleáil leis ar shlí eile tré ghníomh inter vivos no tré uacht agus é do thuitim no do theacht ar shlí eile tré ghníomh dlí chun duine eile (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin é) chó hiomlán ar gach slí agus dob fhéidir é d'aistriú no deighleáil leis ar shlí eile agus é do thuitim no do theacht ar shlí eile chun duine eile amhlaidh dá mbeadh riamh agus anois agus dá leanadh in a dhiaidh seo lán-fheidhm agus lánéifeacht i Saorstát Éireann ag an Copyright Act, 1911, agus ag gach Ordú a dineadh fé agus a bhí i bhfeidhm an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.

Oibriú an Copyright Act, 1911, agus Orduithe a dineadh fé.

3. —Sa mhéid gur gá é chun go mairfadh i Saorstát Éireann, fén Acht so agus dá réir, na cóipchirt adeir an tAcht so atá ar marthain no go dtuigfar do réir an Achta so go rabhadar ar marthain i Saorstát Éireann agus chun go mba fhéidir, fén Acht so agus dá réir, iad d'aistriú no deighleáil leo ar shlí eile agus iad do thuitim no do theacht ar shlí eile chun duine eile, agus ní chun aon chríche eile agus ní níos sia ná san ná ar aon tslí eile, tuigfar (in ainneoin éinní atá san Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ) go raibh riamh agus go bhfuil anois agus go leanfidh ina dhiaidh seo lán-fheidhm agus lán-éifeacht i Saorstát Éireann ag an Copyright Act, 1911, agus ag gach Ordú a dineadh fé agus a bhí i bhfeidhm an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.

Toirmeasc ar leighiseanna ar sháruithe atá déanta cheana.

4. —In ainneoin éinní atá san Acht so ní féadfar aon leigheas ná faoiseamh, pe'ca i bhfuirm damáiste, coise, costaisí, caiteachais ná eile, do bhaint amach ná do dheona i dtaobh ná ar scór sárú a dineadh i Saorstát Éireann, roimh rith an Achta so, ar chóipcheart adeir an Acht so atá ar marthain no go dtuigfar do réir an Achta so go raibh sé ar marthain i Saorstát Éireann.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Cóipchirt (Buanú), 1929 , do ghairm den Acht so.