|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGID, 1929
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Basa an Chainmheasa chun Canach Ioncuim d'Atharu. | |
[EN] |
Cáinmheas ar mhaoin áirithe fé Chás I. de Sceideal D. |
8. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, beidh cáin ioncuim maidir leis an maoin sna tailte, sna tionóntacháin, sna hionoighreachtaí no sna hoighreachtaí atá luaidhte sa chéad cholún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh sí ionmhuirir fén gCás de Sceideal D atá luaidhte sa dara colún den Chuid sin I den Chéad Sceideal san, agus na Rialacha a bhaineann leis an gcás san bainfid leis an scéal dá réir sin fé mar a leasuítear leis an Acht so iad, ach fé réir na bhforálacha atá sa tríú colún den Chuid sin I den Chéad Sceideal san. |
[EN] | (2) In ainneoin éinní atá san alt so déanfar ailt 37 agus 39 den Income Tax Act, 1918, agus alt 30 den Finance Act, 1921 (le n-a ndintar socrú chun faoiseamh o cháin ioncuim do thabhairt do dhéarcaisí, do chara-chumainn agus do chlóluchtaí eile áirithe) do léiriú agus beidh éifeacht acu fé is dá dtárluíodh d'aon cháin ioncuim is ionmhuirir de bhua an ailt seo fé Sceideal D in ionad fé Sceideal A go bhfanfadh sí ionmhuirir fé Sceideal A. | |
[EN] | (3) In aon chás ina bhfeicfar do sna Coimisinéirí Ioncuim é bheith riachtanach no ceart féadfar, in ainneoin éinní atá san alt so, aon tailte, tionóntachán, ionoighreachta, no oighreacht le n-a mbaineann fo-alt (1) den alt so do cháinmheas agus do mhuirearú fé Uimh. 1 de Sceideal A. | |
[EN] |
Cáinmheas fé Sceideal D ar phroifit na bliana caithte. |
9. —(1) Na hachtacháin sin sna hAchtanna Cánach Ioncuim le n-a socruítear go ndéanfar cáin ioncuim fé Sceideal D d'áireamh i gcásanna áirithe do réir mhéid iomlán iarmhéid na bproifit no na sochar do réir mheán tréimhse trí mblian no tréimhse is giorra ná trí bliana, scuirfid d'éifeacht do bheith acu, agus aon cháin ioncuim, ar phroifití no ar shochair, is ionmhuirir fé Chás I no fé Chás II de Sceideal D, agus do háireofaí mar adubhradh mara mbeadh an t-alt so, déanfar, fé réir forálacha an Achta so agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, í d'áireamh do réir mhéid iomlán proifit no sochar na bliana roimh bhliain an cháinmheasa. |
[EN] | (2) In ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, déanfar aon duine is ionchurtha fé cháin ioncuim ar phroifití no ar shochair aon chéirde, gairme no slí bheatha a bunuíodh no ar ar tosnuíodh laistigh den bhliain roimh bhliain an cháinmheasa do chur fé cháin ioncuim do réir mhéid iomlán na bproifit no na sochar in aghaidh aon bhliana amháin o am an bhunuithe no an tosnuithe sin, ach beidh teideal aige, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire cánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deire bliain an cháinmheasa, é do chur fé cháin ioncuim do réir mhéid proifit no sochar bliain an cháinmheasa. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le háireamh do dhéanamh ar phroifití no ar shochair is ionchurtha fé cháin fé Chás VI. de Sceideal D no do réir na Rialacha a bhaineann leis an gCás san, ach leasófar Riail 2 de sna Rialacha san i dtreo go socrófar ná déanfar in aon chás proifití no sochair is ionchurtha fé cháin amhlaidh d'áireamh do réir mheáin tréimhse is sia ná bliain. | |
[EN] |
Ioncum is ionmhuirir fé Chás III. de Sceideal D. |
10. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, tuigfar, chun na gcrícheanna uile a bhaineann le fiachas i gcáin ioncuim do dhéanamh amach, ioncum no proifití is ionchurtha fé cháin fé Chás III. de Sceideal D, mar a cuirtar leis tré alt 11 den Acht so, do theacht as bun aonair, agus bainfidh forálacha alt 17 den Finance Act, 1922, leis an scéal dá réir sin. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe seo leis an ioncum ná leis na proifití seo a leanas agus tuigfar an t-ioncum no na proifití sin do theacht as buin deifriúla fé seach, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) ioncum no proifití is ionmhuirir fé Riail 3 de Chás III. de Sceideal D, agus | |
[EN] | (ii) profití is ionmhuirir fé Riail 4 de Chás III. de Sceideal D, agus | |
[EN] | (iii) ioncum as urrúsanna agus as sealbhachaisí in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann gur gá fé Riail 2 de sna rialacha atá i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so an cháin air d'áireamh tré fhéachaint don mhéid den ioncum a fachtar i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (3) Más rud é in aon bhliain cháinmheasa, maidir le haon duine do cuireadh no is ionchurtha fé cháin ar scór ioncuim no proifití fé Chás III. de Sceideal D, fé mar a cuirtar leis tré alt 11 den Acht so, go scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh iomlán an bhuin aonair sin ioncuim no proifití a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so no i seilbh aon cheann áirithe de sna buin go n-orduítear fé fho-alt (2) den alt so an t-ioncum ortha d'áireamh ar leithligh, beidh baint ag alt 12 den Acht so (alt i dtaobh eirghe as céird, gairm no slí bheatha), fé réir na n-atharuithe riachtanacha, leis an scéal in aon chás den tsórt san fé is dá mba ionann scur de sheilbh an bhuin aonair sin no na mbun ndeifriúil sin, pe'ca aca é, agus eirghe as céird. | |
[EN] |
Ioncum as urrúsanna coigríche agus as sealbhachaisí coigríche. |
11. —Scuirfidh cáin ioncuim de bheith ionmhuirir fé Chásanna IV. agus V. de Sceideal D fé seach ar an ioncum a luaidhtear sa chéad cholún de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh sí ionmhuirir fén gcás de Sceideal D a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin II. den Chéad Sceideal san agus na rialacha a bhaineann leis an gcás san, maraon leis na forálacha den Acht so le n-a leasuítear na Rialacha san, bainfid leis an scéal dá réir sin, ach san fé réir na bhforálacha atá sa tríú colún den Chuid sin II. den Chéad Sceideal san. |
[EN] |
Eirghe as ceárda, etc. |
12. —(1) Má eirítear go buan as céird, gairm no slí bheatha in aon bhliain cháinmheasa, ansan, in ainneoin éinní atá san Acht so— |
[EN] | (a) déanfar an duine do cuireadh no is ionchurtha fé cháin ar a scór do chur fé cháin in aghaidh na bliana san do réir mhéid proifit no sochar na tréimhse dar tosach an 6adh lá d'Abrán na bliana san agus dar críoch dáta an eirghe-as, fé réir aon laigheaduithe no cur-igcoinnibh chun a mbeidh teideal aige fén alt den Acht so ina ndintar socrú chun faoiseamh do thabhairt i dtaobh cailliúintí áirithe no fé Riail 13 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D, agus, má cuireadh fé cháin é ar shlí eile seachas do réir na míre seo, aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh, no féadfar cáinmheas breise do dhéanamh air, fé mar is gá sa chás; | |
[EN] | (b) más mó proifití no sochair na bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán na bliana roimh an mbliain cháinmheasa in ar heiríodh as an gcéird ná an méid 'nar muirearadh an duine dá réir in aghaidh na bliana san roimhe sin, na 'na muirearófaí é dá réir dá mba é ná lomhálfaí aon laigheadú ná cur-i-gcoinnibh den tsórt san roimhráite, féadfar cáinmheas breise do dhéanamh air i dtreo go muirearófar é in aghaidh na bliana san roimhe sin do réir mhéid proifit no sochar na bliana san dar críoch an 5adh lá d'Abrán, fé réir aon laigheaduithe no cur-i-gcoinnibh den tsórt san roimhráite chun a mbeidh teideal aige. | |
[EN] | (2) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh sé, fén alt so, chun bheith ionchurtha fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadiúirí no ar a riarthóirí, agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as. | |
[EN] |
Leasú ar Riail 11 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D. |
13. —(1) Cuirfar an méid seo a leanas in ionad Riail 11 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D:— |
[EN] | “11.—(1) Más rud é, aon am tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1931, go dtiocfidh i bpáirtnéireacht daoine a bheidh ag gabháil d'aon chéird, gairm no slí bheatha, atharú de dheascaibh duine no níos mó de sna páirtnéirí d'eirghe as no d'fháil bháis, no de dheascaibh an pháirtnéireacht do scur maidir le duine no níos mó de sna páirtnéirí no maidir le páirtnéir nua do leigint isteach agus san i slí go leanfidh duine no níos mó de sna daoine a bhí go dtí san ag gabháil don chéird, don ghairm no don tslí bheatha de bheith ag gabháil di, no go leanfidh duine a bhí go dtí san ag gabháil d'aon chéird, gairm no slí bheatha ina aonar de bheith ag gabháil di, ach gur mar pháirtnéir i bpáirtnéireacht a leanfa sé dhe, déanfar, in ainneoin an atharuithe, an cháin is iníoctha ag an duine no ag na daoine go mbeidh an cheárd, an ghairm no an tslí bheatha ar siúl acu tar éis an ama san d'áireamh (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an riail seo) do réir phroifit no sochar na céirde, na gairme no na slí bheatha i rith na tréimhse a horduítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfidh na daoine uile do bhí ag gabháil don chéird, don ghairm no don tslí bheatha díreach roimh an atharú agus díreach ina dhiaidh a éileamh, tré fhógra a bheidh sighnithe acu uile no, i gcás duine ná maireann, ag a ionaduithe dlíthiúla do chur chun an chigire chánach laistigh de thrí mhí tar éis an t-atharú do theacht, go ndéanfaí an cháin is iníoctha in aghaidh gach bliana cáinmheasa d'áireamh fé is dá n-eirítí as an gcéird, as an ngairm no as an slí bheatha ar dháta an atharuithe, agus fé is dá ndintí ansan ceárd no gairm no slí bheatha nua do bhunú no do thosnú, agus go ndéanfaí muirear agus íoc na cánach a háireofar amhlaidh in aghaidh aon bhliana do chur ar na daoine sin díobh ar a gcuirfí an cháin dá mbeifí tar éis an t-eirghe-as san agus an bunú no an tosnú san do dhéanamh, déanfar (in ainneoin éinní atá anso roimhe seo) an cháin d'áireamh, do mhuirearú, do bhailiú agus d'íoc dá réir sin. | |
[EN] | (3) Más rud é, aon am tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1931, go dtiocfidh aon duine i seilbh aon chéirde, gairme no slí beatha a bhí ar siúl go dtí san ag duine eile agus nách cás é le n-a mbaineann mír (1) den riail seo, déanfar an cháin is iníoctha in aghaidh gach bliana cáinmheasa ag an duine a thiocfidh i seilbh mar adubhradh d'áireamh fé is dá ndineadh sé an cheárd, an ghairm no an tslí bheatha do bhunú no do thosnú an t-am san, agus déanfar an cháin is iníoctha in aghaidh gach bliana cáinmheasa ag an duine go raibh an cheárd, an ghairm no an tslí bheatha ar siúl aige go dtí san d'áireamh fé is dá mbeifí tar éis eirghe aisti. | |
[EN] | Sa mhír seo foluíonn tagairt do dhuine tagairt do pháirtnéireacht. | |
[EN] | (4) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh sé, fé fhoráil na rialach so, chun bheith ionchurtha fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadiúirí no ar a riarthóirí, agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as.” | |
[EN] | (2) I gcás inar tugadh faoiseamh fé Riail 11 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D ar scór laigheadú do tháinig ar phroifit no ar shochar ar chúis áirithe éigin o am no de dheascaibh atharuithe i bpáirtnéireacht daoine a bhí ag gabháil d'aon chéird no gairm no o am no de dheascaibh teacht-i-seilbh céirde no gairme, atharú no teacht-i-seilbh a thárla laistigh den bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, ansan, an duine no na daoine a bheidh, tar éis an atharuithe no an teacht-i-seilbh, ionchurtha fé cháin ar scór proifit no sochar na céirde no na gairme beidh teideal acu, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire cánach ar dháta nách déanaí ná an 5adh lá de Dheire Fomhair, 1932, iad do chur fé cháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, fé is dá ndintí an cheárd no an tslí bheatha do bhunú no do thosnú ar dháta an atharuithe no an teacht-i-seilbh roimhráite, agus má híocadh an cháin a cuireadh ortha aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh. | |
[EN] | (3) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh an 6adh lá d'Abrán, 1931. | |
[EN] |
Faoiseamh i dtaobh cailliúintí áirithe. |
14. —(1) I gcás ina dtárlóidh cailliúint (a bheidh le háireamh sa tslí chéanna ina n-áireofaí proifití no sochair fé sna rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D) do dhuine in aon chéird, gairm no slí bheatha a bheidh ar siúl aige, ina aonar no i bpáirtnéireacht, cailliúint nár tugadh faoiseamh iomlán ina taobh fé alt 34 den Income Tax Act, 1918 (alt a bhaineann le faoiseamh i dtaobh cailliúintí áirithe), ná fé Riail 13 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D (le n-a ndintar socrú chun cailliúintí do chur i gcoinnibh proifit no sochar i gcéird áirithe) ná fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim, féadfa sé a éileamh go ndéanfaí aon pháirt den chailliúint nár tugadh faoiseamh ina taobh amhlaidh do bhreith ar aghaidh agus, chó fada agus is féidir é, í do bhaint de mhéid na bproifit no na sochar no í do chur i gcoinnibh méide na bproifit no na sochar 'na gcáinmheasfar é dá réir fé Sceideal D i dtaobh na céirde, na gairme no na slí beatha san in aghaidh na sé mblian cáinmheasa ina dhiaidh sin, ach má tugadh agus sa mhéid gur tugadh faoiseamh i dtaobh aon chailliúna d'aon duine fén alt so ní bheidh an duine sin i dteideal faoiseamh d'éileamh i dtaobh na cailliúna san fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim. |
[EN] | (2) Nuair a beifear ag cur an ailt seo i mbaint le cailliúint do thárla do pháirtnéir i bpáirtnéireacht tuigfar, i dtaobh aon bhliana, gurb é brí atá leis an abairt “méid na bproifit no na sochar 'na gcáinmheasfar é dá réir” ná páirt den mhéid 'na gcáinmheasfar an pháirtnéireacht dá réir fé Sceideal D i dtaobh na céirde, na gairme no na slí beatha, pé páirt a bheadh air, fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, a chur i gcuntas ar a ioncum iomlán in aghaidh na bliana san. | |
[EN] | (3) Déanfar aon fhaoiseamh fén alt so do thabhairt, chó fada agus is féidir é, ón gcéad cháinmheas eile in aghaidh aon bhliana laistigh de sna sé bliana san ina dhiaidh sin, agus, sa mhéid nách féidir é do thabhairt amhlaidh, ansan tabharfar é ón gcéad cháinmheas eile den tsórt san agus mar sin de. | |
[EN] | (4) Má thárluíonn cailliúint— | |
[EN] | (a) do dhuine i seilbh coillte, agus, dá ndineadh sé proifit, go mbeadh sé, de dhruim é do dhéanamh rogha fé Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal B, ionchurtha fé cháin fé Sceideal D in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin agus í áirmhithe do réir mhéid na proifite sin, no | |
[EN] | (b) do dhuine i seilbh tailte agus, dá ndineadh sé proifit, go mbeadh sé, de dhruim é do dhéanamh rogha fé Riail 5 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal B, ionchurtha fé cháin fé Sceideal D in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin agus í áirmhithe do réir mhéid na proifite sin; | |
[EN] | bainfidh an t-alt so leis an scéal i slí is go dtabharfa sé faoiseamh i dtaobh na cailliúna san sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna is dá mba chailliúint do thárlódh i gcéird í: | |
[EN] | Ach má dintar, in aghaidh aon bhliana tar éis na bliana ina dtárlóidh an chailliúint, an duine dar thárla an chailliúint do cháinmheas fé Sceideal B i dtaobh bheith i seilbh na dtailte a bheidh i gceist ní déanfar i dtaobh na cailliúna san aon laigheadú ná cur-i-gcoinnibh den tsórt san roimhráite do lomháil in aghaidh na bliana san ná in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (5) Raghaidh forálacha an ailt seo chó fada san go mbainfid le cailliúint a thárla sa bhliain dar críoch an 5adh lá d'Abran, 1930, no, más rud é gurb é an nós cuntaisí na céirde, na gairme no na slí beatha do dhéanamh suas, sa bhliain go dtuigfí ina taobh, fén gcéad alt eile ina dhiaidh seo den Acht so, gurb í an bhliain roimh an mbliain dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, í. | |
[EN] |
Tréimhse chun proifití agus sochair d'áireamh. |
15. —(1) Más rud é, i gcás aon chéirde, gairme no slí beatha no i gcás sealbhaíochta aon talmhan a sealbhuítear ar fad no nách mór ar fad i gcóir feirmeoireachta no i gcás sealbhaíochta aon choillte, gurb é an nós cuntaisí do dhéanamh suas:— |
[EN] | (a) marar dineadh ach aon chuntas amháin suas go dtí dáta laistigh den bhliain roimh bhliain an cháinmheasa, agus gur cuntas in aghaidh tréimhse bliana é sin, tuigfar, i dtaobh proifit no sochar na bliana dar críoch an dáta san, gurb iad proifití no sochair na bliana roimh bhliain an cháinmheasa iad; | |
[EN] | (b) marar dineadh aon chuntas in aghaidh tréimhse bliana suas go dtí dáta laistigh den bhliain roimh bhliain an cháinmheasa, no má dineadh níos mó ná aon chuntas amháin suas go dtí dátaí laistigh den bhliain sin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim cadé an tréimhse de dhá mhí dhéag go dtuigfar gurb í an bhliain í go dtuigfar i dtaobh a proifit no a sochar gurb iad proifití no sochair na bliana roimh bhliain an cháinmheasa iad. | |
[EN] | (2) I gcás na Coimisinéirí Ioncuim do bheith tar éis breith do thabhairt fé mhír (b) den fho-alt san roimhe seo den alt so agus go bhfeicfar dóibh gur cheart, dá druim, an cháin in aghaidh na bliana cáinmheasa deiridh roimhe sin (nár bhliain roimh an mbliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930) ar na proifití no ar na sochair as an mbun gcéanna d'áireamh do réir phroifit no sochar tréimhse có-réire, féadfid orduithe sa chéill sin do thabhairt agus déanfar cáinmheas no cáinmheas breise no aisíoc cánach dá réir sin. | |
[EN] | (3) Luighfidh athchomharc i gcoinnibh aon cháinmheasa no cáinmheasa bhreise no maidir le haon aisíoc cánach fé fho-alt (2) den alt so, agus is chun na gCoimisinéirí Speisialta a déanfar aon athchomharc den tsórt san agus breithneoidh siad-san gach taobh den scéal agus deonfid pé faoiseamh, más ann do, is ceart, agus beidh a mbreith ina mbreith dheiridh gan aon dul tháirsi mara n-éilighidh an duine do cáinmheasadh go n-ath-éistfí a athchomharc fé alt 196 den Income Tax Act, 1918, no mara n-éileofar fén Acht san cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil air. | |
[EN] | (4) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh sé, fé fhorálacha an ailt seo, chun bheith ionchurtha fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadúirí no ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as. | |
[EN] |
Proifití do chionroinnt. |
16. —(1) Más rud é, i gcás aon phroifit no sochar is ionchurtha fé cháin fé Chás I., Cás II., Riail 4 de Chás III., no Cás VI. de Sceideal D, gur gá, chun a fháil amach cadiad na proifití no na sochair no cadiad na cailliúintí do bhí ann in aon bhliain cháinmheasa no tréimhse eile, proifití no sochair no cailliúintí aon tréimhse dar dineadh suas cuntaisí do roinnt o chéile agus do chionroinnt ar thréimhsí áirithe no aon phroifití no sochair no cailliúintí den tsórt san no aon choda cionroinnte acu do chó-shuimiú, beidh sé dleathach a leithéid sin de roinnt agus de chionroinnt no a leithéid sin de chó-shuimiú do dhéanamh. |
[EN] | (2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a chuireann teora le comhacht na gCoimisinéirí Speisialta maidir le coigeartú cáinmheasa fé Riail 9 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D. | |
[EN] | (3) Is do réir an méid mí no codán de mhíosa sna tréimhsí fé seach a déanfar aon chionroinnt fén alt so. | |
[EN] |
Atharú ar an mbása cáinmheasa do Sceideal E. |
17. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfar Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E do léiriú fé is dá gcuirtí na focail “and shall be computed on the amount of all such salaries, fees, wages, perquisites or profits whatsoever therefrom for the year preceding the year of assessment” in ionad na bhfocal “for the year of assessment.” |
[EN] | (2) Ní dhéanfidh éinní san alt so deifir don bhása cháinmheasa i gcás aon oifige no fostaíochta a bheidh ar seilbh no á feidhmiú foth-uair no o am go ham i Saorstát Éireann ag duine ná beidh buan-chomhnaí air ann. | |
[EN] | (3) Aon laigheadú ar shochar oifige a lomhálfar fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim chun cáinmheas chun cánach ioncuim fé Sceideal E d'áireamh déanfar é tré fhéachaint don méid do híocadh no do fuilingeadh in aghaidh na bliana no na coda den bhliain ar an sochar oifige gur ina thaobh a mbeidh an t-áireamh á dhéanamh. | |
[EN] | (4) Einne do cáinmheasadh agus do cuireadh fé cháin fé Sceideal E in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, i dtaobh aon oifige no fostaíochta no aon bhlianachta, pinsin, no dualgais, agus gur do réir mhéid shochar oifige na bliana san do cáinmheasadh agus do cuireadh fé cháin amhlaidh é, beidh teideal aige, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire chánach ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá de Mheitheamh, 1931, a éileamh go ndéanfaí aon cháinmheas fé Sceideal E in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, i dtaobh na hoifige no na fostaíochta san no na blianachta, an phinsin, no an dualgais sin do laigheadú go dtí méid sochar oifige na bliana deiridh sin a luaidhtear más lú an méid sin ná méid sochar oifige na bliana roimhe sin agus leis sin laigheadófar an cáinmheas amhlaidh agus aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh. | |
[EN] | (5) I gcás cánach ioncuim is ionmhuirir fé Sceideal E i dtaobh aon oifige no fostaíochta a bheidh ag éinne no i dtaobh aon bhlianachta, pinsin, no dualgais chun a mbeidh teideal ag éinne, déanfar, fé réir a bhforáltar anso ina dhiaidh seo, cáin d'áireamh— | |
[EN] | (a) maidir leis an gcéad-bhliain cháinmheasa ina mbeidh an duine i seilbh na hoifige no na fostaíochta no ina dtiocfa sé i dteideal na blianachta, an phinsin, no an dualgais, do réir mhéid a shochar oifige an bhliain sin; | |
[EN] | (b) maidir le blianta cáinmheasa ina dhiaidh sin, do réir mhéid iomlán shochar oifige na bliana roimh an mbliain cháinmheasa, ach má's sa bhliain roimh an mbliain cháinmheasa a bhí an duine i seilbh na hoifige no na fostaíochta no a tháinig sé i dteideal na blianachta, an phinsin, no an dualgais mar an gcéad uair, is do réir mhéid shochar oifige na bliana cáinmheasa a déanfar an t-áireamh. | |
[EN] | (6) Más rud é, in aon bhliain cháinmheasa, go scuirfidh duine de bheith i seilbh oifige no fostaíochta no de bheith i dteideal blianachta, pinsin no dualgais is ionchurtha fé cháin fé Sceideal E, is do réir mhéid a shochair oifige sa tréimhse dar thosach an 6adh lá d'Abrán na bliana san agus dar chríoch dáta an scuir a cuirfar fé cháin é in aghaidh na bliana san agus, má cuireadh fé cháin é ar shlí eile seachas do réir na forála so, aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh, no féadfar cáinmheas breise do dhéanamh, fé mar is gá sa chás. | |
[EN] | (7) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh cáin chun bheith ionchurtha air in aghaidh aon bhliana fé réir forálacha an chéad fho-ailt roimhe seo den alt so, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadúirí no ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as. | |
[EN] | (8) Má scuireann éinne de bheith i seilbh oifige no fostaíochta fé chuideachtain bhóthair iarainn no de bheith i dteideal aon phinsin a íocann cuideachta bhóthair iarainn, déanfar pé cuid d'aon cháin do cáinmheasadh agus do cuireadh ar an gcuideachtain fé Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E i dtaobh na hoifige, na fostaíochta, no an phinsin sin agus nách féidir a bhaint as sochar oifige, do bhailiú agus do thógaint ón duine sin, no o n-a sheiceadúirí no o n-a riarthóirí, do réir mar bheidh, fé is dá mbeadh seisean no iad-san ionchurtha fén gcáin sin agus go gcuirfí air-sean no ortha-san í. | |
[EN] | (9) Bainfidh alt 8 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), (alt le n-a socruítear i dtaobh faoisimh ar scór earráide no dul amú) le cáin do héilíodh fé cháinmheas chun cánach ioncuim do dineadh fé Sceideal E fé mar a bhaineann sé le cáin do héilíodh fé cháinmheas chun cánach ioncuim do dineadh fé Sceideal D. | |
[EN] | (10) Scuirfidh Rialacha 2, 3 agus 5 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E d'éifeacht do bheith acu maidir le cáinmheasa fén Sceideal san 'na ndéanfidh an t-alt so deifir don bhása cháinmheasa a bhaineann leo. | |
[EN] | (11) San alt so cialluíonn an abairt “sochar oifige” gach aon tuarastal, táille, págh, for-liúntas no proifit no sochar a thagann as oifig no as fostaíocht, no suim aon bhlianachta, pinsin, no dualgais do réir mar bheidh. | |
[EN] |
Atharuithe i dtaobh faoisimh o chánachas dúbalta. |
18. —Sa mhéid go mbaineann na hAchtanna Cánach Ioncuim (ar a n-áirítear Cuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 ) le daoine ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, pe'ca ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann ina theanta san dóibh no nách ea, agus le héilithe o dhaoine ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, beidh éifeacht acu, fé réir na n-atharuithe atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, in aghaidh aon bhliana dá mbeidh feidhm ag an gCó-aontú atá leagtha amach i gCuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , mar a leasuítear é le halt 8 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ). |
[EN] |
Leasuithe iarmartacha agus mionleasuithe ar na hAchtanna Cánach Ioncuim. |
19. —Na leasuithe a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, leasuithe atá iarmartach no a bhaineann le mion-nithe, déanfar iad ar na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san. |
[EN] |
Léiriú agus tosach feidhme Chuid II. agus athghairmeanna. |
20. —(1) Sa mhéid go mbainid le nithe le n-a ndeighleáltar sa Chuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na hAchtanna Cánach Ioncuim fé réir forálacha na Coda so den Acht so, agus, sa mhéid go bhfuilid buiniscionn leis na forálacha san, scuirfid d'éifeacht do bheith acu, agus, fé réir an mhéide sin roimhráite, léireofar an Chuid seo den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cánach Ioncuim. |
[EN] | (2) Tiocfidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh an 6adh lá d'Abrán, 1930, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir ach ní bhainfe sí le haon diúitéthe cánach ioncuim do héilíodh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ná le haon achtachán ná cúrsa a bhaineann le haon diúitéthe den tsórt san do héilíodh amhlaidh, agus gach achtachán, i dtaobh cánach ioncuim, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so leanfa sé d'éifeacht do bheith aige, i dtaobh aon diúitéthe den tsórt san do héilíodh amhlaidh, fé is ná rithfí an Chuid seo den Acht so agus san d'ainneoin na hachtacháin sin do bheith buiniscionn le forálacha na Coda so den Acht so no d'ainneoin go n-athghairmtear go soiléir leis an gCuid seo den Acht so iad. | |
[EN] | (3) Fé réir forálacha an Achta so beidh na hachtacháin atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmthe ar an 6adh lá d'Abrán, 1930, agus ón lá san amach sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. |