An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Basa an Chainmheasa chun Canach Ioncuim d'Atharu.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.)

32 1929

ACHT AIRGID, 1929

CUID III.

Custuim agus Mal.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

21. —(1) Na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil agus an diúité ar scannáin fholmha gan pictiúirí ortha agus an diúité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótarrothair agus mótar-rothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíor-choda dhíobh nách buinn d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1929, le halt 18 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1929, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1930, fé réir na n-eisceacht roimhráite.

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diúitéthe a buanuítear leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

22. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1929, le halt 19 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1929, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1930.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Saoirsí ón diúité ar earraí fighte d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta.

23. —(1) Sa mhéid go mbaineann sé le hearraí fighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Bhealtaine, 1929, no laistigh de dhá bhliain ina dhiaidh sin, léireofar fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ) agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dhá scilling agus reul” isteach ann in ionad na bhfocal “scilling agus reul” atá anois ann.

(2) Pé uair a cuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra fighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Bhealtaine, 1929, no dá éis sin, agus is ionchurtha fén diúité a forchuirtar le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 , gur dineadh i Saorstát Éireann agus gur heasportáladh as í agus gur húcadh í o am na heasportála san ach nár dineadh aon tsaghas eile oibriúcháin uirthi, bainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, leis an earra fhighte sin in ainneoin gur húcadh í amhlaidh lasmuich de Shaorstát Éireann.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Bhealtaine, 1929, no dá éis sin agus do bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fén diúité a forchuirtar le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 , do bheith ceaptha chun a húsáidthe i ngréasa troscáin no feithiclí agus chuige sin amháin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfí an earra fhighte sin gan an diúité sin d'íoc, no aon diúité den tsórt san do híocadh ar a hiomportáil d'aisíoc.

Alt 17 den Acht Airgid, 1928 , do leasú.

24. —Léireofar alt 17 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an focal “gloine” isteach ann díreach i ndiaidh an fhocail “buideul” agus fós díreach i ndiaidh an fhocail “crúsca” san áit ina bhfuil na focail sin fé seach san alt san.

Méadú ar na diúitéthe ar fheithiclí áirithe inneall ghluaiste.

25. —(1) Na diúitéthe máil is inéilithe fé alt 13 den Finance Act, 1920, ar na feithiclí inneall-ghluaiste a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, éileofar, gearrfar, agus íocfar iad an ladh lá d'Iúl, 1929, agus ón lá san amach do réir na rátaí a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal san in ionad do réir na rátaí a luaidhtear i mír 3 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) .

(2) Ar an 1adh lá d'Iúl, 1929, agus ón lá san amach beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (5) d'alt 20 den Acht Airgid, 1926 , fé is dá mba rátaí diúité do bheadh luaidhte sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san na rátaí diúité a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Gach ceadúnas a tógadh amach fé alt 13 den Finance Act, 1920, i dtaobh feithicle inneall-ghluaiste de shaghas a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm an 30adh lá de Mheitheamh, 1929, agus ná raghadh in éag go dtí tar éis an lae sin mara mbeadh an fo-alt so, ragha sé in éag um meán oíche an 30adh lá san de Mheitheamh, 1929, agus pé cion den diúité do híocadh fén alt san 13, ar scór na feithicle sin ar thógaint amach an cheadúnais sin, is cothrom leis an tréimhse do leanfadh an ceadúnas san i bhfeidhm tar éis an 30adh lá san de Mheitheamh, 1929, mara mbeadh an fo-alt so, lomhálfar é mar chreidiúint in aghaidh diúité dob iníoctha agus do híocadh ar scór na feithicle sin fén alt san 13 do réir an ráta a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so in aghaidh na tréimhse no aon choda no codacha den tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1929, agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, ach ní thabharfidh éinní sa bhfo-alt so teideal d'éinne chun aisíoca an chéad diúité sin a luaidhtear ná aon choda dhe.

(4) Aireofar agus beidh ar na crícheanna chun a bhféadfar rialacháin do dhéanamh fe alt 12 den Roads Act, 1920, na crícheanna so a leanas, sé sin le rá:—

(a) a ordú conus a déanfar amach chun crícheanna an ailt seo agus an Chúigiú Sceidil a ghabhann leis an Acht so cadé an méid slí suidhte atá i ngach ceann no aon cheann de sna saghsanna feithiclí inneall-ghluaiste a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal san, agus

(b) socrú do dhéanamh i gcóir gach ní no éinní a eireoidh de dhruim na n-atharuithe a dintar leis an alt so ar na rátaí diúité do theacht in éifeacht le linn bliana ceadúnais.

Diúité ar cheadúnaisí deighleálaí i ngéim.

26. —(1) Gach éinne a dhéanfidh, fé aon Acht do ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, ceadúnas deighleála i ngéim do thógaint amach do d'athnuachaint, éileofar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, diúité máil de thrí púint ar gach ceadúnas a tógfar amach no a hathnuadhfar amhlaidh.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ar aon cheadúnas den tsórt san roimhráite éileofar, gearrfar, agus íocfar é nuair a tógfar amach an ceadúnas san agus fós ar dhéanamh gach athnuachainte ar an gceadúnas san agus íocfar agus baileofar é tré stampaí a thaisbeánfidh méid an diúité sin do mhúnlú ar na ceadúnaisí agus ar na hathnuachaintí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité agus leis na stampaí sin.

(3) Léireofar alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus beidh éifeacht acu fé is dá ndintí an diúité a forchuirtar leis an alt so do chur le líon agus ar líon na ndiúitéthe a luaidhtear sa Tríú Sceideal san a ghabhann leis an Acht san.

(4) Ní bheidh sé dleathach ceadúnas deighleála i ngéim is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so ná aon athnuachaint ar aon cheadúnas den tsórt san do thabhairt amach mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an ceadúnas no an athnuachaint sin stampálta go cuibhe fén alt so in aghaidh an diúité sin agus gach éinne a thabharfidh amach aon cheadúnas no athnuachaint den tsórt san contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig púint do chur air.

Alt 102 den Spirits Act, 1880, do leasú.

27. —Léireofar alt 102 den Spirits Act, 1880, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí na focail “of the same denomination” atá i bhfo-alt (1) de anois do leigint ar lár ann.

Fíonta coigríche do chur i mbuidéil chun a n-ólta cois baile.

28. —In ainneoin éinní atá in aon achtachán a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, féadfar fíon coigríche, a cuirfar i mbuidéil cháirt no phiúint reachtúla no i mbuidéil adeirtar is buidéil cháirt no phiúint in aon stóras custum no máil do réir rialachán na gCoimisinéirí Ioncuim agus a pacálfar do réir na rialachán san sa stóras san i gcásanna ina mbeidh dosaen no dosaein bhuideul cáirt den tsórt san no dhá cheann no níos mó de dhosaein de bhuidéil phiúint den tsórt san, d'iontráil agus do thógaint amach chun a ólta cois baile.

Innill díolta earraí áirithe d'iniúcha.

29. —(1) Féadfidh aon oifigeach custum agus máil aon uair réasúnta dul isteach in aon áitreabh ina ndintar earraí 'nar gá ceadúnas máil chun a ndíolta do dhíol tré inneall fhéinoibritheach no tré ghléas mheceaniciúil eile no ina gcreideann sé no ina bhfuil amhrus aige aon earraí den tsórt san do bheith á ndíol amhlaidh agus féadfa sé cuardach ann don inneall no don ghléas san agus aon inneall no gléas den tsórt san a gheobha sé san áitreabh san d'iniúcha agus d'oibriú.

(2) Beidh sé de dhualgas ar shealbhaire aon áitreibh ina mbeidh aon inneall féin-oibritheach no gléas meceaniciúil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo pé eolas réasúnta a éileoidh aon oifigeach custum agus máil air i dtaobh an innill no an ghléis sin do thabhairt don oifigeach san agus go sonnrách ainm agus seola an té gur leis an t-inneall no an gléas san no do sholáthruigh é agus fós ainm agus seola an té do sholáthruigh na hearraí atá san inneall no sa ghléas san no a díoltar tríd do thabhairt don oifigeach san ar a éileamh san air.

(3) Einne—

(a) a chuirfidh i gcoinnibh oifigigh chustum agus máil no a chuirfidh bac leis agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an oifigeach san leis an alt so, no

(b) 'na dteipfidh air aon eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil aige agus a éileoidh oifigeach custum agus máil air fén alt so do thabhairt don oifigeach san, no a dhiúltóidh d'é do thabhairt do, no

(c) a dhéanfidh, ar eolas d'éileamh air d'oifigeach chustum agus máil fén alt so, aon eolas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phuínte táchtach do thabhairt don oifigeach san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chaoga punt do chur air.

Léiriú ar ailt 25 agus 26 den Acht Airgid, 1926 .

30. —Chun deire do chur le hamhruis dearbhuítear agus achtuítear leis seo, i dtaobh na comhachta a bronntar le halt 26 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ) ar oifigigh chustum agus máil na scríbhinní a luaidhtear san alt san d'iniúcha agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do bhaint asta, go bhfoluíonn sí agus gur fholuigh sí riamh comhacht chun gach scríbhinn no aon scríbhinn den tsórt san do bhreith chun siúil as an áitreabh ina bhfuighfar na scríbhinní sin agus, i dtaobh na comhachta a bronntar le halt 25 den Acht san ar na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh á údarú d'oifigigh chustum agus máil aon scríbhinn den tsórt a luaidhtear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt san do scrúdú agus cóipeanna do dhéanamh di no sleachta do bhaint aisti, go bhfoluíonn sí agus gur fholuigh sí riamh comhacht chun rialacháin do dhéanamh á údarú d'oifigigh chustum agus máil aon scríbhinn den tsórt san do bhreith chun siúil.

Scríbhinní do bhreith chun siúil agus do choinneáil.

31. —(1) Pé uair a bheidh sé údaruithe d'oifigeach chustum agus máil, le haon achtachán a bhaineann le diúité custum no le diúité máil agus a bheidh i Reacht Briotáineach no in aon Acht do rith an tOireachtas roimh an Acht so no dá éis no le haon rialachán do dineadh roimhe seo no a déanfar ina dhiaidh seo fé aon achtachán den tsórt san, a éileamh go dtaisbeánfí aon leabhar, cuntas, leitir, cruthúnacht no scríbhinn eile, no é d'iniúcha no do scrúdú, beidh an t-oifigeach san i dteideal, leis, an scríbhinn sin do bhreith chun siúil agus do choinneáil má bhíonn cúis réasúnta aige le hamhrus gur dineadh calaois maidir le haon iontráil no leigint-ar-lár sa scríbhinn sin no maidir le haon eadarghnó le n-a mbaineann an scríbhinn sin.

(2) Pé uair a bhéarfidh oifigeach custum agus máil scríbhinn chun siúil fén alt so déanfa sé, ar a éileamh san don té ó n-a bhfuair sé an scríbhinn sin aon uair le linn an scríbhinn sin do bheith á coinneáil fén alt so, cóip den scríbhinn sin do thabhairt don duine sin no a leigint don duine sin an scríbhinn sin d'iniúcha agus cóip do dhéanamh di (pe'ca ní acu san is rogha leis an oifigeach san).

(3) Einne a chuirfidh i gcoinnibh oifigigh chustum agus máil no a chuirfidh bac leis agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil chaoga punt do chur air agus beidh an fhíneáil sin ina fíneáil chustum más chun crícheanna na nAchtanna Custum do bhí na comhachta san á bhfeidhmiú ag an oifigeach gur ina thaobh a dineadh an cionta agus beidh sí ina fíneáil mháil más chun crícheanna aon Reachta Bhriotáinigh no Achta den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin do bhí na comhachta san á bhfeidhmiú ag an oifigeach san.

Cuntaisí bréagacha i dtaobh an diúité ar ghill.

32. —Einne a dhéanfidh, i gcuntas a thabharfa sé do sna Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh no chun crícheanna an diúité a forchuirtar ar ghill le halt 24 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), aon ráiteas no aithris chúise is eol do bheith bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.