|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT AIRGID, 1929
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide. | |
[EN] |
Buanú ar shaoirsí áirithe o cháin phroifit chorparáide. |
33. —(1) I rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanair, 1929, agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, ní bhainfidh Cuid V. den Finance Act, 1920, mar a leasuítear no a hoiriúnuítear í le haon reachtúchán ina dhiaidh sin no fé— |
[EN] | (a) i gcás cuideachtan maitheasa puiblí a dúntar amach le haon Acht no dá bhua, maidir le hiomlán na trádála no an ghnótha a dhineann sí o aon phraghas níos aoirde d'éileamh no o aon ráta dividendum níos aoirde do roinnt amach ná mar a húdaruítear leis an Acht san no dá bhua, le haon chuid de phroifití na cuideachtan san, ná | |
[EN] | (b) i gcás cuideachtan maitheasa puiblí a dúntar amach le haon Acht no dá bhua, maidir le cuid agus le cuid amháin den trádáil no den ghnó a dhineann sí, o aon phraghas níos aoirde d'éileamh no o aon ráta dividendum níos aoirde do roinnt amach ná mar a húdaruítear leis an Acht san no dá bhua, le pé méid de phroifití na cuideachtan san a thagann as an bpáirt dá trádáil no dá gnó le n-a mbaineann an dúna-amach san, ná | |
[EN] | (c) i gcás cuideachtan gur léi smacht-leas in aon chuideachtain mhaitheasa puiblí agus a stiúruíonn bainistí na cuideachtan san no atá i dteideal an stiúra san do dhéanamh, leis na proifití a thagann chun na céad chuideachtan san a luaidhtear as an gcuideachtain mhaitheasa puiblí sin, ná | |
[EN] | (d) i gcás cuideachtan a dhineann gnó mar chumann tógála no an gnó san i dteanta aon ghnótha eile, le pé méid de phrofití na cuideachtan san a thagann as an trádáil no as an ngnó a dhineann sí mar chumann tógála. | |
[EN] | (2) San alt so cialluíonn an abairt “cuideachta mhaitheasa puiblí” cuideachta den tsórt a luaidhtear i mír (i) den phrovísó atá le fo-alt (2) d'alt 52 den Finance Act, 1920. |