|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 15 de 1930. | ||
[EN] |
ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR) (LEASÚ), 1930. | |
ACHT CHUN TUILLE SÍNE DO DHÉANAMH AR AN AIMSIR INA bhFÉADFAR COMHACHTA ÁIRITHE D'FHEIDHMIÚ A BRONNADH AR CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA PUIBLÍ IN ÉIRINN LEIS AN ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR), 1923 . [10adh Meitheamh, 1930.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An aimsir i gcóir feidhmiú comhachta do shíne. |
1. —In ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1929 (Uimh. 19 de 1929) , beidh an chomhacht chun áitribh do thógaint, maraon leis na fo-chomhachta a ghabhann léi, nithe a bronnadh ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn leis an Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 (Uimh. 24 de 1923) , beid infheidhmithe, fé réir forálacha eile an Achta san, go dtí an 16adh lá d'Iúl, 1931, agus go dtí san amháin. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 go 1930, de ghairm de sna hAchtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 go 1929, agus den Acht so le chéile. |