25 1930


Uimhir 25 de 1930.


ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1930.


ACHT CHUN AIRGEAD DO GHEOBHAIDH ÚDARÁS SLÁINTÍOCHTA TUATHA AR IASACHT CHUN CRÍCHEANNA NA LABOURERS (IRELAND) ACTS, 1883 TO 1919, DO CHIMEÁD GAN ÁIREAMH MAIDIR LEIS AN TEORA REACHTÚIL ATÁ LE hÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA TUATHA D'FHÁIL AIRGID AR IASACHT. [8adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Ní bheidh teora reachtúil le hiasachtaí a fháil.

1. —(1) Ní háireofar airgead a fuair údarás sláintíochta tuatha ar iasacht, chun crícheanna na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin, mar chuid d'fhiacha an údaráis sláintíochta tuatha san chun críche na teorann a cuirtear, in alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le hiasachtaí d'fháil.

(2) Ní bheidh fo-ailt (2) agus (3) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ionchorparuithe feasta san Labourers (Ireland) Act, 1883.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

2. —(1) Féadfar Acht na Sclábhaithe, 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, agus féadfar Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.