|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT IASCAIGH MHARA, 1931) | Ar Aghaidh (CUID II. Foralacha i dTaobh an Chumainn.) |
ACHT IASCAIGH MHARA, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach. | |
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Cumann” an Cumann do cláruíodh fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, fén ainm no fén teideal “The Sea Fisheries Association of Saorstát Éireann, Limited”; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “iascach mara” iascach in uiscí nách uiscí intíre; | |
[EN] | foluíonn an abairt “bád iascaigh mhara” árthach ar bith a húsáidtear chun iascaigh mhara; | |
[EN] | foluíonn an focal “iasc” “iasc sliogáin”; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “iasc úr” iasc nár sailleadh, nár deatuíodh, ná nár leasuíodh ar aon tslí neamh-aicionta eile, ach foluíonn sí iasc do leasuíodh le reodha amháin agus foluíonn sí, leis, iasc sliogáin do hullamhuíodh tré n-a bhruith; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “leac éisc” seilp, leac no bord a húsáidtear chun iasc a tairgtear no a cimeádtar chun a dhíolta do thaisbeaint; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so. |