|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Foralacha i dTaobh an Chumainn.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Siopai Miondiolta Eisc.) |
ACHT IASCAIGH MHARA, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ceadunaisi chun Eisc Uir do Dhiol. | |
[EN] |
Ceanntar le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aon líomatáiste áirithe i Saorstát Éireann ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san agus leis sin beidh an líomatáiste sin, ar an lá san agus ón lá san amach agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire uair ar bith ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúra no do leasú le hordú. | |
[EN] | (3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin. | |
[EN] |
Ceadúnaisí díolta éisc. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas díolta éisc sa Chuid seo den Acht so) chun éisc úir do dhíol ar ceant no chun gníomhú mar ghníomhaire chun éisc úir do dhíol i mórchoda no chun an dá ní sin do dhéanamh do dheona do dhuine ar bith— |
[EN] | (a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, agus | |
[EN] | (b) a chuirfidh ina luighe ar an Aire gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnas díolta éisc do bheith aige, agus | |
[EN] | (c) nách duine gnó-bhriste neamh-fhuascailte é, agus | |
[EN] | (d) ná beidh ar fostú i ngnó an iascaigh mhara ná ag gabháil do ná ná beidh baint aige leis in aon tslí eile. | |
[EN] | (2) Maidir le gach ceadúnas díolta éisc— | |
[EN] | (a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus | |
[EN] | (b) déarfaidh agus déanfa sé an té dá ndeonfar é do cheadúnú chun éisc úir do dhíol ar ceant agus chun gníomhú mar ghníomhaire chun éisc úir do dhíol i mórchoda, agus | |
[EN] | (c) deonfar é agus déarfa sé go ndeontar é ar an gcoinníoll (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so an coinníoll reachtúil) ná beidh baint ag an té ag a mbeidh sé, go díreach ná go nea-dhíreach, le haon ghnó bhaineann le hiasc úr do cheannach no do dhíol, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, ach amháin fén gceadúnas san agus dá réir. | |
[EN] | (3) Má bhíonn ceadúnas díolta éisc ag duine ní shaorfaidh san é o n-a bheith d'oblagáid air ceadúnas máil do bheith aige chun gníomhú mar cheantálaí in aon chás ina mbeadh an oblagáid sin air dá mba ná rithfí an tAcht so. | |
[EN] |
Buaine na gceadúnas. |
6. —Mara gceiliúrtar é roimhe sin fén gCuid seo den Acht so fanfaidh gach ceadúnas díolta éisc i bhfeidhm go ceann bliana ó dháta an cheadúnais sin agus ragha sé in éag ansan. |
[EN] |
Táillí ar cheadúnaisí. |
7. —Íocfar ar dheona gach ceadúnais díolta éisc pé táille is gá do réir dlí agus ní foláir an táille sin d'íoc sara ndeonfar an ceadúnas san. |
[EN] |
An coinníoll reachtúil do bhrise. |
8. —(1) Má theipeann ar dhuine ar bith ag a mbeidh ceadúnas díolta éisc an coinníoll reachtúil do chólíona beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air. |
[EN] | (2) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an tAire an ceadúnas díolta éisc a bheidh ag an duine sin do cheiliúra. | |
[EN] |
Toirmeasc ar iasc úr do dhíol gan ceadúnas. |
9. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith i gceanntar ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aon iasc úr do dhíol ar ceant ná gníomhú mar ghníomhaire chun aon éisc úir do dhíol i mórchoda mara mbeidh ceadúnas díolta éisc aige bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire. |
[EN] | (2) Gach duine ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt so le duine ar bith a bheidh de thurus na huaire ina ghníomhaire no ina ionadaí cheart-údaruithe don Chumann. | |
[EN] |
Clár de cheadúnaisí. |
10. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár clár do chimeád ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de cheadúnaisí díolta éisc agus ina n-iontrálfar mion-innste ar gach ceadúnas díolta éisc a deonfar fén gCuid seo den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfaidh duine ar bith an clár de cheadúnaisí díolta éisc d'iniúcha ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling. | |
[EN] |
Fianaise ná fuil ceadúnas ag duine. |
11. —Deimhniú thugann le tuigsint bheith fé láimh oifigigh don Aire 'na mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire, á dheimhniú ná raibh ag an té atá ainmnithe sa deimhniú san ceadúnas díolta éisc ar dháta áirithe no le linn tréimhse áirithe beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige. |