An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Gabhaltaisi do Dhilsiu ar n-a nAth-Dhiol.)

11 1931

ACHT TALMHAN, 1931

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Orduithe dílsiúcháin do leasú.

30. —(1) Má bhíonn an Coimisinéir Breithiúntais sásta, tar éis iarratais o éinne le n-a mbaineann an scéal agus tar éis fógra do bheith tugtha do gach duine ordóidh sé agus ar éisteacht pé fianaise is dóich leis is ceart do ghlaca, go bhfuil earráid do réir bhrí an ailt seo in ordú dílsiúcháin do rinneadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh (agus an tAcht so d'áireamh) pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh é, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais an t-ordú dílsiúcháin sin do leasú fé mar is gá do réir chirt no an t-ordú dílsiúcháin sin do dhaingniú gan é do leasú.

(2) Léireofar tagairtí deintear san alt so d'earráidí in ordú dílsiúcháin mar thagairtí fholuíonn earráidí agus dearmhaid de gach aon tsórt riamh, pe'ca cinn chléireachais iad no cinn tábhachtacha, no pe'ca Coimisiún na Talmhan fé ndeár iad no do thángadar as earráid no as dearmhad i gcó-aontú, i gcuntas, i gcíos-liost, i ráiteas ar mhion-innste, no i scríbhinn eile do rinne no d'ullamhuigh duine seachas Coimisiún na Talmhan agus do lóisteáladh le Coimisiún na Talmhan no do tugadh dóibh.

(3) Má dheineann an Coimisinéir Breithiúntais ordú fén alt so ag leasú orduithe dhílsiúcháin, déanfaidh an t-údarás clárathachta fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, ar lóisteáil chóipe oifige den ordú san leis, an clár fén Acht san do cheartú fé mar is gá chun an chláir sin do chur ar aon dul leis an ordú dílsiúcháin sin agus é leasuithe amhlaidh.

(4) Pé uair a leasóidh an Coimisinéir Breithiúntais ordú dílsiúcháin fén alt so féadfa sé leasú do dhéanamh ar earráid ar bith in aon liost, có-aontú, cuntas, no scríbhinn eile (pe'ca d'ullamhuigh no do rinne Coimisiún na Talmhan é no do rinne duine eile é do lóisteail le Coimisiún na Talmhan no do thabhairt dóibh) gur dóich leis gurb aisti do tháinig an earráid san ordú dílsiúcháin sin no gur chabhruigh sí chun na hearráide sin.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir Breithiúntais ordú dílsiúcháin do leasú no do dhaingniú fén alt so féadfa sé, más oiriúnach leis é, a ordú go n-íocfaidh pé duine (agus Coimisiún na Talmhan d'áireamh) pé cúiteamh i leasú an orduithe dhílsiúcháin sin no in ionad an leasuithe sin (pe'ca aca é) le pé duine is gá do réir chirt ag féachaint do gach a mbaineann leis an scéal.

(6) Luighfidh athchomharc chun na hArd-Chúirte, ar cheisteanna fírinne, chó maith le har cheisteanna dlí, i gcoinnibh aon orduithe dhéanfaidh an Coimisinéir Breithiúntais fén alt so.

(7) San alt so foluíonn an abairt “ordú dílsiúcháin” fiat dílsiúcháin.

(8) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 32 den Land Law (Ireland) Act, 1896, agus fo-alt (6) d'alt 58 den Acht Talmhan, 1923 .

Gabháltaisí a bheidh luaidhte in orduithe dílsiúcháin do chlárú.

31. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan ordú dílsiúcháin fén Acht so bhéarfaid láithreach do Chlárathóir na dTeideal cóip den ordú san maraon le mapa ag taisbeaint na ngabháltas uile agus fé seach a bheidh luaidhte san ordú dílsiúcháin sin, agus leis sin déanfaidh Clárathóir na dTeideal gach gabháltas a bheidh luaidhte san ordú dílsiúcháin sin do chlárú do réir an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus cláróidh sé mar lán-únaer (fé réir a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) ar gach gabháltas fé leith den tsórt san an té go n-abartar leis an ordú dílsiúcháin sin an gabháltas san do bheith á dhílsiú ann leis an ordú san.

(2) Gach duine clárófar do réir an ailt seo mar lán-únaer ar ghabháltas clárófar amhlaidh é fé réir na mblianacht, na suim, agus na n-íocaíocht uile agus fé seach agus na gceart agus na n-éasáidí uile agus fé seach gur fé n-a réir a dílsítear an gabháltas san ann leis an ordú dílsiúcháin agus fé réir aon cheart no cothrom thagann as an leas a dílsítear ann amhlaidh do bheith ina ghreamú ar a roimh-leas sa ghabháltas no do theacht in aon tslí eile as an roimh-leas san do bheith ann.

(3) Tuigfear gach gabháltas a bheidh luaidhte in ordú dílsiúcháin a déanfar fén Acht so do bheith, ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin sin, ina thalamh chláruithe do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 19 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus bainfidh an tAcht san le gach gabháltas den tsórt san dá réir sin.

(4) Gach gabháltas a bheidh luaidhte in ordú dílsiúcháin a déanfar fén Acht so beidh sé, ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin sin, saor o fhorálacha na nAcht a bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí.

(5) An cuimhneachán ar an gclárú gur gá do réir fo-ailt (4) d'alt 19 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, é do thabhairt do Chlárathóir na nDintiúirí, isé bheidh ann, i gcás gach gabháltais le n-a mbaineann an tAcht san de bhua an ailt seo, ná cóip den ordú dílsiúcháin do rinneadh fén Acht so agus ina mbeidh an gabháltas san luaidhte.

An dáta ar ar hiompuíodh talamh ina estát phearsanta.

32. —(1) Maidir le talamh saor-sheilbhe do dhílsigh, no a dhílseoidh ina dhiaidh seo, fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin don lá san), tuigfear, d'fhonn a shocrú cá ndeaghaidh sé no cá ndeaghaidh airgead a cheannuithe fé aon chur-de-láimh pé uair do rinneadh san no ar fháil bháis d'éinne pé uair do thárla san, go dtiocfa sé chun bheith agus go mbeidh sé no, i gcás aon tailimh den tsórt san do dhílsigh amhlaidh i gCoimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith, go dtáinig sé chun bheith agus go raibh sé iompuithe ina estát phearsanta ar pe'ca aca so is déanaí, sé sin le rá:—

(a) an lá ceaptha, no

(b) déanamh an orduithe no foillsiú an liosta le n-a gceaptar no ina gceaptar an lá ceaptha.

(2) Maidir le gach leas uachtarach saor-sheilbhe, i dtalamh d'aon tsaghas seilbhe, do dhílsigh no a dhílseoidh ina dhiaidh seo, fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin don lá san), tuigfear, sa mhéid gur fuascladh an leas uachtarach san fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus d'fhonn a shocrú cá ndeaghaidh an leas uachtarach san no cá ndeaghaidh airgead a cheannuithe no aon chuid de fé aon chur-de-láimh pé uair do rinneadh san no ar fháil bháis d'éinne pé uair do thárla san. go dtiocfa sé chun bheith agus go mbeidh sé no, i gcás aon leasa uachtaraigh den tsórt san i dtalamh do dhílsigh amhlaidh i gCoimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith, do dtáinig sé chun bheith agus go raibh sé iompuithe ina estát phearsanta ar an lá ceaptha.

Eirí d'aistriú chun gabháltais athchóirithe.

33. —I gcás ina ndearna Coimisiún na Talmhan gabháltaisí do choinneail agus d'athchóiriú agus ina ndearnadh gabháltas do hathchóiríodh amhlaidh do dhílsiú i nduine do bhí, roimh an athchóiriú san, ina thionónta ar ghabháltas do coinníodh amhlaidh, pe'ca rinneadh an dílsiú san de dhruim an duine sin do ghlaca le tairisgint do rinne Coimisiún na Talmhan, eadhon, an gabháltas athchóirithe sin do dhíol leis, no de dhruim orduithe fé alt 34 den Acht Talmhan, 1923 , le n-ar faisnéiseadh gurb é an duine sin do cheannuigh an gabháltas athchóirithe sin, ansan, gach muirear, eire, agus cothrom do bhí, díreach roimh an dílsiú san, ag déanamh deifre do leas an tionónta sa ghabháltas choinnithe sin dar thionónta an duine sin roimhe sin, tiocfaid chun bheith agus beid aistrithe chun an ghabháltais athchóirithe sin do dílsíodh amhlaidh sa duine sin agus déanfaid deifir don ghabháltas san as san amach agus san gan leithliú ná ordú ar bith.

Forálacha maidir le hairgead ceannaigh do roinnt.

34. —(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hairgead ceannaigh do roinnt, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an Chúirt, tar éis pé fógra is dóich leis an gCúirt is leor d'fhoillsiú tré fhógrán no ar shlí eile, a ordú go n-íocfar éileamh gur dóich leis an gCúirt ina thaobh, cé gur lochtach teideal an éilitheora chuige, go bhfuil sé dá ainneoin sin de shaghas d'fhágfadh nár dhócha go bhféadfaí aon éileamh i gcoinnibh an chéad éilimh sin a luaidhtear do chruthú;

(b) beidh teideal ag an gCúirt gníomhú do réir na fianaise chuirfidh éilitheoir fé n-a bráid i dtaobh teidil agus ní bheidh sé d'oblagáid ar an gCúirt a fhiosrú ce'ca tá no ná fuil aon estát, ceart, éileamh, no leas ann ina choinnibh ná nochtar leis an bhfianaise sin;

(c) má chruthuíonn duine chun sástachta na Cúirte laistigh den aimsir (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an aimsear chun cúitimh d'éileamh) a lomháltar chuige sin leis an alt so, go raibh sé féin no duine o n-a bhfuil teideal aige i dteideal cion den airgead cheannaigh d'fháil agus é á roinnt agus nár nochtadh a cheart féin no ceart an duine sin chun an cheana san d'fháil agus an roinnt sin á déanamh agus nárbh é an chéad duine sin a luaidhtear ná a atúrnae ná a ghníomhaire, ná fós aon duine o n-a bhfuil no tré n-a bhfuil teideal aige ná atúrnae ná gníomhaire aon duine den tsórt san, fé ndeár an nea-nochta san ná ba mhó ba bhun leis, beidh an chéad duine sin a luaidhtear i dteideal pé suim a shocróidh an Chúirt, agus í ag féachaint do gach a mbaineann leis an gcás, d'éileamh ar Choimisiún na Talmhan agus d'fháil uatha mar chúiteamh.

(2) Isé is aimsear chun cúitimh d'éileamh fén alt so ná pé aimsear acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má bhí an té bheidh ag éileamh cúitimh fé bhun bliain is fiche d'aois lá roinnte an airgid cheannaigh, laistigh de shé bliana tar éis bliain is fiche do bheith slán ag an duine sin;

(b) más alos morgáiste, muirir, no eire eile bheidh an cúiteamh á éileamh, laistigh de pé tréimhse acu so leanas is giorra, sé sin le rá, sé bliana ón lá is déanaí do híocadh íocaíocht ar scór colna no úis an eire sin roimh an éileamh ar chúiteamh do dhéanamh no triocha bliain o lá roinnte an airgid cheannaigh;

(c) más alos leasa uachtaraigh a bheidh an cúiteamh á éileamh, laistigh de pé tréimhse acu so leanas is giorra, sé sin le rá, sé bliana ón lá is déanaí do híocadh cíos, ús, no ioncum eile as an leas uachtarach san roimh an éileamh ar chúiteamh do dhéanamh no triocha bliain o lá roinnte an airgid cheannaigh;

(d) in aon chás ná baineann aon mhír acu san roimhe seo leis, laistigh de shé bliana o pé lá acu so leanas is déanaí, sé sin le rá, lá roinnte an airgid cheannaigh no an chéad lá gurbh eol don té bheidh ag éileamh cúitimh, no do dhuine éigin ó n-a mbeidh no tré n-a mbeidh teideal aige, no go bhféadfadh sé a fháil amach, ach dícheall réasúnta do dhéanamh, an ceart chun an chúitimh sin do bheith ann.

(3) Déanfar tagairtí sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, do lá roinnte airgid cheannaigh estáit, do léiriú mar thagairtí don lá roinnfear an chuid sin d'airgead cheannaigh an estáit sin gur alos a roinnte bheidh cúiteamh á éileamh.

(4) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach cúiteamh is iníoctha ag Coimisiún na Talmhan fén alt so.

(5) Isé aisíocfaidh le Coimisiún na Talmhan suim aon chúitimh íocfaidh Coimisiún na Talmhan fén alt so ná pé duine go bhfaisnéisfidh an Chúirt go bhfuair sé chun tairbhe dho féin no gur choinnigh sé fé n-a chúram mar iontaobhaí an chuid sin den airgead cheannaigh do cuirfí chun glanta an éilimh gur ina thaobh a híocadh an cúiteamh san dá nochtaí an t-éileamh san agus an t-airgead ceannaigh á roinnt, agus féadfaidh Coimisiún na Talmhan an tsuim is ion-aisíoctha ag an duine sin amhlaidh do bhaint de mar fhiacha atá ag an Stát air.

(6) Suim ar bith d'fhéadfaí d'íoc le gníomhaire fé fho-alt (8) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , ar scur do de bheith ag gníomhú mar ghníomhaire den tsórt san, féadfar, má leith-roinntear an t-airgead ceannaigh sara scuirfidh an gníomhaire sin de bheith ag gníomhú mar ghníomhaire den tsórt san, í d'íoc no cuid di d'íoc agus an leith-roinnt sin á déanamh, agus mara n-íoctar agus sa mhéid ná híocfar an tsuim sin amhlaidh féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais an tsuim sin do choinneail as an airgead ceannaigh agus féadfar a híoc leis an ngníomhare sin pé uair no uaire ordóidh an Coimisinéir Breithiúntais.

Suimeanna beaga d'airgead cheannaigh do roinnt.

35. —(1) Maran mó ná triocha púnt iomlán airgid cheannaigh estáit no an t-iarsma bheidh fágtha d'airgead cheannaigh estáit tar éis socrú i gcóir gach éilimh dob iníoctha as an airgead san, féadfar an t-airgead ceannaigh sin no an t-iarmsa san (pe'ca aca é) d'íoc leis an té bheidh i seilbh no ag fáil ioncuim an estáit chun tairbhe dho féin no, má bhíonn an duine sin fé mhí-chumas, le caomhnóir, le coiste, le fear-chéile, no le hiontaobhaí an duine sin (pe'ca aca is gá sa chás).

(2) Más mó ná triocha púnt ach nách mó ná céad púnt iomlán airgid cheannaigh estáit ná beidh aon éilithe iníoctha as no an t-iarsma bheidh fágtha d'airgead cheannaigh estáit tar éis socrú i gcóir gach éilimh dob iníoctha as an airgead san, féadfar an t-airgead ceannaigh sin no an t-iarsma san (pe'ca aca é) d'íoc leis an té bheidh i seilbh no ag fáil ioncuim an estáit no le hiontaobhaithe cheapfaidh Coimisiún na Talmhan no le n-a mbeid sásta ar a ghabháil re n-a n-ais don duine sin no do sna hiontaobhaithe sin sa tslí orduithe an t-airgead ceannaigh sin no an t-iarsma san do chur chun críche fé is gurbh airgead caipitail é d'eireodh fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890.

(3) Má fuascailtear leas uachtarach ar bith no cion de fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus go gcuirfear cuid den phraghas fuascailte chun iomlán leasa uachtaraigh níos aoirde no chun ceana dhe d'fhuascailt no chun aon éilimh eile is iníoctha as an airgead fuascailte sin d'íoc, ansan—

(a) maran mó ná triocha púnt an t-iarsma bheidh fágtha den phraghas fhuascailte sin tar éis socrú i gcóir gach éilimh den tsórt san, féadfar an t-iarsma san d'íoc leis an té bheidh i seilbh no ag fáil ioncuim an leasa uachtaraigh sin chun tairbhe dho féin no, má bhíonn an duine sin fé mhí-chumas, le caomhnóir, le coiste, le fear-chéile, no le hiontaobhaí an duine sin (pe'ca aca is gá sa chás); agus

(b) más mó ná triocha púnt agus nách mó ná céad púnt an t-iarsma san, féadfar an t-iarsma san d'íoc leis an té bheidh i seilbh no ag fáil ioncuim an leasa uachtaraigh sin no le hiontaobhaithe cheapfaidh Coimisiún na Talmhan no le n-a mbeid sásta ar a ghabháil re n-a n-ais don duine sin no do sna hiontaobhaithe sin sa tslí orduithe an t-iarsma san do chur chun críche fé is gurbh airgead caipitail é d'eireodh fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890.

(4) Na forálacha den alt so bhaineann fé seach le hairgead ceannaigh agus le hiarsma airgid cheannaigh estáit bainfid fé seach, agus na hatharuithe is gá déanta ortha, le haon chiste agus le hiarsma aon chiste is ionroinnte ag an gCúirt agus ná baineann ceann ar bith d'fhorálacha an ailt seo (lasmuich den fho-alt so) ná d'fhorálacha ailt 63 den Irish Land Act, 1903, leis.

(5) Más mó ná céad púnt ach nách mó ná trí chéad púnt suim iomlán airgid cheannaigh estáit no praghas fuascailte leasa uachtaraigh no aon chiste eile is ionroinnte ag an gCúirt féadfar, sa mhéid go mbeidh an Chúirt sásta leis, déanamh in éamuis scrúdú ró-dhian ar theideal agus riachtanaisí dlí do chólíona go ró-bheacht maidir le héilithe i gcoinnibh an chiste sin d'fháil amach agus d'fhíorú.

Dividenda as bannaí talmhan d'íoc roimh an roinnt do dhéanamh.

36. —(1) Má dílsítear talamh i gCoimisiún na Talmhan fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar a iarraidh sin d'éinne le n-a mbaineann, a ordú go ndéanfar, go dtí go roinnfear airgead ceannaigh an tailimh sin, na dividenda (lugha-de cháin ioncuim) a bheidh dlite an uair sin agus a thiocfaidh chun bheith dlite ina dhiaidh sin as na bannaí talmhan a sheasuíonn in ionad an airgid cheannaigh sin d'íoc, fé mar a thiocfaidh dlite, leis an díoltóir, no le pé duine eile chífear don Choimisinéir Bhreithiúntais do bheith i dteideal iad d'fháil.

(2) Ní bheidh dul thar ordú dhéanfaidh an Coimisinéir Breithiúntais fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so ach amháin go bhféadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais é do chur ar neamhní no d'atharú fé mar is gá do réir chirt.

(3) Má deintear ordú fén alt so chun dividenda as bannaí talmhan d'íoc, ansan, an t-ús ar gach morgáiste, muirear, agus eire eile, ar a bhfuil ús iníoctha, a dheineann deifir don airgead cheannaigh no d'aon chuid den airgead cheannaigh go seasuíonn na bannaí talmhan san ina ionad, beidh sé, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm agus sa mhéid go mbeidh an t-ús san iníoctha as na dividenda as na bannaí talmhan san agus d'ainneoin éinní in aon instruimid le n-ar cruthnuíodh an t-eire sin no a bhaineann leis, beidh sé iníoctha do réir ráta ceathair go leith per cent. per annum ina íocaíochtaí leath-bhliantúla có-ionanna gach céad lá d'Eanar agus gach céad lá d'Iúl o pé lá acu so leanas is túisce, sé sin le rá, lá aistrithe na mbannaí talmhan san chun creidiúna an chúrsa no an lá ceaptha.

(4) Má deintear ordú fén alt so chun dividenda as bannaí talmhan d'íoc, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar a iarraidh sin d'éinne le n-a mbaineann, praghas fuascailte aon leasa uachtaraigh no ceana d'aon leas uachtarach, a chífear an uair sin do bheith ag déanamh deifre don airgead cheannaigh go seasuíonn na bannaí talmhan san ina ionad, do shocrú agus féadfaidh chuige sin aon leas uachtarach den tsórt san do chionroinnt, agus leis sin beidh ús do réir ceathair go leith per cent. per annum, ar an bpraghas fuascailte socrófar amhlaidh, iníoctha leis an té bheidh i seilbh no ag fáil ioncuim an leasa uachtaraigh sin ag an té dá ndleaghair an leas uachtarach san do ghlana agus glacfar leis an íoc úis sin mar shásamh san ioncum a bheidh ag teacht dlite as an leas uachtarach san gur ina thaobh do socruíodh amhlaidh an praghas fuascailte sin.

Fógra d'fhoillsiú i dtaobh Choimisiún na Talmhan do dhíol gabháltais.

37. —An méid d'alt 33 den Acht Talmhan, 1927 , le n-a n-éilítear an fógra luaidhtear san alt san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, i bpríomh-pháipeur laethiuil de chuid Bhaile Atha Cliath agus, má bhíonn páipeur áitiuil ann, sa pháipeur áitiuil sin, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige agus ina ionad san achtuítear leis seo gur mar leanas a foillseofar an fógra a héilítear leis an alt san 33, sé sin le rá:—

(a) más gabháltas gur tugadh roimh-íoc nár mhó ná trí chéad púnt fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun a cheannuithe an gabháltas le n-a mbaineann an fógra san, tré chóipeanna den fhógra san do chur suas sa tslí orduithe in áiteanna oiriúnacha sa cheanntar ina bhfuil an gabháltas san suidhte; no

(b) más gabháltas gur tugadh roimh-íoc ba mhó ná trí chéad púnt fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun a cheannuithe no más gabháltas nár tugadh roimh-íoc ar bith fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ina thaobh an gabháltas le n-a mbaineann an fógra san, tré fhógra do chur san Iris Oifigiúil agus in aon eagar amháin ar a laighead de pháipeur nuachta a foillsítear agus a léightear sa chontae ina bhfuil an gabháltas san suidhte no, mara mbeidh a leithéid sin de pháipeur nuachta ann, i bpáipeur nuachta laethiúil a foillsítear i Saorstát Éireann agus a léightear sa chontae sin.

Comhachta Choimisiún na Talmhan cirt uisce do bhronna.

38. —(1) Má bhíonn tobar, sruth, linn, loch, no uisce eile (dá ngairmtear áit uisce anso feasta) ar thalamh ar bith a díoladh no do haontuíodh do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ansan, más dóich le Coimisiún na Talmhan go bhfuil sé riachtanach no oiriúnach san do dhéanamh chun tairbhe do thailte eile do díoladh no do haontuíodh do dhíol amhlaidh, féadfaid orduithe do dhéanamh—

(a) le n-a ndeonfar do pé daoine agus le n-a mbronnfar ortha chun tairbhe do pé tailte is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan cirt (dá ngairmtear cirt uisce anso feasta) chun uisce do thógaint as an áit uisce sin chun a úsáidthe ar na tailte sin chun crícheanna tighis no feirmeoireachta; agus

(b) le n-a gcuirfear ar fáil do dhaoine dá ndeonfar na cirt uisce sin amhlaidh cirt chun dul go dtí an áit uisce sin chun na gceart uisce sin d'fheidhmiú; agus

(c) le n-a bhforálfar go ndéanfaidh daoine dá ndeonfar na cirt uisce sin cúiteamh sna cirt uisce sin d'íoc le húnaer na háite uisce sin no le húnaer an tailimh gur air a deonfar an ceart san chun dul go dtí an áit uisce sin agus le n-a socrófar méid an chúitimh sin.

(2) Maran mó ná caoga púnt an cúiteamh is iníoctha fén alt so le húnaer áite uisce no le húnaer an tailimh gur air a deonfar an ceart san chun dul go dtí an áit uisce sin féadfar an cúiteamh san d'íoc leis an té chruthóidh chun sástachta Choimisiún na Talmhan gurb é féin agus a roimh-shealbhadóirí teidil (má b'ann dóibh) do bhí, ar feadh sé mblian ar a laighead díreach roimh dháta an orduithe le n-a socruítear méid an chúitimh, i seilbh an tailimh ar a bhfuil an áit uisce sin suidhte no ar a ndeontar an ceart san chun dul go dtí an áit uisce sin no ag fáil cíosanna agus sochar an tailimh sin.

(3) Ag déanamh orduithe dhóibh fén alt so bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan aire chuibhe do riachtanaisí réasúnta únaera na háite uisce le n-a mbaineann an t-ordú san agus do riachtanaisí réasúnta daoine eile go mbeidh cirt acu maidir leis an áit uisce sin.

Comhachta Choimisiún na Talmhan maidir le móin agus cearta slí do leathnú.

39. —(1) Na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun rialachán do dhéanamh i dtaobh móna ar phortaigh mar a leathnuítear iad le halt 42 den Acht Talmhan, 1923 , leathnuítear leis seo tuille iad i dtreo go mbeidh ortha comhacht déanta rialachán le n-a mbronnfar ar Choimisiún na Talmhan agus ar a gceadúnaithe agus le n-a míneofar cirt chun dul trasna tailimh ar bith go dtí portach chun móna d'fháil pe'ca socrófar no ná socrófar leis na rialacháin sin go mbeidh na cirt sin ag dul le talamh ar bith.

(2) Ar na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun airgid do chaitheamh ar fheabhsú tailimh do díoladh no do haontuíodh do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh beidh, i dteanta na nithe luaidhtear in alt 43 den Acht Talmhan, 1923 , comhacht chun bealach agus cearta slí trasna tailimh ar bith go dtí talamh ar bith do díoladh no do haontuíodh do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do bhronna ar Choimisiún na Talmhan agus ar a gceadúnaithe agus chun an chéanna do mhíniú agus do leathnú no d'fheabhsú, pe'ca déanfar no ná déanfar na cearta slí sin do bhronna amhlaidh i dtreo go mbeid ag dul le talamh ar bith.

(3) Má dheineann Coimisiún na Talmhan ceart slí no ceart dul isteach ar thalamh do bhronna agus do mhíniú, pe'ca fén alt so é no fé aon cheann eile d'fhorálacha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan dul isteach ar an talamh go mbronnfar amhlaidh an ceart slí sin trasna air no an ceart san chun dul isteach air agus bóthar no bealach do dheisiú no do dhéanamh air agus fáil agus geataí do chur suas agus, chun na gcrícheanna san, gach abhar no aon abhar is gá do thógaint ón talamh san no do bhaint as agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfadh an té gur chun tairbhe dho do bronnadh an ceart san an cúiteamh íocfaidh Coimisiún na Talmhan as an gceart slí sin no as an gceart san chun dul isteach d'aisíoc le Coimisiún na Talmhan.

(4) Maran mó ná caoga púnt an cúiteamh is iníoctha as ceart slí, no as ceart dul isteach ar thalamh, a bhronnfaidh Coimisiún na Talmhan fén alt so no fé aon cheann eile d'fhorálacha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfar an cúiteamh san d'íoc leis an té chruthóidh chun sástachta Choimisiún na Talmhan gurb é féin agus a roimh-shealbhadóirí teidil (má b'ann dóibh) do bhí, ar feadh sé mblian ar a laighead díreach roimh íoc an chúitimh sin, i seilbh an tailimh go mbronnfar an ceart slí sin trasna air no an ceart san chun dul isteach air no ag fáil cíosanna agus sochar an tailimh sin.

Usáid fhéaraigh agus phortaigh áirithe do dhaingniú.

40. —(1) Má bhíonn tionónta gabháltais le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , ag úsáid féaraigh no portaigh ar bith ar thailte a thiarna talmhan go hoscailte agus go raibh sé ag úsáid an fhéaraigh no an phortaigh sin amhlaidh, gan cosc dleathach ná gan cur ina choinnibh, o dháta roimh an Acht san do rith, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar iarratas an tionónta san agus más dóich leo, agus cuimhne acu ar gach a mbaineann leis an gcás, gur ceart san do dhéanamh, a fhaisnéis i dtaobh an fhéaraigh no an phortaigh sin (pe'ca aca é) d'úsáid gur ceart é sin atá ag dul leis an ngabháltas san fé réir pé cionníollacha agus teoranta (más ann dóibh) is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan d'fhorchur agus a luadhfaid sa bhfaisnéis sin.

(2) Má faisnéistear le faisnéis fén alt so gur ceart atá ag dul le gabháltas féarach no portach d'úsáid, beidh sé ina cheart a bheidh ag dul leis an ngabháltas san dá réir sin an féarach no an portach san d'úsáid ach beidh san fé réir na gcoinníoll agus na dteoranta (más ann dóibh) a forchuirfear tríd an bhfaisnéis sin, agus má deintear agus nuair a déanfar an gabháltas san do dhílsiú i gceannuitheoir le hordú dílsiúcháin leanfaidh an ceart san de bheith ag dul leis an ngabháltas san amhlaidh ach san fé réir na nithe roimhráite.

(3) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan faisnéis fén alt so ach amháin le haontú gach páirtí le n-a mbaineann no tar éis fógra i dtaobh an iarratais ar an bhfaisnéis sin do sheirbheail sa tslí orduithe ar gach páirtí le n-a mbaineann agus caoi do thabhairt do gach páirtí acu san ar agóidí do dhéanamh i gcoinnibh na faisnéise sin do dhéanamh.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach iarratas ar fhaisnéis fén alt so, agus gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh na faisnéise sin do dhéanamh, do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha, agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí Talmhan eile ar aon iarratas no agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh breithe an Choimisineura Bhreithiúntais.

An cion de rátaí a cuirfear ar thalamh nea-thionóntuithe.

41. —(1) Má tháinig talamh nea-thionóntuithe no má thagann sé ina dhiaidh seo chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha fén Acht Talmhan, 1923 , agus má bhí an talamh nea-thionóntuithe sin no má bhíonn sé an uair sin fé ráta dhealbhais no fé aon ráta eile i dteanta tailimh eile, déanfar gach ráta dealbhais agus ráta eile buailfear no measfar ar scór an tailimh sin go léir in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla bheidh ann le linn an lae cheaptha do roinnt idir an talamh nea-thionóntuithe sin agus an talamh eile sin.

(2) Má deintear rátaí do roinnt fén alt so idir talamh neathionóntuithe a bheidh dílsithe i gCoimisiún na Talmhan agus talamh eile, tuigfear gurb é an cion san amháin de sna rátaí sin do cuireadh amhlaidh ar an talamh nea-thionóntuithe sin do buaileadh no do measadh ar scór an tailimh nea-thionóntuithe sin do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1927 , agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Comhachta ath-sheilbhe do leathnú.

42. —(1) Na comhachta céanna go léir, chun ath-shealbhú do dhéanamh i bpáirt no go hiomlán, atá ag Coimisiún na Talmhan agus is féidir dóibh d'fheidhmiú maidir le gabháltaisí le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , beid acu agus féadfaid iad d'fheidhmiú maidir le talamh ar bith (nách gabháltas le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 ) do dílsíodh ionta roimh an Acht so do rith no a dílseofar ionta dá éis sin.

(2) Nuair ath-shealbhóidh Coimisiún na Talmhan cuid de ghabháltas fén alt so féadfaid an cíos is iníoctha ar an ngabháltas san do roinnt idir an chuid a hath-shealbhófar amhlaidh agus an chuid eile den ghabháltas san fé mar is gá do réir chirt an cháis.

(3) Má dheineann Coimisiún na Talmhan gabháltas nách gabháltas fé chíos chúirte no cuid de d'ath-shealbhú fén alt so, ansan, chun a shocrú cadé an cúiteamh is iníoctha as an athshealbhú san, tuigfear gur cíos cúirte treas-théarma an cíos is iníoctha ag tionónta an ghabháltais sin le linn an ath-shealbhuithe sin agus socrófar an cúiteamh san dá réir sin.

Cúiteamh i gcur-isteach ar thionóntaí le linn gabháltas d'ath-shealbhú.

43. —Más dóich leis an gCúirt go mbeadh sé nea-chothrom do Choimisiún na Talmhan gabháltas no cuid de ghabháltas d'athshealbhú ar íoc cúitimh leis an tionónta a socrófaí ar an bhforas ar a socruítí praghsanna ath-shealbhuithe go dtí so, féadfaidh an Chúirt, agus í ag socrú an chúitimh san ath-shealbhú san, cúiteamh don tionónta i gcur-isteach air do chur leis, agus féadfaidh fós féachaint ní hamháin don méid is fiú an talamh a bheidh le hath-shealbhú ach ina theanta san don damáiste, más ann do, a déanfar don tionónta tré ath-shealbhú na dtailte sa mhéid go ndéanfaidh san deifir do maidir le tailte eile d'úsáid no sa mhéid go ndéanfa sé díobháil do sna tailte eile sin ar shlí eile.

Talamh nea-thionóntuithe ar seilbh fé dheontas fheirm-dhílse no fé léas fhada.

44. —(1) Más rud é ar iarratas o únaer phíosa de thalamh nea-thionóntuithe agus tar éis fógra do gach páirtí le n-a mbaineann, go mbeidh Coimisiún na Talmhan sásta—

(a) go bhfuil an píosa san ag an únaer sin fé dheontas fheirm-dhílse, fé léas síor-ionathnuachainte ar feadh saolta no blianta, no fé léas ar feadh téarma de bhlianta go raibh trí fichid no breis díobh gan caitheamh ar dháta an Achta Talmhan, 1923 , do rith, pe'ca bhaineann an deontas no an léas san le talamh eile chó maith leis an bpíosa san no ná baineann, agus

(b) go bhfuil an t-únaer sin i seilbh bona fide an phíosa san agus go sealbhuíonn agus go n-úsáideann sé é sa tslí chéanna 'na ndeineann gnáth-fheirmeoir san agus do réir modhanna cearta feirmeoireachta, agus

(c) nách lugha an cíos is iníoctha ag an únaer sin ar an bpíosa san ná an cíos is dóich le Coimisiún na Talmhan do bheadh ina chíos chothrom ar an bpíosa san ar dháta an Achta Talmhan, 1923 , do rith dá mba fé thionóntacht reachtúil agus fé chíos cúirte treasthéarma do bheadh an píosa san ag an tionónta san an uair sin, agus

(d) go bhfuil an t-únaer sin toilteannach an píosa san d'athcheannach agus gur ceart é d'ath-dhíol leis, agus

(e) ná teastuíonn an píosa san chun cumhangrachta do leigheas,

féadfaidh Coimisiún na Talmhan, le hordú, a fhaisnéis go ndílseoidh an píosa san i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha fé is dá mba thalamh tionóntuithe é.

(2) I gcás an deontas feirm-dhílse no an léas fé n-a mbeidh duine i seilbh phíosa de thalamh nea-thionóntuithe is abhar d'iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith ag baint, ní hamháin leis an bpíosa san, ach fós le talamh eile ná beidh i seilbh únaera an phíosa san (pe'ca bheidh estát no leas ar bith ag an únaer sin sa talamh eile sin no ná beidh) féadfaidh Coimisiún na Talmhan an cíos a cuirtear ar cosnamh leis an deontas no leis an léas san do roinnt idir an píosa san agus an talamh eile sin no iomlán an chíosa san do chur ar an bpíosa san amháin agus leis sin tuigfear chun crícheanna an ailt seo gurb é an cion san den chíos no iomlán an chíosa do cuireadh ar an bpíosa san amhlaidh an cíos is iníoctha ag an únaer sin ar an bpíosa san.

(3) Má thagann píosa de thalamh nea-thionóntuithe chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua orduithe déanfar fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear go ndearna únaer an phíosa san connra ceannaigh déanach ar an lá ceaptha chun an phíosa san do cheannach fé is dá mba ghabháltas é ar seilbh ag an únaer sin ar an gcíos is iníoctha aige ar an bpíosa san;

(b) ní bheidh riaráiste den chíos do bhí iníoctha ag an únaer sin ar an bpíosa san, agus do tháinig chun bheith dlite ar no roimh an gcéad lá gála sa bhliain 1928 agus a bheidh gan íoc ar an lá ceaptha, ní bheidh sé iníoctha ag an únaer sin;

(c) déanfar riaráiste den chíos san do tháinig chun bheith dlite tar éis an chéad lae ghála sa bliain 1928 agus roimh an lá ceaptha agus a bheidh gan íoc ar an lá ceaptha, maraon le cion de ghála an chíosa san ón lá gála is déanaí roimh an lá ceaptha suas go dtí an lá ceaptha, do shocrú tré riaráiste cíosa socruithe (a háireofar mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) do chur le hairgead ceannaigh an phíosa san;

(d) isé méid an riaráiste chíosa shocruithe cuirfear leis an airgead ceannaigh sin amhlaidh ná cúig seachtód per cent. den riaráiste chíosa agus den chion de ghála chíosa bheidh le socrú amhlaidh.

(4) Isiad na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, a éistfidh iarrataisí chun Choimisiún na Talmhan ar ordú fé fho-alt (1) den alt so agus do bhéarfaidh breith ortha agus luighfidh athchomharc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí eile ar aon iarratas den tsórt san (ar a n-áirítear cion cíosa ar bith no iomlán an chíosa san do chur ar phíosa talmhan) agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

(5) Deintear leis seo alt 11 den Acht Talmhan, 1927 , d'athghairm gan dochar d'imeachta fén alt san, atá ar feitheamh le linn an Achta so do rith, do chiméad ar siúl agus do chríochnú agus do bheith dleathach.

(6) Ní coiscfear ar únaer phíosa de thalamh nea-thionóntuithe iarratas do dhéanamh chun Choimisiún na Talmhan fén alt so ná ní diúltófar do ghéille d'iarratas fén alt so mara mbeidh de chúis leis sin ach gur diúltadh, roimh an Acht so do rith, do ghéille d'iarratas fé alt 11 den Acht Talmhan, 1927 , i dtaobh an phíosa chéanna talmhan.

Leathnú ar chomhachta chun bancánacht do choinneail suas, etc.

45. —(1) Más rud é, i gcás estáit 'na mbeidh na gabháltaisí air dílsithe i lucht a gceannuithe fén Acht so, go bhfeicfear don Choimisinéir Bhreithiúntais, laistigh de shé bliana tar éis na n-orduithe dílsiúcháin i dtaobh na ngabháltas san no tar éis an orduithe dheiridh díobh d'fhoillsiú, go bhféadfadh sé, agus airgead ceannaigh an estáit sin á roinnt, a ordú fé fho-alt (1) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923 , dá n-iarrtaí air ansan é, go n-aistreofaí bannaí talmhan chun an Iontaobhaí Phuiblí chun na gcrícheanna luaidhtear san alt san, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, laistigh den tréimhse sin de shé bliana, a ordú d'éinne do fuair aon chuid den airgead cheannaigh sin chun tairbhe dho féin no do fuair agus do choinnigh í fé n-a chúram mar iontaobhaí agus an roinnt sin á déanamh aisíoc do dhéanamh leis an Iontaobhaí Puiblí i pé méid den airgead cheannaigh sin (más ann do) do fuair sé amhlaidh no do fuair agus do choinnigh amhlaidh agus is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais go bhféadfadh sé a ordú amhlaidh go n-aistreofaí amhlaidh é agus an roinnt sin á déanamh.

(2) Déanfar bannaí talmhan a híocfar leis an Iontaobhaí Puiblí do réir orduithe déanfar fén alt so do chur chun críche do réir fo-ailt (2) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923 , fé is dá mba fé fho-alt (1) den alt san do haistreofaí chuige iad.

Leathnú ar chomhachta chun cúitimh do dhéanamh i gcaithteachas ar dheisiú bancánacht, etc.

46. —(1) Más rud é, i gcás estáit 'na mbeidh na gabháltaisí air dílsithe i lucht a gceannuithe fén Acht so, go bhfeicfear don Choimisinéir Bhreithiúntais (ar iarratas o Choimisiún na Talmhan), laistigh de shé bliana tar éis na n-orduithe dílsiúcháin i dtaobh na ngabháltas san no tar éis an orduithe dheiridh díobh d'fhoillsiú, go bhféadfadh sé, agus airgead ceannaigh an estáit sin á roinnt, a ordú fé alt 20 den Acht Talmhan, 1927 , dá n-iarradh Coimisiún na Talmhan air ansan é, go n-aistreofaí bannaí talmhan chun Choimisiún na Talmhan, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, laistigh den tréimhse sin de shé bliana, a ordú d'éinne do fuair aon chuid den airgead cheannaigh sin chun tairbhe dho féin no do fuair agus do choinnigh í fé n-a chúram mar iontaobhaí agus an roinnt sin á déanamh aisíoc do dhéanamh le Coimisiún na Talmhan i pé méid den airgead cheannaigh sin (más ann do) do fuair sé amhlaidh no do fuair agus do choinnigh amhlaidh agus is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais go bhféadfadh sé a ordú amhlaidh go n-aistreofaí amhlaidh é agus an roinnt sin á déanamh.

(2) Déanfaidh Coimisiún na Talmhan bannaí talmhan a híocfar le Coimisiún na Talmhan do réir orduithe déanfar fén alt so do chur chun na gcrícheanna chun a mbeadh na bannaí talmhan san ionchurtha dá mba fé alt 20 den Acht Talmhan, 1927 , do haistreofaí chun Choimisiún na Talmhan iad.

Gabháltaisí do chuaidh in olcas no i laighead tríd na bhfaillí do thug an tiarna talmhan i ndréineanna, etc., do dheisiú.

47. —(1) Más rud é, maidir le tiarna aon tailimh thionóntuithe a bheidh dílsithe no le dílsiú fén Acht so, go raibh sé, roimh fhaisnéis an lae cheaptha don talamh san, fé oblagáid ina aonar no i dteanta duine eile no daoine eile, pe'ca fé théarmaí connartha thionóntachta no fé reacht no ar shlí eile é, aon chúrsa uisce, dréin, bancánacht, no obair eile do ghlana no do choinneail i dtreo no cabhrú chun a ghlanta no a choinnithe i dtreo, agus gur thug an tiarna talmhan san faillí san obair sin do ghlana no do choinneail i dtreo amhlaidh no i gcabhrú chun a glanta no a coinnithe i dtreo amhlaidh agus go mbeidh gabháltas ar an talamh tionóntuithe sin imithe in olcas go buan no imithe go mór i laighead de dheascaibh na faillí sin agus, mar gheall ar é bheith imithe in olcas no i laighead amhlaidh, ná beidh Coimisiún na Talmhan sásta gur urrús an gabháltas san ar an riail-bhlianacht cheannaigh do dhlighfeadh bheith air, ar a dhílsiú, mara mbeadh an t-alt so, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar iarratas éinne le n-a mbaineann no gan aon iarratas den tsórt san agus roimh an lá ceaptha no ina dhiaidh—

(a) marar roimh-íocadh airgead ceannaigh an ghabháltais sin, ordú do dhéanamh ag diúltú don airgead cheannaigh sin do roimh-íoc agus féadfaid láithreach riail-bhlianacht cheannaigh an ghabháltais sin do shocrú sa tslí foráltar leis an Acht Talmhan, 1923 , i dtaobh gabháltaisí fé chíosa nách cíosa cúirte i gcás ná có-aontuíonn an tiarna talmhan agus an tionónta le n-a chéile; no

(b) má roimh-íocadh airgead ceannaigh an ghabháltais sin, riail-bhlianacht cheannaigh an ghabháltais sin do laigheadú go dtí suim riail-bhlianachta ceannaigh a bheidh le socrú láithreach ag Coimisiún na Talmhan don ghabháltas san sa tslí foráltar leis an Acht Talmhan, 1923 , i dtaobh gabháltaisí fé chíosa nách cíosa cúirte i gcás ná có-aontuíonn an tiarna talmhan agus an tionónta le n-a chéile.

(2) Ní bhainfidh alt 2 den Acht Talmhan, 1929 , le riailbhlianachtaí ceannaigh a shocróidh Coimisiún na Talmhan fén alt so.

(3) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan ordú fén alt so ach amháin le haontú gach páirtí le n-a mbaineann no tar éis fógra do sheirbheail sa tslí orduithe ar gach páirtí le n-a mbaineann agus caoi do thabhairt do gach páirtí acu san ar agóidí do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin do dhéanamh.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach iarratas ar ordú fén alt so, agus gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh aon orduithe den tsórt san do dhéanamh, do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha, agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí Talmhan eile ar aon iarratas no agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh breithe an Choimisineura Bhreithiúntais.

Deontaisí chun íoctha costas imirceach d'aistriú.

48. —I dteanta na gcomhacht atá ag Coimisiún na Talmhan airgead do chaitheamh chun tairbhe no chun feabhsuithe talmhan a ceannuítear no a haontuítear do cheannach fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, beidh comhacht acu pé suimeanna is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan do dheona, más oiriúnach le Coimisiún na Talmhan é, chun íoctha no mar chabhair chun íoctha na gcostas a bhainfidh le himircigh d'aistriú chun a ngabháltas nua.

Muirir dheachmha-chíosa agus cíosanna ion-atharuithe d'atharú.

49. —(1) Isé suim is iníoctha alos gach gála de mhuirear dheachmha-chíosa no de chíos ion-atharuithe do tháinig no thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1930, ná dó is nócha per cent. den tsuim do bhí iníoctha alos an ghála den mhuirear dheachmha-chíosa san no den chíos ionatharuithe sin (pe'ca aca é) do tháinig chun bheith dlite díreach roimh an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1930.

(2) Ní déanfar atharú ar bith ar aon mhuirear deachmha-chíosa ná ar aon chíos ion-atharuithe fé ailt 2 agus 3 den Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1900, no fé sna hailt sin mar a cuirtear i mbaint iad tré alt 90 den Irish Land Act, 1903 (pe'ca aca é) alos aon ghála den mhuirear dheachmha-chíosa no den chíos ionatharuithe sin do tháinig no thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1930.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “muirear deachmha-chíosa” cíos-mhuirear in ionad deachmhaithe pe'ca le Coimisiún na Talmhan atá sé iníoctha no le tuath-dhílseánaí no le héinne eile ach ní fholuíonn sé muirear deachmha-chíosa atá eiscithe, le halt 8 den Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1900, o oibriú ailt 3 den Acht san, agus cialluíonn an abairt “cíos ion-atharuithe” cíos le n-a mbaineann ailt 2 agus 3 den Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1900, de bhua ailt 90 den Irish Land Act, 1903.

Lucht íoctha blianachtaí ceannaigh áirithe d'íoc suime breise.

50. —(1) Duine go mbeidh blianacht cheannaigh iníoctha aige alos roimh-íoca do híocadh, tar éis an Achta so do rith, fé alt 38 no fé alt 39 den Acht Talmhan, 1923 , íocfa sé le Coimisiún na Talmhan ar an gcéad lá gála ar a mbeidh íocaíocht alos na blianachta ceannaigh sin iníoctha, suim bhreise (i dteanta na híocaíochta san) is có-ionann le cion den bhlianacht cheannaigh sin in aghaidh na tréimhse idir an lá gála san agus an chéad lá eile ar a mbeidh dividenda iníoctha as bannaí talmhan.

(2) Beidh ag Coimisiún na Talmhan, chun suimeanna is iníoctha leo fén alt so do bhaint amach, na meain chéanna atá acu chun tráthchoda neamh-íoctha de bhlianachtaí ceannaigh do bhaint amach.

Trátha chun suimeanna breise d'íoc.

51. —Gach suim bhreise is iníoctha do réir na nAchtanna Talamh-Cheannaigh (ar a n-áirítear an tAcht so) ag ceannuitheoir le Coimisiún na Talmhan an chéad lá gála bheidh tráthchuid de bhlianacht cheannaigh no de shuim is có-ionann le blianacht cheannaigh iníoctha, íocfar í, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna san, pé trátha (nách luatha ná an chéad lá gála san) agus i pé tráthchoda a hordófar le rialacha dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan.

Coimisiún na Talmhan do thabhairt cuntaisí tréimhsiúla uatha.

52. —Athghairmtear leis seo alt 33 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, agus ina ionad san achtuítear leis seo go dtabharfaidh Coimisiún na Talmhan uatha pé cuntaisí tréimhsiúla i pé trátha agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Rialacha agus rialacháin.

53. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan, tar éis dóibh dul i gcomhairle le hUachtarán an Dlí-Chumainn Ionchorparuithe, rialacha do dhéanamh chun forálacha an Achta so (seachas na forálacha bhaineann le hairgeadas talamh-cheannaigh) do chur in éifeacht, agus san Acht so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacha san.

(2) Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh chun na bhforálacha den Acht so bhaineann le hairgeadas talamhcheannaigh do chur in éifeacht agus leis na rialacháin sin féadfa sé aon fhoráil a bhaineann le hairgeadas talamh-cheannigh agus atá in aon Acht do ritheadh roimh an Acht so do chur in oiriúint do sna nithe a héilítear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

54. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i na nAcht san.