14 1931


Uimhir 14 de 1931.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM), 1931.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA AGUS CHUN SAOIRSÍ ÁIRITHE ÓN DIÚITÉ AR EARRAÍ FIGHTE D'OLAINN NO D'OLAINN SNÁTH-DHÚBALTA DO DHEONA AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [21adh Bealtaine, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diuité ar Im.

1. —(1) Déanfar diuité custum do réir tuistiuin fén bpúnt d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar an im go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá d'Eanar, 1931, no ina dhiaidh sin.

(2) Pé uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, i dtaobh aon ime dob ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so mara mbeadh an fo-alt so, go bhfuil sé á iomportáil chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí é chun earraí bídh do dhéanamh i Saorstát Éireann d'fhonn a bhfurmhór d'easportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ach go gcólíonfar pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an t-im sin gan an diuité luaidhtear san alt so d'íoc.

(3) Pé uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, i dtaobh aon ime dob' ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so mara mbeadh an fo-alt so, go bhfuil sé do réir na gcoinníoll so uile leanas, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil sé á iomportáil o Thuaisceart Éireann ag feirmeoir a chomhnuíonn i dTuaisceart Éireann; agus

(b) go ndearna an t-iomportálaí é o bhainne a chuid bó féin; agus

(c) nách mó ná sé púint chaogad meáchainte an méid atá á iomportáil ag aon iomportálaí áirithe aon lá áirithe; agus

(d) go bhfuil sé á iomportáil chun go ndíolfadh an t-iomportálaí i mbaile margaidh é agus go bhfuil sé á iomportáil ar lá is lá margaidh sa bhaile sin;

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ach go gcólíonfar pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an t-im sin gan an diuité luaidhtear san alt so d'íoc.

(4) Pé uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, i dtaobh aon ime dob' ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so mara mbeadh an fo-alt so, go bhfuil sé do réir na gcoinníoll so uile leanas, sé sin le rá:—

(a) go ndearnadh in uachtarlainn i dTuaisceart Éireann é no go ndearnadh in uachtarlainn i Saorstát Éireann agus gur heasportáladh go Tuaisceart Éireann é, agus

(b) go bhfuil sé á iomportáil díreach o uachtarlainn i dTuaisceart Éireann no o stáisiún deighilte uachtair i dTuaisceart Éireann ag feirmeoir a chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus is scaireánach san uachtarlainn sin no sa stáisiún deighilte uachtair sin (pe'ca aca é) agus a thugann bainne o n-a bha féin ar a fheirm féin i Saorstát Éireann don uachtarlainn sin no don stáisiún deighilte uachtair sin (pe'ca aca é), agus

(c) go bhfuil sé á iomportáil amhlaidh ag an bhfeirmeoir sin chun é d'úsáid ina thigh féin, agus

(d) nách mó ná seacht bpúint meáchainte an méid atá á iomportáil amhlaidh ag an bhfeirmeoir sin aon tseachtain áirithe,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ach go gcólíonfar pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an t-im sin gan an diuité luaidhtear san alt so d'íoc.

(5) Sa mhéid go mbaineann sé le him is ionchurtha fén diuité luaidhtear san alt so, beidh éifeacht ag alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, ach é atharuithe tré thréimhse de mhí o am na heasportála do chur in ionad na tréimhse de chúig bliana o am na heasportála luaidhtear san alt san 6.

Saoirsí o dhiuité ar earraí fighte d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta.

2. —(1) Sa mhéid go mbaineann sé le hearraí fighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 5adh lá de Mhárta, 1931, no laistigh de thrí bliana ina dhiaidh sin, léireofar fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Airgid (Diuitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dhá scilling” isteach ann in ionad na bhfocal “dhá scilling agus reul” atá anois ann de bhua fo-ailt (1) d'alt 23 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ).

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 23 den Acht Airgid, 1929 , le haon earraí fighte le n-a mbaineann fo-alt (1) den alt so.

Cúram agus bainistí diuitéthe.

3. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach diuité forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diuitéthe Custum), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so i dteanta na nAchtanna Custum.