45 1931


Uimhir 45 de 1931.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1931.


ACHT CHUN AILT 10 DEN ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930 , DO LEASÚ.

[15adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930) .

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Deintear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “ocht mí dhéag” do chur in ionad an fhocail “bliain” i bhfo-alt (1) den alt san i ngach áit ina bhfuil an focal san sa bhfo-alt san, agus

(b) tré sna focail “agus ní clárófar go sealadach arís é fén alt so sa chlár san”, atá anois i bhfo-alt (4) den alt san, do scriosadh amach as.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1931 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.