49 1931


Uimhir 49 de 1931.


ACHT UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1931.


ACHT CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR CUID DE SHOCHAR SCUAB-GHEALL A CUIRFEAR AR SIÚL FÉ SNA hACHTANNA UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA, 1930 AGUS 1931, D'ÍOC LE CUMAINN BHANALTRAIS NO DO CHUR CHUN TAIRBHE DHÓIBH. [22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “an tAcht Leasúcháin” an t Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1931 (Uimh. 24 de 1931) ;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “barrachas ionfhálta” atá léi in ailt 5 agus 6 den Acht Leasúcháin;

cialluíonn an abairt “cumann banaltrais” fundúireacht no cumann gurb é a aon-chuspóir no a phríomh-chuspóir cóir bhanaltrais do chur ar dhaoine bochta ar a mbíonn galair no díobhála cuirp no ar mhná i luighe seola agus banaltraí do chur ar fáil do sna daoine sin.

Cuid den bharrachas ionfhálta d'íoc le cumainn bhanaltrais.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 6 den Acht Leasúcháin, déanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí an cúigiú cuid fhichead den pháirt de gach barrachas ionfhálta a híocfar leis fén alt san d'íoc le pé cumainn bhanaltrais no do chur chun tairbhe do pé cumainn bhanaltrais is oiriúnach leis i pé slí is dóich leis is ceart.

(2) Nuair a dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí aon airgead as barrachas ionfhálta d'íoc le cumann banaltrais fén alt so, féadfa sé a chur mar choinníoll maidir leis an íocaíocht san ná cuirfidh an cumann san an t-airgead san ach chun no i dtaobh a chuspóirí do chur ar aghaidh i líomatáistí áirithe luadhfaidh an tAire sin.

Gearr-theideal, luadh, agus buaine.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú) (Uimh. 2), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Chun go bhféadfar iad do luadh i dteanta a chéile folóidh an abairt “na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 agus 1931,” an tAcht so.

(3) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.