|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931) | Ar Aghaidh (CUID II. TITHE DON LUCHT OIBRE. Liomataisti Nea-Shlaintiula.) |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus luadh. |
1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Sa mhéid go leasuíonn an tAcht so na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, na Small Dwellings Acquisition (Ireland) Acts, 1899 and 1919, agus Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, léighfear agus léireofar é mar éinní amháin leo san fé seach, agus féadfar é do luadh in éineacht leo fé seach fén teideal: Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, na hAchtanna um Thithe Beaga Comhnaithe d'Fháil, 1899 go 1931, agus Achtanna na dTithe, 1925 go 1931, fé mar a bheidh. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —(1) San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “líomatáiste nea-shláintiúil” líomatáiste go bhfuil na tithe comhnaithe atá ann neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta, toisc easba deisiúcháin no toisc lochtaí sa chóir shláinteachais, no dainséarach no díobhálach do shláinte áititheoirí an líomatáiste, toisc na dtithe sin do bheith leagtha amach go holc no toisc na sráideanna do bheith ró-chumhang no leagtha amach go holc, agus ina bhfuil na foirgintí eile, más ann dóibh, dainséarach no díobhálach do shláinte na n-áititheoirí sin de dheascaibh cúise den tsórt san; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “líomatáiste réiteachta” líomatáiste neashláintiúil a dhearbhóidh údarás áitiúil a bheith ina líomatáiste réiteachta chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “líomatáiste feabhsúcháin” líomatáiste neashláintiúil a dhearbhóidh údarás áitiúil a bheith ina líomatáiste feabhsúcháin chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ordú réiteachta” ordú dhéanfaidh údarás áitiúil fén Acht so á ordú foirgintí i líomatáiste réiteachta do leagadh; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ordú ceannaigh éigeanta” ordú déanfar fén Acht so á údarú d'údarás áitiúil talamh do thógaint go héigeanta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1890” an Housing of the Working Classes Act, 1890; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Achtanna Tithe an Lucht Oibre” na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus an tAcht so sa mhéid go leasuíonn sé na hAchtanna san; | |
[EN] | foluíonn an abairt “lochtaí sa chóir shláinteachais” easba aerspáis no aeriúcháin, dorchadas, taise, easba leor-sholáthair uisce sho-aimsithe no easba feistis shláinteachais no áiseanna eile agus easba leor-phábhála no leor-dhréineála i gcúirteanna, i gclóis no i bpasáistí; | |
[EN] | tá an chiall chéanna leis an abairt “fo-dhlithe tógála” atá leis an abairt “building by-laws” in alt 33 den Housing (Ireland) Act, 1919; | |
[EN] | cialluíonn an focal “únaer” maidir le haon fhoirgint no talamh duine, seachas morgáistí ná fuil i seilbh, atá de thurus na huaire i dteideal bithdhílse na foirginte no an tailimh do chur dá laimh, pe'ca chun seilbhe no chun frithdhílse é, agus foluíonn freisin duine atá i seilbh no i dteideal cíosanna agus brabúis na foirginte no an tailimh fé léas no có-aontú gur mó ná trí bliana a bhfuil le caitheamh dá théarma; | |
[EN] | foluíonn an focal “tigh comhnaithe” aon chlós, gáirdín, miontithe agus dultaisí a ghabhann leis no a húsáidtear de ghnáth in éineacht leis; | |
[EN] | foluíonn an focal “sráid” aon chúirt, clamhsa, pasáiste, cearnóg no sreath de thithe pe'ca tá ceann de sin dúnta no ná fuil; | |
[EN] | tá an chiall chéanna leis an abairt “duine go n-urláimh an tighe” atá leis an bhfocal “owner” sa Public Health (Ireland) Act, 1878. | |
[EN] |
Acht 1890 do léiriú. |
3. —Beidh éifeacht ag Acht 1890 amhail is dá ndeintí na forálacha den Acht so i dtaobh líomatáistí nea-shláintiúla agus tithe comhnaithe nea-shláintiúla do chur isteach i gCoda I agus II fé seach d'Acht 1890 in ionad na bhforálacha atá sna Coda san i dtaobh líomatáistí nea-shláintiúla agus tithe comhnaithe neashláintiúla agus déanfar na tagairtí atá san Acht so, no atá in aon Acht (agus Acht 1890 d'áireamh) do ritheadh roimh an Acht so, d'Acht 1890 no d'aon Chuid d'Acht 1890, no d'aon achtachán atá san Acht san no leasuíonn é do léiriú mar thagairtí fé seach d'Acht 1890 mar a leasuítear é leis an Acht so, no don Chuid sin no don achtachán san mar a leasuítear an Chuid sin no an t-achtachán san leis an Acht so. |
[EN] |
Achtacháin d'athghairm. |
4. —(1) Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san. |
[EN] | (2) Más rud é roimh thosach feidhme an Achta so agus do réir Achta 1890, gur seirbheáladh aon fhógra á éileamh go ndéanfaí oibreacha, no go ndearnadh aon éileamh ar na costaisí no aon ordú i dtaobh na gcostaisí bhaineann le hoibreacha do dhéanamh, no aon ordú dúnta no ordú leagtha, no gur dhaingnigh no gur cheaduigh an tAire aon scéim no ordú no gur cuireadh aon ordú fé n-a bhráid chun a dhaingnithe no a cheaduithe, ansan, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, féadfar imeachta (agus imeachta chun scéime daingnithe d'atharú d'áireamh) do bhunú ina thaobh den tsórt d'fhéadfaí do bhunú, agus tiocfaidh nithe dá ndruim den tsórt do thiocfadh, dá mba ná rithfí an tAcht so. | |
[EN] | (3) Ní tuigfear go ndeineann an luadh a deintear ar nithe áirithe sa bhfo-alt san roimhe seo aon dochar ná deifir d'fheidhmiú ghenerálta ailt 13 den Acht Léiriúcháin, 1923 (Uimhir 46 de 1923) maidir le héifeacht ath-ghairmeanna. |