An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. TITHE DO THOGAIL DON LUCHT OIBRE. Tithe Comhnaithe Nea-Shlaintiula)

50 1931

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931

CUID II.

TITHE DON LUCHT OIBRE.

Liomataisti Nea-Shlaintiula.

Líomatáistí réiteachta.

5. —(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, gur líomatáiste nea-shláintiúil aon líomatáiste atá laistigh dá gceanntar agus nách féidir staid an líomatáiste sin do leigheas go héifeachtúil ach amháin tré sna foirgintí go léir, sa líomatáiste sin, atá neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta no atá dainséarach no díobhálach don tsláinte do leagadh, cuirfidh an t-údarás áitiúil fé ndeár an líomatáiste sin do léiriú ar mhapa i slí ná beidh aon fhoirgint ann ná fuil neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe inte ná dainséarach ná díobhálach don tsláinte agus dearbhóid tré rún an líomatáiste sin agus é léirithe amhlaidh do bheith ina líomatáiste réiteachta agus féachfaid chuige, do réir forálacha an Achta so, go leagfar na foirgintí uile sa líomatáiste sin ar shlí acu so leanas, no go leagfar cuid díobh ar shlí acu agus go leagfar an chuid eile dhíobh ar an slí eile fé mar a shocróidh an t-údarás áitiúil, sé sin le rá:—

(a) tré thalamh atá sa líomatáiste do cheannach agus na foirgintí eile atá air do leagadh no féachaint chuige ar shlí eile go leagfar iad; no

(b) tré n-a ordú go ndéanfar foirgintí sa líomatáiste do leagadh.

(2) Déanfaidh údarás áitiúil cóip d'aon rún a rithfid fén alt so do chur láithreach chun an Aire maraon le cuntas ar an méid daoine agus ar an méid líon-tighe ar leithligh den lucht oibre go raibh comhnaí ortha i bhfoirgintí an líomatáiste réiteachta lá áirithe luadhfar sa chuntas.

(3) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ) agus an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ) is feidhm fhorchoimeádtha a dhearbhú fén alt so gur líomatáiste réiteachta aon líomatáiste áirithe.

Orduithe réiteachta.

6. —(1) Má chinneann údarás áitiúil ar a ordú go ndéanfar aon fhoirgintí i líomatáiste réiteachta do leagadh déanfaidh an t-údarás áitiúil ordú réiteachta i dtaobh na bhfoirgintí sin agus cuirfid fé bhráid an Aire é chun a dhaingnithe.

(2) Na forálacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so bainfid le horduithe réiteachta do dhéanamh, do chur fé bhráid an Aire, agus do dhaingniú.

Údarás áitiúll do cheannach tailimh a bheidh timpealuithe ag líomatáiste réiteachta no ag síneadh leis.

7. —Más rud é, maidir le haon líomatáiste dhearbhóid do bheith ina líomatáiste réiteachta, go gcinnfidh údarás áitiúil aon talamh sa líomatáiste do cheannach, féadfaid freisin aon talamh do cheannach a bheidh timpealuithe ag an líomatáiste réiteachta agus gur gá do réir réasúin é d'fháil chun a chur in áirithe gur líomatáiste bheidh oiriúnach ina chrot agus ina mhéid a bheidh sa líomatáiste réitithe agus féadfaid ina theanta san aon talamh do cheannach a bheidh ag síneadh leis an líomatáiste réiteachta agus gur gá do réir réasúin é d'fháil d'fhonn an líomatáiste réitithe d'fheabhsú no d'úsáid ar shlí shásúil.

Foirgintí do leagadh fé ordú réiteachta.

8. —(1) Nuair a thiocfaidh ordú réiteachta i ngníomh déanfaidh únaer no únaerí aon fhoirginte le n-a mbaineann an t-ordú an fhoirgint sin do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh chun sástachta an údaráis áitiúla fé cheann sé seachtaine ón dáta ar ar gá do réir an orduithe an fhoirgint d'fhágaint no, mara bhfágtar í go dtí tar éis an dáta san, fé cheann sé seachtaine ón dáta ar a bhfágfar í no, i gceachtar cás, fé cheann pé tréimhse, níos sia ná san, a thuigfidh an t-údarás áitiúil do bheith réasúnta agus an scéal mar bheidh; agus, mara ndeintear an fhoirgint do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh amhlaidh sara mbeidh an tréimhse sin caithte, raghaidh an t-údarás áitiúil isteach agus déanfaid an fhoirgint do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh agus abhair na foirginte do dhíol.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, tar éis dóibh creidiúint do thabhairt in aon tsuim do fuaradar ar na habhair, aon chostaisí fé n-a ndeachadar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do bhaint, ar an slí achmair os cóir cúirte dlighinse achmaire, d'únaer na foirginte no, má bhíonn níos mó ná aon únaer amháin ann, d'únaerí na foirginte i pé scaireanna shocróidh an chúirt do bheith ceart agus cothrom; agus aon únaer íocfaidh suim iomlán a n-éilimh leis an údarás áitiúil féadfaidh sa tslí chéanna pé rann-íoc, más aon cheann é, shocróidh an chúirt do bheith ceart agus cothrom, do bhaint d'aon únaer eile.

(3) Déanfaidh an t-údarás áitiúil aon fharasbár a bheidh ar láimh acu d'íoc le húnaer na foirginte no, má bhíonn níos mó ná aon únaer amháin ann, déanfaid é d'íoc fé mar a chó-aontóidh na húnaerí sin no, mara gcó-aontuítear, déanfaid é d'íoc i pé cionúireachtaí shocróidh cúirt dlighinse achmaire ar iarratas aon únaera den tsórt san do bheith ceart agus cothrom.

(4) Nuair a bheidh cúirt údaráis achmair á shocrú, chun crícheanna an ailt so, cadiad na scaireanna ina ndéanfaidh beirt no níos mó únaerí foirginte aon chostaisí d'íoc no do thabhairt uatha no ina roinnfear aon fharasbár eatorra cuimhneoidh sí ar leasanna na n-únaerí sin fé seach sa bhfoirgint, ar a n-oblagáidí agus a bhfreagarthachtaí fé seach maidir le coinneáil i dtreo agus deisiú fé aon chumhnant no có-aontú, ráite no iontuigthe, agus ar gach ní eile bhaineann leis an gcás.

(5) Beidh suim aon chostaisí bheidh ag dul d'údarás áitiúil fén alt so ina muirear ar an áitreabh gur ina thaobh do chuathas fé sna costaisí, agus chun an mhuirir sin d'fheidhmiú beidh ag an údarás áitiúil na comhachta agus na leigheasanna céanna go léir do bheadh acu dá mba mhorgáistithe tré dhintiúir iad agus comhacht acu chun díolta agus chun léasuithe, chun glacadh le léasanna do bhéarfaí suas agus chun glacadóra do cheapadh.

Sriantacht le talamh i líomatáiste réiteachta d'fheabhsú.

9. —(1) Nuair a thiocfaidh ordú réiteachta i ngníomh ní déanfar aon talamh le n-a mbaineann an t-ordú d'úsáid chun crícheanna tógála ná é d'fheabhsú ar aon tslí eile ach amháin do réir pé pleananna cheadóidh an t-údarás áitiúil agus fé réir pé sriantacht agus coinníollacha, más aon cheann é, is oiriúnach leis an údarás áitiúil d'fhorchur.

(2) Aon únaer ar a ngoillfidh sriantacht no coinníoll a cuirfear amhlaidh le n-a chuid talmhan d'úsáid no ar a ngoillfe sé an t-údarás áitiúil do dhiúltú ina dhiaidh sin d'aon tsriantacht no coinníoll den tsórt san do chur ar ceal no d'atharú, féadfaidh athchomharc do dhéanamh chun an Aire aon uair agus déanfaidh seisean pé ordú is dóich leis is ceart i dtaobh an scéil, agus ní bheidh dul thar breith an Aire.

(3) Aon duine thosnóidh no chuirfidh fé ndeár go dtosnófar ar aon obair contrárdha d'aon phleananna do ceaduíodh no do shriantacht no coinníoll do forchuireadh fén bhfo-alt so dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, pionós ná raghaidh thar dachad scilling do chur air agus fós pionós breise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae go mbeidh an obair ina leithéid sin d'fhuirm agus ar a leithéid sin de staid go mbeidh sí contrárdha do sna pleananna, don tsriantacht no don choinníoll san.

Foirgintí ar thalamh a cheannóidh údarás áitiúil do leagadh agus an talamh do chur de láimh.

10. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil a cheannóidh fén gCuid seo den Acht so aon talamh a bheidh i líomatáiste réiteachta no timpealuithe aige no ag síneadh leis a chur fé ndeár, chó luath agus is féidir é, gach foirgint air d'fhágaint agus deighleálfaid leis an talamh san ar shlí acu so leanas, no deighleálfaid le cuid de ar shlí acu agus deighleálfaid leis an gcuid eile dhe ar an slí eile, sé sin le rá:—

(a) leagfaid gach foirgint air fé cheann sé seachtaine ón dáta ar a bhfágfar í no fé cheann pé tréimhse, níos sia ná san, a thuigfid do bheith réasúnta agus an scéal mar bheidh, agus ina dhiaidh sin féadfaid an talamh d'úsáid chun crícheanna Coda III d'Acht 1890 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, no, fé réir an Aire dá cheadú san, féadfaid an talamh do dhíol no do chur ar cíos fé réir pé sriantacht agus coinníollacha, más aon cheann é, is oiriúnach leo no féadfaid an talamh do chur i leithreas chun aon chríche chun a mbeidh údarás acu talamh do thógaint chúcha ach san fé réir sriantachta den tsórt chéanna atá in alt a cúig nóchad den Public Health Acts Amendment Act, 1907, maidir le húdaráis áitiúla do chur tailimh i leithreas fén alt san; no

(b) déanfaid, fé réir an Aire dá cheadú san, an talamh do dhíol no do chur ar cíos chó luath agus is féidir é fé réir choinníll go ndéanfar na foirgintí air do leagadh láithreach agus fé réir pé sriantacht agus coinníollacha eile, más aon cheann é, is oiriúnach leo d'fhorchur.

(2) Isé praghas no cíos ar a ndíolfar no ar a dtabharfar ar léas aon talamh a díolfar no do bhéarfar ar léas fén alt so ná an praghas is fearr no an cíos is fearr is féidir d'fháil go réasúnta ag cuimhneamh ar aon tsriantacht no coinníoll do forchuirfear agus déanfar aon airgead caipitiúil do gheobhfar as aon ghnó déanfar fén alt so do chur, le cead an Aire, chun fiacha d'aisíoc no chun aon chríche eile chun ar féidir le ceart airgead caipitiúil do chur.

(3) Chun crícheanna an ailt so foluíonn “díol” díol i gcomaoine cíos-mhuirir bhliantúla no deontais fheirm-dhílse.

Comhacht ag údarás áitiúil talamh réitithe gur theip ar únaerí é d'athfheabhsú do cheannach.

11. —(1) Má deintear a mbeidh d'fhoirgintí ar thalamh do ghlanadh dhe do réir orduithe réiteachta déanfar fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an t-údarás áitiúil aon uair tar éis ocht mí déag ón dáta ar a dtáinig an t-ordú réiteachta i ngníomh socrú, tré rún, ar aon chuid den talamh san do cheannach ná raibh, ar dháta a rúin do rith, úsáid déanta ná á déanamh di chun crícheanna tógála ná feabhas curtha ná á chur uirthi ar aon tslí eile ag á húnaer do réir pleananna do cheaduigh an t-údarás áitiúil agus do réir aon tsriantacht no coinníollacha do forchuireadh fé fho-alt (1) d'alt 9 den Acht so.

(2) Deighleálfaidh údarás áitiúil le haon talamh a cheannóid fén alt so tré é do dhíol, do chur ar cíos no do chur i leithreas do réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo.

Líomatáistí feabhsúcháin.

12. —(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, gur líomatáiste nea-shláintiúil aon líomatáiste atá laistigh dá gceanntar agus gur féidir, gan na foirgintí uile sa líomatáiste sin atá neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta no atá dainséarach no díobhálach don tsláinte do leagadh, staid an líomatáiste sin do leigheas go héifeachtúil—

(a) tré sna tithe comhnaithe sin laistigh den líomatáiste atá neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta do leagadh no do dheisiú fé mar is gá sa chás; agus

(b) tríd an údarás áitiúil do cheannach aon tailimh laistigh den líomatáiste go mbeidh sé oiriúnach dóibh é d'fháil chun an líomatáiste d'fhairsingiú agus tré aon fhoirgintí ar an talamh san do leagadh sa mhéid gur gá iad do leagadh chun na críche sin;

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chur fé ndeár an líomatáiste sin do léiriú ar mhapa agus féadfaid rún do rith á dhearbhú gur líomatáiste feabhsúcháin an líomatáiste bheidh léirithe amhlaidh.

(2) Údarás áitiúil a rithfidh rún á dhearbhú gur líomatáiste feabhsúcháin líomatáiste áirithe, déanfaid láithreach—

(a) fógra ina luadhfar téarmaí an rúin agus an dáta ar ar ritheadh é, agus ina n-ainmneofar áit in a bhféadfar cóip den rún agus den mhapa luaidhtear ann d'fheiscint gach tráth réasúnta, d'fhoillsiú i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta léightear ina gceanntar; agus

(b) cóip den rún do chur chun an Aire maraon le meastachán ar an méid daoine agus ar an méid líon-tighe ar leithligh den lucht oibre is gá do chur as áit de dhruim éinní bheidh an t-údarás áitiúil ar aigne a dhéanamh chun an líomatáiste d'fheabhsú.

(3) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ) agus an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ) is feidhm fhorchoimeádtha a dhearbhú fén alt so gur líomatáiste feabhsúcháin aon líomatáiste áirithe.

Cad déanfar le líomatáiste feabhsúcháin.

13. —(1) Údarás áitiúil a rithfidh rún á dhearbhú gur líomatáiste feabhsúcháin líomatáiste áirithe, déanfaid chó luath agus is féidir é—

(a) i gcás tithe comhnaithe bheidh neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta, fógraí do sheirbheáil fé Chuid III den Acht so á éileamh go ndéanfar gach obair is gá ortha no go leagfar iad, agus féachaint chuige go ndéanfar beart do réir na bhfógraí sin;

(b) sa mhéid gur gá, chun an líomatáiste d'fheabhsú, talamh do cheannach chun an líomatáiste d'fhairsingiú, cromadh ar an talamh san do cheannach mara mbeidh an t-údarás áitiúil sásta gur leor é an fairsingiú dhéanfaidh únaer no únaerí an tailimh ar an líomatáiste.

(2) Déanfaidh údarás áitiúil a cheannóidh aon talamh fen alt so, no cuirfid in áirithe go ndéanfar, pé leagadh is gá chun an líomatáiste d'fhairsingiú agus, fé n-a réir sin, deighleálfaid leis an talamh san tré é do dhíol, do chur ar cíos no do chur i leithreas do réir forálacha ailt 10 den Acht so.

(3) Má thagann as éinní dhéanfaidh údarás áitiúil fén alt so maidir le tigh comhnaithe i líomatáiste feabhsúcháin go n-aistreoidh tionónta an tighe sin no aon choda dhe as, ansan, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, má bhaineann na hAchtanna san leis an tigh no leis an gcuid sin ní scuirfid de bhaint do bheith acu leis an gcéanna de bhíthin an tiarna tighe do theacht i seilbh an tighe no coda dhe ar dhéanamh an aistrithe sin agus dá bhíthin sin amháin.

(4) Má dearbhuítear gur líomatáiste feabhsúcháin aon líomatáiste áirithe ní choiscfidh san ar aon údarás áitiúil aon chomhachta d'fheidhmiú do bheadh infheidhmithe acu laistigh den líomatáiste sin dá mba ná déanfaí an dearbhú san.

Nithe le déanamh sara rithfear rún réiteachta no feabhsúcháin.

14. —Sara ndéanfaidh údarás áitiúil aon rún do rith á dhearbhú gur líomatáiste réiteachta no líomatáiste feabhsúcháin aon líomatáiste áirithe cruthóid don Aire—

(a) sa mhéid ná fuil cóiríocht chomhnaithe óiriúnach le fáil cheana féin do sna daoine den lucht oibre a cuirfear as áit de dhruim na nithe déanfar chun an líomatáiste do ghlanadh no d'fheabhsú, gur féidir don údarás áitiúil an chóiríocht san do chur ar fáil no a chur in áirithe go gcuirfear í ar fáil roimh gach cur as áit is gá do dhéanamh o am go ham fé mar a bheidh glanadh no feabhsú an líomatáiste ag dul ar aghaidh; agus

(b) gur leor acfuinn an údaráis áitiúla chun an rúin do chur in éifeacht.

Forálacha i dtaobh tailimh do cheannach.

15. —Má shocruíonn údarás áitiúil ar thalamh do cheannach fén gCuid seo den Acht so, féadfaid an talamh san do cheannach tré chó-aontú no féadfar, tré ordú cheannaigh éigeanta a déanfar agus a cuirfear fé bhráid an Aire agus a dhaingneoidh seisean do réir forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so, a údarú dhóibh an talamh san do cheannach go héigeanta.

Cúiteamh i dtaobh tailimh a ceannófar go héigeanta do mheas.

16. —(1) Má dheineann údarás áitiúil talamh do cheannach go héigeanta fén gCuid seo den Acht so déanfar an cúiteamh is iníoctha ina thaobh do mheas—

(a) i gcás tailimh i líomatáiste réiteachta, do réir na bhforálacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(b) i gcás aon tailimh eile, do réir na bhforálacha atá i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, déanfar an cúiteamh is iníoctha i dtaobh an tailimh sin do mheas do réir forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) .

Dleathacht orduithe réiteachta agus orduithe ceannaigh éigeanta agus an dáta ar a dtiocfaid i ngníomh.

17. —(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le dleathacht orduithe réiteachta agus orduithe ceannaigh éigeanta déanfar fén Acht so agus maidir leis an dáta ar a dtiocfaidh ordú den tsórt san i ngníomh.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhaingniú foillseoidh an t-údarás áitiúil i bpáipeur nuachta léightear ina gceanntar fógra sa bhfuirm orduithe á rá go bhfuiltear tar éis an orduithe do dhaingniú agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú, mar do daingníodh é, agus den mhapa luaidhtear ann d'fheiscint gach tráth réasúnta, agus seirbheálfaid fógra den tsórt chéanna ar gach duine do thug fógra don Aire go raibh agóid aige i gcoinnibh an orduithe agus do bhí i láthair ag an bhfiosrúchán áitiúil puiblí chun neartú le n-a agóid.

(3) Más mian le héinne ar a ngoillfidh ordú amhrus do chaitheamh ar dhleathacht an orduithe sin ar an bhforas nách ordú é atá do réir chomhacht an Achta so no gur fágadh aon choinníoll atá san Acht so gan cólíonadh, féadfa sé, laistigh de shé seachtaine tar éis fógra an daingnithe d'fhoillsiú, iarratas chuige sin do chur fé bhráid na hArd-Chúirte, agus má cuírtear aon iarratas den tsórt san fé n-a bráid go cuibhe féadfaidh an Chúirt—

(a) oibriú an orduithe, go generálta no sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin leis an iarratasóir, do chur ar fiunraoi le hordú interim go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar na himeachta; agus

(b) an t-ordú do chur ar neamh-ní, go generálta no sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin leis an iarratasóir, má bhíonn sí sásta, ar éisteacht an iarratais, nách ordú é atá do réir chomhacht an Achta so no go ndearnadh dochar mór do leasanna an iarratasóra tré aon choinníoll atá san Acht so d'fhágaint gan cólíonadh.

(4) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo ní caithfear amhrus ar ordú, roimh é do dhaingniú ná dá éis sin, tré chosc ná certiorari na in aon imeachta dlí ar bith agus tiocfa sé i ngníomh i gcionn sé seachtaine ón dáta ar a bhfoillseofar fógra a dhaingnithe do réir forálacha fo-ailt (2) den alt so.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis ordú do theacht i ngníomh déanfaidh an t-údarás áitiúil cóip de do sheirbheáil ar gach duine ar ar sheirbheáladar fógra go raibh ar aigne acu an t-ordú do chur fé bhráid an Aire chun a dhaingnithe.

Cearta slí easáidí, etc., do chur ar ceal.

18. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le haontú an Aire, aon cheart slí puiblí ar aon talamh a cheannóid fén gCuid seo den Acht so do chur ar ceal le hordú, ach foillseofar sa tslí orduithe ordú dhéanfaidh údarás áitiúil fén bhfo-alt so, agus má deintear aon agóid ina choinnibh do chur fé bhráid an Aire fé cheann sé seachtaine o am a fhoillsithe ní aontóidh an tAire leis an ordú go dtí go gcuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí áitiúil do dhéanamh i dtaobh an scéil.

(2) Nuair a bheidh ceannach aon tailimh fén gCuid seo den Acht so críochnuithe ag údarás áitiúil dílseoidh gach ceart slí príobháideach agus gach ceart chun aon phíopaí, camraí, dréineacha, sreanga no cáblaí do chur síos, do chur suas, d'fhaidiú no do choinneáil i dtreo ar an talamh san no fé no os a chionn (maraon le húnaereacht na bpíopaí, na gcamraí, na ndréineacha, na sreang, no na gcáblaí sin) agus gach ceart no éasáid eile bheidh sa talamh san no bhaineann leis dilseoid san údarás áitiúil ach amháin sa mhéid go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil agus an té bheidh i dteideal an chirt a bheidh i gceist có-aontú ar a mhalairt, agus éinne chaillfidh éinní tré dhílsiú aon chirt no maoine den tsórt san roimhráite beidh sé i dteideal an údaráis áitiúla d'íoc cúitimh leis a socrófar fé agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuitear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) .