|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. TITHE DON LUCHT OIBRE. Liomataisti Nea-Shlaintiula.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineann le Tithe do Thogaint don Lucht Oibre.) |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. TITHE DO THOGAIL DON LUCHT OIBRE. Tithe Comhnaithe Nea-Shlaintiula | |
[EN] |
Comhacht d'údarás áitiúil a cheangal ar dhuine tigh neashláintiúil do dheisiú. |
19. —(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar thuarasgabháil o éinne dá n-oifigigh no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, go bhfuil aon tigh comhnaithe ina gcomhnuíonn daoine den lucht oibre no is tigh de chineál do bheadh oiriúnach dá leithéidí chun comhnaithe ann, go bhfuil sé in aon tslí neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann, deanfaid, mara mbeid sásta nách féidir an tigh do dhéanamh oiriúnach amhlaidh ar chostas réasúnta, fógra do sheirbheáil ar an duine go n-urláimh an tighe á cheangal air na hoibreacha luaidhfear sa bhfógra do dhéanamh laistigh de pé am réasúnta, nách giorra ná lá is fiche, a luaidhfear sa bhfógra, agus á rá gurb é tuairim an údaráis áitiúla go mbeidh an tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann de bharr na n-oibreacha san. |
[EN] | (2) I dteanta fógra do sheirbheáil fén alt so ar an duine go n-urláimh an tighe, féadfaidh an t-údarás áitiúil más rogha leo é cóip den fhógra do sheirbheáil ar éinne eile go mbeidh leas aige sa tigh pe'ca mar únaer i mbithdhílse é, no mar mhorgáistí, mar léasaí, no eile. | |
[EN] | (3) Nuair a beifear á shocrú, chun crícheanna na Coda so den Acht so, an féidir ar chostas réasúnta tigh comhnaithe do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann féachfar don chostas a measfar do sna hoibreacha is gá chun é do dhéanamh oiriúnach amhlaidh agus don méid a measfar is fiú an tigh nuair a bheidh na hoibreacha críochnuithe. | |
[EN] |
Fógra á cheangal ar dhuine deisiú do dhéanamh d'fheidhmiú. |
20. —(1) Mara ndeintear beart do réir fógra fén alt deiridh sin roimhe seo á cheangal ar an duine go n-urláimh an tighe oibreacha do dhéanamh, ansan, tar éis deireadh na haimsire luaidhtear sa bhfógra no, má rinneadh athchomharc i gcoinnibh an fhógra agus gur daingníodh an fógra go n-atharú no gan atharú de bharr an athchomhairc sin, tar éis lae is fiche do bheith caithte o tugadh an bhreith dheiridh ar an athchomhare no tar éis deireadh pé tréimhse níos sia ná san a shocróidh an chúirt agus í ag tabhairt breithe ar an athchomharc, féadfaidh an t-údarás áitiúil dul isteach sa tigh agus féadfaid féin an obair do dhéanamh ba ghá do réir an fhógra, no do réir an fhógra mar d'atharuigh an chúirt é, pe'ca aca é, do dhéanamh. |
[EN] | (2) Má bhíonn an t-údarás áitiúil ar tí dul isteach i dtigh comhnaithe fé fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo chun aon oibre do dhéanamh féadfaid fógra i scríbhinn do thabhairt don duine go n-urláimh an tighe agus, más oiriúnach leo é, d'éinne eile is únaer ar an tigh, á rá go bhfuil ar aigne acu san do dhéanamh agus más rud é, aon am tar éis seacht lá do bheith caithe o seirbheáladh an fógra san air agus faid a bheidh aon fhear oibre no connarthóir a bheidh ar fostú ag an údarás áitiúil ag déanamh oibreacha sa tigh, go mbeidh sa tigh, chun aon oibreacha do dhéanamh, éinne ar ar seirbheáladh an fógra no aon fhear oibre bheidh ar fostú aige-sean no ag aon chonnarthóir a bheidh ar fostú aige-sean tuigfear an lé ar ar seirbheáladh an fógra do bheith ag cur bac ar an údarás áitiúil agus iad ag feidhmiú an Achta so agus ar a chiontú ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air mara gcruthuighe sé chun sástachta na cúirte gur ina láthair a cúiseofar é go riabh dian-ghá leis na hoibreacha san do dhéanamh chun daoine sa tigh do chur o bhaol. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil aon chostaisí fé n-a raghaid fén alt so maraon le hús do réir pé ráta shocróidh an tAire tré ordú o am go ham le haontú an Aire Airgid, o dháta éilimh ar na costaisí do sheirbheáil go dtí go n-íocfar iad, féadfaid fe réir na nithe foráltar anso ina dhiaidh seo iad do bhaint, tré aicsean no ar an slí achmair mar fhiacha síbhialta, den duine go n-urláimh an tighe no más mar ghníomhaire no iontaobhaí do dhuine éigin eile gheibheann seisean cíos an tighe, ansan de sin no den duine eile sin no cuid díobh de sin agus an chuid eile den duine eile sin: | |
[EN] | Ach má chruthuíonn an duine go n-urláimh an tighe— | |
[EN] | (a) ná faghann sé an cíos ach mar ghníomhaire no mar iontaobhaí do dhuine éigin eile; agus | |
[EN] | (b) ná fuil ar láimh aige thar ceann an duine eile sin, agus ná raibh o dháta an éilimh do sheirbheáil air, a dhóthain airgid chun éilimh iomláin an údaráis áitiúla do ghlanadh, | |
[EN] | ní raghaidh a fhiachas thar suim iomlán an airgid atá no do bhí ar láimh aige mar adubhradh. | |
[EN] | (4) Sna himeachta achmaire go léir a bhunóidh an t-údarás áitiúil chun aon chostaisí den tsórt san do bhaint amach, déanfar an aimsir gur laistigh di a féadfar na himeachta do bhunú d'áireamh o dháta an éilimh do sheirbheáil no, má deintear athchomharc in aghaidh an éilimh sin, o dháta an éilimh do theacht i ngníomh. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an t-údarás áitiúil le hordú a dhearbhú aon chostaisí den tsórt san do bheith iníoctha ina dtráthchoda seachtainiúla no eile laistigh de thréimhse nách sia ná triocha bliain maraon le hús, do réir pé ráta shocróidh an tAire tré ordú o am go ham le haontú an Aire Airgid, o dháta an éilimh do sheirbheáil do dtí go mbeidh an tsuim iomlán íoctha agus féadfar aon tráthchoda agus ús den tsórt san, no aon chuid díobh, do bhaint, ar an slí achmair mar fhiacha síbhialta, den duine go n-urláimh an tighe no de shealbhaire an tighe agus, más de shealbhaire bainfear iad, féadfaidh seisean iad do bhaint as cíos an tighe. | |
[EN] | (6) Beidh suim aon chostaisí agus an úis ortha bheidh ag dul d'údarás áitiúil fén alt so ina muirear ar an áitreabh gur ina thaobh do chuathas fé sna costaisí, agus chun an mhuirir sin d'fheidhmiú beidh ag an údarás áitiúil na comhachta agus na leigheasanna céanna go léir do bheadh acu dá mba mhorgáistithe tré dhintiúir iad agus comhacht acu chun díolta agus chun léasuithe, chun glacadh le léasanna do bhéarfaí suas agus chun glacadóra do cheapadh. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh aon ghníomh a déanfar fén alt so no fén alt deiridh sin roimhe seo dochar no deifir d'aon chomhachta eile bheidh ag an údarás áitiúil ná d'aon leigheas a bheidh ar fáil ag tionónta tighe chomhnaithe in aghaidh a thiarna talmhan, sa dlí chomónta ná eile. | |
[EN] |
Costaisí deisiúcháin do bhaint de shealbhaire. |
21. —(1) I gcás éilimh chun costaisí do bhaint amach fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil fén alt deiridh sin roimhe seo do theacht i ngníomh agus na costaisí sin no aon chuid díobh do bheith gan íoc, féadfaidh an t-údarás áitiúil, tar éis dóibh fógra deich lá ar a laighead do thabhairt don duine go n-urláimh an tighe gur ina thaobh do chuathas fé sna costaisí sin, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar shealbhaire no ar shealbhairí an tighe sin, ag luadh suime na gcostaisí sin a bheidh gan íoc, agus á cheangal ar an sealbhaire no ar na sealbhairí sin aon chíos a bheidh dlite air no ortha an uair sin no a thiocfaidh chun bheith dlite air no ortha ina dhiaidh sin d'íoc leis an údarás áitiúil go dtí go mbeidh suim na gcostaisí sin maraon le hús ar bith a bheidh dlite uirthi aisíoctha go hiomlán. |
[EN] | (2) Má deintear aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do sheirbheáil ar shealbhaire oibreoidh an tseirbheáil sin chun aistriú do dhéanamh chun an údaráis áitiúla ar an aon cheart chun an chíosa, gur gá do réir an fhógra san é d'íoc leis an údarás áitiúil, do bhaint amach agus do ghlacadh agus chun cúiteántais do thabhairt ann. | |
[EN] |
Comhacht d'údarás áitiúil tigh folamh 'na mbeidh costaisí dlite ina thaobh do chur ar cíos. |
22. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil go mbeidh costaisí ar bith dlite dhóibh alos oibre do dhéanamh fé alt 20 den Acht so ar thigh a bheidh folamh no tar éis teacht folamh, féadfaid, má bhíd sásta nách féidir na costaisí sin do bhaint den duine go n-urláimh an tighe agus tar éis dóibh fógra lae is fiche i scríbhinn do thabhairt don duine sin go bhfuil ar aigne acu san do dhéanamh, an tigh do chur ar cíos in ainm an duine sin le duine ciriúnach ar pé cíos, téarmaí agus coinníollacha agus ar feadh pé tréimhse is dóich leis an údarás áitiúil is ceart ag féachaint do chúrsaí agus do chineál aon tionóntachta bhí sa tigh roimhe sin. |
[EN] | (2) Déarfar i ngach fógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo an chíos-tréimhse dá mbeidh agus na téarmaí agus na coinníollacha ar a mbeidh an t-údarás áitiúil chun an tighe do chur ar cíos. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt seo agus chun na gcrícheanna san amháin tuigfear gurab é an t-údarás áitiúil gníomhaire an duine go n-urláimh an tighe agus comhacht acu an tigh do chur ar cíos gan a chead agus foluíonn an focal “tigh,” i gcás tighe cuirtear ar cíos do ghnáth ina sheomraí ar leithligh, cuid de thigh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh éinne ar a ngoillfe sé údarás áitiúil do bheith chun tighe do chur ar cíos fén alt so athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so do sheirbheáil agus féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh sa scéal is dóich léi do bheith cóir agus réasúnta ach ní bheidh dul thar breith na Cúirte agus ní féadfar aon athchomharc do dhéanamh ina coinnibh. | |
[EN] |
Comhacht d'údarás áitiúil a ordú tigh neashláintiúil do leagadh. |
23. —(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar thuarasgabháil o éinne dá n-oifigigh no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, go bhfuil aon tigh comhnaithe ina gcomhnuíonn daoine den lucht oibre no is tigh de chineál do bheadh oiriúnach dá leithéidí chun comhnaithe ann, go bhfuil sé neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann agus nách féidir é do dhéanamh oiriúnach amhlaidh ar chostas réasúnta seirbheálfaid ar an duine go n-urláimh an tighe agus ar éinne eile is únaer air agus, sa mhéid gur féidir go réasúnta a fháil amach cé hiad, ar gach éinne de mhorgáistithe an tighe sin, fógra i dtaobh an ama (eadhon, am éigin nách giorra ná lá is fiche tar éis an fhógra do sheirbheáil) agus na háite ina mbreithneoid staid an tighe agus aon tairisgint is mian le héinne acu san do chur fé n-a mbráid maidir le hoibreacha do dhéanamh no maidir le húsáid do dhéanamh den tigh ina dhiaidh sin, agus beidh gach duine ar a seirbheálfar fógra den tsórt san i dteideal éisteacht d'fháil nuair a bheidh an scéal á bhreithniú amhlaidh. |
[EN] | (2) Más rud é gur oiriúnach leis an údarás áitiúil san do dhéanamh tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon únaer no morgáistí féadfaid glacadh le geallúint uaidh go ndéanfa sé, laistigh d'aimsir áirithe, pé oibreacha is dóich leis an údarás áitiúil a dhéanfaidh an tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no, neachtar acu, ná húsáidfear é mar áit chomhnaithe do dhaoine go dti go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil, ar bheith sásta dhóibh go ndearnadh oiriúnach chuige sin é, an gheallúint do chur ar nea-mbrí. | |
[EN] | (3) Mara nglacaidh an t-údarás áitiúil le haon gheallúint den tsórt atá luaidhte sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no, más rud é, i gcás in ar ghlacadar le geallúint den tsórt san, ná déanfar, laistigh den tréimhse bheidh luaidhte, aon obair áirithe le n-a mbaineann an gheallúint, no go n-úsáidfear an tigh aon uair contrárdha do théarmaí na geallúna, déanfaidh an t-údarás áitiúil láithreach ordú leagtha le n-a n-éileofar an tigh d'fhágaint laistigh de thréimhse luaidhfear san ordú agus nách giorra ná ocht la ar fhichid o dháta an orduithe do theacht i ngníomh agus é do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh laistigh de shé sheachtaine tar éis deireadh na tréimhse sin no, mara bhfágtar an tigh roimh dheireadh na tréimhse sin, laistigh de shé sheachtaine tar éis an dáta ar a bhfágfar é no, i gceachtar cás acu, laistigh de pé tréimhse níos sia ná san gur dóich leis an údarás áitiúil é do bheith réasúnta sa chás é do luadh agus seirbheálfaid an t-ordú ar gach duine gur ghá dhóibh do réir fo-ailt (1) den alt so fógra do bhéarfaidís amach fén bhfo-alt san do sheirbheáil air. | |
[EN] |
Tuigfear seomra fé thalamh do bheith ina thigh atá neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann. |
24. —(1) Aon tseomra a húsáidtear do ghnáth mar áit chodlata agus go bhfuil uachtar a urláir breis is trí troithe níos ísle ná uachtar na coda san den tsráid atá sínte leis an seomra no is goire don tseomra, no breis is trí troithe níos ísle ná uachtar aon tailimh laistigh de naoi dtroithe ón seomra, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gur tigh é atá neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann má bhíonn an seomra— |
[EN] | (a) gan bheith ocht dtroithe ar a laighead ar aoirde, do réir mheánachta, o urlár go síleáil; no | |
[EN] | (b) gan bheith do réir pé rialachán ordóidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, chun a chur in áirithe go mbeidh aer agus solus go leor i seomraí den tsórt san agus go mbeidh cosaint acu ar thaise, ar effluvia, agus ar ghalú. | |
[EN] | (2) Má theipeann ar údarás áitiúil rialacháin den tsórt san roimhráite, no rialacháin le n-a n-aontóidh an tAire, do dhéanamh tar éis don Aire san do cheangal ortha féadfaidh an tAire féin iad do dhéanamh agus na rialacháin a déanfar amhlaidh beidh éifeacht acu fé is dá mb'é an t-údarás áitiúil do dhéanfadh iad le toiliú an Aire. | |
[EN] |
Comhacht d'údarás áitiúil deighleáil le cuid d'fhoirgint. |
25. —Féadfaidh údarás áitiúil, fén gCuid seo den Acht so, nithe den tsórt chéanna, go bhfuil comhacht acu iad do dhéanamh i dtaobh tighe chomhnaithe, do dhéanamh i dtaobh aon choda d'fhoirgint a bheidh curtha ar cíos chun daoine chun comhnaithe inti mar thionóntachán fé leith no i dtaobh aon tseomra fé thalamh go mbeidh sé le tuiscint, de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht so, é do bheith neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann, ach beidh san fé n-a réir seo, ámh, i gcás ina ndéanfaidís ordú leagtha dá mba thigh comhnaithe bheadh i gceist isé dhéanfaid, más cuid d'fhoirgint a bheidh curtha ar cíos chun daoine chun comhnaithe ann mar thionóntachán fé leith a bheidh i gceist, ná ordú dúnta á thoirmeasc an chuid sin d'úsáid mar áit chomhnaithe do dhaoine agus isé dhéanfaid, más aon tseomra fé thalamh den tsórt san roimhráite bheidh i gceist, ná ordú dúnta á thoirmeasc an seomra d'úsáid mar áit chodlata; ach déanfaidh an t-údarás áitiúil ordú dúnta bheidh déanta acu amhlaidh do chur ar neambrí ar bheith sásta dhóibh go bhfuiltear tar éis na coda den fhoirgint no an tseomra le n-a mbaineann an t-ordú do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann. |
[EN] |
An nósimeachta leanfar má deintear ordú leagtha no ordú dúnta no má tugtar geallúint i dtaobh tighe d'úsáid. |
26. —(1) Nuair a thiocfaidh ordú leagtha fén gCuid seo den Acht so i ngníomh déanfaidh únaer no únaerí an tighe le n-a mbaineann sé an tigh sin do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh chun sástachta an údaráis áitiúla laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú; agus, mara ndeintear an tigh do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh amhlaidh laistigh den aimsir sin, raghaidh an t-údarás áitiúil isteach agus déanfaid an tigh do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh agus abhair an tighe do dhíol agus beidh feidhm ag forálacha fo-alt (2) (3) (4) agus (5) d'alt 8 den Acht so maidir le haon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás fén bhfo-alt so agus le haon fharasbár fhanfaidh i lámha an údaráis áitiúla fé mar a bheidh feidhm acu maidir le haon chostaisí no farasbár i gcás ina leagfar foirgint do réir orduithe réiteachta. |
[EN] | (2) Einne gurb eol do ordú dúnta do bheith tagtha i ngníomh agus baint do bheith aige le haon áitreabh, no geallúint do bheith tugtha fén gCuid seo den Acht so ná húsáidfear aon áitreabh áirithe chun crícheanna áirithe bheidh luaidhte sa gheallúint, agus úsáidfidh an t-áitreabh san contrárdha do théarmaí an orduithe no na geallúna, no a cheadóidh é d'úsáid amhlaidh dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus pionós breise de chúig púint in aghaidh gach lae no coda de lá úsáidfe sé amhlaidh é, no a cheadóidh sé é d'úsáid amhlaidh, tar éis a chiontuithe. | |
[EN] | (3) Má tugtar geallúint fén gCuid seo den Acht so ná húsáidfear aon áitreabh áirithe mar áit chomhnaithe do dhaoine, ní dhéanfaidh éinní atá sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, ná in aon achtachán a leasuíonn na hAchtanna san, éinne is únaer ar an áitreabh san do chosc ar sheilbh d'fháil ar an áitreabh san. | |
[EN] |
Athchomhairc. |
27. —(1) Einne ar a ngoillfidh— |
[EN] | (a) fógra fén gCuid seo den Acht so le n-a éilítear oibreacha do dhéanamh; | |
[EN] | (b) éileamh ar chostaisí do bhaint amach fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil chun oibreacha do dhéanamh a bheidh luaidhte in aon fhógra den tsórt san; | |
[EN] | (c) ordú do rinne údarás áitiúil i dtaobh aon chostaisí den tsórt san; | |
[EN] | (d) ordú leagtha do rinneadh fén gCuid seo den Acht so; | |
[EN] | (e) ordú dúnta do rinneadh amhlaidh, no diúltú d'ordú dúnta do chur ar nea-mbrí; | |
[EN] | féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis dáta seirbheála an fhógra, an éilimh no an orduithe, no tar éis an diúltuithe, pe'ca aca é, athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda, agus ní dhéanfaidh an t-údarás áitiúil éinní, chun aon fhógra, éileamh, no ordú ’na ndéanfar athchomharc ina choinnibh d'fheidhmiú, sara mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an athchomharc: | |
[EN] | Ach— | |
[EN] | (i) Ní déanfar ar athchomharc fé mhír (b) ná fé mhír (c) den fho-alt so aon cheist do tharrac anuas d'fhéadfaí a tharrac anuas ar athchomharc do bheith á dhéanamh i gcoinnibh an bhun-orduithe le n-ar héilíodh an obair do dhéanamh; agus | |
[EN] | (ii) ní luighfidh athchomharc do dhéanamh fé mhír (d) ná fé mhír (e) den fho-alt so ar agra duine bheidh i seilbh an áitreibh, le n-a mbaineann an t-ordú, fé léas no fé chó-aontú nách sia ná trí bliana a mbeidh gan caitheamh dá théarma. | |
[EN] | (2) In aon achchomharc chun na Cúirte Cuarda fén alt so— | |
[EN] | (a) féadfaidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh chun an fhógra, an éilimh, no an orduithe do dhaingniú no do chur ar neamh-ní no d'atharú, agus féadfaidh, más oiriúnach léi é, glacadh le haon gheallúint o athchomharcach den tsórt go bhféadfadh an t-údarás áitiúil glacadh léi agus aon gheallúint le n-a nglacfaidh an chúirt amhlaidh beidh éifeacht aici díreach fé is dá mba don údarás áitiúil a tabharfaí an gheallúint sin agus go nglacfadh an t-údarás áitiúil léi fén gCuid seo den Acht so; agus | |
[EN] | (b) má ghéilleann an chúirt d'athchomharc i gcoinnibh fógra le n-a n-éilitear obair do dhéanamh ar thigh comhnaithe cuirfe sí ina breithiúntas, má iarrann an t-údarás áitúil uirthi é, breith ar ce'ca is féidir an tigh do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann ar chostas réasúnta no nách féidir. | |
[EN] | (3) Beidh gnás agus nós-imeachta na Cúirte Cuarda fén alt so do réir Rialacha Cúirte, agus beidh socrú sna rialacha maidir leis an gCúirt Chuarda d'iniúchadh an áitreibh le n-a mbaineann an t-athchomharc in aon chás in ar dóich leis an gcúirt gur mhaith an rud an t-iniúchadh san do dhéanamh. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh aon fhógra, éileamh, no ordú go bhféadfaí athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ina choinnibh fén alt so i ngníomh ar bheith caithte don tréimhse d'aon lá is fiche atá luaidhte i bhfo-alt (1) den alt so, mara ndeintear aon athchomharc den tsórt san, agus ní bheidh dul thairis maidir le haon nithe fhéadfaí do tharrac anuas ar athchomharc den tsórt san, agus má dhaingníonn an Chúirt Chuarda aon fhógra, éileamh, no ordú go ndéanfar athchomharc ina choinnibh tiocfa sé i ngníomh, sa mhéid go ndaingneofar amhlaidh é, ón dáta ar a dtabharfar an bhreith dheiridh ar an athchomharc. | |
[EN] | (5) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear gurb ionann athchomharc do tharrac siar agus breith do thabhairt air go n-éifeacht den tsórt chéanna do bheadh ag breith do dhaingneodh an fógra, an t-éileamh no an t-ordú, no an bhreith, go ndearnadh athchomharc ina choinnibh. | |
[EN] | (6) Ní luighfidh aon athchomharc fé alt 61 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ) i gcoinnibh breithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda fén alt so. | |
[EN] |
Comhacht d'údarás áitiúil tithe áirithe do cheannach agus do dheisiú. |
28. —(1) Má dheineann duine ar bith athchomharc i gcoinnibh fógra fén gCuid seo den Acht so le n-a n-éilítear oibreacha do dhéanamh ar thigh chomhnaithe agus go bhfuighidh an Chúirt Chuarda, agus í ag géilleadh don athchomharc, nách féidir an tigh do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann ar chostas réasúnta, féadfaidh an t-údarás áitiúil an tigh sin do cheannach tré chó-aontú no féadfar údarás do thabhairt dóibh é do cheannach go héigeanta do réir forálacha an ailt seo agus, má cheannuíd an tigh go héigeanta, déanfaid láithreach na hoibreacha go léir do luadhadh sa bhfógra gur ina choinnibh a rinneadh an t-athchomharc. |
[EN] | (2) Féadfar, chun crícheanna an ailt seo, údarás do thabhairt d'údarás áitiúil tigh do cheannach tré ordú ceannaigh éigeanta déanfar agus a cuirfear fé bhráid an Aire laistigh de shé mhí tar éis na breithe do thabhairt ar an athchomharc agus a dhaingneoidh seisean do réir forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so; ach má dheineann éinne is únaer no is morgáistí ar an tigh a gheallúint na hoibreacha do luadhadh sa bhfógra gur ina choinnibh a rinneadh an t-athchomharc do dhéanamh chun sástachta an Aire agus laistigh de pé tréimhse shocróidh an tAire, ní dhaingneoidh an tAire an t-ordú ceannaigh éigeanta mara dteipidh ar an duine sin a gheallúint do chólíonadh. | |
[EN] | (3) Isé cúiteamh a híocfar as aon tigh a ceannófar go héigeanta fén alt so ná an méid is fiú an láithreán, le linn na luachála do dhéanamh, mar láithreán glanta atá ar fáil chun é d'fheabhsú do réir a n-éilítear leis na fo-dhlithe tógála bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire sa cheanntar, agus fé réir adubhradh is do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , a measfar é. |