An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. TITHE DO THOGAIL DON LUCHT OIBRE. Tithe Comhnaithe Nea-Shlaintiula) Ar Aghaidh (CUID V. Iostain Sclabhaithe.)

50 1931

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931

CUID IV.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineann le Tithe do Thogaint don Lucht Oibre.

Dualgas údaráis áitiúla a gceanntar d'iniúchadh.

29. —Beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil a chur fé ndeár go ndéanfar a gceanntar d'iniúchadh o am go ham chun a fháil amach an bhfuil aon tigh comhnaithe ann neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann agus chuige sin beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil agus ar gach oifigeach don údarás áitiúil na rialacháin do chólíonadh agus na breacacháin do choimeád ordóidh an tAire.

Comhacht d'údarás áitiúil eolas i dtaobh únaerachta áitreabh d'éileamh.

30. —Chun go bhféadfaidh údarás áitiúil aon fhógra (le n-a n-áirmhítear aon chóip d'aon fhógra) do sheirbheáil go n-údaruítear dóibh no go gceangailtear ortha le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre é do sheirbheáil, féadfaid a cheangal ar shealbhaire aon áitreibh, agus ar éinne do gheibheann cíos go díreach no go nea-dhíreach as aon áitreabh, an cineál leasa atá aige féin san áitreabh san do luadh i scríbhinn agus fós ainm agus seoladh éinne eile gur feasach do leas do bheith aige ann, pe'ca mar únaer i mbith-dhílse é no mar mhorgáistí no léasaí no eile, agus, éinne go gceanglóidh údarás áitiúil air do réir an ailt seo aon eolas do thabhairt dóibh agus go dteipfidh air an t-eolas san do thabhairt uaidh no dhéanfaidh go feasach aon mhí-ráiteas ina thaobh, dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Coinníollacha tuigfear ar thigh do chur ar cíos chun comhnaithe ann.

31. —(1) In aon chonnradh déanfar tar éis an Achta so do rith chun tighe chomhnaithe do chur, chun comhnaithe ann, ar cíos nách mó ná—

(a) triocha púnt sa bhliain, i gcás tighe bheidh suidhte i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath no i mBuirg Dhún Laoghaire;

(b) cúig púint fhichead sa bhliain, i gcás tighe bheidh suidhte in aon áit eile;

tuigfear, in ainneoin aon chomha ina choinnibh sin, coinníoll do bheith ann go bhfuil an tigh, i dtosach na tionóntachta, oiriúnach do réir réasúin i ngach slí do dhaoine chun comhnaithe ann, agus fós geallúint do bheith ann go ndéanfaidh an tiarna tighe é do choimeád amhlaidh ar feadh ré na tionóntachta ach ní dhéanfaidh éinní atá san alt so deifir d'fhreagarthacht tionónta no sealbhaire aon tighe den tsórt san in aon ghníomh no teip thoiliúil i leith an tionónta no an tsealbhaire sin tré n-a ndéanfar an tigh sin neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann:

Ach ní tuigfear an coinníoll agus an gheallúint roimhráite do bheith ann nuair a cuirfear tigh ar cíos ar feadh téarma nách giorra ná trí bliana ar na téarmaí go gcuirfidh an léasaí i riocht é ’na mbeidh sé oiriúnach do réir réasúin mar áit chomhnaithe, agus nách féidir le ceachtar de sna páirtithe an léas do chur ar ceal go ceann trí mblian.

(2) Tar éis do fógra ceithre huaire fichead a’ chluig do thabhairt i scríbhinn don tionónta no don tsealbhaire féadfaidh an tiarna tighe no éinne go n-údarás uaidh i scríbhinn dul isteach in aon áitreabh le n-a mbaineann an t-alt so aon tráth réasúnta den lá chun a staid agus a chor d'fheiscint.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “tiarna tighe” éinne dhéanfaidh, fé aon chonnradh dá dtagartar san alt so, aon tigh do chur ar cíos chun tionónta chun comhnaithe ann agus foluíonn sí a chomharbaí teidil, agus foluíonn an abairt “tigh comhnaithe” cuid de thigh.

Nithe breithneofar nuair a beifeará shocrú ce'ca tá tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no ná fuil.

32. —I gcás in ar gá, chun crícheanna Achtanna Tithe an Lucht Oibre, a shocrú ce'ca tá tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no ná fuil féachfar don méid, más aon mhéid é, atá an tigh, toisc easba deisiúcháin no lochtaí sa chóir shláinteachais, gan bheith do réir forálacha aon fho-dhlithe atá i ngníomh i gceanntar an údaráis áitiúla ina bhfuil an tigh sin suidhte no gan bheith do réir caighdeáin ghenerálta tithe an lucht oibre sa cheanntar san.

Seilbh ar fhoirgintí do bhaint amach fé réir orduithe réiteachta no leagtha.

33. —(1) Má bhíonn ordú réiteachta no ordú leagtha tar éis teacht i ngníomh seirbheálfaidh an t-údarás áitiúil, ar shealbhaire aon fhoirginte no aon choda d'aon fhoirgint le n-a mbaineann an t-ordú, fógra á rá cadé an bhrí atá leis an ordú agus ag luadh an dáta ar ar gá do réir an orduithe an fhoirgint d'fhágaint agus á cheangal air imeacht as an bhfoirgint roimh an dáta san no fé cheann ocht lá fichead o sheirbheáil an fhógra, pe'ca am acu san is déanaí; agus má bhíonn éinne i seilbh na foirginte no aon choda dhi aon am tar éis an dáta ar ar gá do réir an fhógra an fhoirgint d'fhágaint féadfaidh an t-údarás áitiúil no éinne is únaer ar an bhfoirgint gearán do dhéanamh le cúirt dlighinse achmaire agus leis sin ordóidh an chúirt le n-a barántas, ag a mbeidh an éifeacht chéanna do bheadh ag barántas fé alt a sé ochtód den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, an fhoirgint no an chuid di do thabhairt folamh don ghearánaí laistigh de pé tréimhse, nách giorra ná dhá sheachtain agus nách sia ná ceithre seachtaine, a shocróidh an chúirt.

(2) Aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén alt so chun seilbhe d'fháil ar aon fhoirgint no ar aon chuid d'fhoirgint, féadfaid iad do bhaint d'únaer na foirginte no, má bhíonn níos mó ná aon únaer amháin ann, d'únaerí na foirginte ar an slí achmair i láthair cúirte dlighinse achmaire agus beidh feidhm ag forálacha fo-alt (2), (4) agus (5) d'alt 8 den Acht so maidir le haon chostaisí den tsórt san fé mar a bheidh feidhm ag na forálacha san maidir le costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén alt san.

(3) Einne gurb eol do ordú réiteachta no ordú leagtha do bheith tagtha i ngníomh agus baint do bheith aige le haon fhoirgint agus a raghaidh i seilbh na foirginte sin no aon choda dhi tar éis an dáta ar ar gá do réir an orduithe an fhoirgint sin d'fhágaint, no a cheadóidh d'éinne eile dul i seilbh amhlaidh tar éis an dáta san, dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air, agus pionós breise de chúig púint in aghaidh gach lae no coda de lá leanfar i seilbh amhlaidh tar éis an chiontuithe sin.

Seilbh ar thithe agus ar fhoirgintí do bhaint amach chun crícheanna achtachán a bhaineann le tithe do thógaint don lucht oibre.

34. —(1) Ní tuigfear éinní atá sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, do bheith ag déanamh deifre do sna forálacha den Acht so bhaineann le seilbh d'fháil ar thigh go ndearnadh ordú réiteachta no ordú leagtha ina thaobh ná do bheith ag cur coisc le seilbh d'fháil ar thigh ar bith gur gá seilbh d'fháil air chun go bhféadfaidh údarás áitiúil a gcomhachta d'fheidhmiú fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre no chun a chur in áirithe go gcólíonfar aon fho-dhlithe bheidh déanta chun coisc do chur le hiomad daoine bheith i dtigh.

(2) Más gá d'údarás áitiúil, chun go bhféadfaid a gcomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'fheidhmiú, seilbh d'fháil ar aon fhoirgint no ar aon chuid d'fhoirgint is leo féin, féadfaid seilbh d'fháil uirthi ar shlí achmair (gan dochar d'aon tslí eile chun seilbhe d'fháil) fé alt a cúig déag den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, pé áit ina mbeidh an fhoirgint no an chuid d'fhoirgint suidhte agus pé cíos a bheidh uirthi no pé saghas é téarma na tionóntachta.

Comhacht don Chúirt Chuarda léas do chur ar ceal má leagtar áitreabh.

35. —(1) Má bhíonn léas ar aon áitreabh 'na mbeidh ordú réiteachta no ordú leagtha do rinneadh fén Acht so tar éis teacht i ngníomh ina thaobh, féadfaidh an léasóir no an léasaí a iarraidh ar an gCúirt Chuarda gur laistigh dá líomatáiste dlighinse atá an t-áitreabh ordú do dhéanamh chun an léasa do chur ar ceal.

(2) Ar aon iarratas den tsórt san roimhráite do dhéanamh féadfaidh an Chúirt Chuarda más oiriúnach léi é, tar éis di caoi do thabhairt d'aon fho-léasaí chun éisteachta d'fháil, a ordú go gcuirfear an léas ar ceal gan coinníoll no fé réir pé téarmaí agus coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha i dtaobh aon pháirtí sna himeachta d'íoc airgid le haon phairtí eile ionta mar chúiteamh no mar dhamáiste no eile) is dóich leis an gcúirt is cóir agus is cothrom d'fhorchur, ag cuimhneamh di ar cheartanna, ar oblagáidí, agus ar fhiachaisí na bpáirtithe fé seach fén léas, agus ar gach ní eile bhaineann leis an scéal.

(3) Beidh gnás agus nós-imeachta na Cúirte Cuarda fén alt so do réir Rialacha Cúirte.

(4) San alt so foluíonn an abairt “léas” fo-léas agus aon tionóntacht no có-aontú i gcóir léasa, fo-léasa no tionóntachta, agus léireofar na habairtí “léasóir,” “léasaí” agus “fo-léasaí” dá réir sin agus mar abairtí fholuíonn freisin duine ag a mbeidh teideal fé léasóir, fé léasaí, no fé fho-léasaí.

Comhacht d'údarás áitiúil liúntaisí do thabhairt do dhaoine áirithe cuirfear as a n-áit.

36. —Má cuirtear duine ar bith as aon tigh comhnaithe no foirgint eile le n-a mbaineann ordú réiteachta, ordú leagtha, no ordú dúnta, no do cheannuigh údarás áitiúil fé Chuid II den Acht so toisc é bheith i líomatáiste réiteachta no fé Chuid III den Acht so toisc nárbh fhéidir é dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin pé liúntas réasúnta is oiriúnach leo d'íoc leis an duine sin mar chabhair chun costaisí a aistrithe d'íoc; agus féadfaidh, le cead ón Aire, pé liúntas réasúnta is oiriúnach leo d'íoc freisin le héinne bheidh ag gabháil d'aon chéird no gnó in aon tigh comhnaithe no foirgint den tsórt san mar gheall ar an gcaillteanas is dóich leo bheidh air tré mar a cuirfear as dá chéird no dá ghnó toisc a bheith air imeacht as an tigh no as an bhfoirgint, agus ag meas an chaillteanais sin dóibh cuimhneoid ar an tréimhse le n-a mbeadh coinne do réir réasúin an t-áitreabh a bheidh ar seilbh aige do bheith ar fáil i gcóir a chéirde no a ghnótha agus ar ce'ca tá áitreabh eile do bheadh oiriúnach chuige sin ar fáil no ná fuil.

Talamh do cheannach chun crícheanna Coda III d'Acht 1890.

37. —(1) Chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, féadfar údarás do thabhairt d'údarás áitiúil talamh do cheannach go héigeanta tré ordú ceannaigh éigeanta dhéanfaidh an t-údarás áitiúil agus a cuirfear fé bhráid an Aire agus a dhaingneoidh seisean fé réir na bhforálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Na forálacha den Acht so maidir le dleathacht ordú ceannaigh éigeanta agus le dáta a dteacht i ngníomh bainfid le horduithe ceannaigh éigeanta déanfar fén alt so.

(3) Aithghairmtear leis seo alt 57 d'Acht 1890 sa mhéid go mbaineann sé le talamh do thógaint in aon tslí seachas tré chó-aontú.

Talamh do thógaint ná beidh ag teastáil láithreach chun crícheanna Coda III d'Acht 1890.

38. —Le cead ón Aire agus fé réir aon choinníollacha fhorchuirfidh an tAire féadfaidh údarás áitiúil talamh do thógaint tré chó-aontú (ach ní ar aon tslí eile) chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, d'ainneoin ná beidh an talamh ag teastáil láithreach chun na gcrícheanna san.

Láithreáin tréigthe do thógaint agus cúiteamh d'íoc asta.

39. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil láithreán tréigthe do thógaint tré chó-aontú le cead ón Aire, no go héigeanta, chun aon chríche de chrícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, d'ainneoin ná beidh an láithreán san ag teastáil láithreach chun na críche sin.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil le cead ón Aire láithreán tréigthe thógfaid amhlaidh d'úsáid go sealadach mar fhaithche imeartha no siamsa do dhaoine den lucht oibre agus daoine eile go dtí go gcuirfear é chun na críche chun ar tógadh é.

(3) Má thógann údarás áitiúil láithreán tréigthe go héigeanta chun aon chríche de chrícheanna Achtanna Tithe an Lucht Oibre, déanfar an cúiteamh a íocfaidh an t-údarás áitiúil as an láithreán san do thógaint do mheas do réir na bhforálacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, fé réir adubhradh, is do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , a déanfar é do mheas.

(4) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “láithreán tréigthe” aon talamh atá suidhte i líomatáiste gur daoine den lucht oibre furmhór an lucht comhnaithe ann, no atá ana-chomhgarach do líomatáiste den tsórt san agus is—

(a) láithreán foirginte do leagadh no atá ina fothrach; no

(b) talamh ná dearnadh tithe do thógaint air agus nách féidir san do dhéanamh gan é do ghlanadh agus do leibhéaladh agus atá no is dócha thiocfaidh chun bheith sa riocht san go bhfuil no go mbeidh sé ina chráiteas no ina rud díobhálach don tsláinte toisc salachair, truflaise no rudaí nea-shláintiúla eile do bheith caithte air no toisc éinní eile; agus

(c) is talamh nár feabhsuíodh no nár hath-fheabhsuíodh i rith tréimhse de thrí bliana ar a laighead díreach roimh an am ar a shocróidh an t-údarás áitiúil, le rún, an talamh do thógaint.

Comhachta i dtaobh tithe do chur ar fáil.

40. —(1) Beidh ar chomhachta an údaráis áitiúla fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre chun cóiríochta comhnaithe do chur ar fáil comhacht chun na rudaí seo leanas do chur ar fáil agus do choinneáil i dtreo le toil an Aire agus, más mian san, i dteanta éinne eile, i dtaobh aon chóiríochta comhnaithe den tsórt san, sé sin le rá, aon fhoirgint a bheidh curtha in oiriúint mar shiopa, aon fhaithchí imeartha no faithchí siamsa, spásanna oscailte no foirgintí no talamh eile is dóich leis an Aire bheidh tairbheach maidir le riachtanaisí na ndaoine dá gcuirfear an chóiríocht chomhnáithe ar fáil.

(2) Nuair a bheidh an tAire ag toiliú le haon talamh no foirgint do chur ar fáil fén alt so féadfa sé, le hordú, aon fhorálacha reachtúla go n-atharuithe ar bith is gá ortha do chur i mbaint leis an talamh no leis an bhfoirgint sin do bhainfeadh leis dá mba fé aon achtachán a thugann comhachta d'aon údarás áitiúil chuige sin do cuirfí an talamh no an fhoirgint sin ar fáil.

Comhacht chun dul isteach ar thailte a beartófar do thógaint.

41. —(1) Má bhíonn údarás ag údarás áitiúil, tre ordú ceannaigh éigeanta do rinneadh agus do daingníodh fé Chuid II den Acht so, no fé Chuid III d'Acht 1890 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, talamh do cheannach go héigeanta chun crícheanna na Coda san, féadfaidh an t-údarás áitiúil, aon uair tar éis don ordú san teacht i ngníomh, agus ar fhógra ceithre lá déag ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer agus do shealbhaire an tailimh, dul isteach agus seilbh do thógaint ar an talamh no ar an gcuid sin de bheidh luaidhte sa bhfógra, gan cead d'fháil roimh ré agus gan forálacha Achtanna na gClásanna Talmhan, mar a leasuítear iad leis an gcuid sin d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le dul isteach ar thailte, do chólíonadh roimh ré agus tuigfear, ar aon fhógra den tsórt san do sheirbheáil, go bhfuil an t-údarás áitiúil tar éis a chur in úil go bhfuilid chun an tailimh do cheannach, agus dlighfid an cúiteamh céanna d'íoc do dhlighfidís d'íoc dá ndeintí na forálacha san d'Achtanna na gClásanna Talamhan do chólíonadh, maraon le hús ar an gcúiteamh san o chuathas isteach amhlaidh.

(2) Má chó-aontuíonn údarás áitiúil talamh do cheannach chun crícheanna Coda II den Acht so no Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, no má chinnid talamh do leithreasú chun ceachtar den dá chrích sin, fé réir leasa an té bheidh i seilbh air, agus nách mó an leas san ná leas tionónta ar feadh bliana no o bhliain go bliain, ansan, aon am tar éis an chó-aontuithe sin do dhéanamh no tar éis don Aire aontú leis an leithreasú san, féadfaidh an t-údarás áitiúil, tar éis dóibh fógra lae is fiche do thabhairt i scríbhinn don té bheidh i seilbh amhlaidh, dul isteach agus seilbh do thógaint ar an talamh no ar an gcuid sin de bheidh luaidhte sa bhfógra gan cead d'fháil roimh ré, ach beidh san fé réir íoca do dhéanamh, leis an té bheidh i seilbh amhlaidh, sa chúiteamh céanna maraon le hús den tsórt san roimhráite air do híocfaí dá n-údaruítí don údarás áitiúil an talamh do cheannach go héigeanta agus go gceanglófaí ar an duine sin do réir na comhachta san imeacht as seilbh sara mbeadh a théarma no a leas sa talamh caithte, ach ní gá forálacha Achtanna na gClásanna Talmhan, mar a leasuítear iad leis an gcuid sin d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le dul isteach ar thailte, do chólíonadh.

Comhacht chun dul isteach ar thailte chun suirbhéireachta, etc., do dhéanamh.

42. —Féadfaidh duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón údarás áitiúil, agus an chríoch no na crícheanna áirithe chun a mbeidh an dul-isteach údaruithe luaidhte san údarás san, féadfa sé, ar fhógra ceithre huaire fichead a’ chluig do thabhairt don tsealbhaire agus don únaer, más eol cé hé an t-únaer, go bhfuil sé chun san a dhéanamh, dul isteach in aon tigh, áitreabh, no foirgint gach tráth réasúnta—

(a) chun suirbhéireachta no luachála do dhéanamh i gcás tithe, áitreabhacha no foirgintí go mbeidh údarás ag an údarás áitiúil iad do cheannach go héigeanta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre; no

(b) chun suirbhéireachta agus scrúduithe do dhéanamh i gcás tighe ar bith gur seirbheáladh ina thaobh fógra á éileamh oibreacha do dhéanamh no go ndearnadh ordú réiteachta, ordú leagtha no ordú dúnta ina thaobh; no

(c) chun suirbhéireachta agus scrúduithe do dhéanamh má chítear don údarás áitiúil gur gá suirbhéireacht no scrúdú do dhéanamh chun a shocrú ar cheart aon chomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'fheidhmiú maidir le haon tigh, áitreabh no foirgint.

Beidh Baile-Choimisinéirí ina n-údarás áitiúil chun crícheanna Coda I agus II d'Acht 1890.

43. —(1) Chun crícheanna Coda I agus Coda II d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-airmhítear an tAcht so, beidh Baile-Choimisinéirí aon bhaile fén Town Improvements (Ireland) Act, 1854, ina n-údarás áitiúil agus beidh acu, chun crícheanna na gCodanna san d'Acht 1890, agus iad leasuithe amhlaidh, na comhachta céanna chun iasachtaí d'fháil agus chun airgid do chruinniú i gcóir costaisí a bronntar ortha leis na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, chun crícheanna Coda III d'Acht 1890.

(2) Chun aon tailimh do choimeád a thógfaid fé Chuid I no Cuid II d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, agus chun iad do dhul chun dlí agus chun daoine do dhul chun dlí leo i dtaobh an tailimh sin tuigfear na baile-choimisinéirí sin do bheith ina gcólucht corparáideach go síor-chomharbas agus beidh aon scríbhinn i dtaobh aon tailimh den tsórt san críochnuithe go cuibhe ag na baile-choimisinéirí sin má críochnuítear í sa tslí foráltar le halt 59 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le leithlithe dheineann coimisinéirí nách cólucht corparáideach.

(3) Sa mhéid go mbainfe sé le baile-choimisinéirí beidh éifeacht ag alt 100 d'Acht 1890 fé is dá ndeintí an tagairt atá ann do Chuid III d'Acht 1890 do léiriú mar thagairt do Chodanna I, II agus III d'Acht 1890 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so.

Comhacht don Aire tuarasgabháil d'fháil ar aon líomatáiste ina bhfuil an iomad daoine.

44. —Má chítear don Aire go bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar iomadúlacht na ndaoine no mar gheall ar aon réasún eile, fiosrú do dhéanamh i dtaobh cúrsaí aon líomatáiste chun a shocrú ce'ca ba cheart aon chomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'fheidhmiú sa líomatáiste sin no nár cheart, féadfaidh an tAire a cheangal ar an údarás áitiúil tuarasgabháil do chur chuige ina mbeidh pé eolas ordóidh sé i dtaobh líon na ndaoine sa cheanntar agus i dtaobh nithe eile agus déanfaidh an t-údarás áitiúil rud ar an Aire agus déanfar aon chostaisí fé n-a raghaid, chun san do dhéanamh, d'íoc mar chostaisí fé n-a ndeachthas i bhfeidhmiú na coda san a chinnfidh an tAire d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so.

Comhacht don Aire fuirmeacha, etc., d'ordú agus a cheadú gan fógráin d'fhoillsiú ná fógraí do sheirbheáil.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní is gá do réir Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'ordú agus fós ag ordú fuirme aon fhógra, fógráin no scríbhinne eile agus scála aon mhapa is gá no a húdaruítear d'úsáid no do thabhairt chun crícheanna na nAchtanna san no fútha.

(2) Féadfaidh an tAire cead do thabhairt uaidh gan fógráin d'fhoillsiú ná fógraí do sheirbheáil go mbeidh sé ceangailte ar údarás áitiúil iad d'fhoillsiú no do sheirbheáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre má bhíonn sé sásta go bhfuil cúis réasúnta chun a cheadú gan iad d'fhoillsiú ná do sheirbheáil.

(3) Féadfaidh an tAire aon chead den tsórt san do thabhairt uaidh roimh an am gur gá an fógrán d'fhoillsiú no gur gá an fógra do sheirbheáil no dá éis sin agus san gan coinníoll no ar pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire maidir le fógráin eile d'fhoillsiú no fógraí eile do sheirbheáil no maidir le éinní eile ach féachfaidh an tAire chuige go cuibhe ná tiocfaidh dochar do leasanna daoine ar bith as an gcead.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Pionós mar gheall ar chosc do chur le deisiú, etc., do dhéanamh.

46. —(1) Más rud é, tar éis do fógra d'fháil i dtaobh an ghnímh a bheidh beartuithe, go ndéanfaidh duine ar bith—

(a) is sealbhaire ar aon áitreabh, únaer an áitreibh sin no a chuid oifigeach, gníomhairí, seirbhíseach, no fear oibre do chosc ar aon cheann d'fhorálacha Coda III den Acht so do chur in éifeacht maidir leis an áitreabh san; no

(b) is únaer no sealbhaire ar aon áitreabh, an dochtúir oifigiúil sláinte no aon oifigigh, gníomhairí, seirbhísigh no fir oibre leis an oifigeach san no leis an údarás áitiúil do chosc ar san do dhéanamh; no

(c) is iostaí in aon áitreabh, únaer an áitreibh sin no éinne eile, go mbeidh, do réir fo-dhlithe do rinneadh fé alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, aon oblagáidí maidir leis an áitreabh air, do chosc ar na hoblagáidí sin do chólíonadh,

féadfaidh cúirt dlighinse achmaire, ar a chruthú san, a ordú don duine sin a cheadú go ndéanfar san áitreabh gach ní is gá chun na bhforálacha san do chur in éifeacht no chun na n-oblagáidí sin do chólíonadh maidir leis an áitreabh.

(2) Má theipeann ar éinne den tsórt san déanamh do réir aon orduithe den tsórt san o chúirt dlighinse achmaire dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an teip.

Forálacha maidir le cúis oifigiúil do phlé.

47. —(1) Chun crícheanna an Achta so no Achta 1890 cialluíonn an abairt “cúis do phlé go hoifigiúil,” i gcás aon údaráis áitiúla, dochtúir oifigiúil an údaráis sin do phlé cúise leis an údarás san.

(2) Déanfaidh dochtúir oifigiúil sláinte údaráis áitiúla cúis do phlé go hoifigiúil leis an údarás áitiúil pé uair is dóich leis aon tigh comhnaithe ina líomatáiste do bheith neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no aon líomatáiste ina gceanntar do bheith ina líomatáiste gur cheart deighleáil leis mar líomatáiste réiteachta no mar líomatáiste feabhsúcháin; agus má dheineann aon cheathrar no níos mó toghthóirí rialtais áitiúla sa cheanntar gearán i scríbhinn leis an dochtúir oifigiúil sláinte go bhfuil aon tigh comhnaithe neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no gur cheart deighleáil le haon líomatáiste mar líomatáiste réiteachta no mar líomatáiste feabhsúcháin, beidh sé de dhualgas air an tigh no an líomatáiste sin d'iniúchadh láithreach agus tuarasgabháil do thabhairt don údarás áitiúil ag luadh cúrsaí an scéil agus á rá ce'ca tá an tigh, do réir a thuairime, neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no ná fuil, no ce'ca ba cheart, do réir a thuairime, deighleáil leis an líomatáiste mar líomatáiste réiteachta no mar líomatáiste feabhsúcháin no nár cheart; ach mara ndeintear aon ghearán den tsórt san ní shaorfaidh san é o n-a bheith air aon tigh comhnaithe no líomatáiste áirithe d'iniúchadh agus cúis do phlé leis an údarás áitiúil ina thaobh.

(3) Déanfaidh údarás áitiúil aon chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil do bhreithniú chó luath agus is féidir é.

Luach saothair atúrnaethe as gno fe Achtanna Tithe an Lucht Oibre.

48. —Mara ndeinidh an tAire in aon chás áirithe a mhalairt d'ordú no aontú le n-a mhalairt, beidh na costaisí is iníoctha ag údarás áitiúil i dtaobh tailimh do thógaint chun crícheanna Achtanna Tithe an Lucht Oibre, beid fé réir an Orduithe Ghenerálta dar dáta an 16adh lá d'Abrán, 1884, mar a leasuítear é leis an Ordú Generálta dar dáta an 17adh lá de Bhealtaine, 1920, agus a rinneadh do réir an Solicitors Remuneration Act, 1881, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an chéad Orduithe Ghenerálta san a luadhadh agus é leasuithe mar adubhradh, ach amháin Clás 6 agus Riail 11 i gCuid I de Sceideal I den Ordú san.

Fógraí, etc., do sheirbheáil.

49. —(1) Fé réir na bhforálacha d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le haon fhógra, gairm, rit no scríbhinn eile sa dlí no eile do sheirbheáil ar údaráis áitiúla, féadfar aon fhógra, ordú no scríbhinn eile a héilítear no a húdaruítear do sheirbheáil fé sna hAchtanna san do sheirbheáil—

(a) tré n-a sheachadadh don té ar a mbeidh sé le seirbheáil; no

(b) tré n-a fhágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin no san áit chomhnaithe is déanaí is eol a bheith aige; no

(c) tré n-a chur tríd an bpost i litir chláruithe roimh-íoctha fé sheoladh ghnáth-áite comhnaithe an duine sin no na háite comhnaithe is déanaí is eol a bheith aige no, i gcás cuideachtan ionchorparuithe no cumainn chláruithe, chun rúnaí na cuideachtan no an chumainn fé sheoladh oifige cláruithe no príomh-oifige na cuideachtan no an chumainn; no

(d) más go dtí “únaer” no “sealbhaire” áitreibh a seolfar é, tré n-a sheachadadh do dhuine éigin san áitreabh no, mara mbeidh éinne san áitreabh ar a bhféadfar é sheirbheáil amhlaidh, ansan tré n-a ghreamú de chuid fheiceálaigh éigin den áitreabh.

(2) Aon fhógra, ordú no scríbhinn eile a héilítear no a húdaruítear le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre do sheirbheáil ar únaer no ar shealbhaire aon áitreibh, féadfar, fé réir adubhradh, é do sheoladh go dtí “únaer” no “sealbhaire” an áitreibh (á ainmniú) gan aon ainm ná tuairisc eile.

Baint fhorálacha ailt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906, a leasuíonn Achtanna na gClásanna Talmhan.

50. —Bainfidh míreanna (1) go (8) agus mír (12) d'alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906, a leasuíonn Achtanna na gClásanna Talmhan maidir le hairgead ceannaigh d'íoc, talamh do leithliú agus nithe eile, bainfid le húdarás áitiúil do thógaint tailimh ar shlí seachas tré chó-aontú fé Achtanna na gClásanna Talmhan, mar a leasuítear iad le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre, chun crícheanna na nAchtanna san sa tslí chéanna ina mbaineann na míreanna san le comhairle cheanntair do thógaint tailimh amhlaidh chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, ach go gcuirfear na focail “Lands Clauses Acts” in ionad na bhfocal “Land Purchase Acts” i mír (1) den alt san 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an Housing (Ireland) Act,1919.

51. —(1) Leasófar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, tré sna focail “are suitable or” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “which” sa mhír sin.

(2) Leasófar fo-alt (2) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, tríd an mír seo leanas do chur leis:—

(iii) the lease or sale under the powers conferred by this Act to philanthropic societies or bodies of persons approved of by the Minister of any estate or interest in any houses which are suitable or might be made suitable as houses for the working classes with a view to such houses being maintained or being made suitable and maintained as houses for the working classes by such philanthropic societies or bodies of persons.

(3) Leasófar mír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, tré sna focail “factories, workshops, places of worship, playgrounds, places of recreation, open spaces” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “gardens” sa mhír sin.

(4) Leasófar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, tré sna focail “factories, workshops, places of worship, playgrounds, places of recreation, open spaces” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “gardens” sa mhír sin.

(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, fé is dá ndeintí na focail o “subject to any condition” go dtí “thereon, and” d'fhágaint ar lár ann.

(6) Déanfaidh achtachán buan d'alt 17 den Housing (Ireland) Act, 1919, a bhronnann comhachta ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn iasachtaí do thabhairt do dhaoine príobháideacha, agus ní bheidh éifeacht feasta ag aon fhoráil atá in aon Acht atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith agus is foráil a chuireann teora leis an tréimhse fhanfaidh an t-alt san i bhfeidhm.

Údaráis áitiúla do dhéanamh oibreacha fé alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919.

52. —Má theipeann ar únaer no ar dhuine eile aon obair do dhéanamh do ceangladh air do dhéanamh fé fho-dhlithe do rinne údarás áitiúil do réir ailt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, ansan, an t-údarás áitiúil a chuireann na fo-dhlithe sin i bhfeidhm, féadfaid, tar éis dóibh fógra nách giorra ná lá is fiche do thabhairt do i scríbhinn, na hoibreacha do dhéanamh iad féin agus na costaisí agus na caiteachaisí do bhaint amach agus chuige sin beidh feidhm ag na forálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le húdaráis áitiúla d'fheidhmiú fógraí le n-a n-éilítear deisiú do dhéanamh agus do bhaint chaiteachaisí amach, beidh feidhm acu tar éis pé atharú do dhéanamh ortha is gá.

An cúiteamh a híocfar as tithe thógfaidh údarás áitiúil chucha do mheas.

53. —Má thógann údarás áitiúil chucha go héigeanta aon tigh a bheidh oiriúnach no d'fhéadfaí do dhéanamh oiriúnach do dhaoine den lucht oibre chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, is do réir na bhforálacha atá i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a measfar an cúiteamh is iníoctha as.

Mion-leasuithe agus leasuithe iarmartacha ar achtacháin i dtaobh tithe.

54. —Na leasuithe atá luaidhte sa Dara Colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bhaineann le nithe miona no iarmartacha déanfar iad in ailt agus i bhfo-ailt na n-achtachán i dtaobh tithe atá luaidhte sa Chéad Cholún den Sceideal san.