An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineann le Tithe do Thogaint don Lucht Oibre.) Ar Aghaidh (CUID VI. Tithe Beaga Comhnaithe d'Fhail.)

50 1931

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931

CUID V.

Iostain Sclabhaithe.

Ráta do mhéadú chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930.

55. —(1) Leasófar alt 17 den Labourers (Ireland) Act, 1883, tré sna focail “two shillings” do chur ann in ionad na bhfocal “one shilling” sa choinníoll a ghabhann leis an alt san.

(2) Leasófar alt 12 den Labourers (Ireland) Act, 1906, tríd an bhfocal “sixpence” do chur in ionad an fhocail “three-pence” san alt san.

Oibriú ailt 15 den Labourers (Ireland) Act, 1883, do chur ar fiunraoi.

56. —(1) Cuirfear oibriú ailt 15 den Labourers (Ireland) Act, 1883, ar fiunraoi go ceann tréimhse cúig mblian o am an Achta so do rith agus má daingníodh aon ordú sealadach roimh an Acht so do rith no má daingnítear é tar éis an Achta so do rith ach roimh an tréimhse sin do bheith caithte, áirmheofar an t-am chun crícheanna an ailt sin fé is dá mb'ar an lá deiridh den tréimhse sin agus nach roimhe sin do daingneofaí an t-ordú.

(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'aon cheart, oblagáid ná fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén alt san 15 den Labourers (Ireland) Act, 1883, roimh an Acht so do rith agus go ndearnadh, chun é d'fheidhmiú, imeachta do thosnú in aon chúirt roimh an gcéad lá de Dheireadh Fomhair, 1931, agus go bhfuilid sin ar feitheamh le linn an Achta so do rith, agus féadfar leanúint d'aon imeachta den tsórt san fé is dá mba ná rithfí an tAcht so.

Comhacht do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn airgead do thabhairt ar iasacht chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930.

57. —I bhfeidhmiú aon chomhachta bronntar ortha le hAchtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, chun airgid d'fháil ar iasacht, féadfaidh údarás sláintíochta airgead d'fháil ar iasacht o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le cead an Aire Airgid agus ar mholadh an Aire, an t-airgead san do thabhairt ar iasacht don údarás sláintíochta san fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, mar a leasuítear iad leis an Public Works Loans Act, 1897, agus in ainneoin éinní atá sna hAchtanna san féadfaidh na Coimisinéirí sin an iasacht san do thabhairt uatha ar feadh pé tréimhse agus do réir pé ráta úis ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

Comhacht chun foirgintí do cheannach chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930.

58. —In ainneoin éinní atá in Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, feadfaidh údarás sláintíochta, ag gníomhú dhóibh i bhfeidhmiú na nAcht so, foirgint ar bith do thógaint chucha, le cead an Aire, chun cóiríochta comhnaithe do chur ar fáil do sclábhaithe talmhaíochta, agus féadfaid aon fhoirgint den tsórt san a thógfaid chucha amhlaidh d'atharú, do mhéadú, d'fheasbhsú no do dheisiú chun na foirginte sin do dhéanamh oiriúnach ar gach slí mar áit chomhnaithe do sclábhaithe talmhaíochta.