|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Iostain Sclabhaithe.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Leasuithe ar Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.) |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Tithe Beaga Comhnaithe d'Fhail. | |
[EN] |
Iasachtaí do dhaoine bheidh chun tithe do thógáil fé sna Small Dwellings Acquisition (Ireland) Acts,1899 and 1919. |
59. —(1) Beidh éifeacht ag an Small Dwellings Acquisition Act, 1899, fé mar a leasuítear é leis an Housing (Ireland) Act, 1919, fé réir na leasuithe seo leanas:— |
[EN] | (a) Féadfar iasacht fé sna hAchtanna san do thabhairt do dhuine bheidh chun tighe do thógáil, agus sa chás san déanfar an coinníoll atá sna hAchtanna san nách foláir don té dá dtabharfar an iasacht bheith ina chomhnaí sa tigh do léiriú mar choinníoll nách foláir don duine bheith ina dhuine atá chun comhnaithe sa tigh nuair a bheidh sé tógtha; | |
[EN] | (b) An coinníoll reachtúil a cheanglann ar dhílseánach tighe gur tugadh iasacht ina chóir comhnaí sa tigh beidh éifeacht aige go ceann tréimhse trí mblian o dháta na hiasachta do thabhairt no o dháta an tighe do chríochnú pe'ca aca is déanaí, ach ní níos sia ná san, agus féadfaidh an t-údarás áitiúil aon uair cead do thabhairt gan an coinníoll so do chólíonadh; | |
[EN] | (c) Má tugtar iasacht i gcóir tighe agus an tigh á thógáil féadfar an iasacht do thabhairt ina tráthchoda o am go ham do réir mar a bheidh an tigh á thógáil, i dtreo ná beidh iomlán na hiasachta, aon am roimh an tigh do chríochnú, níos mó ná caoga per centum de luach na hoibre beidh déanta an t-am san ag tógáil an tighe agus an méid is fiú an leas a bheidh, i láithreán an tighe, ag an té dá dtabharfar an iasacht d'áireamh mar chuid den luach san; | |
[EN] | (d) Duine do gheobhaidh iasacht fé sna hAchtanna san ní bheidh sé dí-cháilithe dá dheascaibh sin amháin chun é thogha mar bhall ná chun bheith ina bhall den údarás áitiúil do bhéarfaidh an iasacht san do no de choiste ar bith den údarás áitiúil sin. | |
[EN] | (2) Aithghairmtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899. | |
[EN] |
Méadú ar luach tithe go bhféadfar iasachtaí do thabhairt ina gcóir. |
60. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 1 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, mar a leasuítear é leis an Housing (Ireland) Act, 1919, do leasú tré mhíle punt do chur ann in ionad ocht gcéad punt mar theora le margadh-luach tithe go bhféadfar iasachtaí do thabhairt ina gcóir. |