9 1932


Uimhir 9 de 1932.


ACHT AINMHITHE COINNITHE (CÚITEAMH), 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CÚITIMH D'ÍOC, AMACH AS AN gCISTE AINMHITHE MARBHTHA (CÚITEAMH), AS EALLACH STUIC ÁIRITHE A hEASPORTÁLFAR Ó PHORT I SAORSTÁT ÉIREANN DO CHOINNEÁIL, FÉ ÚDARÁS DLÍ, AG PORT SA BHREATAIN MHÓIR AGUS CHUN AN ACHTA AINMHITHE MARBHTHA (CÚITEAMH), 1928 , DO LEASÚ. [2adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh), 1928 (Uimh. 12 de 1928) ;

cialluíonn an abairt “na hIontaobhaithe” an cólucht ar a dtugtar na hIontaobhaithe Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh) agus do bunuíodh fé Acht 1928;

cialluíonn an abairt “an ciste cúitimh” an Ciste Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh) do bunuíodh fé Acht 1928;

tá ag na habairtí “eallach” “caoirigh” “muc” agus “eallach stuic” na bríonna ceaptar do sna habairtí sin fé seach le hAcht 1928;

cialluíonn an abairt “na húdaráis Bhriotáineacha” an tAire no an t-oifigeach no an duine eile go n-údarás dlí de thurus na huaire sa Bhreatain Mhóir é dhéanamh oblagáideach ainmhithe a cuirfear i dtír ag port sa Bhreatain Mhóir do choinneáil ag an bport san;

cialluíonn an abairt “áit chaluíochta Bhriotáineach” an chuid sin de phort sa Bhreatain Mhóir a bheidh ceaduithe de thurus na huaire ag na húdaráis Bhriotáineacha chun ainmhithe a hiomportálfar o Shaorstát Éireann do chur i dtír ann;

cialluíonn an abairt “an ghnáth-thréimhse,” maidir le haon callach stuic do choinneáil in áit chaluíochta Bhriotáineach, an tréimhse ina mbíonn sé oblagáideach do réir dlí, do ghnáth, an t-eallach stuic sin do choinneáil agus do dhealú i láithreach glactha-isteach san áit chaluíochta san.

Cúiteamh in eallach stuic do choinneáil.

2. —Pé uair a déanfar eallach stuic do heasportáladh an 16adh lá de Mheitheamh, 1931, no dá éis sin, o phort i Saorstát Éireann go dtí áit chaluíochta Bhriotáineach do choinneáil san áit chaluíochta san ar feadh tréimhse (dá ngairmtear tréimhse bhreise san alt so) is sia ná an ghnáth-thréimhse mar gheall ar a n-éileoidh na húdaráis Bhriotáineacha toisc galar coise agus béil do bhriseadh amach no amhrus do bheith ann go bhfuil sé tar éis briseadh amach no go mbraithtear gur baolach go mbrisfe sé amach, beidh teideal ag únaer an eallaigh stuic sin no ag ionadaí pearsanta an únaera san, fé réir forálacha an Achta so, go n-íocfaí leis sa choinneáil sin cúiteamh de mhéid is có-ionann leis na héilithe orduithe i dtaobh an eallaigh stuic sin do bheith i láithreach agus do chothú ar feadh na tréimhse breise sin.

Coiste meastóirí.

3. —(1) Gach éileamh a déanfar ar chúiteamh fén Acht so i gcoinneáil aon eallaigh stuic no caorach déanfaidh na hIontaobhaithe é chur fé bhráid choiste mheastóirí agus scrúdóidh coiste meastóirí é a bheidh có-dhéanta de thriúr agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh baill cháilithe de sna hIontaobhaithe ar fáil, is baill de sna hIontaobhaithe a bheidh ar an triúr san agus isiad na hIontaobhaithe cheapfaidh iad agus, mara mbeidh no sa mhéid ná beidh baill den tsórt san ar fáil, is daoine 'na mbíonn eallach agus caoirigh á n-easportáil acu as Saorstát Éireann a bheidh ar an triúr san agus déanfaidh an có-ghléasa ar a dtugtar do ghnáth an National Executive of the Irish Live Stock Trade (dá ngairmtear an Coiste Náisiúnta san alt so) iad do cheapadh ar iarratas na nIontaobhaithe ach ní bheidh ar aon choiste meastóirí den tsórt san ball de sna hIontaobhaithe do hainmníodh, do réir Achta 1928, chun bheith ina bhall amhlaidh toisc muca do bheith á n-easportáil aige as Saorstát Éireann.

(2) Gach éileamh a déanfar ar chúiteamh fén Acht so i gcoinneáil aon mhuc déanfaidh na hIontaobhaithe é chur fé bhráid choiste mheastóirí agus scrúdóidh coiste meastóirí é a bheidh có-dhéanta de thriúr agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh baill cháilithe de sna hIontaobhaithe ar fáil, is baill de sna hIontaobhaithe do hainmníodh, do réir Achta 1928, mar bhaill den tsórt san toisc muca do bheith á n-easportáil acu as Saorstát Éireann a bheidh ar an triúr san, agus isiad na hIontaobhaithe a cheapfaidh ar an gcoiste sin iad agus, sa mhéid ná beidh baill den tsórt san ar fáil, is daoine 'na mbíonn muca á n-easportáil acu as Saorstát Éireann a bheidh ar an triúr san agus déanfaidh an Coiste Náisiúnta iad do cheapadh ar iarratas na nIontaobhaithe.

(3) Einne go mbeidh leas airgid aige in éileamh ar chúiteamh fén Acht so beidh sé dí-cháilithe chun bheith ina bhall den choiste mheastóirí a scrúdóidh an t-éileamh san.

(4) Déanfaidh na hIontaobhaithe agus déanfaidh an Coiste Náisiúnta, ar iarratas na nIontaobhaithe, coistí meastóirí chun crícheanna an ailt seo do cheapadh mar agus nuair is gá é no is dóich leis na hIontaobhaithe gur mhaith an rud é an ceapadh san do dhéanamh.

Breith do thabhairt ar éilithe ar chúiteamh.

4. —(1) Nuair a bheidh coiste meastóirí tar éis éilimh ar chúiteamh fén Acht so do scrúdú cinnfid ce'ca tá an t-éilitheoir i dteideal an chúitimh sin d'fháil no ná fuil, agus i gcás ina gcinnfidh an coiste sin an t-éilitheoir sin do bheith i dteideal an chúitimh sin d'fháil socróidh an coiste sin méid an chúitimh sin.

(2) Tuairisceoidh gach coiste meastóirí do sna hIontaobhaithe láithreach a mbreith ar gach éileamh ar chúiteamh fén Acht so a scrúdóid agus luadhfaid méid an chúitimh (más ann do) a shocróid a bheith iníoctha fén Acht so in aghaidh an éilimh sin

(3) I gcás ina dtuairisceoidh coiste meastóirí do sna hIontaobhaithe fén alt so éilitheoir cúitimh fén Acht so do bheith i dteideal an chúitimh sin d'fháil íocfaidh na hIontaobhaithe leis an éilitheoir sin, amach as an gciste cúitimh, méid an chúitimh sin fé mar do shocruigh an coiste sin é.

(4) An bhreith a thabharfaidh coiste meastóirí fén Acht so ar éileamh ar chúiteamh fén Acht so, beidh sí, maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le n-a mhéid (más ann do), ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

Costaisí coistí meastóirí.

5. —Íocfar amach as an gciste cúitimh le baill de choistí meastóirí (pe'ca baill de sna hIontaobhaithe na baill sin no nách cadh) ar son iad do chólíonadh a ndualgas mar bhaill den tsórt san fén Acht so costaisí taistil agus liúntaisí cothuithe do réir na rátaí agus na scálaí bheidh ceaptha de thurus na huaire fé fho-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1928.

Iocaíochtaí breise as an gciste cúitimh.

6. —I dteanta an airgid is gá do réir Achta 1928 d'íoc amach as an gciste cúitimh íocfaidh na hIontaobhaithe as an gciste sin gach airgead is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gciste sin.

Leasuithe ar Acht 1928.

7. —(1) Léireofar alt 12 d'Acht 1928 agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige fé is dá ndeintí—

(a) na focail “port i” do chur isteach san alt san roimh na focail “Saorstát Éireann” atá anois ann, agus

(b) na focail “ag an bport san is déanaí luadhadh” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal “ag an bport san” atá anois ann.

(2) Leasuítear leis seo alt 17 d'Acht 1928 tríd an bhfocal “dachad” do chur in ionad an fhocail “fiche” i bhfo-alt (1) den alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Léireofar an tagairt d'Acht 1928 atá i bhfo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1928 mar thagairt a fholuíonn tagairt don Acht so, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

Rialacha fhéadfaidh na hIontaobhaithe a dhéanamh.

8. —Féadfaidh na hIontaobhaithe rialacha do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm agus modh déanta iarrataisí ar chúiteamh fén Acht so;

(b) nós-imeachta coistí meastóirí ceapfar fén Acht so, maraon leis an modh ar a socróidh na coistí sin nithe is gá dhóibh a shocrú;

(c) éinní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —Féadfar an tAcht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Ainmhithe Marbtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 agus 1932, do ghairm d'Acht 1928 agus den Acht so le chéile.