An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraitheach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach.)

19 1932

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932

CUID II.

Foralacha Airgeadais.

Deontaisí ón Aire do dhaoine, do chumainn mhaitheasa puiblí agus d'údaráis áitiúla.

5. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, agus fé réir na rialachán orduithe, deontaisí do dheonadh mar leanas:—

(a) d'aon duine no d'aon chumann maitheasa puiblí thógfaidh tigh no tithe le n-a mbaineann an fo-alt so in aon bhaile-líomatáiste no in aon tuath-líomatáiste, deontas nách mó ná cúig púint is dachad, más rud é gur tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, ach roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, a tosnuíodh ar thógáil an tighe sin, agus go mbeidh sí críochnuithe an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no roimhe sin;

(b) d'aon duine no d'aon chumann maitheasa puiblí thógfaidh tigh no tithe le n-a mbaineann an fo-alt so in aon bhaile-líomatáiste, deontas nách mó ná—

(i) seachtó púnt, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1933;

(ii) seasca púnt, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá de Mheitheamh, 1933, no dá éis sin ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1934;

(iii) caoga púnt, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá d'Abrán, 1934, no dá éis sin ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935;

(c) d'aon duine (seachas sclábhaí talmhaíochta) is duine gheibheann a shlí bheatha ar fad no nách mór ar fad as talmhaíocht, a dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuath-líomatáiste mar áit chomhnaithe dho féin, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935—

(i) deontas nách mó ná seachtó púnt má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta nách mó ná cúig púint déag a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála no nách mó ná an tsuim sin méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh:

(ii) deontas nách mó ná seasca púnt. má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta gur mó ná cúig púint déag ach nách mó ná cúig púint fhichead a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh mar adubhradh no méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh;

(d) d'aon duine, is sclábhaí talmhaíochta, a dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil mar áit chomhnaithe dho féin in aon tuath-líomatáiste, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935. deontas nách mó ná seachtó púnt;

(e) d'aon duine (seachas duine dá bhféadfaí deontas do dheonadh fé mhír (c) no fé mhír (d) den fho-alt so) a dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuath-líomatáiste, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine. 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, deontas nách mó ná cúig púint is dachad;

(f) d'aon chumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuathlíomatáiste, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine. 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus a bheidh tógtha mar áit chomhnaithe do dhuine (seachas sclábhaí talmhíochta) a gheibheann a shlí bheatha ar fad no nách mór ar fad as talmhaíocht—

(i) deontas nách mó ná ochtó púnt, má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta nách mó ná cúig púint déag a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála no nách mó ná an tsuim sin méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh;

(ii) deontas nách mó ná seachtó púnt, má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta gur mó ná cúig púint déag ach nách mó ná cúig púint fhichead a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh mar adubhradh no méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh;

(g) d'aon chumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuathlíomatáiste. tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine. 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, deontas nách mó ná ochtó púnt, más mar áit chomhnaithe do sclábhaí talmhaíochta a bheidh an tigh sin tógtha;

(h) d'aon duine d'athdhéanfaidh tigh atá ina sheilbh féin, deontas nách mó ná dachad púnt, más rud é gur as talmhaíocht a gheibheann an duine sin a shlí bheatha ar fad no nách mór ar fad agus go bhfuil sé i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta nách mó ná cúig púint fhichead a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála no nách mó ná an tsuim sin méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh, no más rud é gur sclábhaí talmhaíochta an duine sin, agus, i gceachtar cás, gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar athdhéanamh an tighe sin agus go mbeidh a athdhéanamh críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus, ar bheith athdhéanta dho amhlaidh, go mbeidh an tigh sin do réir Rialacha 2 agus 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(i) d'aon chumann maithesasa puiblí dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon bhailelíomatáiste, deontas nách mó ná dhá naoú de chostas an tighe sin do chur ar fáil no céad púnt, pe'ca suim acu san is lugha, más rud e—

(i) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935; agus

(ii) na beidh achar urláir an tighe agus é thomhas ar an slí orduithe níos lugha ná 500 troigh ceárnach ná níos mó ná 750 troigh ceárnach; agus

(iii) go dtabharfaidh an cumann maitheasa puiblí sin geallúint don Aire ná díolfaidh an cumann san an tigh sin agus fós ná cuirfid an tigh sin ar cíos ach amháin ar thionóntacht mhíosúil no ar thionóntacht níos lugha ná san agus chun duine den lucht oibre agus ar cíos nách mó ná an cíos san le n-a n-aontóidh an tAire; agus

(iv) go dtabharfaidh baile-údarás an bhaile-líomatáiste ina mbeidh an tigh suidhte geallúint uatha go ndeonfaid deontas alos an tighe sin don chumann maitheasa puiblí sin, deontas a bheidh i bhfuirm deontais thalaimh mar ionad don tigh sin no i bhfuirm deontais airgid alos an tighe sin no go mbeidh cuid de i bhfuirm acu san agus an chuid eile dhe sa bhfuirm eile acu san, ach nách mó in aon chás, i luach an talaimh sin no i méid an airgid sin no i suim iomláin an luacha san agus an mhéid sin (do réir mar bheidh), ná an naoú cuid de chostas an tighe do chur ar fáil no caoga púnt, pe'ca suim acu san is lugha;

(j) d'aon údarás áitiúil alos aon tighe gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin fé alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, mar a leasuítear é le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , ( Uimh. 50 de 1931 ), chun é dhíol le cumann daoncharadach no le cólucht daoine le n-a mbeidh an tAire sásta no chun é thabhairt ar léas do chumann no do chólucht den tsórt san, deontas nách mó ná seasca per centum de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin alos an tighe sin d'fháil, agus don údarás áitiúil sin no don chumann san no don chólucht daoine sin deontas nách mó ná seasca per centum de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil, an cumann no an cólucht san fé seach chun an tighe sin d'atharú, do mhéadú, d'fheabhsú no do dheisiú, ach fé réir an choinníll ná raghaidh méid iomlán na ndeontas san alos an aon tighe amháin thar suim is có-ionann le cúig púint sheachtód in aghaidh gach tionóntacháin fé leith a cuirfear ar fáil sa tigh sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt so, cialluíonn an abairt “tigh le n-a mbaineann an fo-alt so” tigh atá do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Ní dheonfaidh an tAire deontas fén alt so—

(a) alos tighe gur dheon an tAire deontas ina thaobh fé Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 (Uimh. 14 de 1924) . no fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) ; ná

(b) alos tighe a tógadh do réir choinníll is coinníoll athshuidhimh do réir bhrí ailt 10 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) ; ná

(c) alos tighe a tógadh ar ionad no ar aon chuid d'ionad foirginte gur deonadh cúiteamh fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , mar gheall ar a léirscrios no gur tugadh tuairisc ar a léirscrios fé alt 15 den Acht san; ná

(d) alos tighe athdhéanta má deonadh cúiteamh fé fhorálacha an Achta um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , mar gheall ar dhamáiste rinneadh don bhfoirgint sarar hath-rinneadh í no má tugadh tuairisc ar an damáiste sin fé alt 15 den Acht san; ná

(e) alos éinne d'athdhéanamh tighe marar dheimhnigh oifigeach do cheap an tAire chuige sin no (i gcás athchomhaire chun an Aire i gcoinnibh diúltaithe ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin, roimh an athdhéanamh san, an tigh sin do bheith oiriúnach chun é athdhéanamh; ná

(f) alos tighe gur dheon an tAire Tailte agus Iascaigh deontas ina thaobh fé Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) .

(4) Einne ar a ngoillfe sé oifigeach a cheapfaidh an tAire do dhiúltú do dheimhniú do dhéanamh fén alt so go bhfuil tigh áirithe oiriúnach chun é athdhéanamh féadfa sé athchomhare do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an diúltaithe sin, agus ar an athchomhare san féadfaidh an tAire an diúltú san do dhaingniú no féadfaidh an tAire féin an deimhniú do diúltuíodh amhlaidh do thabhairt uaidh, fé mar is dóich leis is ceart, agus beidh breith an Aire ar an athchomharc san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

(5) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a dheonfaidh an tAire fén alt so thar suim sheacht gcéad míle púnt.

Rann-íocanna ón Aire mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta bheidh ar údaráis áitiúla d'íoc.

6. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas feadfaidh an tAire. le toiliú an Aire Airgid agus fé réir na rialachán orduithe, rann-íocanna d'íoc mar leanas:—

(a) ar feadh pé tréimhse a chinnfidh an tAire agus nách sia ná cúig bliana triochad. rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil alos airgid do fuaireadar ar iasacht chun tithe le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931—

(i) nách mó ná sé seascad agus dhá dtrian per centum de sna muirir bhliantúla iasachta san má bhíonn an tAire sásta gur i gcóir daoine bheidh curtha as a n-áit de dheascaibh aon ghníomhartha de chuid an údaráis áitiúla san fé sna hAchtanna san a cuireadh na tithe sin ar fáil: agus

(ii) nách mó ná trí triochad agus trian per centum de sna muirir bhliantúla iasachta san in aon chás eile;

(b) ar feadh pé tréimhse a chinnfidh an tAire agus nách sia ná cúig bliana triochad, rann-íoc nách mó ná seasca per centum de sna muirir bhliantúla iasachta fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil alos airgid do fuaireadar ar iasacht chun iostán no cóiríochta comhnaithe eile le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, do sclábhuithe talmhaíochta.

(2) Ní bhaineann an t-alt so ach amháin le tithe, le hiostáin agus le cóiríocht chomhnaithe gur ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, no dá éis sin a tosnuíodh no tosnófar ar iad do thógáil no do chur ar fáil.

(3) Ní íocfaidh an tAire aon rann-íoc fén alt so mar chabhair chun na gcostas d'íoc fé n-a ndeachaidh údaráis áitiúla chun tithe do chur ar fáil gur dheon an tAire deontaisí ina dtaobh fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear ná raghaidh méid aon airgid a gheobhaidh údarás áitiúil ar iasacht, chun tithe, iostán no cóiríochta comhnaithe eile le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil thar méid a háirmheofar sa tslí orduithe, agus tuigfear ná raghaidh méid na muirear bliantúil iasachta alos an airgid sin (agus é teoranta mar adubhradh) thar na suimeanna (agus muirear úis d'áireamh) do bheadh iníoctha ag an údarás áitiúil in aon bhliain airgeadais áitiúil in aisíoc an airgid sin (agus é teoranta mar adubhradh) maraon le hús le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, dá mba gur o sna Coimisinéirí sin a gheobhfaí an t-airgead san ar iasacht.

(5) Socrófar. leis na rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun crícheanna an ailt seo go ndéanfar. nuair a bheidh aon tithe go mbeidh rann-íoc á íoc fén alt so alos iad do chur ar fáil á gcur chun daoine, tosaíocht do thabhairt, pé áit ’nar féidir é, do línte tighe atá ina gcombnaí in áiteanna comhnaithe aon tseomra más rud é—

(a) go bhfuil an eitinn ar dhuine no ar dhaoine den líntighe; no

(b) go bhfuil duine no daoine den líntighe, gan na tuismithcoirí d'áireamh, tar éis sé bliana déag do shlánú: no

(c) go bhfuiltear tar éis a dheimhniú gur áit atá neamhoiriúnach chun daoine do chomhnaí ann an áit chomhnaithe.

An tráth agus an modh ina n-íocfar deontaisí agus rann-íocanna.

7. —(1) Gach deontas no rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc a dheonfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so do dhuine, do chumann maitheasa puiblí. no d'údarás áitiúil íocfar é sa tslí orduithe agus an tráth no na tráthanna orduithe.

(2) Fé réir forálacha fo-ailt (3) den alt so, ní dheonfaidh an tAire aon deontas do dhuine ná do chumann maitheasa puiblí fén gCuid seo den Acht so alos tighe do thógáil no d'athdhéanamh. mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh oifigeach a cheapfaidh an tAire chuige sin no (i gcás athchomhaire chun an Aire i gcoinnibh diúltaithe ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin. go bhfuil an tógáil no an t-athdhéanamh san críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.

(3) Féadfaidh an tAire a shocrú ar dheontas d'íoc le duine no le cumann maitheasa puiblí ina thráth-choda bheidh iníoctha ar chríochnú codanna áirithe luadhfar de thógáil no d'athdhéanamh an tighe sin, agus má shocruíonn an tAire amhlaidh ní híocfar aon tráth-chuid den tsórt san mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh an t-oifigeach a cheapfaidh an tAire chuige sin no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltaithe ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin go bhfuil an chuid oiriúnach do luadhadh amhlaidh den tógáil no den athdhéanamh san críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.

(4) Aon duine no cumann maitheasa puiblí ar a ngoillfe sé oifigeach a cheapfaidh an tAire do dhiúltú do dheimhniú do dhéanamh fén alt so go bhfuil éinní áirithe críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an diúltaithe sin agus ar an athchomharc san féadfaidh an tAire an diúltú san do dhaingniú no féadfaidh an tAire féin an deimhniú do diúltuíodh amhlaidh do thabhairt uaidh, fé mar is dóich leis is ceart, agus beidh breith an Aire ar an athchomharc san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

Rátaí tuarastail agus coinníollacha oibre.

8. —(1) San alt so léireofar tagairtí do thosnú ar thigh mar thagairtí. i gcás tighe a tógfar fé chonnradh, don dáta ar a ndearnadh an connradh san, agus, i gcás aon tighe eile, don dáta ar ar tosnuíodh ar an tigh sin do thógáil.

(2) Baineann an t-alt so le gach tigh ar a dtosnófar tar éis an Achta so do rith agus

(a) a thógfaidh údarás áitiúil; no

(b) a thógfaidh cumann maitheasa puiblí i mbaile-líomatáiste; no

(c) a thógfaidh duine is foirginteoir do réir céirde i mbailelíomatáiste fé chonnradh no chun é do chur ar cíos no do dhíol.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire fén Acht so deontas, ná rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh alos tógála tighe le n-a mbaineann an t-alt so dar leis má cuirtear ina luighe air ná dearnadh, faid a bhí an tigh sin á dhéanamh, rátaí tuarastail d'íoc no coinníollacha oibre do chólíonadh a bheadh chó tairbheach ar a laighead do sna daoine bhí ar fostú sa tógáil sin agus a bheadh na rátaí oiriúnacha tuarastail no na coinníollacha oiriúnacha oibre le n-ar ghlac cumainn chéirde go generálta le linn tosnú ar an tigh sin.

Deontaisí o bhaile-údaráis do chumainn mhaitheasa puiblí.

9. —(1) Féadfaidh baile-údarás, fé réir na rialachán orduithe, deontas do dheonadh d'aon chumann maitheasa puiblí a thógfaidh tigh go ndeonfaidh an tAire deontas ina thaobh fé mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht so, féadfaidh deontas do dheonadh do chumann den tsórt san a bheidh i bhfuirm deontais thalaimh mar ionad don tigh sin no i bhfuirm deontais airgid alos an tighe sin no go mbeidh cuid de i bhfuirm acu san agus an chuid eile dhe sa bhfuirm eile acu san, ach nách mó in aon chás, i luach an talaimh sin no i méid an airgid sin no i méid iomlán an luacha san agus an mhéide sin (do réir mar bheidh), ná an naoú cuid de chostas an tighe sin do chur ar fáil no caoga púnt, pe'ca suim acu san is lugha.

(2) Chun crícheanna an ailt seo, beidh ag baile-údarás, chun talaimh d'fháil, chun airgid i gcóir costaisí do chruinniú agus chun airgid d'fháil ar iasacht, comhachta den tsaghas a bronntar ortha le Cuid III den Housing of the Working Classes Act, 1890, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) Féadfaidh baile-údarás, le ceadú ón Aire, aon talamh a bheidh ar seilbh acu do leithreasú chun crícheanna an ailt seo d'ainneoin an talaimh sin do bheith faighte acu chun críche eile.

Rátaí do mhaitheamh agus luacháil tithe athdhéanta.

10. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil go gcomhacht rátaí do ghearradh—

(a) i ngach bliain de sna naoi gcinn déag tosaigh de sna blianta airgeadais áitiúla tar éis luachála chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh go mbeidh an tAire tar éis deontais do dheonadh alos a thógála do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht so, déanfaid cion de sna rátaí is inghearrtha ag an údarás áitiúil alos an tighe sin in aon bhliain acu san do mhaitheamh, an cion a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann lies an Acht so os coinne uimhreach na bliana san sa chéad cholún den Sceideal san.

(b) i ngach bliain de sna seacht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais áitiúla tar éis luachála chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh go mbeidh an tAire tar éis deontais do dheonadh ina thaobh do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fé mhír (b), (c), (d), (e), (f) no (g) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht so, déanfaid dhá dtrian de sna rátaí is inghearrtha ag an údarás áitiúil alos an tighe sin in aon bhliain acu san do mhaitheamh.

(2) Ní dlighfear an ionoighreacht ná an tionóntachán ar ar tógadh tigh go mbeidh an tAire tar éis deontais do dheonadh fén gCuid seo den Acht so alos duine dá athdhéanamh, ná ní dlighfear an tigh sin nuair a bheidh sé athdhéanta amhlaidh, do luacháil fé sna hAchtanna Luachála, in aon luacháil a thiocfaidh i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an athdhéanamh san do chríochnú, i suim is mó ná an luacháil do bhí i bhfeidhm díreach sarar tosnuíodh ar an athdhéanamh san.

Ní bhainfidh alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 , le tithe áirithe.

11. —Ní bheidh éifeacht ag forálacha ailt 12 den Acht Rialtais Áitiúla. 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), i gcás aon tighe no cóiríochta comhnaithe go ndéanfaidh an tAire deontas, no rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh ina thaobh fén gCuid seo den Acht so.

Méid iomlán na ndeontas fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, do mhéadú.

12. —In ionad ailt 61 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéithcacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , a hathghairmtear leis an Acht so, achtuítear leis seo nách mó ná suim milleoin agus trí chéad agus trí mhíle déag púnt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d' Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925) , mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na dTithe, 1928 ( Uimh. 31 de 1928 ), maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) .

Ciste Tithe na hÉireann do roinnt.

13. —Na suimeanna dhlighfidh aon údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh alos airgid do fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do chur ar fáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, tithe go ndéanfaidh an tAire deontaisí, no ranníocanna mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh fén gCuid seo den Acht so alos costas a gcurtha ar fáil, ní háirmheofar na suimeanna san mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe, do réir bhrí ailt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908, a bheidh ar an údarás áitiúil sin.

An tAire d'ordú rialachán.

14. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag socrú i dtaobh éinní na aon ruda gur leis na rialacháin orduithe atáthar le socrú ina thaobh fén gCuid seo den Acht so no ag socrú i dtaobh éinní no aon ruda eile is gá chun na Coda so den Acht so do chur in éifeacht.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin rún do rith, ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Achtanna áitiúla, fo-dhlithe, etc.,do chur ar fiunraoi.

15. —Sa mhéid go mbeidh na forálacha d'aon Acht áitiúil, no d'aon fho-dhlithe, rialacha, rialacháin no scéim, pé údarás fé n-a ndearnadh an céanna, a bhaineann le foirgintí nua no le sráideanna nua do dhéanamh, do leagadh amach no do dhréineáil, sa mheid go mbeidh na forálacha san bunoscionn le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so, ní bhainfid le haon tigh go ndéanfaidh an tAire deontas, no rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh fén gCuid seo den Acht so alos a churtha ar fáil agus a bheidh do réir na rialachán a déanfar amhlaidh.