|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Foralacha Airgeadais.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Rialacha Nach Folair Do Thithe Airithe Bheith Da Reir.) |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Féadfaidh an tAire abhair thógála, etc., do cheannach, do dhéanamh no a ndéantóireacht do chur ar aghaidh. |
16. —(1) Féadfaidh an tAire pé uair is dóich leis, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, é do bheith oiriúnach san do dhéanamh chun tógála, athdhéanta no deisithe tithe (ar a n-áirmhítear tithe ná baineann an tAcht so leo chó maith le tithe go mbaineann sé leo) i Saorstát Éireann no in aon chuid de do chur in usacht, aon abhair no fearaistí do cheannach, do dhéanamh, do stóráil, d'iompar agus do dhíol, a húsáidtear do ghnáth chun tithe do thógáil, no deantóireacht na n-abhar agus na bhfearaistí sin i Saorstát Éireann do chur ar aghaidh ar pé slí agus tré pé meáin is dóich leis is ceart. |
[EN] | (2) Na habhair agus na fearaistí uile cheannóidh no dhéanfaidh an tAire fén alt so díolfaidh an tAire iad le daoine i Saorstát Éireann ar phraghas (i gcás abhar no fearaistí do ceannuíodh) is có-ionann leis an toradh iomlán do gheobhfaí tríd an bpraghas d'íoc an tAire, gach muirear iompair agus stórála fé n-a ndeachaidh sé, agus cúig per cent. den phraghas d'íoc sé, do chur le chéile, no (i gcás abhar no fearaistí do rinneadh) is có-ionann leis an toradh iomlán do gheobhfaí tríd an méid glan do chosain sé ar an Aire iad do dhéanamh (le n-a n-áirmhítear bárr-éilithe agus laigheadú luacha), gach muirear iompair agus stórála fé n-a ndeachthas, agus cúig per cent. den mhéid ghlan roimhráite, do chur le chéile. | |
[EN] | (3) Sa mhéid go gceadoidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghfar chun abhar agus fearaistí do cheannach no do dhéanamh, chun a ndéantóireachta do chur ar aghaidh, agus chun iad do stóráil, d'iompar agus do dhíol fén alt so, agus déanfar toradh díola gach abhair agus fearais den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste. | |
[EN] | (4) Déanfar cuntas ar an modh iontrála dúbalta, ina mbeidh cuntas trádála agus cuntas cothromuíochta, do choimeád ar gach gnó fén alt so agus sa chuntas san isé méid a cuirfear ar gach seirbhís a rinne aon Roinn Rialtais ná an méid a chosain sé. | |
[EN] |
Comhacht chun teorann do chur le praghasanna abhar agus fearaistí tógála. |
17. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon am más oiriúnach leis é, ar iarratas an Aire, fiosrúchán puiblí do dhéanamh no do chur fé ndeár é do dhéanamh maidir le costas (le n-a n-áirmhítear na praghsanna mór-dhíola agus mion-díola, na héilithe iompair agus láimhseála agus na barr-éilithe agus méid an bhrabúis) aon abhar no fearaistí, a húsáidtear chun tithe do thógáil, i Saorstát Éireann no in aon chuid no codanna áirithe dhe, agus má bhíonn sé sásta tar éis an fhiosrúcháin phuiblí sin do dhéanamh go bhfuil costas na n-abhar no na bhfearaistí sin sa líomatáiste sin iomarcach agus go gcuireann sé srian leis an méid oibre tógála a deintear, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú a ordú cadé méid maximum an phraghais mhór-dhíola no an phraghais mhion-díola a féadfar d'éileamh ar na habhair no ar na fearaistí sin sa líomatáiste sin, no cadé méid maximum an bhrabúis agus na n-éilithe iompair agus láimhseála agus na mbarr-éilithe a féadfar a chur mar chuid den phraghas mór-dhíola no mion-díola a héileofar ar na habhair no ar na fearaistí sin sa líomatáiste sin, agus féadfa sé aon am agus o am go ham le hordú gach praghas no méid no aon phraghas no méid a bheidh orduithe aige fén alt so do bhuanú, d'atharú no do cheiliúradh. |
[EN] | (2) Má éilíonn éinne in aon líomatáiste le n-a mbaineann ordú fén alt so. ar aon abhar no fearas le n-a mbaineann an t-ordú, praghas a bheidh níos mó ná an praghas a féadfar d'éileamh go dleathach fén ordú céanna, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air, agus más cólucht an duine bheidh ciontach sa chionta san beidh an cathaoirleach, an stiúrthóir bainistíochta agus gach stiúrthóir agus bainisteoir eile don chólucht ciontach sa chionta chéanna mara gcruthuighe sé gur gan toiliú uaidh no gan aon eolas do bheith aige air a rinneadh an gníomh gurbh é an cionta é. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt so le praghas aon abhair no fearais go ndearnadh go bona fide (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) connradh ina thaobh mí ar a laighead roimh dháta an fhiosrúcháin phuiblí agus gur tugadh cóip den chonnradh san don Aire Tionnscail agus Tráchtála laistigh de choicíos tar éis dáta an Achta so do rith no tar éis an dáta ar a ndearnadh an connradh san, pe'ca dáta aca san is déanaí. | |
[EN] | (4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fiosrúchán puiblí no a chuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh chun crícheanna an ailt seo beidh comhacht ag an duine cheapfaidh an tAire sin chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus chuige sin daoine do chur fé mhionn, agus féadfa sé fós le hordú a cheangal ar éinne. ach na costaisí réasúnta bhainfidh leis an duine sin do theacht i láthair d'íoc leis no do thairisgint do, teacht i láthair mar fhinné agus fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinní do thabhairt i láthair ag an bhfiosrúchán san, agus má theipeann ar éinne gan cúis no leathscéal réasúnta déanamh do réir aon orduithe den tsórt san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air. | |
[EN] |
Comhacht ag an Aire gníomhú in ionad an údaráis áitiúla má theipeann ortha san. |
18. —(1) In aon chás ina mbeidh an tAire sásta, tar éis fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh, go dtug údarás áitiúil faillí in aon cheann dá gcomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, d'fheidhmiú, féadfa sé le hordú a cheangal ar an údarás áitiúil sin na cinn sin dá gcomhachta fé sna hAchtanna san fé seach a luadhfar san ordú san d'fheidhmiú agus an feidhmiú san do dhéanamh sa tslí agus laistigh den am a bheidh orduithe san ordú san, agus má theipeann ar an údarás áitiúil sin déanamh do réir aon orduithe den tsórt san laistigh den am a bheidh orduithe ann, féadfaidh an tAire le hordú eile comhachta an údaráis áitiúla san do dhílsiú ann féin agus d'fheidhmiú. pé comhachta acu san a bheidh riachtanach chun faillí an údaráis áitiúla san i bhfeidhmiú a gcomhacht fé sna hAchtanna san fé seach do leigheas. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú aon mhaoin, fiacha no fiachaisí do dhílsiú in údarás áitiúil agus d'aistriú chun údaráis áitiúla, go ndearnadh ina thaobh fé fho-alt (1) den alt so ordú ag dílsiú comhacht san Aire, ba mhaoin, fiacha no fiachaisí do fuair sé no fé n-a ndeacha sé agus é ag feidhmiú comhacht an údaráis áitiúla san a bhí dílsithe ann amhlaidh agus dílseoidh an mhaoin, na fiacha agus na fiachaisí sin san údarás áitiúil sin agus is ag an údarás áitiúil sin a bheid. | |
[EN] | (3) Aon chostaisí fé n-a rachaidh an tAire agus é ag feidhmiú comhacht údaráis áitiúla fé ordú bheidh déanta aige fén alt so is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar iad sa chéad dul síos, ach an méid a dheimhneoidh an tAire a bheith caithte amhlaidh agus a bheith iníoctha do réir cirt ag an údarás áitiúil sin déanfaidh an t-údarás áitiúil sin é d'íoc leis an ‘ire ar n-a éileamh san do agus féadfar é do bhaint amach mar fhiacha atá dlite don Stát, agus beidh íocaíocht na suime is iníoctha amhlaidh leis an Aire ina crích chun bhféadfaidh an t-údarás áitiúil sin iasacht d'fháil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, do réir mar bheidh. | |
[EN] | (4) In aon chás ina ndéanfaidh an tAire fé ordú bheidh déanta aige fén alt so feidhmiú ar aon chomhacht atá ag bord sláinte chun airgid d'fháil ar iasacht ní gá toiliú na comhairle contae fé alt 4 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), d'fháil. | |
[EN] | (5) Na comhachta bronntar leis an alt so is mar bhreis ar aon chomhachta eile chun Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, do chur in éifeacht a bheidh agus ní mar aigheadú ortha. | |
[EN] | (6) Bainfidh fo-ailt (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar chun crícheanna an ailt seo. | |
[EN] |
Dochtúiri oifigiúla sláinte do phlé cúise go hoifigiúil le bailechoimisinéirí. |
19. —Chun crícheanna cúise do phlé go hoifigiúil (mar atá san mínithe in alt 47 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha). 1931) fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fén alt san 47, le baile-choimisinéirí aon bhaile ag a bhfuil coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, tuigfear dochtúir oifigiúil sláinte an cheanntair íclainne agus dochtúir oifigiúil sláinte contae na contae ina bhfuil an baile san suidhte do bheith ina ndochtúirí oifigiúla sláinte do sna baile-choimisinéirí sin. |
[EN] |
Talamh d'fháil chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931. |
20. —(1) Chun aon chríche de chrícheanna Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, agus gan aon chúis do phlé na aon scéim fheabhsúcháin do dhéanamh fútha. féadfaidh bord sláinte agus iad ag feidhmiú na nAchtanna san, féadfaid, talamh d'fháil tré chó-aontú no féadfar a údarú dhóibh talamh d'fháil go héigeanta tré ordú ceannaigh éigeanta a dhéanfaidh an bord sláinte agus a cuirfear fé bhráid an Aire agus a dhaingneoidh scisean do réir na bhforálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus féadfaid. i gceachtar cás, gan aon chúis den tsórt san do phlé ná aon scéim fheabhsúcháin den tsórt san do dhéanamh. tithe do chur ar fáil ar an talamh san no an talamh san d'úsáid ar shlí eile chun crícheanna na nAchtanna san. |
[EN] | (2) Na forálacha d'alt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 ( Uimh. 50 de 1931 ) mar a leasuítear san leis an Acht so. maidir le dleathacht agus dáta feidhme orduithe ceannaigh éigeanta a déanfar fén Acht san, mar a leasuítear amhlaidh é, bainfid le horduithe ceannaigh éigeanta a déanfar fén alt so. | |
[EN] | (3) Léireofar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, fé is dá mbeadh pé atharuithe ortha is gá chun éifeachta do thabhairt don alt so. | |
[EN] | (4) San alt so foluíonn an focal “talamh” talamh fé uisce, uisce agus cirt uisce. | |
[EN] |
Comhachta breise maidir le talamh d'fháil, do dhíol agus do chur ar léas fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931. |
21. —(1) Féadfaidh bord sláinte, agus iad ag feidhmiú Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, talamh d'fháil, tré chó-aontú le toiliú an Aire no go héigeanta fé sna comhachta bronntar leis na hAchtanna san mar a leasuítear iad leis an Acht so, chun an talaimh sin no aon choda dhe do dhíol no do chur ar léas le daoine agus le cumainn mhaitheasa phuiblí d'fhonn na daoine no na cumainn sin do thógaint iostán ar an talamh san a bheidh oiriúnach mar áruis chomhnaithe do sclábhaithe talmhaíochta. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh aon talamh fachta chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe. 1883 go 1931, ag bord sláinte, fé sna comhachta bronntar leis an alt so no in aon tslí eile, féadfaidh an bord san, in ainneoin éinní contrárdha dho san atá sna hAchtanna san ar shlí eile seachas chun crícheanna an ailt seo. chuid de do dhíol no do chur ar léas le haon duine no cumann maitheasa puiblí no, i gcás talaimh do fuair an bord san fé sna hAchtanna san ar shlí eile seachas chun crícheanna an ailt seo, le haon údarás is údarás áitiúil do réir bhrí Coda III den Housing of the Working Classes Act, 1890, chun go ndéanfaidh agus fé réir an choinníll go ndéanfaidh an duine, an cumann no an t-údarás áitiúil sin tithe bheidh oiriúnach mar áruis chomhnaithe do selábhaithe talmhaíochta. pé méid tithe shocróidh an bord sláinte sin. do thógaint agus do choinneáil suas ar an talamh san do réir pleananna cheadóidh an bord san. | |
[EN] | (3) Déanfar talamh a díolfar no a cuirfear ar léas fén alt so do dhíol no do chur ar léas ar an bpraghas no ar an gcíos is fearr is féidir do réir réasúin d'fháil ar an talamh san ag féachaint d'aon choinníollacha bheidh forchurtha, agus déanfar gach airgead caipitiúil a gheobhfar alos aon ghnótha fén alt so do chur chun no mar chabhair chun talaimh eile do cheannach chun crícheanna Achtanna na Selábhaithe, 1883 go 1931, mar a leasuítear iad leis an Acht so no. le toiliú an Aire, chun aon chríche, le n-a n-áirítear airgead do fuarthas ar iasacht d'aisíoc. chun ar féidir le ceart airgead caipitiúil do chur. | |
[EN] |
Costaisí fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931. |
22. —Ar an ladh lá d'Abrán, 1933 agus ón lá san amach déanfar gach costas fé n-a ndeachaidh no fé n-a rachaidh bord sláinte agus iad ag feidhmiú Achtanna na Sclábhaithe. 1883 go 1931, mar a leasuítear iad leis an Acht so, do chruinniú tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid líomatáiste cheanntair shláinte chontae an bhúird sin. |
[EN] |
Leasuithe do dhéanamh ar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 . |
23. —(1) Beidh éifeacht ag alt 14 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha). 1931 ( Uimh. 50 de 1931 ), fé is dá ndeintí na focail “caithfid bheith sásta” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “cruthóid don Aire.” |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , fé is dá ndeintí tréimhse de thrí seachtaine do chur in ionad na tréimhse de shé seachtaine atá luaidhte sna fo-ailt sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 59 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , fé is dá ndeintí na focail “cúig seachtód per centum” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “caoga per centum.” |