An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Feithiclí Inneall-Ghluaiste do Roinnt ina gCineálacha, etc.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta socrófar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Aire go generálta no maidir le haon chrích no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do shocrú amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i gcóir ferálacha deifriúla den Acht so.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “an Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána;

foluíonn an focal “feithicil” gach saghas carráiste, gléas iompair, no meaisín, is cuma conus a tiomáintear no tarraictear é, atá déanta no oiriúnuithe chun é d'úsáid ar bhóithre no ar bhuanráileacha ar bhóithre, pe'ca rotha, rollóirí, rian gluaiste, no reathairí sleamhnáin a bhíonn fén gcarráiste, fén ngléas iompair, no fén meaisín sin, agus pe'ca deintear an carráiste, an gléas iompair, no an meaisín sin d'úsáid chun daoine no earraí d'iompar no ná deintear no pe'ca is féidir é d'úsáid amhlaidh no nách féidir, ach ní fholuíonn an focal san aon charráiste ná gléas iompair gur daoine no ainmhithe iomparuíonn é agus ná bíonn fé ach daoine no ainmhithe;

ní fholuíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” tram ná feithicil eile ghluaiseann ar bhuan-ráileacha;

cialluíonn an abairt “feithicil sheirbhíse puiblí” feithicil inneallghluaiste a húsáidtear chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair;

cialluíonn an abairt “feithicil mhór sheirbhíse puiblí” feithicil sheirbhíse puiblí ina bhfuil ionaid suidhte do níos mó ná seisear gan an tiománaí d'áireamh;

cialluíonn an abairt “feithicil bheag sheirbhíse puiblí” feithicil sheirbhíse puiblí nách feithicil mhór sheirbhíse puiblí;

cialluíonn an focal “omnibus” feithicil mhór sheirbhíse puiblí a bheidh á húsáid de thurus na huaire ar chúrsa chinnte chun paisneirí d'iompar a hiompruítear ar tháillí ar leithligh agus a tógtar isteach agus a leigtear amach fan an chúrsa san ar n-a iarraidh san no ag áiteanna staid ceaptha;

cialluíonn an focal “charabanc” feithicil mhór sheirbhíse puiblí a bheidh á húsáid de thurus na huaire, chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, ar shlí seachas mar omnibus;

cialluíonn an abairt “feithicil sheirbhíse sráide” feithicil bheag sheirbhíse puiblí ’na ndéanfaidh a tiománaí é féin agus an fheithicil sin do thairiscint chun a bhfostuithe ar thuarastal in áit phuiblí agus an fheithicil sin do choimeád no do thiomáint in áit phuiblí chun na críche sin;

cialluíonn an abairt “feithicil thuarastail phríobháidigh” feithicil bheag sheirbhíse puiblí a bheidh á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair agus nách feithicil sheirbhíse sráide;

cialluíonn an abairt “rothar troightheáin” rothar ar n-a cheapadh agus ar n-a dhéanamh chun é thiomáint le saothar cuirp duine no daoine ina suidhe air agus leis sin amháin;

cialluíonn an abairt “rothar trianach troightheáin” rothar trianach ar n-a cheapadh agus ar n-a dhéanamh chun é thiomáint le saothar cuirp duine no daoine ina suidhe air agus leis sin amháin;

cialluíonn an abairt “rothaí troightheáin” duine bhíonn ag marcaíocht ar rothar troightheáin no ar rothar trianach troightheáin no ’na mbíonn san fé n-a stiúradh no fé n-a chúram;

cialluíonn an abairt “áit phuiblí” aon tsráid, bóthar, no áit eile ’na mbíonn sé de cheart no de chead ag an bpuiblíocht dul ann le feithiclí ar íocaíocht no in aisce;

cialluíonn an abairt “feithicil bhriogáide tóiteán” feithicil inneall-ghluaiste a bhíonn ar únaeracht agus a bhíonn á choimeád i dtreo ag údarás áitiúil chun tóiteán do mhúchadh no chun aon chríche bhaineann leis sin no chun daoine d'iompar a bhíonn ar fostú chun aon chríche den tsórt san ag an údarás áitiúil sin;

cialluíonn an focal “othar-chóiste” feithicil inneall-ghluaiste ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh go speisialta chun daoine breoite no daoine gortuithe d'iompar;

cialluíonn an focal “bóthar” aon bhóthar puiblí agus foluíonn aon droichead, píopa, áirse, lintéir, cosán, pábháil, claidhe, ráille, no falla is cuid den bhóthar san;

cialluíonn an focal “ród” an chuid sin d'aon bhóthar gur d'fheithiclí a prímh-cheaptar í;

cialluíonn an focal “cosán” an chuid sin d'aon bhóthar gur do choisithe a prímh-cheaptar í;

cialluíonn an abairt “tréimhse ama shamhraidh” tréimhse ar n-a ceapadh leis an Acht um Am Shamhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925) , no fé, no le hachtachán no fé achtachán ar bith le n-a leasuítear an tAcht san, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh;

cialluíonn an abairt “uaireanta soillsiúcháin”—

(a) maidir le haon am is tréimhse ama shamhraidh, an tréimhse thosnuíonn uair a' chluig tar éis luighe gréine lá ar bith agus a chríochnuíonn uair a' chluig roimh eirghe gréine an lá ina dhiaidh sin, agus

(b) maidir le haon am nách tréimhse ama shamhraidh, an tréimhse thosnuíonn leath-uair a' chluig tar éis luighe gréine lá ar bith agus a chríochnuíonn leath-uair a' chluig roimh eirghe gréine an lá ina dhiaidh sin;

nuair a húsáidtear an focal “tiomáint” maidir le feithicil inneallghluaiste foluíonn sé bheith i gcúram na feithicle sin agus bheith á stiúradh, agus is dá réir sin a léireofar an focal “tiománaí” agus focail ghaolmhara eile;

nuair a húsáidtear an focal “únaer” maidir le feithicil inneallghluaiste is abhar do chó-aontú cíosa (seachas có-aontú ná beidh ann ach connradh chun daoine no earraí d'iompar) no do chó-aontú cíos-cheannaigh cialluíonn sé an té bhíonn i seilbh na feithicle sin fén gcó-aontú san;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Bonn aeir do mhíniú.

4. —(1) Féadfaidh an tAire tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) a ordú cadiad na tréithe agus na cáilíochta nách foláir a bheith ag bonn chun gur bonn aeir chun crícheanna an Achta so é,

(b) a dhearbhú gur bonn aeir chun crícheanna an Achta so bonn ag á bhfuil tréithe no cáilíochta áirithe bheidh luaidhte, cé ná fuil aer fé theannadh ann,

(c) a dhearbhú nách bonn aeir chun crícheanna an Achta so bonn ag á bhfuil tréithe no cáilíochta áirithe bheidh luaidhte, d'ainneoin aer fé theannadh do bheith ann.

(2) Má deintear rialacháin fén alt so, ansan, faid a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm, ciallóidh an abairt “bonn aeir” i ngach áit ina bhfuil sí san Acht so (ach amháin san alt so) bonn is bonn aeir chun crícheanna an Achta so fé sna rialacháin sin.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Baint le daoine agus le feithiclí i seirbhís an Stáit.

5. —(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an alt so, baineann an tAcht so le daoine i seirbhís phuiblí an Stáit agus le feithiclí is leis an Stát.

(2) Ní bhaineann Cuid V den Acht so le feithiclí is leis an Stát ná le daoine agus iad ag tiomáint na bhfeithiclí sin.

Rialacháin ghenerálta.

6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Fiosrúcháin phuiblí.

7. —(1) Pé uair a bronntar ar an Aire leis an Acht so comhacht chun aon ordú, rialachán no fo-dhlí do dhéanamh no do dhaingniú, no chun aontuithe no toilithe leis an gcéanna, no comhacht chun toilithe le haon chúrsa, no chun breith do thabhairt ar aon athchomharc, deifríocht, aighneas, no cúrsa eile, no chun rud ar bith eile do dhéanamh, féadfaidh an tAire, sara bhfeidhmighidh an chomhacht san, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an chúrsa is abhar don fheidhmiú san ar an gcomhacht san.

(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so no fé aon alt eile den Acht so fé mar a bhíonn feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla atá luaidhte ann.

An tAire d'aontú le fo-dhlithe.

8. —(1) Gach fo-dhlí dhéanfaidh an Coimisinéir fén Acht so agus go gceangaltar leis an Acht so gur le toiliú an Aire déanfaí é cuirfear é fé bhráid an Aire sa tslí orduithe chun a aontú leis d'fháil.

(2) Pé uair a cuirfear fo-dhlí fé bhráid an Aire fén alt so, déanfaidh an tAire, do réir mar is dóich leis is ceart, diúltú d'aontú leis an bhfo-dhlí sin, no aontú leis gan é d'atharú, no pé atharú do dhéanamh air is dóich leis is ceart agus aontú leis an bhfo-dhlí sin agus é atharuithe amhlaidh.

(3) Déanfar gach fo-dhlí le n-a n-aontóidh an tAire fén alt so (pe'ca go n-atharú no gan atharú é) d'fhoillsiú sa tslí orduithe.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon fho-dhlí den tsórt san a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so mara ndeintear ní go dtí go ndéanfar é do chur fé bhráid an Aire agus aontú an Aire leis d'fháil agus é d'fhoillsiú do réir an ailt seo.

(5) Pé uair a bheidh beartuithe ag an gCoimisinéir fo-dhlí do dhéanamh fén Acht so go gceangaltar leis an Acht so gur tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann a déanfaí é, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) bhéarfaidh an Coimisinéir do chomhairle gach contae, contae-bhuirge, buirge, agus bailecheanntair agus do choimisinéirí gach baile go mbeifear ar intinn an fo-dhlí sin do bhaint leis no le haon chuid de fógra i dtaobh é bheith ar intinn an fo-dhlí sin do dhéanamh agus breithneoidh an Coimisinéir gach cúis a phléidhfidh aon chomhairle no coimisinéirí den tsórt san leis i dtaobh an fho-dhlí sin a bheidh beartuithe;

(b) má chuireann agus nuair a chuirfidh an Coimisinéir an fo-dhlí sin fé bhráid an Aire fén alt so bhéarfaidh do gach comhairle agus coimisinéirí den tsórt san fógra á rá gur cuireadh san fé bhráid an Aire agus breithneoidh an tAire gach cúis a phléidhfidh aon chomhairle no coimisinéirí den tsórt san leis i dtaobh an fho-dhlí sin;

(c) ní aontóidh an tAire leis an bhfo-dhlí sin go ceann mí tar éis fógra á rá gur cuireadh an fo-dhlí sin fé n-a bhráid do bheith tugtha fén alt so do gach comhairle agus coimisinéirí den tsórt san;

(d) chun crícheanna an fho-ailt seo ní tuigfear go mbeifear ar intinn fo-dhlí do bhaint le haon chuid de chontae mara mbeifear ar intinn é do bhaint le cuid éigin den chontae sin ná fuil in aon bhuirg, bailecheanntar ná baile;

(e) sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “baile” baile ag á bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Cruthúnas maidir le fo-dhlithe.

9. —(1) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le gach fo-dhlí dhéanfaidh an Coimisinéir fén Acht so.

(2) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , do leasú tré fho-dhlithe ar n-a ndéanamh ag an gCoimisinéir fén Acht so do chur leis na scríbhinní oifigiúla luaidhtear sa bhfo-alt san, agus beidh éifeacht ag an alt san 6 dá réir sin.

Airgead.

10. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as an Ród-Chiste a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire ar bith no an Coimisinéir chun an Roads Act, 1920, no an Achta so d'fheidhmiú, agus chuige sin íocfar, in aghaidh gach bliana airgeadais, isteach sa Stát-Chiste as an Ród-Chiste, pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid, na suimeanna san a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith có-ionann le méid na gcostas fé n-a ndeachthas amhlaidh chun an Roads Act, 1920, agus an Achta so d'fheidhmiú an bhliain airgeadais sin.

(2) Más deimhin leis an Aire Airgid nách féidir a chinneadh go caothúil cadé méid na gcostas fé n-a ndeachaidh Aire ar bith no an Coimisinéir chun an Roads Act, 1920, no an Achta so d'fheidhmiú aon bhliain airgeadais áirithe, féadfar an tsuim is iníoctha fén alt so isteach sa Stát-Chiste as an Ród-Chiste alos na gcostas san, féadfar, le ceadú an Aire Airgid, í d'áireamh in aon tslí le n-a n-aontóidh an tAire Airgid agus, go sonnrách, féadfar í chinneadh mar phercentáiste de sna méideanna iomlána do híocadh isteach sa Ród-Chiste o thaobh ar bith an bhliain airgeadais sin.

(3) Aon chostaisí bheidh, de bhuadh an ailt seo, le híoc amach as an Ród-Chiste féadfar, le ceadú an Aire Airgid, iad d'íoc go díreach amach as an Ród-Chiste, agus aon tuarastal no luach saothair a bheidh ag dul do dhuine ar bith agus a híocfar amhlaidh go díreach amach as an Ród-Chiste tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Aois-Liúntais, 1834 go 1923, gur as airgead do sholáthruigh an tOireachtas do híocadh é.

(4) Más dóich leis an Aire agus leis an Aire Airgid, maidir le haon chostaisí fé n-a ndeachthas tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1932, agus roimh an alt so do theacht i ngníomh agus do híocadh amach as an Stát-Chiste, gur amach go díreach as an Ród-Chiste do híocfaí iad dá mbeadh fo-alt (3) den alt so i ngníomh nuair do chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, déanfar méid na gcostaisí sin d'aisíoc leis an Stát-Chiste amach as an Ród-Chiste pé tráth agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Na costaisí fé n-a raghaidh Aire ar bith no an Coimisinéir chun an Roads Act, 1920, no an Achta so d'fheidhmiú aon bhliain airgeadais áirithe tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, go n-áirmhítear ortha na muirir sin, alos aois-liúntas agus liúntas eile agus aiscí, is iníoctha ar dhuine d'fháil bháis no do dhul as oifig, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a bheith ceart.

(6) Léireofar fo-alt (4) d'alt 3 den Roads Act, 1920, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí míreanna (b) agus (c) den fho-alt san do leigint ar lár ann agus fé is dá ndeintí na costaisí go gceangaltar leis an alt so iad d'íoc amach as an Ród-Chiste d'áireamh ar na costaisí luaidhtear i mír (e) den fho-alt san.

Táillí agus fíneála do chur de láimh.

11. —(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, déanfar gach táille agus gach suim eile do gheobhaidh an Coimisinéir fén Acht so no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(2) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, déanfar gach fíneáil a ghearrfaidh cúirt dlighinse achmaire mar gheall ar chiontaí fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste do réir na dtreoracha san do bhéarfaidh an tAire Airgid uaidh o am go ham.

(3) An t-airgead uile a híocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste fén alt so tuigfear, chun crícheanna ailt 2 den Roads Act, 1920, gur fén Acht san a híocadh isteach sa Stát-Chiste é.

Cosaint maidir le díotáil i gcráiteas.

12. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so do dhuine ar bith úsáid do dhéanamh ar phrímh-bhealach d'fheithicil inneallghluaiste bheidh ceaptha no a húsáidfí ar chuma go dtiocfadh cráiteas puiblí no príobháideach dá dheascaibh sin, agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, beidh duine ar bith a dhéanfaidh úsáid amhlaidh d'fheithicil den tsórt san i mbaol díotála no aicsin, do réir mar bheidh, mar gheall ar an úsáid sin i gcás ina bhféadfaí, mara mbeadh an tAcht so do rith, an díotáil no an t-aicsean san do chur ar aghaidh.

Athghairm.

13. —(1) Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Gach foráil atá in aon achtachán (go bhfeidhm ghenerálta no go bhfeidhm áitiúil) agus—

(a) atá cosúil no ar có-réir ina héifeacht le haon alt no fo-alt den Acht so no atá buiniscionn leis an gcéanna, no

(b) a bhronnann ar dhuine ar bith comhacht, chun orduithe, rialacháin, no fo-dhlithe do dhéanamh no chun ceadúnaisí do thabhairt amach, is comhacht atá cosúil no ar có-réir le comhacht no atá buiniscionn le comhacht, chun orduithe, rialacháin, no fo-dhlithe do dhéanamh no chun ceadúnaisí do thabhairt amach (go bhfeidhm áitiúil den tsórt chéanna no go bhfeidhm áitiúil níos leithne no go bhfeidhm ghenerálta) a bronntar le haon alt no fo-alt den Acht so ar an duine céanna no ar dhuine eile,

scuirfidh, chó fada agus théigheann an chosúlacht, an chóréireacht no an bhuiniscionntacht san (pe'ca aca é), d'éifeacht do bheith aici díreach ar an alt no ar an bhfo-alt san do theacht i bhfeidhm.

(3) Gach feithicil inneall-ghluaiste do bheadh, dá mba ná déanfai an Locomotives on Highways Act, 1896, d'athghairm leis an Acht so, do bheadh, de bhuadh míre (b) den phrovísó ghabhann le fo-alt (1) d'alt 1 den Acht san, ina carráiste no ina carráiste de chineál áirithe do réir bhrí aon achtacháin, rialach, rialacháin, no fo-dhlí ná deineann an t-alt so é d'athghairm ná deireadh do chur leis, leanfaidh de bheith ina carráiste no ina carráiste den chineál áirithe sin (pe'ca aca é) do réir bhrí an achtacháin, na rialach, an rialacháin no an fho-dhlí sin.