An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

15 1933

ACHT AIRGID, 1933

CUID I.

Cain Ioncuim agus For-Chain.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1933-34.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1933, éileofar cáin ioncuim do réir chúig scillinge fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1933, éileofar for-cháin ar ioncum aon duine aonair gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1932, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1932, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1933.

Tuilleadh faoisimh do dhaoine áirithe go dhá n-áit chomhnaithe.

2. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim maidir le duine ar bith—

(a) go bhfuil an duine sin i dteideal, fé airtiogal 2 den Chó-aontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , faoiseamh do lomháil do o chánachas dúbalta in aghaidh aon bhliana áirithe, agus

(b) gur sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann do bhí príomh-áit chomhnaithe an duine sin an bhliain sin, agus

(c) ná dearna an duine sin an bhliain sin níos mó ná sé mhí ar fad do chaitheamh i Saorstát Éireann, agus

(d) gur mó méid iomlán na cánach ioncuim agus na forchánach (agus cáin ioncuim agus for-cháin na Breataine d'áireamh chó maith le cáin ioncuim agus for-cháin Shaorstáit Éireann) is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na bliana san tar éis gach faoisimh o chánachas dúbalta den tsórt san adubhradh do bheith bainte dhe, gur mó san ná an méid iomlán de cháin ioncuim agus d'fhor-cháin na Breataine do bheadh iníoctha ag an duine sin in aghaidh na bliana san dá mba ná beadh sé ina chomhnaí i Saorstát Éireann an bhliain sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim pé faoiseamh breise o cháin ioncuim agus o fhor-cháin Shaorstáit Éireann is dóich leo is cóir do dheonadh don duine sin, ach gan san do dhul thar an méid a bheidh méid iomlán na cánach ioncuim agus na forchánach (agus cáin ioncuim agus for-cháin na Breataine d'áireamh chó maith le cáin ioncuim agus for-cháin Shaorstáit Éireann) a luaidhtear sa mhír sin (d) roimhe seo den alt so, thar an méid a bheidh san de bhreis ar an méid iomlán san de cháin ioncuim agus d'fhor-cháin na Breataine a luaidhtear sa mhír sin.

Faoiseamh i gcás suimeanna do bhaint, do réir reachta, de luach saothair.

3. —Má dheineann an tOireachtas Acht do rith (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, á údarú suimeanna áirithe do bhaint d'airgead áirithe bheidh tuillte ag aon aicme no aicmí áirithe daoine agus iníoctha leo sa bhliain airgeadais sin tuigfear, chun cáinmheasa fé Sceideal E den Income Tax Act, 1918, d'fháil amach maidir le ball ar bith den aicme áirithe sin no d'aon cheann de sna haicmí áirithe sin, an tAcht san do bheith i bhfeidhm alos na bliana airgeadais dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1932.