An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim agus For-Chain.) Ar Aghaidh (CUID III. Diuite Oll-Shochair.)

15 1933

ACHT AIRGID, 1933

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

4. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar aon earra ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, liost d'earraí go ndeintear ráta an diúité sin a luaidhtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go mbeadh an earra is ionchurtha fén diúité sin sa liost san.

(3) I gcás ina ndeintear percentáiste do chur síos sa tríú colún no sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(4) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa chúigiú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear sa dara colún den Sceideal san ar earra ar bith, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar an earra san.

(5) I gcás ina bhféadfaí earra d'áireamh mar earra is ionchurtha fé dhá cheann no níos mó de sna diúitéthe forchuirtear leis an alt so tuigfear gan an earra san do bheith ionchurtha ach fén gceann san amháin de sna diúitéthe sin gur ina thaobh a bheadh an méid diúité is mó iníoctha, agus dá réir sin ní bheidh an earra san ionchurtha ach fén diúité sin amháin.

Na diúitéthe sa Dara Sceideal d'fhorchur.

5. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 3adh lá de Mheitheamh, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar aon earra ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, liost d'earraí go ndeintear ráta an diúité sin a luaidhtear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go mbeadh an earra is ionchurtha fén diúité sin sa liost san.

(3) I gcás ina ndeintear percentáiste do chur síos sa tríú colún no sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(4) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa chúigiú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear sa dara colún den Sceideal san ar earra ar bith, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar an earra san.

(5) I gcás ina bhféadfaí earra d'áireamh mar earra is ionchurtha fé dhá cheann no níos mó de sna diúitéthe forchuirtear leis an alt so tuigfear gan an earra san do bheith ionchurtha ach fén gceann san amháin de sna diúitéthe sin gur ina thaobh a bheadh an méid diúité is mó iníoctha, agus dá réir sin ní bheidh an earra san ionchurtha ach fén diúité sin amháin.

Diúité ar thorthaí.

6. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar an toradh amh go léir d'aon cheann de sna saghsanna uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus ar an toradh go léir d'aon cheann de sna saghsanna san uile agus fé seach ar n-a leasú in uisce gan siúicre no abhar milsithe eile ann, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh an tsaghais sin tortha sa dara colún den Sceideal san.

(2) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar an laoidhean no an sugh go léir, ar n-a fháil no ar n-a ullamhú i bpáirt no go hiomlán as toradh de shaghas ar bith (ach tagairtí d'am na hiomportála d'fhágaint ar lár) a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir pingne an púnt.

(3) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc go cuibhe ar earra ar bith agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar aistarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san, no ar aon earraí go dtaisbeánfar ina dtaobh gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna no do chur i mbannastóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(4) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearra ar bith is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

(5) Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í, no

(b) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus ná raibh sí, le linn na hiomportála san, ionchurtha fé aon diúité custum, no

(c) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi ar í d'iomportáil amhlaidh agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil amhlaidh no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(6) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(7) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúité ar íle throm híodrocarbóin mhinearáil.

7. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 23 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ar íle gheal híodrocarbóin mhinearáil déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an íle throm híodrocarbóin mhinearáil go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so, ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí íle throm híodrocarbóin mhinearáil, mar a mínítear san san alt so, do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Má bhíonn aon íle throm híodrocarbóin mhinearáil ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí, déanta no ullamhuithe, a hiom portálfar agus más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim gur meascáin no cumaisc d'íleacha troma híodrocarbóin minearáil is mó atá sna hearraí sin no go bhfuilid oiriúnach chun iad d'úsáid no go bhfuiltear ar aigne iad d'úsáid in ionad íle truime híodrocarbóin minearáil no chun aon íle den tsórt san do bhaint asta ar ball, ní bheidh feidhm ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an íle throm híodrocarbóin mhinearáil a bheidh sna hearraí sin, agus éileofar diúité ar na hearraí sin do réir an Customs Tariff Act, 1876.

(4) Má bhíonn aon íle throm híodrocarbóin mhinearáil ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí, déanta no ullamhuithe, a hiomportálfar agus más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nách meascáin ná cumaisc d'íleacha troma híodrocarbóin minearáil is mó atá sna hearraí sin agus ná fuilid oiriúnach chun iad d'úsáid ná ná fuiltear ar aigne iad d'úsáid in ionad íle truime híodrocarbóin minearáil no chun na híle sin do bhaint amach ar ball, ní bheidh feidhm ag an Customs Tariff Act, 1876, ná ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an íle throm híodrocarbóin mhinearáil a bheidh sna hearraí sin.

(5) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc go cuibhe ar earra ar bith agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar aistarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san, no ar aon earraí go dtaisbeánfar in a dtaobh gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna no do chur i mbannastóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(6) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “íle throm híodrocarbóin mhinearáil” íle híodrocarbóin mhinearáil de shainmheáchaint nách lugha ná .835 agus nách mó ná .950 agus ná fuil a bladhm-phuínte, mar a cinntear é leis an ngléas Pensky-Martens, níos ísle ná 285° Fahrenheit, ná níos aoirde ná 410° Fahrenheit, agus ná fuil a righneacht, mar a cinntear í le Viscomhéadar Redwood Uimh. 1 ag 70° Fahrenheit, níos lugha ná 100 secund ná níos mó ná 1,000 secund, agus atá daithte go saordha no, maran daithte go saordha dhi, atá (ar n-a tástáil i nDathmhéadar Lovibond) ar dath chó héadtrom leis an teaglaim, no níos éadtruime ná an teaglaim, de Shleamhnáin Lovibond 5.6 dearg agus 35.5 buidhe.

Diúité ar pháipéirí nuachta laethúla.

8. —(1) Déanfar diúité custum do réir dhá chúigiú de phingin an chóip d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc (i dteanta aon diúité eile custum is inéilithe) ar na páipéirí nuachta laethúla uile a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 29adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an 29adh lá de Bhealtaine, 1933, agus ón lá san amach maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar an diúité sin d'éileamh ná do ghearradh ar chóipeanna de pháipéirí nuachta a hiomportálfar tríd an bpost 'na gceann is 'na gceann;

(b) má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon chóipeanna de pháipéar nuachta ar ar híocadh an diúité sin, ná dearnadh na cóipeanna san d'úsáid i Saorstát Éireann agus go ndearna a n-iomportálaí iad d'easportáil agus do chur thar n-ais chun lucht a bhfoillsithe agus go ndearna an foillsitheoir sin creidiúint do lomháil don iomportálaí sin alos na gcóipeanna san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an diúité sin do híocadh amhlaidh ar na cóipeanna san d'aisíoc, ach san fé réir na teorann gur do réir dhá chúigiú de phingin an chóip a bheidh an t-aisíoc san d'ainneoin an diúité sin do híocadh amhlaidh do bheith níos mó ná san, agus fós fé réir na teorann ná beidh an t-aisíoc diúité sin iníoctha ar líon is lugha ná triocha dosaen cóip (agus ní gá gur cóipeanna den pháipéar chéanna na den dáta chéanna iad) ar n-a gcur thar n-ais san am chéanna;

(c) pé uair agus an fhaid is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim nách mó ná míle cóip an meán líon a díoltar in aghaidh an lae i Saorstát Éireann d'aon pháipéar nuachta áirithe, ní déanfar an diúité sin d'éileamh ar aon chóipeanna den pháipéar nuachta san.

Diúité ar lasáin.

9. —In ionad an diúité chustum a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), agus an diúité chustum a forchuirtear leis an Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus a luaidhtear ag Uimhir Thagartha 4 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na lasáin go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar na lasáin adhmaid go léir; boscaí no gabhadáin eile—

£

S.

d.

Ná beidh níos mó ná 10 lasáin ionta.

An 1,000 gabhadán

...

...

...

...

6

8

Go mbeidh níos mó ná 10 lasáin ach ná beidh níos mó na 20 lasán ionta. An 1,000 gabhadán

13

4

Go mbeidh níos mó ná 20 lasán ach ná beidh níos mó ná 50 lasán ionta. An grósa (144)

gabhadán

...

...

...

...

...

4

9

Go mbeidh níos mó ná 50 lasán ach ná beidh níos mó ná 75 lasáin ionta. An grósa (144)

gabhadán

...

...

...

...

...

7

1

Ar gach 25 lasáin no cuid de 25 lasáin sa mbreis ar 75 lasáin. An grósa (144)

gabhadán

...

...

...

...

...

1

8

(b) ar na lasáin eile go léir; boscaí no gabhadáin eile—

Ná beidh níos mó ná 20 lasán ionta. An

1,000 gabhadán

...

...

...

...

1

6

8

Go mbeidh níos mó ná 20 lasán ach ná beidh níos mó ná 50 lasán ionta. An grósa (144)

gabhadán

...

...

...

...

...

9

6

Go mbeidh níos mó ná 50 lasán ach ná beidh níos mó ná 75 lasáin ionta. An grósa (144)

gabhadán

...

...

...

...

...

14

2

Ar gach 25 lasáin no cuid de 25 lasáin sa mbreis ar 75 lasáin. An grósa (114)

gabhadán

...

...

...

...

...

3

4

Diúité ar strailleáin.

10. —(1) Déanfar an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), mar atá san leasuithe leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na strailleáin uile agus ar na coda uile (seachas coda atá déanta ar fad de mhiotal) de strailleáin a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin, mar bhreis ar na hearraí ar a bhfuil an diúité sin inéilithe agus inghearrtha de bhuadh an ailt sin 8 mar atá san leasuithe amhlaidh.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , adubhradh, fé is dá ndeintí an abairt “scuaba, scuaba urláir, no strailleáin” do chur isteach ann in ionad na habairte “scuaba no scuaba urláir” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , adubhradh, fé is dá ndeintí an abairt “scuab, scuab urláir, no strailleán” do chur isteach ann in ionad na habairte “scuab no scuab urláir” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) (5) agus (6) d'alt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , adubhradh, maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt san ar an diúité sin d'éileamh ar earra cuirtear fé sin leis an alt so.

Na rátaí diúité ar bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta áirithe d'atharú.

11. —(1) Déanfar na diúitéthe custum a forchuirtear le halt 7 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar na hearraí seo leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin, do réir na rátaí fé seach a luaidhtear anso ina dhiaidh seo in ionad na rátaí luaidhtear san alt san 7, sé sin le rá:—

(a) ar gach earra de shaghas cótaí, filleoga, culaithirtí, no gúnaí bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a bheidh oiriúnach do mhná no do chailíní agus ar gach cuid de sna hearraí sin agus ar gach cabhair dóibh—do réir méide is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra;

(b) ar gach hata bog feilte bheidh oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí—do réir méide is có-ionann le triocha a seacht go leith per cent. de luach na hearra.

(2) Bainfidh alt 7 (ach amháin fo-alt (1) de) den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , mar atá san leasuithe le hAchtanna ina dhiaidh sin, leis an diúité forchuirtear leis an alt san ar san d'éileamh do réir rátaí socruítear leis an alt so fé mar a bhaineann an t-alt san leis an diúité sin ar san d'éileamh do réir rátaí socruítear leis an alt san 7.

Plátaí cadhnraidh do shaoradh o dhiúité.

12. —Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, ná an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar earraí is plátaí cadhnraidh dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

An diúité ar thomátaí d'atharú.

13. —Ní déanfar an diúité ar thomátaí forchuirtear leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus a luaidhtear ag Uimhir Thagartha 9 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ach amháin ar thomátaí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Mheitheamh, 1933, no aon 24adh lá de Mheitheamh feasta, no d'éis an dáta san, agus ar no roimh an 31adh lá de Dheireadh Fómhair díreach ina dhiaidh sin agus ní déanfar é d'éileamh ná do ghearradh ar thomátaí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tráth ar bith eile.

Buadhchomharthaí d'iomportáil saor o dhiúité.

14. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra indiúité a hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an Acht so do rith no a hiomportálfar dá éis sin, gur corn, cuach, sciath, no buadh-chomhartha eile den tsamhail sin an earra san do bhuaidh a hiomportálaí in iomaíocht, i gcomórtas, no i dtaisbeántas lasmuich de Shaorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a lomháil an buadh-chomhartha san d'iomportáil gan aon diúité custum do bheith íoctha uirthi no aisíoc do dhéanamh in aon diúité den tsórt san do híocadh ar an mbuadh-chomhartha san d'iomportáil.

Saoirse d'earraí ar n-a n-iomportáil fén Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 .

15. —I gcás earra is ionchurtha fé dhiúité custum a forchuirtear leis an Acht so no le hAcht ar n-a rith no ordú ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith d 'iomportáil isteach i Saorstát Éireann fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála fé alt 92 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 ( Uimh. 7 de 1933 ), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi no aisíoc do dhéanamh in aon diúité den tsórt san do híocadh ar an iomportáil sin.

Ais-tarrac ar thé chumasctha d'easportáil.

16. —(1) Pé uair a déanfar, ar aon té d'easportáil, a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gurb é atá sa té sin ná cumasc d'ullmhuigh an t-easportálaí as téanna 'na raibh diúité custum iníoctha, agus 'na ndearnadh diúité custum d'íoc go cuibhe, ina dtaobh ar iad d'iomportáil, déanfar, fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, ais-tarrac do lomháil is có-ionann le méid an diúité sin do híocadh amhlaidh.

(2) Ní déanfar aon ais-tarrac do lomháil ar aon té is té caithte do réir bhrí an Sale of Food and Drugs Act, 1875, ná ar aon té bheidh measctha tré thé chaithte den tsórt san no tré aon abhar no nithe seachas té.

(3) Má dheineann duine ar bith, d'fhonn aon ais-tarrac d'fháil go nea-chuibhe fén alt so, aon té ná lomháltar ais-tarrac ina thaobh fén alt so d'iontráil no do chur ar bord luinge no a chur fé ndeár é d'iontráil no é do chur ar bord luinge no an céanna do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint d'aon oifigeach custum agus máil chun é do chur ar bord luinge chun a easportála no aon earraí nách té d'iontráil, do chur ar bord luinge, no do thaisbeáint amhlaidh mar thé no a chur fé ndeár amhlaidh iad d'iontráil, do chur ar bord luinge, no do thaisbeáint mar thé, beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus raghaidh fé phionós de chéad púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar na hearraí gur ina dtaobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.

Diúité máil ar thobac dhúthchais.

17. —(1) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ach amháin le tobac go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é.

(2) Déanfar diúité máil do réir na rátaí luaidhtear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an tobac go léir—

(a) a fásfar i Saorstát Éireann, agus

(b) ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é, agus

(c) a déanfar a sheachadadh go cuibhe as stóras agus a chonsighniú chun déantóra cheadúnaithe tobac, agus a gheobhaidh déantóir ceadúnaithe tobac, ná cuireann fé dhéantóireacht ach tobac a fástar i Saorstát Éireann.

(3) Déanfar diúité máil do réir na rátaí luaidhtear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an tobac go léir a fásfar i Saorstát Éireann agus ná cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur roimh an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh amhlaidh é, agus nách ionchurtha fén diúité luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Na diúitéthe máil a forchuirtear leis an alt so is diúitéthe iad in ionad an diúité mháil is inéilithe fé alt 7 den Finance Act, 1918, mar atá san atharuithe le halt 9 den Finance Act, 1919.

(5) Má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc ar aon tobac do réir ráta luaidhtear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, an déantóir do fuair an tobac san ná fuair sé aon tobac do fásadh i Saorstát Éireann agus atá gan aon diúité do bheith íoctha air, déanfar, fé réir na bhforálacha bhaineann le hais-tarrac do lomháil agus atá sa Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1904, ais-tarrac do lomháil do réir na rátaí luaidhtear i gCuid III den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(6) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc ar aon tobac do réir ráta luaidhtear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, an déantóir do fuair an tobac san, go bhfuair sé freisin tobac do fásadh i Saorstát Éireann agus atá gan aon diúité do bheith íoctha air, no go ndearnadh an diúité sin d'íoc ar aon tobac do réir ráta luaidhtear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfar, fé réir na bhforálacha bhaineann le hais-tarrac do lomháil agus atá sa Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1904, ais-tarrac do lomháil do réir pé rátaí chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim.

(7) Más rud é—

(a) maidir le haon tobac nea-dhéanta fásfar i Saorstát Éireann agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é, go ndéanfar an tobac san d'easportáil, no

(b) maidir le haon tobac a fásfar i Saorstát Éireann agus a cuirfear i mbanna-stóras, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1934, do fásadh é agus go ndearnadh de sa stóras san cavendish no negrohead do bheadh, dá seachadtaí ón stóras san é, ionchurtha fén diúité luaidhtear san alt so do réir ráta luaidhtear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so,

déanfar, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, liúntas de dhá phingin d'íoc, alos gach púint den tobac san, le heasportálaí no le déantóir an tobac san (do réir mar bheidh).

(8) Ní bheidh aon liúntas iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) alos aon tobac ná beidh i riocht ionmhargaidh no leasuithe go hiomlán dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná

(b) ar shlí seachas de dhruim deimhniú ón oifigeach ceart custum agus máil, á rá gur heasportáladh an tobac no go ndearnadh tobac cavendish no negrohead de i mbanna-stóras, do thaisbeáint don oifigeach ag á mbeidh an liúntas san iníoctha, ná

(c) tar éis deireadh dhá bhlian o am an tobac san d'easportáil no o am an tobac san do chur i mbanna-stóras, do réir mar bheidh.

Diúité ar cheadúnaisí iasachtaithe airgid.

18. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtaí airgid san alt so), chun gníomhú agus chun gnótha do dhéanamh mar iasachtaí airgid, do bhéarfar amach fé Acht ar bith do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, diúité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar cheadúnas iasachtaí airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl, 1934—deich bpúint;

(b) ar cheadúnas iasachtaí airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl bliain ar bith seachas an bhliain 1934 agus a tógfar amach laistigh de shé mhí roimh dhul in éag do amhlaidh—deich bpúint;

(c) ar aon cheadúnas eile iasachtaí airgid—cúig púint déag.

(2) Má bhíonn beirt daoine no níos mó ag déanamh gnótha mar iasachtaithe airgid i bpáirtnéireacht agus má dheineann na daoine sin ceadúnaisí iasachtaí airgid do thógaint amach alos an áitreibh no na n-áitreabh uile ina mbeid ag déanamh gnótha amhlaidh i bpáirtnéireacht, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim maitheamh no, má bhíonn an diúité íoctha, aisíoc do thabhairt don pháirtnéireacht san—

(a) i gcás gan an gnó san do bheith á dhéanamh amhlaidh ach in aon áitreabh amháin, i suim is có-ionann leis an diúité iomlán ar gach ceann ach aon cheann amháin de sna ceadúnaisí iasachtaí airgid a thógfaidh na daoine sin amach amhlaidh alos an áitreibh sin, no

(b) i gcás an ghnótha san do bheith á dhéanamh amhlaidh i dhá n-áitreabh no níos mó, i suim is có-ionann leis an diúité iomlán ar gach ceadúnas iasachtaí airgid a thógfaidh na daoine sin amach amhlaidh alos aon áitreibh acu san de bhreis ar aon cheadúnas amháin den tsórt san in aghaidh gach áitreibh fé leith acu san.

(3) Má cruthuítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ceadúnas máil do bheith i bhfeidhm chun gnótha geall-bhrócaera do dhéanamh in aon áitreabh go ndéanfaidh an duine no na daoine dheincann an gnó san ceadúnas no ceadúnaisí iasachtaí airgid do thógaint amach ina thaobh, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) i gcás ná tógfar amach amhlaidh ach aon cheadúnas amháin iasachtaí airgid den tsórt san, maitheamh no, má bhíonn an diúité íoctha, aisíoc do thabhairt i leath an diúité ar an gceadúnas san, agus

(b) i gcás ina dtógfar amach amhlaidh dhá cheadúnas iasachtaí airgid den tsórt san no níos mó, maitheamh no, má bhíonn an diúité íoctha, aisíoc do thabhairt i leath an diúité ar an gceadúnas acu san is túisce tógfar amach.

Saoirse o dhiúité shiamsa.

19. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “diúité siamsa” an diúité máil ar a dtugtar “entertainments duty” in alt 1, agus is inéilithe fén alt san, den Finance (New Duties) Act, 1916, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Ní déanfar diúité siamsa d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsiamsa 'na gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina thaobh—

(a) gurb iad atá ag cur an tsiamsa ar siúl ná an Irish Amateur Boxing Association no club atá có-cheangailte leis an gcomhlachas san no atá fé stiúradh dhíreach an chomhlachais sin agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas de spórt na dornála, taisbeántas ná deintear ann ná mar gheall air aon airgead do mholadh ná d'íoc, pe'ca mar dhuais, mar luach saothair, no ar shlí eile é, le héinne bhíonn páirteach no ag iomaidh ann; no

(b) gurb iad atá ag cur an tsiamsa ar siúl ná an Badminton Union of Ireland no club atá có-cheangailte leis an aondacht san no atá fé stiúradh dhíreach na haondachta san agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas den chluiche sin badminton; no

(c) gurb iad atá ag cur an tsiamsa ar siúl ná an Irish Lawn Tennis Association no club atá có-cheangailte go cuibhe leis an gcomhlachas san no atá fé stiúradh dhíreach an chomhlachais sin agus ná fuil ar fad no nách mór ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas den chluiche leadóg is comórtas eadarnáisiúnta leadóige; no

(d) gurb iad atá ag cur an tsiamsa ar siúl ná an Irish Amateur Swimming Association no club atá cócheangailte go cuibhe leis an gcomhlachas san no atá fé stiúradh dhíreach an chomhlachais sin agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas snáimh; no

(e) gurb iad atá ag cur an tsiamsa ar siúl ná an Irish Amateur Rowing Union no club atá có-cheangailte go cuibhe leis an aondacht san no atá fé stiúradh dhíreach na haondachta san agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas rámhaíochta.

(3) I gcás duine, d'íoc diúité siamsa alos siamsa no siamsaí bhí ar siúl aige tar éis an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1933, do thaisbeáint chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim—

(a) ná raibh ar fad i ngach siamsa fé leith acu san ach rás no rásanna idir coin ar n-a scaoileadh amach as boscaghaiste i ndiaidh girrfhéidh mheicniúla, agus

(b) gur san áit cheanainn chéanna do bhí gach siamsa acu san ar siúl, agus

(c) nách in aon chathair no baile mór, ná laistigh d'fhiche míle o aon chathair no baile mór, gur mó ná fiche míle a líon daoine a bhí an áit sin, agus

(d) go raibh siamsaí den tsórt chéanna ar siúl san áit sin ag an duine sin roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1933,

déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aisíoc leis an duine sin sa diúité siamsa d'íoc sé amhlaidh, ach san fé réir na teorann ná déanfar níos mó ná céad púnt d'aisíoc amhlaidh le haon duine áirithe in aon bhliain áirithe dar tosach an 1adh lá de Mhí na Samhna.

An diúité ar cheadúnaisí ceartuitheoirí agus cumascóirí biotáille do laigheadú.

20. —Déanfar, an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933, agus ón lá san amach, an diúité máil is inéilithe fén Finance (1909-10) Act, 1910, ar cheadúnaisí chun gníomhú mar cheartuitheoir no cumascóir biotáille, d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta chúig púint agus cúig scillinge ar gach ceadúnas den tsórt san in ionad an ráta luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Comhacht chun diúité d'aisíoc i gcásanna áirithe.

21. —(1) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le gluaisteán ar bith—

(a) go ndearna trádálaí i ngluaisteáin an gluaisteán san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, agus

(b) gur roimh an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, do hiomportáladh an gluaisteán san amhlaidh, agus

(c) gur híocadh go cuibhe an diúité custum dob inéilithe ar an ngluaisteán san le linn na hiomportála san, agus

(d) gur híocadh an diúité sin amhlaidh do réir ráta dob aoirde ná an ráta gur dá réir do bheadh diúité custum inéilithe ar an ngluaisteán san ar é d'iomportáil dá mba ar an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin, a hiomportálfaí an gluaisteán san, agus

(e) ná dearnadh an gluaisteán san d'easportáil amach as Saorstát Éireann tar éis é d'iomportáil amhlaidh,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadú an Aire Airgid agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, íocaíocht i bhfuirm aisíoca leathrannaigh dhiúité do dhéanamh, leis an trádálaí sin d'iomportáil an gluaisteán san amhlaidh, i suim is có-ionann leis an deifríocht a bheadh idir an dá mhéid seo leanas, sé sin le rá:—

(i) an méid ais-tarraic do bheadh iníoctha ar an ngluaisteán san d'easportáil amach as Saorstát Éireann dá ndeineadh an trádálaí sin é d'easportáil amhlaidh roimh an Acht so do rith, agus

(ii) an méid diúité chustum do bheadh inéilithe ar an ngluaisteán san ar é d'iomportáil dá mba ar an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin, agus roimh an Acht so do rith, d'iomportálfadh an trádálaí sin an gluaisteán san.

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le gluaisteán ar bith—

(a) go ndearna trádálaí i ngluaisteáin an gluaisteán san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, agus

(b) gur roimh an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, do hiomportáladh an gluaisteán san amhlaidh, agus

(c) gur híocadh go cuibhe ar an ngluaisteán san le linn na hiomportála san an diúité custum a forchuirtear le mír 6 den Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 1), 1932, agus

(d) ná dearna an trádálaí sin an gluaisteán san do dhíol ná do chur de láimh ar shlí eile i Saorstát Éireann roimh an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadú an Aire Airgid agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, íocaíocht i bhfuirm aisíoca dhiúité do dhéanamh, leis an trádálaí sin, i méid an diúité sin do híocadh amhlaidh ar an iomportáil sin.

(3) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra indiúité a hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an Acht so do rith—

(a) gur híocadh go cuibhe an diúité custum do bhí inéilithe ar an earra san le linn í d'iomportáil, agus

(b) go bhféadfaí do réir dlí ceadúnas chun na hearra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi do dheonadh d'iomportálaí na hearra san roimh í d'iomportáil, ach nár deonadh é amhlaidh, agus

(c) gur íoc an t-iomportálaí sin an diúité sin agus é á chreidiúint bona fide go bhféadfaí agus go ndéanfaí, tar éis na hearra san d'iomportáil, an ceadúnas san roimhráite do dheonadh mar cheadúnas iar-ré,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadú an Aire Airgid agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aisíoc do dhéanamh leis an iomportálaí sin sa diúité do híocadh amhlaidh d'ainneoin nár deonadh aon cheadúnas amhlaidh mar cheadúnas iar-ré agus dá ndeontaí an ceadúnas san amhlaidh ná beadh éifeacht ar bith aige.

(4) San alt so tá leis an bhfocal “gluaisteán” an bhrí chéanna atá leis i gCuid II den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) .

Comhacht chun diúité ar chodanna áirithe de ghluaisteáin d'aisíoc.

22. —(1) Pé uair a bhéarfaidh trádálaí i ngluaisteáin cuntas stuic do sna Coimisinéirí Ioncuim ina mbeidh liosta mion-chruinn de chodanna de ghluaisteáin le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí ina áitreabh gan díol an 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus á thaisbeáint i dtaobh gach coda fé leith de ghluaisteán acu san luach na coda san agus cia'ca do réir an lán-ráta no do réir ráta tosaíochta do híocadh an diúité sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadú an Aire Airgid agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, iocaíocht i bhfuirm aisíoca leathrannaigh dhiúité do dhéanamh, leis an trádálaí sin, i suim, ar n-a háireamh do réir an ailt seo, alos gach coda de ghluaisteán le n-a mbaineann an t-alt so agus a bheidh sa liost san agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh—

(a) gur cuid de ghluaisteán le n-a mbaineann an t-alt so an chuid sin de ghluaisteán, agus

(b) go ndearnadh an chuid sin de ghluaisteán d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1923, agus roimh an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus

(c) gur híocadh go cuibhe an diúité custum dob inéilithe ar an gcuid sin de ghluaisteán le linn na hiomportála san, agus

(d) nár húsáideadh an chuid sin de ghluaisteán i Saorstát Éireann roimh an 24adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus

(e) ná dearnadh an chuid sin de ghluaisteán d'easportáil amach as Saorstát Éireann tar éis an 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus

(f) ná háirmhítear i luach na coda san de ghluaisteán, mar atá san curtha síos sa chuntas stuic sin, aon tsuim alos sochair, coimisiúin, no luach saothair eile an trádálaí sin.

(2) Baineann an t-alt so le gach cuid de ghluaisteán gurb é atá ann, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná—

(a) inneall ar n-a chur le chéile, gléas tiomarnaíochta ar n-a chur le chéile, no gléas tiomána ar n-a chur le chéile, no

(b) gléas fuartha, lampa, no mótar tosnuithe do hiomportáladh ar leithligh, no

(c) cuid de chassis ghluaisteáin no cabhair do chassis ghluaisteáin (seachas bloc innill, fearsaid chrangaide, leath-acastóir cúil, no slat cheangail loinithe, agus seachas obair theilgin, stampála, thuinsimh no ghaibhneachta nár cuireadh, roimh í d'iomportáil, fé aon oibriú meaisíneachta) ná raibh, le linn í d'iomportáil, curtha le chéile ar shlí seachas tré tháthú, tré lionntáthú, no tré oibriú eile dá samhail sin.

(3) Is mar seo leanas a háirmheofar an tsuim a bheidh le n'íoc fén alt so i bhfuirm aisíoca leathrannaigh dhiúité alos aon choda de ghluaisteán, sé sin le rá:—

(a) i gcás an diúité chustum dob inéilithe ar an gcuid sin de ghluaisteán le linn na hiomportála d'íoc do réir an lánráta, isé bheidh sa tsuim sin ná fiche a dó go leith per cent. de thrí cheathrúna (no de pé codán is lugha ná san a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncuim) de luach na coda san de ghluaisteán mar a bheidh an luach san curtha síos sa chuntas stuic sin do bhéarfar amhlaidh mar adubhradh do sna Coimisinéirí Ioncuim, agus

(b) i gcás an diúité chustum dob inéilithe ar an gcuid sin de ghluaisteán le linn na hiomportála d'íoc do réir ráta tosaíochta, isé bheidh sa tsuim sin ná cúig déag per cent. de naoi n-aonú cuid déag (no de pé codán is lugha ná san a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncuim) de luach na coda san de ghluaisteán mar a bheidh an luach san curtha síos sa chuntas stuic sin do bhéarfar amhlaidh mar adubhradh do sna Coimisinéirí Ioncuim.

(4) San alt so tá leis an bhfocal “gluaisteán” an bhrí chéanna atá leis i gCuid II den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) .

Fuascailt o choinníollacha ar dhiúité d'íoc.

23. —I gcás earra is ionchurtha fé dhiúité custum (pé am agus slí inar forchuireadh é) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi de bhuadh ceadúnais ag údarú na hiomportála san, agus gur mian le hiomportálaí na hearra san fuascailt d'fháil o sna coinníollacha (pe'ca sa cheadúnas san dóibh no nách eadh) d'fhorchuir na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh na hiomportála san, féadfaidh an t-iomportálaí sin an diúité d'íoc, agus féadfaidh na Coimisinéirí an diúité do ghlacadh, do bheadh iníoctha ar an earra san le linn na hiomportála dá mba ar shlí seachas fén gceadúnas san do hiomportálfaí í, agus leis sin déanfar an t-iomportálaí sin d'fhuascailt o chólíonadh na gcoinníoll san.

Foráil ghenerálta maidir le hais-tarrac.

24. —Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, alos earra ar bith ar na hiomportáil isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), go ndearnadh diúité custum, ar n-a fhorchur leis an Acht so no le hAcht a rithfear no le hordú déanfar tar éis an Achta so do rith, d'íoc go cuibhe ar an earra san le linn í d'iomportáil amhlaidh agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité sin do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san no ar aon earraí go dtaisbeánfar ina dtaobh gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta, no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna, no do chur i mbanna-stóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

Foráil ghenerálta maidir le hath-iomportáil.

25. —(1) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearra ar bith is ionchurtha fé dhiúité custum ar n-a fhorchur leis an Acht so no le haon Acht a rithfear no le haon ordú déanfar tar éis an Achta so do rith, mara n-abartar a mhalairt go soiléir san Acht no san ordú le n-a bhforchuirtear an diúité sin.

(2) Pé uair a déanfar earra is ionchurtha fé dhiúité custum ar n-a fhorchur leis an Acht so no le haon Acht a rithfear no le haon ordú déanfar tar éis an Achta so do rith d'ath-iomportáil isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as, beidh an earra san (mara n-abartar a mhalairt go soiléir san Acht no san ordú le n-a bhforchuirtear an diúité sin) saor ón diúité sin le linn na hath-iomportála san má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í, no

(b) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus ná raibh sí, le linn na hiomportála san, ionchurtha fé aon diúité custum, no

(c) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi ar í d'iomportáil amhlaidh agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil amhlaidh no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(3) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Ais-tarrac alos diúitéthe áirithe.

26. —(1) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh diúité le n-a mbaineann an t-alt so d'íoc go cuibhe alos earra ar bith agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san no ar aon earraí go dtaisbeánfar ina dtaobh gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta, no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna, no do chur i mbannastóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(2) Baineann an t-alt so leis na diúitéthe custum so leanas, sé sin le rá:—

(a) an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), agus

(b) an diúité forchuirtear le halt 7 den Acht san, agus

(c) an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht san.

Forálacha um ath-iomportáil alos diúitéthe áirithe.

27. —(1) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearra ar bith is ionchurtha fé dhiúité le n-a mbaineann an t-alt so.

(2) Aon earra is ionchurtha fé dhiúité le n-a mbaineann an t-alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í, no

(b) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus ná raibh sí, le linn na hiomportála san, ionchurtha fé aon diúité custum, no

(c) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi ar í d'iomportáil amhlaidh agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil amhlaidh no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(3) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Baineann an t-alt so leis an diúité custum a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ).

Diúité d'aisíoc ar earraí do chur thar n-ais no do dhíthiú.

28. —Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) go ndearna iomportálaí earraí do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann, go ndearna seisean, le toiliú an díoltóra o n-ar cheannaigh sé na hearraí sin, na hearraí sin d'easportáil agus do chur thar n-ais, gan iad d'úsáid, chun an díoltóra san toisc gan na hearraí sin do bheith do réir orduithe an iomportálaí sin no toisc gan iad do bheith do réir ráiteas an díoltóra san no toisc iad do dhamáistiú le linn a dturuis, agus go ndearna an t-iomportálaí sin, roimh na hearraí sin do chur ar bord luinge, iad d'iontráil chun aisíoca diúité d'fháil fén alt so, no

(b) go ndearnadh earraí do hiomportáladh go cuibhe isteach i Saorstát Éireann do dhíthiú i Saorstát Éireann, le cead na gCoimisinéirí Ioncuim agus fé choinníollacha ar n-a bhforchur ag na Coimisinéirí Ioncuim, gan iad d'úsáid i Saorstát Éireann,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon diúité custum do híocadh ar na hearraí sin d'iomportáil d'aisíoc le hiomportálaí na n-earraí sin.

Leasuithe ar an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 .

29. —Déanfar na forálacha uile agus fé seach den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) , a luaidhtear sa dara colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú sa tslí adeirtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte deintear ar gach foráil fé leith acu san sa dara colún san, agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Leasuithe ar an Acht Airgid, 1932 .

30. —Déanfar na forálacha uile agus fé seach den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , a luaidhtear sa dara colún den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú sa tslí adeirtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte deintear ar gach foráil fé leith acu san sa dara colún san, agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Leasuithe ar an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 .

31. —Déanfar na forálacha uile agus fé seach den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , a luaidhtear sa dara colún den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú sa tslí adeirtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte deintear ar gach foráil fé leith acu san sa dara colún san, agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Deireadh do chur le diúitéthe áirithe d'éileamh.

32. —Ní déanfar diúité custum ar bith díobh san a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh ná do ghearradh ar earraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Bhealtaine, 1933, no dá éis sin.

An cineál no an aicme le n-a mbaineann earra do chinneadh.

33. —Má eiríonn aon amhras, ceist, no aighneas i dtaobh an chineáil no na gcineál no i dtaobh na haicme no na n-aicmí d'earraí indiúité le n-a mbaineann aon earra áirithe indiúité, no i dtaobh carra áirithe do bhaint le cineál no le haicme d'earraí indiúité no le cineál no le haicme d'earraí neamh-indiúité, no i dtaobh earra áirithe is indiúité prima facie do bhaint no do bheith gan bhaint le cineál no le haicme d'earraí eiscithe, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim an earra san do bhaint leis an gcineál no leis na cineálacha no leis an aicme no leis na haicmí d'earraí indiúité no leis an gcineál no leis an aicme d'earraí neamh-indiúité no d'earraí eiscithe (do réir mar bheidh) gur leis a bhaineann an earra san le ceart dar leo agus déanfar no ní déanfar (do réir mar is gá sa chás) diúité d'éileamh ar an earra san dá réir sin.

Luach earraí indiúité d'fháil amach.

34. —Pé uair a déanfar diúité custum d'fhorchur (pe'ca leis an Acht so é no le hAcht ar n-a rith tar éis an Achta so do rith no le hordú ar n-a dhéanamh ina dhiaidh seo fé Acht ar n-a rith roimh an Acht so no d'éis an Achta so do rith) do réir ráta ar n-a áireamh ar luach na hearra no na n-earraí is ionchurtha fén diúité sin, tuigfear gurb é is luach don earra no do sna hearraí sin, chun méide an diúité sin is iníoctha ar an gcéanna d'áireamh, ná an praghas do bhéarfadh iomportálaí ar an earra no ar na hearraí sin, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, dá ndeintí an earra no na hearraí sin do sheachadadh fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha ar an gcéanna.

Pionós mar gheall ar choinníoll do shárú.

35. —Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll ar n-a fhorchur ag na Coimisinéirí Ioncuim fén gCuid seo den Acht so, no fén gCéad Sceideal no fén Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus raghaidh fé phionós caogad púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar aon earra is ionchurtha fé dhiúité agus gur ina taobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.