24 1933


Uimhir 24 de 1933.


ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE (LEASÚ), 1933.


ACHT CHUN ALT 4 AGUS 5 D'ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925 , DO LEASÚ. [29adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) .

Ailt 4 agus 5 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Deintear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach i ndeireadh fo-ailt (1) den alt san, sé sin le rá:—

“ (e) cur isteach do dhéanamh go héigeanta ar aon tailte no áitreabh,”

agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Deintear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no mar gheall ar chur isteach do dhéanamh go héigeanta fén Acht so ar aon tailte no áitreabh” do chur isteach i ndeireadh fo-ailt (2) den alt san; agus

(b) tré sna focail “le haon talamh, áitreabh, ceart” do chur isteach i bhfo-alt (4) den alt san in ionad na bhfocal “le haon cheart.”

(3) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear éifeacht do bheith aige o am an Phríomh-Achta do rith.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —Féadfar Acht Leictreachais na Sionainne (Leasú), 1933 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna Leictreachais na Sionainne, 1925 agus 1933, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.