An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Riaraiste agus Athscrudu Blianachtai Ceannaigh, Ciosanna, agus Iocaiochtai Bliantula eile.)

38 1933

ACHT TALMHAN, 1933

CUID II.

An tAire agus an Binse Athchomhairc.

Tosach feidhme na Coda so den Acht so.

5. —(1) Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá cheapfaidh an tAire, le hordú, chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Comhachta an Aire maidir le Coimisiún na Talmhan agus leis na Coimisinéirí Tuaithe.

6. —(1) Beidh na nithe seo leanas ina nithe eiscithe chun crícheanna an ailt seo agus déanfar san alt so an abairt “nithe eiscithe” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) a chinneadh cé hiad na daoine o n-a dtógfar no o n-a n-ath-thógfar talamh;

(b) a chinneadh cad iad na tailte áirithe tógfar no a háth-thógfar;

(c) a chinneadh cadé an praghas a híocfar ar thalamh a tógfar no a háth-thógfar amhlaidh;

(d) a chinneadh cé hiad na daoine toghfar chun tailimh neathionóntuithe thabhairt dóibh;

(e) a chinneadh cadé an praghas ar a ndíolfar talamh le haon duine den tsórt san;

(f) a chinneadh cadé an gabháltas nua cuirfear ar fáil do thionónta no do dhílseánach go mbeidh a ghabháltas tógtha ag Coimisiún na Talmhan;

(g) a chinneadh ce'ca bhí gabháltas á úsáid ag á thionónta mar ghnáth-fheirm do réir slite cearta feirmeoireachta no ná raibh.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin is fé orduithe agus do réir ordú, generálta no sonnrách, an Aire a ghníomhóidh Coimisiún na Talmhan, i bhfeidhmiú agus i gcólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas a bheidh de thurus na huaire dílsithe ionta do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so), agus a ghníomhóidh na Coimisinéirí Tuaithe, i bhfeidhmiú agus i gcólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas a bheidh de thurus na huaire dílsithe ionta go sainiúil do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so), maidir le gach ní nách ní eiscithe, agus beidh ag an Aire lán-chomhacht gan srian chun rialáil agus stiúradh do dhéanamh ar gach feidhmiú no cólíonadh agus ar aon fheidhmiú no cólíonadh dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí Tuaithe (pe'ca aca é) ar aon chomhacht no dualgas den tsórt san ná baineann le ní eiscithe agus beidh aige fós comhacht chun cearta do choimeád aige féin maidir le ceadú agus nea-cheadú no le hathbhreithniú, athscrúdú, agus daingniú do dhéanamh ar gach gníomh no ar aon ghníomh a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí Tuaithe agus ná baineann le ní eiscithe, agus féadfaidh, más dóich leis agus sa mhéid gur dóich leis san do bheith ceart, an dá chomhacht san d'fheidhmiú.

(3) Gach comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire dílsithe do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so) i gCoimisiún na Talmhan no sna Coimisinéirí Tuaithe maidir le ní eiscithe, déanfar, an lá ceaptha agus dá éis sin, iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh ar gach slí fé is dá mba ná hachtófaí an t-alt so, ach—

(a) aon athchomharc a luighfidh do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so) i gcoinnibh breithe ar ní eiscithe is chun an Bhínse Athchomhaire a luighfidh, agus

(b) féadfaidh an tAire, más dóich leis agus sa mhéid gur dóich leis san do bheith ceart, a shocrú, do réir cinéil no cinéal na gcás no do réir na contae no na gcontae ina mbeidh an talamh a bheidh i gceist, cadé an tslí ina ndéanfar roinnt idir na Coimisinéirí Tuaithe ar a gcuid oibre maidir leis na nithe eiscithe, ach ní har chuma d'fhágfadh aon chás no talamh áirithe fé aon Choimisinéir Tuaithe áirithe.

(4) Ní bhainfidh éinní atá san alt so leis an gCoimisinéir Breithiúntais ná leis an mBínse Athchomhairc ná ní oibreoidh chun aon chomhachta ná smachta de shaghas ar bith do thabhairt don Aire ar fheidhmiú ná maidir le feidhmiú a fheidhmeanna ag an gCoimisinéir Breithiúntais ná ar fheidhmiú ná maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna ag an mBínse Athchomhairc.

An Bínse Athchomhairc.

7. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin beidh an Coimisinéir Breithiúntais, agus beirt Choimisinéirí Tuaithe bheidh ainmnithe chuige sin ag an Ard-Chomhairle, ina mbínse, ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmtear san Acht so an Bínse Athchomhairc, chun éisteacht do dhéanamh agus chun breith do thabhairt ar gach iarratas, ní agus rud a húdaruítear leis an Acht so no a húdarófar ina dhiaidh seo do thabhairt fé n-a mbráid.

(2) Beidh gach Coimisinéir Tuaithe ceapfar chun bheith ina bhall den Bhínse Athchomhairc i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san do réir na sealbhaíochta céanna gur dá réir a bhíonn Breitheamh den Chúirt Chuarda i seilbh a oifige mar Bhreitheamh den tsórt san.

(3) Pé uair is deimhin leis an Ard-Chomhairle ná fuil ar chumas bhaill den Bhínse Athchomhairc seachas an Coimisinéir Breithiúntais a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh go ceann tamaill toisc é bheith breoite no é bheith as láthair ar laetheanta saoire no toisc leor-chúise eile, féadfaidh an Ard-Chomhairle Coimisinéir Tuaithe eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhínse Athchomhairc le linn an mhí-chumais shealadaigh sin, agus gach Coimisinéir Tuaithe ceapfar amhlaidh beidh sé, faid a mhairfidh an ceapachán san a bheidh aige, i seilbh oifige mar bhall den tsórt san do réir na sealbhaíochta céanna gur dá réir a bhíonn Breitheamh den Chúirt Chuarda i seilbh a oifige mar Bhreitheamh den tsórt san.

(4) Isé an Coimisinéir Breithiúntais a bheidh i gceannas ag gach suidhe den Bhínse Athchomhairc.

(5) Gach ceist a bheidh os cóir an Bhínse Athchomhairc is do réir barúla móráirimh de bhaill an bhínse do bhéarfar breith uirthi, ach i gcás aon cheiste is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais, le có-aontú baill eile no an dá bhall eile den Bhínse, is ceist dlí is le barúil an Choimisinéara Bhreithiúntais uirthi a glacfar.

(6) Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh gach breithe do bhéarfaidh an Bínse Athchomhairc á chinneadh ceist a bheidh fé n-a mbráid do bheith ina ceist dlí no gan a bheith, agus chuige sin, pé uair do bhéarfaidh an Bínse Athchomhairc breith á chinneadh ceist a bheidh fé n-a mbráid do bheith ina ceist dlí no gan a bheith, déarfar san ordú dhéanfaidh an Bínse Athchomhairc i dtaobh na ceiste sin a bheidh fé n-a mbráid amhlaidh gur tugadh an bhreith sin agus ce'ca cinneadh an cheist do bhí fé n-a mbráid amhlaidh do bheith ina ceist dlí no cinneadh gan í bheith ina ceist dlí.

(7) Féadfaidh an tAire, le có-aontú móráirimh de choiste ar a mbeidh an Coimisinéir Breithiúntais, Rúnaí Choimisiúin na Talmhan, Coimisinéir Tuaithe bheidh ceaptha chuige sin ag an Aire, abhcóide ag cleachtadh a ghairme agus a bheidh ainmnithe ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann, agus Uachtarán an Dlí-Chumainn Ionchorpruithe, rialacha do dhéanamh ag rialáil agus ag ordú cleachta agus nós-imeachta an Bhínse Athchomhairc.

Iarrataisí chun an Bhínse Athchomhairc i bhfuirm athchomharc fén Acht so no fé aon Acht ina dhiaidh seo.

8. —(1) Pé uair, an lá ceaptha no dá éis sin, a déanfar ordú no ní i bhfeidhmiú comhachta bronntar leis an Acht so (seachas an Chuid seo dhe) no le haon Acht ar n-a rith tar éis an Achta so agus a tugtar, leis an Acht so (seachas an Chuid seo dhe) no le haon Acht ar n-a rith tar éis an Achta so, ceart nea-theoranta chun athchomhairc do dhéanamh no ceart teoranta chun athchomhairc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhairc i gcoinnibh na comhachta san d'fheidhmiú i gcás áirithe féadfaidh éinne ar a ngoillfidh déanamh an orduithe no an ní sin faoiseamh d'iarraidh ar an mBínse Athchomhairc ón bhfeidhmiú san ar an gcomhacht san ach, i gcás cirt teoranta chun athchomhairc do dhéanamh, ní hiarrfar ach pé faoiseamh atá laistigh den cheart teoranta san.

(2) Déanfaidh an Bínse Athchomhairc gach iarratas a déanfar chúcha fén alt so d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus féadfaid pé faoiseamh do thabhairt dá dhruim no pé ordú eile do dhéanamh ina thaobh is dóich leis an mBínse Athchomhairc do bheith cóir agus cothrom.

Athchomhairc d'aistriú ón gCoimisinéir Breithiúntais go dtí an Bínse Athchomhairc.

9. —(1) Ní luighfidh aon athchomharc chun an Choimisinéara Bhreithiúntais, an lá ceaptha agus dá éis sin, i gcoinnibh orduithe ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan no ag na Coimisinéirí Talmhan seachas an Coimisinéir Breithiúntais ach, ina ionad san, pé uair a luighfeadh aon athchomharc den tsórt san an lá ceaptha no dá éis sin dá mba ná hachtófaí an t-alt so, luighfidh athchomharc den tsórt chéanna chun an Bhínse Athchomhairc i gcásanna ná deineann an Chuid seo den Acht so aon tsocrú eile ina gcóir.

(2) Gach athchomharc chun an Choimisinéara Bhreithiúntais a déanfar roimh an lá ceaptha ach ná beidh tosnuithe ar é d'éisteacht roimh an lá ceaptha tuigfear gur athchomharc chun an Bhínse Athchomhairc é agus déanfar é d'éisteacht agus breith do thabhairt air dá réir sin.

(3) San alt so foluíonn an abairt “ordú ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan” ordú ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fé alt 3 den Acht Foraoiseachta, 1928 ( Uimh. 34 de 1928 ), agus breith ar n-a tabhairt ag Coimisiún na Talmhan fé alt 4 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 ( Uimh. 54 de 1931 ).

Athchomhairc i gcoinnibh orduithe an Bhínse Athchomhairc.

10. —Pé uair a dhéanfaidh an Bínse Athchomhairc ordú go luighfeadh athchomharc ina choinnibh dá mba ná hachtófaí an Chuid seo den Acht so agus gurbh é an Coimisinéir Breithiúntais do dhéanfadh an t-ordú san, luighfidh (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) athchomharc den tsórt chéanna i gcoinnibh an orduithe sin an Bhínse Athchomhairc do luighfeadh mar adubhradh.

Comhachta áirithe d'aistriú chun an Bhínse Athchomhairc.

11. —Ar aon iarratas o Choimisiún na Talmhan chun no i dtaobh gabháltais d'ath-thógaint, isé an Bínse Athchomhairc fheidhmeoidh comhachta na Cúirte fé alt 5 den Land Law (Ireland) Act, 1881, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so) agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar an iarratas san