An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Deimhnithe Cailiochta.) Ar Aghaidh (CUID IV. Foralacha Airgeadais.)

46 1933

ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933

CUID III.

Congnamh Diomhaointis.

Ceart chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil.

14. —(1) Duine ar bith is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta feadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, congnamh díomhaointis d'iarraidh sa tslí orduithe.

(2) Má dheineann duine congnamh díomhaointis d'iarraidh go cuibhe agus an duine sin i dteideal de thurus na huaire, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, san d'iarraidh, agus má dheineann an duine sin a dheimhniú cáilíochta do sheachadadh d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis agus a chur ina luighe ar an oifigeach san sa tslí orduithe go bhfuil sé do réir ná gcoinníollacha reachtúla, beidh an duine sin, faid a leanfa sé de bheith do réir na gcionníollacha reachtúla agus ná beidh sé dí-cháilithe fén Acht so chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil, i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, íocaíochtaí (dá ngairmtear congnamh díomhaointis san Acht so) d'fháil sna tráthanna, sa tslí agus do réir an ráta ceaptar leis an Acht so no ceapfar fé.

(3) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon chongnamh díomhaointis d'iarraidh mara dtagaidh an méid sin den Acht so, údaruíonn do dhaoine congnamh díomhaointis d'iarraidh, mara dtagaidh ná go dtí go dtiocfaidh an méid sin i bhfeidhm maidir leis an líomatáiste gur laistigh de chomhnuíonn an duine sin.

(4) Nuair a bheidh duine ag fáil chongnaimh dhíomhaointis de thurus na huaire déanfar deimhniú cáilíochta an duine sin do choimeád, ar feadh an ama orduithe agus sa tslí orduithe, san áit orduithe.

Na coinníollacha reachtúla.

15. —(1) Gairmtear na coinníollacha reachtúla san Acht so de sna coinníollacha so leanas, coinníollacha bheidh, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear an t-alt so), mar na coinníollacha nách foláir do shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta bheith dá réir d'fhonn bheith i dteideal congnaimh dhíomhaointis d'fháil, sé sin le rá:—

(a) gur duine é an sealbhóir sin a chruthuíonn sa tslí orduithe go raibh sé díomhaoin ar feadh na haimsire go léir ón dáta ar ar iarr sé congnamh díomhaointis;

(b) gur duine é an sealbhóir sin atá ábalta ar obair do dhéanamh agus atá ar fáil i gcóir fostaíochta do bheadh oiriúnach do, ag féachaint dá aois, dá inscin, dá neart cuirp, dá oideachas, dá ghnáth-shlí bheatha, dá áit chomhnaithe agus do chúrsaí a líntighe, agus atá ag lorg fostaíochta den tsaghas san dáiríribh ach atá gan bheith ábalta ar a leithéid d'fháil;

(c) o tugadh amach a dheimhniú cáilíochta don duine sin ná dearna sé aon rud agus nár thárla aon atharú i gcúrsaí a cháis ná aon teagmhas eile do dhéanfadh an deimhniú san nea-dhleathach no do chuirfeadh an duine sin o theideal chun an deimhnithe sin do shealbhú;

(d) más duine é ar ar cheangal oifigeach um chongnamh dhíomhaointis go cuibhe cúrsa teagaisc d'fhreastal a bhí ceaptha no ceaduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, go mbeidh sé tar éis an chúrsa san d'fhreastal go cuibhe do réir an cheangail sin;

(e) i gcás duine bheidh ag iarraidh congnaimh dhíomhaointis i mbaile-líomatáiste gur duine é do bhí ina ghnáthchomhnaí sa bhaile-líomatáiste sin ar feadh bliana ar a laighead roimh dháta an iarratais is déanaí uaidh ar chongnamh dhíomhaointis no do bhí ag obair ar feadh trí mhí ar a laighead sa bhaile-líomatáiste sin laistigh de bhliain roimh dháta an iarratais sin is déanaí;

(f) i gcás baintrighe no mná single ná fuil aon chleithiúnaí aice, gur duine í nár híocadh níos lugha ná dhá shintiús chaogad ina taobh fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, i rith na tréimhse de cheithre bliana díreach roimh dháta a hiarratais ar chongnamh dhíomhaointis.

(2) Ní tuigfear é do theip ar dhuine bheith do réir na gcoinníollacha reachtúla de bhithin é do dhiúltú do thairiscint fhostaíochta do ghlacadh i bpost do bhí folamh mar gheall ar stopadh oibre toisc aighnis chéirde agus de bhithin an diúltuithe sin amháin.

Dí-cháilíochtaí maidir le congnamh díomhaointis d'fháil.

16. —(1) Beidh duine dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil—

(a) faid a bheidh sé ina chomhnaí, pe'ca go sealadach no go buan é, lasmuich de Shaorstát Éireann, agus

(b) faid a bheidh sé fé phríosúntacht no fé choinneáil in aon phríosún no áit choinneála eile coimeádtar suas ar fad no go leathrannach as cistí puiblí, agus

(c) faid a bheidh sé ina iostaí in aon fhundúireacht a coimeádtar suas ar fad no go leathrannach as airgead puiblí no as airgead údaráis áitiúla, agus

(d) faid a bheidh sé ag fáil no i dteideal pinsin fé alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 ( Uimh. 18 de 1932 ), no aon liúntais bhreoiteachta no mhí-ábaltachta fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933, no sochair dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, no aon tsochair fé scéim speisialta fé alt 18 den Unemployment Insurance Act, 1920, no fé alt 19 den Acht san no fé scéim bhreise fé alt 20 den Acht san.

(2) Má chailleann duine a fhostaíocht tré n-a mhí-iompar féin no má fhágann sé a fhostaíocht dá dheoin féin gan cúis chóir, ansan—

(a) i gcás an duine sin do bheith ina shíntiúsaire fé árachas fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, agus é do bheith i dteideal sochair dhíomhaointis ar dhul in éag don tréimhse dhí-cháilíochta chun sochair dhíomhaointis d'fháil a socruítear le fo-alt (2) d'alt 8 den Unemployment Insurance Act, 1920, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse gur le n-a linn a bheidh sé dí-cháilithe chun sochair dhíomhaointis d'fháil agus fós ar feadh na tréimhse de shé seachtaine o dháta dhul in éag dá cheart chun sochair dhíomhaointis d'fháil, agus

(b) in aon chás eile, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse de thrí mhí ón dáta ar ar chaill sé a fhostaíocht no ar ar fhág sé amhlaidh í.

(3) Má ciontuítear duine in aon chionta fé alt ar bith den Acht so, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse de thrí mhí, no ar feadh pé tréimhse is giorra ná san (nách giorra ná sé seachtaine) a hordófar, o dháta a chiontuithe amhlaidh.

(4) Má ciontuítear duine in aon choir no in aon chionta (seachas cionta fé alt den Acht so) agus má deintear, ar a chiontú amhlaidh, príosúntacht ar feadh aon téarma nách giorra ná coicís do ghearradh air, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse de thrí mhí o dháta a chiontuithe amhlaidh no ar feadh tréimhse a phríosúntachta, pe'ca tréimhse acu san is sia.

(5) Duine chaillfidh fostaíocht de dheascaibh stopadh oibre toisc aighnis chéirde sa mhonarchain, sa siopa oibre no san áitreabh eile ina mbeidh sé ar fostú, beidh sé dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil faid a leanfaidh an stopadh oibre ach amháin i gcás ina dtiocfa sé, le linn an stopadh oibre, chun bheith ar fostú bona fide in áit eile sa tslí bheatha leanann sé de ghnáth no ina dtiocfa sé chun bheith ag gabháil de ghnáth d'obair éigin eile.

Má bhíonn brainsí oibre ar leithligh, is gnáth do bheith ar siúl mar ghnóthaí ar leithligh in áitreibh ar leithligh, má bhíd, in aon chás, ar siúl i ranna ar leithligh den áitreabh chéanna tuigfear, chun crícheanna an fho-ailt seo, gach roinn acu san do bheith ina monarchain no ina siopa oibre ar leithligh no ina háitreabh ar leithligh, do réir mar bheidh.

(6) San alt so foluíonn an focal “príosúntacht” piantseirbhís.

Rátaí congnaimh dhíomhaointis.

17. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “ráta sceidealta” an ráta congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bhaineann, toisc cúrsaí an cháis de thurus na huaire, leis an duine gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

(2) Pé uair a bheidh duine i dteideal, fén Acht so, congnaimh dhíomhaointis d'fháil bhéarfar an congnamh san do i bhfuirm íocaíochta airgid do réir pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn sé gan acfuinn ar bith no má bhíonn acfuinn aige nách mó ná dhá scilling sa tseachtain, do réir an ráta sceidealta; agus

(b) má bhíonn acfuinn aige is mó ná dhá scilling sa tseachtain, do réir ráta is có-ionann leis an ráta sceidealta ar n-a laigheadú scilling sa tseachtain in aghaidh gach scillinge no coda de scilling gur mó ná dhá scilling sa tseachtain acfuinn an duine sin.

(3) Pé uair, agus an ráta á áireamh gur dá réir a bheidh congnamh díomhaointis iníoctha le duine, a bheidh an méid seachtainiúil a bheidh an ráta sceidealta le laigheadú có-ionann le méid seachtainiúil an ráta sceidealta no níos mó ná an méid sin, ní bheidh aon chongnamh díomhaointis iníoctha leis an duine sin.

(4) Tuigfear gurb í is acfuinn duine ar bith chun críche an ailt seo ná acfuinn an duine sin fé mar bheidh san luaidhte sa deimhniú cáilíochta bheidh aige de thurus na huaire.

Na rátaí congnaimh dhíomhaointis d'atharú.

18. —Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, laigheadú do dhéanamh le hordú, aon tráth no tráthanna, ar gach ceann no ar aon cheann de sna rátaí congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no bheidh laigheaduithe cheana fén alt so, agus má deintear aon ordú den tsórt san amhlaidh déanfar gach tagairt san Acht so do sna rátaí congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do léiriú mar thagairt do sna rátaí sin go sna laigheaduithe agus fé réir na laigheaduithe ar na rátaí sin fén alt so bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Congnamh díomhaointis d'íoc.

19. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le congnamh díomhaointis d'íoc, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh aon chongnamh díomhaointis iníoctha alos na sé lá tosaigh de dhíomhaointeas leanúnach in aon tréimhse leanúnaigh dhíomhaointis;

(b) ní híocfar aon chongnamh díomhaointis in aghaidh aon tréimhse is giorra ná lá;

(c) chun crícheanna na Coda so den Acht so ní déanfar aon am, roimh dhéanamh iarratais ar chongnamh dhíomhaointis alos tréimhse áirithe díomhaointis, d'áireamh mar thréimhse dhíomhaointis ná mar chuid de thréimhse dhíomhaointis;

(d) ní déanfar aon am, go mbeidh duine dí-cháilithe ar a feadh chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil, d'áireamh nuair a bheidh aon tréimhse bhí an duine sin díomhaoin á déanamh amach;

(e) fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear an t-alt so) is ar na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe a híocfar congnamh díomhaointis.

Breith do thabhairt ar iarrataisí ar chongnamh dhíomhaointis.

20. —(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar chongnamh dhíomhaointis do ghlacadh agus do bhreithniú ná oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, agus gach iarratas den tsórt san agus gach ceist eireoidh ina thaobh no maidir leis (le n-a n-áirmhítear go sonnrách an cheist sin, an rabhthas do réir na gcoinníollacha reachtúla no an bhfuiltear ag leanúint de bheith dá réir, agus an cheist sin, an bhfuil duine dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil no ná fuil) is oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do bhéarfaidh breith air agus, fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh dul thar breith sin an oifigigh sin.

(2) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, más dóich leis san do bheith ceart, aon iarratas no ceist a thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so do chur ar aghaidh chun cúirte réiteoirí in ionad é féin do thabhairt breithe air.

(3) Éinne ar a ngoillfe sé oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do dhiúltú do ghéilleadh d'iarratas ón duine sin ar chongnamh dhíomhaointis no aon oifigeach den tsórt san de lomháil chongnaimh dhíomhaointis don duine sin do réir ráta is lugha ná an ráta d'éilimh sé no aon oifigeach den tsórt san do stop congnaimh dhíomhaointis do híocadh go dtí san leis an duine sin no do laigheadú ráta an chongnaimh dhíomhaointis sin féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an diúltuithe no na lomhála no an stopadh no an laigheaduithe sin do dhéanamh no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, agus sa tslí orduithe, a cheangal ar an oifigeach san an diúltú, an lomháil, an stopadh, no an laigheadú san do thuairisciú do chúirt réiteoirí agus leis sin tuairisceoidh an t-oifigeach san sa tslí orduithe do réir an cheangail sin.

(4) Breithneoidh gach cúirt réiteoirí gach ní cuirfear ar aghaidh chúcha no tuairisceofar dóibh fén alt so, agus cuirfid chun an oifigigh um chongnamh dhíomhaointis le n-a mbaineann pé molta i dtaobh an ní sin is dóich leo is ceart, agus leis sin cuirfidh an t-oifigeach san na molta san in éifeacht maran rud é ná haontóidh sé leo.

(5) Mara n-aontuighidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis le moladh chuirfidh cúirt réiteoirí chuige fén alt so, déanfaidh an t-oifigeach san an ní do chur ar aghaidh chun an Mholtóra sa tslí orduithe má iarrann an chúirt réiteoirí air san do dhéanamh.

(6) I gcás cúirte réiteoirí do chur molta chun oifigigh um chongnamh dhíomhaointis fén alt so féadfaidh aon chomhlachas de dhaoine fostaithe gur ball de an duine le n-a mbaineann an moladh san no (le cead na cúirte réiteoirí) féadfaidh an duine sin féin, laistigh de lá is fiche tar éis an mholta san no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, a cheangal ar an oifigeach san an ní do chur ar aghaidh chun an Mholtóra, agus leis sin cuirfidh an t-oifigeach san an ní sin ar aghaidh chun an Mholtóra sa tslí orduithe.

(7) Bhéarfaidh an Moltóir breith ar gach ní cuirfear ar aghaidh chuige fén alt so agus beidh an bhreith do bhéarfaidh seisean air ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

(8) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, tráth ar bith, toisc fianaise nua do chur fé n-a bhráid no toisc fíora nua do chur in úil do, aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin aige fén alt so do chlaochló no d'athscrúdú, agus na forálacha den alt so i dtaobh nithe do chur ar aghaidh no do thuairisciú chun cúirte réiteoirí no chun an Mholtóra beidh feidhm acu maidir leis an gclaochló no leis an athscrúdú san fé mar do bhí feidhm acu maidir leis an mbreith bhunaidh.

(9) Féadfaidh an Moltóir, tráth ar bith, toisc fianaise nua do chur fé n-a bhráid, aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin aige fén alt so do chlaochló no d'athscrúdú.

(10) Gach gníomh a dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do réir molta chuirfidh cúirt réiteoirí chuige, agus gach breith bhéarfaidh an Moltóir, agus gach claochló no athscrúdú dhéanfaidh aon oifigeach den tsórt san no an Moltóir ar bhreith bheidh tugtha roimhe sin beidh aige, má thagann as an ngníomh, as an mbreith, as an gclaochló no as an athscrúdú san congnamh díomhaointis do lomháil dar diúltuíodh roimhe sin no congnamh díomhaointis do lomháladh roimhe sin do mhéadú, éifeacht ón dáta ar ar thug an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis an bhreith bhunaidh no o pé dáta is déanaí ná san (más ann do) a shocróidh an Moltóir, i gcás breithe do thug no claochló no athscrúduithe do rinne an Moltóir, no shocróidh an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis in aon chás eile.

Cúirteanna réiteoirí agus an Moltóir.

21. —(1) Gach cúirt réiteoirí bheidh ar bith de thurus na huaire fén Unemployment Insurance Act, 1920, agus chun crícheanna an Achta san, fé mar a bheidh san leasuithe no leathnuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, beidh sí ina cúirt réiteoirí chun crícheanna an Achta so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “cúirt réiteoirí” san Acht so cúirt réiteoirí bheidh ar bith amhlaidh.

(2) Isé an Moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú de thurus na huaire fén Unemployment Insurance Act, 1920, agus chun crícheanna an Achta san, fé mar a bheidh san leasuithe no leathnuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, a bheidh mar Mholtóir chun crícheanna an Achta so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “an Moltóir” san Acht so an Moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú amhlaidh.

(3) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, an cleachta agus an nós-imeachta d'ordú gur dá réir a dhéanfaidh cúirteanna réiteoirí agus an Moltóir fé seach feidhmiú ar a bhfeidhmeanna fé seach fén Acht so, agus féadfar, leis na rialacháin sin, gach ceann no aon cheann de sna forálacha, den Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, a bhaineann le eadrascán, do chur i mbaint le himeachta os cóir cúirte réiteoirí no os cóir an Mholtóra.

Rialacháin maidir le cúrsaí teagaisc.

22. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén alt so tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, socrú do dhéanamh chun daoine díomhaoine d'fhreastal cúrsaí teagaisc do réir mar a cheanglóidh oifigigh um chongnamh dhíomhaointis san ortha agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, cúrsaí teagaisc chun na críche sin do cheapadh no do cheadú.

Congnamh díomhaointis do bheith neamhionai strithe.

23. —Fé réir forálacha an Achta so, beidh gach sannadh a déanfar no muirear a cuirfear ar chongnamh dhíomhaointis, agus fós gach co-aontú chun sannadh do dhéanamh no chun muirir do chur ar chongnamh dhíomhaointis, beidh san gan bhrí, agus ar ghnó-bhriseadh do thárlachtaint do dhuine ar bith bheidh i dteideal congnaimh dhíomhaointis ní raghaidh an ceart chun an chongnaimh dhíomhaointis sin, ní ragha sé chun aon iontaobhaí ná chun éinne eile bheidh ag gníomhú thar ceann a fhiach-éilitheoirí.