|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Congnamh Diomhaointis.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.) |
ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Foralacha Airgeadais. | |
[EN] |
Costaisí. |
24. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an congnamh díomhaointis uile bheidh iníoctha fén Acht so. |
[EN] | (2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas eile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm. | |
[EN] |
Iocaíochtaí don Aire amach as an gCiste Díomhaointis. |
25. —Déanfar, i ngach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1934, suim de £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) d'aistriú chun an Aire amach as an gCiste Díomhaointis atá bunuithe agus á choinneáil suas fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, fé mar atáid san leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Údaráis áitiúla d'íoc suimeanna leis an Aire. |
26. —(1) Íocfar leis an Aire gach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1934, i pé slí ordóidh an tAire, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) íocfaidh comhairle gach contae-bhuirge agus comhairle buirge Dhún Laoghaire suim a bheidh có-ionann le méid ráta scillinge agus reul an púnt ar luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin no buirge Dhún Laoghaire, do réir mar bheidh, i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin; | |
[EN] | (b) íocfaidh comhairle gach baile-líomatáiste (seachas bailelíomatáiste is contae-bhuirg no is buirg Dhún Laoghaire) suim a bheidh có-ionann le méid ráta naoi bpingne an púnt ar luach ionrátuithe an bhaile-líomatáiste sin i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin. | |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar gach comhairle ag á mbeidh airgead iníoctha leis an Aire fén alt so i mbliain airgeadais an t-airgead san d'íoc leis an Aire ina cheithre tráth-choda cothroma, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhómhair, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, agus an 31adh lá de Mhárta an bhliain sin. | |
[EN] | (3) Déanfar aon airgead a bheidh iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so do chruinniú tríd an ráta cathardha, i gcás comhairle contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus comhairle buirge Dhún Laoghaire, ach mar ítim ar leithligh den ráta san, no tríd an ráta dealbhais, i gcás aon chomhairle eile, ach mar ítim ar leithligh den ráta san. | |
[EN] | (4) I gcás aon tsuime airgid do bheith iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so, féadfar, mara n-íocfaidh an chomhairle sin an t-airgead san, méid an airgid sin do bhaint de shuimeanna is iníoctha go díreach no go nea-dhíreach leis an gcomhairle sin amach as Cuntas an Chánachais Áitiúla (Éirinn), agus an méid sin d'íoc leis an Aire i nglanadh na suime sin. | |
[EN] | (5) San alt so cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe”— | |
[EN] | (a) maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear an luacháil sin do bheith laigheaduithe tré alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa chontae-bhuirg sin is ionrátuithe chun an ráta chathardha; | |
[EN] | (b) maidir le buirg Dhún Laoghaire, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear an luacháil sin do bheith laigheaduithe tríd an alt san 69, atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa bhuirg sin is ionrátuithe chun an ráta chathardha; | |
[EN] | (c) maidir le haon bhaile-líomatáiste eile, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa líomatáiste sin is ionrátuithe chun an ráta dhealbhais. | |
[EN] |
Airgead a haistreofar chun an Aire no a híocfar leis do chur chun críche. |
27. —Aon airgead a haistreofar chun an Aire no a híocfar leis fén dá alt deiridh sin roimhe seo déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid. |